Dáil debates
Wednesday, 14 May 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
8:35 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 20:
Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht
7. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):“(10) Déanfaidh an tÚdarás tionól poiblí a eagrú i ngach ceantar atá sainithe de réir alt 26D nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú chun tuairimí an phobail Gaeltachta a lorg maidir le feidhmeanna Údarás na Gaeltachta a leathnú agus déanfar a gcuid moltaí a chuimsiú i dtuarascáil a bheidh le foilsiú agus le cur faoi bhráid Choiste Gaeilge an Oireachtais nach déanaí ná 18 mí tar éis an tAcht seo a achtú.”.”.
Is leasú cuibheasach simplí é seo ar shlí amháin. Táimid ag iarraidh go gcinnteofar san alt seo nach ndéanfar dearmad ar an bpobal i gcoitinne agus go mbeadh siad lárnach agus muid ag díriú ar cheist fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhí tús á chur leis an bplé ar an mBille seo ag an stad réamhreachtach - nó fiú roimhe sin, nuair a bhí plé á dhéanamh maidir leis an nGaeltacht agus feidhmeanna an údaráis - bhí trácht ar fheidhmeanna breise a thabhairt don údarás agus tacaíocht a thabhairt dó chun ról níos lárnaí a bheith aige. Tá athruithe tar éis tarlú thar na blianta ón mbunról a bhí ann. Tréaslaím leis an údarás as an obair atá á déanamh aige ag an stad seo leis an gcaiteachas atá leagtha síos dóibh. Molaim an cur chuige atá tar éis a bheith aige, ní hamháin ó thaobh tionsclaíocht agus fostaíocht a mhealladh chuig ceantair Ghaeltachta ach a chinntiú, tríd an bhfostaíocht sin a mhealladh, go bhfuil bunús níos láidre sna ceantair sin chun a chinntiú go mbeadh an pobal in ann maireachtáil.
Tá a fhios againn ar fad - labhraíomar faoi cheana agus b’fhéidir go labhróimid faoi arís níos déanaí - faoin bhfadhb bhunúsach atá ann anois maidir le cinntiú go bhfanfaidh an pobal sna ceantair seo agus nach mbeidh bánú ag tarlú mar a bhí roimhe seo. Thréig a lán daoine na ceantair Ghaeltachta thar na blianta agus na cianta toisc nach raibh fostaíocht ná seirbhísí ann, de bharr an Ghorta agus toisc go raibh bochtanas i gceist leo. Diaidh ar ndiaidh, tháinig an pobal i réim. Tríd an bhfeachtas Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, d’éirigh leo roinnt de na cearta a bhí ag dul dóibh a bhaint amach. Tharla maolú ar an imirce as na ceantair sin toisc go raibh poist iontu agus toisc go raibh seans go mbeadh daoine in ann maireachtáil iontu. Tá sé athraithe go hiomlán arís an uair seo, agus ní de bharr easpa post. B’fhéidir go bhfuil roinnt de sin i gceist, ach don chuid is mó, is leis an easpa infreastruchtúir, seirbhísí agus tithíochta ach go háirithe a bhaineann fadhbanna na Gaeltachta anois. Sin an fáth go bhfuilimid ag lorg go mbeimis ag díriú ar fheidhmeanna níos leithne a thabhairt don údarás chun a chinntiú go mbeidh an t-údarás in ann bheith lárnach sna hathruithe is gá dó a ghlacadh chun cuidiú leis an bpobal a bhfuil sé in ainm is a bheith ag freastal air.
Rinne Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge 20 moladh ina ghrinnscrúdú ar an reachtaíocht seo. I dtús báire, mhol an comhchoiste “gur cheart don Aire go ndéanfar cinnte de go mbeidh na feidhmeanna cuí ag Údarás na Gaeltachta ionas gur féidir leis tabhairt faoina chuid oibre go héifeachtach.” Síleann Sinn Féin nach féidir leis an údarás tabhairt faoin obair ar fad atá aige gan tacaíocht bhreise. Cad iad na feidhmeanna sin? Níl sé de chead againn na feidhmeanna a liostáil, mar a luaithe is a chuirfimis liosta le chéile de na feidhmeanna gur chóir go mbeadh ag an údarás, rialófaí na leasuithe sin as ord de bharr go gcuirfí muirear ar ioncam an Stáit nó an phobail. Sin an fáth go bhfuil orainn teacht timpeall air. Rinne an comhchoiste an moladh sin.
Nuair a foilsíodh an reachtaíocht, ní raibh na cumhachtaí nó na feidhmeanna breise seo soiléir agus níl siad ann. Tá an leasú seo ag triail teacht timpeall ar an block atá orainn maidir le moltaí praiticiúla a chur chun cinn chun cuidiú leis an údarás na feidhmeanna breise seo a comhlíonadh, agus go mbeadh ar an údarás tionól poiblí cosúil le citizens’ assembly a reáchtáil i ngach uile toghcheantar laistigh de bhliain ó achtú an Bhille seo. Táimid ag iarraidh an chumhacht a thabhairt ar ais don phobal áitiúil chun féachaint cad iad na héilimh, fadhbanna agus bearnaí atá ann ó thaobh seirbhísí de agus cad, dá réir, iad na cúraimí breise don údarás, lena fheidhmeanna breise, amach anseo, agus go mbeadh reachtaíocht eile ann díreach ag déileáil le ceist fheidhmeanna an údaráis. Nuair a moladh na leasuithe seo ag amanna difriúla thar an gcúpla bliain dheireanach agus nuair a dúradh gur cóir go mbeadh an reachtaíocht seo ag déileáil leis, dúradh linn go mbeadh an reachtaíocht seo ag déileáil le ceist thoghchán an údaráis agus go dtiocfadh reachtaíocht eile chun cinn amach anseo.
Tá muid ag triail ag déanamh cinnte de, tríd brú a chur, go mbeidh an comhthionóil seo i gceist i ngach uile ceantar. Táimid ag cinntiú go mbeidh an reachtaíocht eile ag teacht. Nuair atá an reachtaíocht seo rite, níl a fhios againn cén uair a bheidh an Roinn nó an Aire ag díriú isteach ar na bearnaí atá aitheanta againn cheana. Dá bhrí sin, táimid ag iarraidh go mbeidh cinnteacht i gceist.
Agus muid ag díriú isteach ar cheist an údaráis, d'iarr mé go díreach Leabharlann an Oireachtais conas mar a chaitear le pobail dá leithéid i dtíortha eile - pobail teangabhunaithe atá imeallach nó nach bhfuil chomh láidir sin. Rinne Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais imscrúdú ar eagrais eile do phobail mionlaigh teanga chun fáil amach an bhfuil difríocht mhór i measc na cúraimí éagsúla atá faoina stiúir. Níl aon eagras díreach mar an gcéanna leis an údarás, ach tá cinn eile gur féidir díriú isteach orthu, mar shampla ceann atá bunaithe i gCríoch Lochlannach le haghaidh an pobal Sámi. Tá dualgas ar leith ar an Stát dul i mbun comhrá leis an bpobal mionlaigh maidir le haon ábhar thábhachtach a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar stádas an phobal sin. Bíonn cead ag an bParlaimint Sámi moltaí a chur chun cinn chuig na húdaráis. Tá stádas i bhfad ar níos láidre ag an bpobal Sámi i gCríoch Lochlannach ná mar atá faoi láthair ag pobal na Gaeltachta. Sin an sórt rud ar chóir dó a bheith níos láidre.
Thar na blianta, ní raibh an tacaíocht nó an chosaint céanna ag pobal na Gaeltachta, toisc go raibh siad imeallach sna comhairlí contae agus ó thaobh an Stát de. Nuair a ardaíodh na ceisteanna seo, déanadh neamhaird orthu agus níor tugadh an stádas ceart do na moltaí a bhí ag teacht ón bpobal. Déanadh neamhaird ar an údarás toisc nár aithníodh i súile an mhaorlathais an ról atá aige an tionsclaíocht a chur chun cinn nó an ról lárnach atá aige an teanga dúchais a chosaint sna ceantair ina bhfuil sé bunaithe agus lonnaithe go fóill. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh cás go bhfuil eisceacht i gceist. Tá an cás sin déanta ann féin toisc go bhfuilimid ag déileáil le húdarás ar leith don Ghaeltacht, ach táimid ag iarraidh go mbeidh an údarás sin in ann cásanna eisceachtúla a dhéanamh chun dul i mbun oibre nach bhfuil á déanamh ag na heagrais Stáit eile. Luadh Uisce Éireann mar shampla d'údarás nach bhfuil chun díriú isteach ar chás eisceachtúil a dhéanamh don Ghaeltacht i gcomparáid le ceantair iargúlta eile ina bhfuil an Béarla chun cinn. D'fhéadfainn na bóithre tuaithe a lua mar shampla eile. Tá a fhios agam go bhfuil gach uile bóthar tuaithe chomh tábhachtach lena chéile, ach má tá beocht agus todhchaí ár dteanga náisiúnta ceangailte le bóithre tuaithe i gceantair áirithe, atá b'fhéidir níos iargúlta i gcomparáid le ceantair eile, ba chóir go mbeadh stádas níos tábhachtaí acu. Is féidir é sin a dhéanamh trí tacaíocht a thabhairt don údarás ionas gur féidir leis an údarás a ladar a chur isteach sa scéal. Más gá ciste ar leith a chur ar bun le déileáil le ceisteanna uisce, ceisteanna infreastruchtúr nó ceisteanna leictreachais i gceantair áirithe, is é sin an sórt céim breise a ghlacfar leis.
Is é an moladh atá agam ná go mbeidh an cheist sin á phlé, á chíoradh agus á chur chun cinn sna ceantair difriúla. Níl cónaí orm sa Ghaeltacht agus mar sin ní bheidh mé ag déileáil leis sin. Tá an pobal áitiúil á rá má tharlaíonn rúdaí ar leith - tá an t-eolas acu - beidh sé i bhfad níos éasca orthu clainne a thógáil agus a chinntiú nach mbeidh daoine i gceantair iargúlta nó imeallacha ag bogadh isteach sna cathrachra nó ag tréigeadh na Gaeltachtaí. Bheimis ag mealladh daoine le Gaeilge nó daoine a bhí ag cónaí sna Gaeltachtaí roimhe seo isteach sna ceantair sin, toisc go mbeidh na seirbhísí ar fáil is go bhféadfaí na tithí a thógáil. Bheimis ag fáil tacaíocht ón údarás, ní hamháin ar cheisteanna tionsclaíochta agus fostaíochta, ach ar cheisteanna eile chomh maith. Sin an fáth go bhfuil an moladh seo chomh tábhachtach.
8:45 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Aontaím le mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, go háirithe i dtaobh an leasú seo. Tá cuspóir leis na leasuithe ar fad atá curtha síos agam féin agus ag mo chomhghleacaí taobh liom, agus leis na leasuithe atá curtha síos ag an bhFreasúra go hiomlán, cuid acu ag teacht ó Chonradh na Gaeilge. Is é an téama ginearálta atá ag rith tríd na leasuithe seo ná an daonlathas agus Údarás na Gaeltachta a dhéanamh chomh daonlathach agus freagrach is gur féidir go dtí muintir na Gaeltachta agus pobal na ceantair Ghaeltachta. Bunaíodh é le freastal orthu. Is é sin an príomhsprioc atá againn ar an taobh seo den Teach, agus ba cheart go mbeadh sé ina sprioc againn go léir sa Teach seo agus i dTithe an Oireachtais.
An rud is tábhachtaí ná go mbeadh cluais éisteachta á thabhairt go dtí pobal na Gaeltachta mar gheall ar na rudaí atá ag cur srian agus bac ar na ceantair sin, mar shampla i mo cheantar féin, Gaeltacht na nDéise. Ní cúrsaí fiontraíochta agus fostaíochta a thuilleadh atá ag cur srian orainn. Buíochas le Dia tá leithéidí Nemeton, Red Shoe agus dreamanna eile nach iad san earnáil léiriúchán teilifíse. Tá Coláiste na Rinne againn maraon le fiontraíochtaí eile ag tabhairt fostaíocht. Ní hé sin an rud is mó, ach is é sin an rud is dócha a bhfuil Údarás na Gaeltachta dírithe air. An fhadhb is mó i nGaeltacht na nDéise - táim cinnte go bhfuil sé seo fíor i nGaeltachtaí eile i ndiaidh dom caint le daoine astu - ná tithíocht. An dara rud ná seirbhísí poiblí, mar shampla oifig an phoist sa Rinn. D'éirigh an mháistreás poist as a post nuair a bhí sí réidh éirí as, agus ní raibh éinne toilteanach an chonradh nua a chuir An Post ar fáil a thógáil. Ní dhéanfadh sé aon chiall - bheadh siad ag cailliúint airgid ag glacadh leis. Fiú dá mbeadh siopa agus suíomh acu, agus nach mbeadh cíos i gceist, bheadh siad ag cailliúint airgid leis an seirbhís poiblí sin a chur ar fáil. Is é sin an rud atá ag cur isteach ar phobail Gaeltachta.
Mar an gcéanna leis an gcuan i gCé Heilbhic a dhreideáil, caithfear é a choimeád glan ionas gur féidir le báid iascaireachta teacht agus imeacht, agus dár ndóigh an bád tarrthála teacht is imeacht. Sin iad na rudaí atá ag cur srian agus ag cur isteach ar an bpobal Gaeltachta i mo cheantar, ach níl siad mar aidhmeanna ag Údarás na Gaeltachta. Nílim ag seasamh anseo ag rá gur cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag déanamh conradh An Post níos fearr, ach ba cheart go mbeadh sé ar a laghad ag tabhairt éisteacht agus freagracht chun stocaireacht a dhéanamh ar son na ceantair Ghaeltachta, agus níl sé. Táimid ag rá sa leasú seo gur cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag éisteacht leis na pobail Gaeltachta. Ba cheart go mbeadh sé in ann stocaireacht a dhéanamh agus an tionól bliantúil seo a eagrú ionas go mbeidh an comhrá seo ag dul ar aghaidh. Sílim go bhfuil slí timpeall air sin. Níor ghlac an Rialtas lenár leasuithe i dtaobh na toghcháin chun iad a dhéanamh níos daonlathaí agus chun an bord a dhéanamh chomh daonlathach agus is féidir, ach ar a laghad is slí timpeall air sin atá i gceist anseo. Mura bhfuil an Rialtas sásta glacadh lenár leasuithe, agus is léir nach bhfuil, b'fhéidir go bhfuil slí eile gur féidir linn cluas éisteachta a thabhairt do na pobail. Ná déan dearmad go bhfuil muid anseo ag caint faoi eagras Stáit atá bunaithe chun freastal ar phobail Gaeltachta.
Is é sin an cuspóir atá ag Údarás na Gaeltachta. N’fheadar, muna bhfuil an struchtúr ann sa dlí chun maoirsiú a dhéanamh ar an gcaidreamh sin, an mbeidh sé ag tarlú i gceart. Fágfaidh mé mar sin é ar an gceist áirithe seo. Tá ciall ag baint leis an leasú. Impím ar an Aire glacadh leis nó roinnt machnaimh a dhéanamh air le féachaint an féidir linn glacadh leis.
8:55 am
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá an-áthas orm an deis a bheith agam labhairt ar an mBille tábhachtach seo. Is céim chun tosaigh agus chun cinn í an reachtaíocht seo a neartóidh ról an údaráis i saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta ár bpobal Gaeltachta.
Mar urlabhraí Fhianna Fáil nua ar an nGaeilge agus ar ghnóthaí Gaeltachta, fáiltím roimh an sprioc atá ag an Rialtas struchtúr an údaráis a nuachóiriú agus níos mó daonlathais a thabhairt ar ais trí bhord na gcomhaltaí tofa agus ceaptha araon. Is ceart agus cóir go mbeidh pobal na Gaeltachta i lár an chinnidh ar an tslí a rachaidh muid amach anseo. Is céim eile dhearfach í bunú na dtrí coiste réigiúnach atá le teacht. Tabharfaidh siad guth níos láidre do phobail áitiúla ó na réigiúin Ghaeltachta éagsúla. Cinnteoidh siad go mbeidh cinntí níos oiriúnaí dá mná tí féin.
Fáiltím freisin roimh an bhforáil a éilíonn go mbeidh cumas sa Ghaeilge ag comhaltaí an bhoird agus acu siúd a bheidh ar na coistí. Ní mór dúinn, mar Stát agus mar phobal, sampla láidir a thabhairt agus ár dteanga a chur i gcroílár gach cinneadh a dhéanann muid.
Tá mé ar aon intinn leis an leasú a chuirfeadh ar chumas an údaráis tuilleadh gnímh a dhéanamh i réimse na tithíochta. Más mian linn pobal Gaeltachta beo a bheith againn, ní leor caomhnú na Gaeilge amháin; caithfidh muid áiteanna maireachtála inbhuanaithe a chruthú don chéad glúin eile.
Is mian liom roinnt moltaí agus imní a roinnt leis an Aire. Impím air machnamh a dhéanamh orthu de réir mar a chuirfear an reachtaíocht i bhfeidhm. Ar an gcéad dul síos, má tá muid chun na struchtúir nua seo, na coistí réigiúnacha san áireamh, a chur i bhfeidhm i gceart, ní mór na hacmhainní cuí a chur ar fáil, is iad sin maoiniú, foireann agus tacaíochtaí praiticiúla. Ní leor reachtaíocht amháin; caithfear í a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Caithfidh soiléireacht agus cothromaíocht a bheith ag baint leis na critéir Ghaeilge do chomhaltaí. Caithfidh muid a chinntiú nach gcuireann riachtanais dhocht bac ar dhaoine atá tiomanta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, agus a bhfuil saineolas luachmhar acu, ach nach bhfuil líofacht iomlán acu sa teanga. Molaim go ndéanfaí feachtas eolais chuimsithigh sna Gaeltachtaí roimh na toghcháin. Má tá muid dáiríre faoin daonlathas, caithfidh an pobal tuiscint a bheith acu ar an bpróiseas agus ar na róil.
Is Bille tábhachtach é seo. Is léiriú é ar thiomantas an Stáit don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus don phobal atá ag iarraidh maireachtáil trí mheán a dteanga féin. Molaim an tAire agus a fhoireann as an obair atá déanta. Tacaím leis an mBille. Tá mé ag súil le bheith ag obair leis an Aire agus le comhghleacaithe sa Teach seo le cinntiú go n-éireoidh leis go huile is go hiomlán. Is ball den chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta mé agus tá mé ag súil le bheith ag obair leis na Teachtaí Dála agus Seanadóirí eile ar an gcoiste sin, chomh maith leis an Aire.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
D'oibrigh muid as lámha a chéile go dtí seo ag iarraidh an Bille seo a chur chun cinn. Bhí agus tá muinín agam as an Aire. An uair dheireanach nuair a bhí sé anseo, d’éist sé linn agus muid ag caint, tríd ár nguthanna sa Dáil, maidir le cúrsaí tithíochta agus na chumhachtaí atá nó nach bhfuil ag an údarás. Bhí an tAire chun cruinniú a bheith aige leis an údarás, le BÁNÚ agus le cibé eagraíocht eile. Thug sé gealltanais shollúnta dúinn go ndéanfadh sé sin. Chuir mé mo mhuinín san Aire. Maidir le cuid de na leasuithe seo, is dócha go raibh Sinn Féin sásta gan iad a chur chun cinn mar chuir muid ár gcuid muiníne san Aire. Ba mhaith liom go ndéarfadh an tAire cúpla focal faoin méid a tharla idir an uair dheireanach a bhí sé os ár gcomhair agus anocht.
Maidir leis an leasú seo, ní thuigim an fáth a bhfuil an Rialtas in aghaidh leasuithe mar seo. Is rud thar a bheith simplí é go mbeidh tionól ann bliain tar éis an Acht a bheith achtaithe chun cluas éisteachta a thabhairt do chosmhuintir na Gaeltachta ar an dtalamh. Is dócha gurb í an teachtaireacht is láidre atá cloiste againn ná go bhfuil an cluas bhodhar faighte acu go dtí seo, go háirithe ó thaobh chúrsaí pleanála agus tithíochta. I gcomhthéacs phleanáil teanga, tá easpa cinnteachta agus rudaí mar sin. Tá an cluas bhodhar á tabhairt. Is bealach dearfach é seo chun fóram a chur ar fáil ionas go mbeidh muid in ann éisteacht leo, go háirithe i gcomhthéacs Údarás na Gaeltachta agus an bhoird. Stopfaidh mé ag an bpointe seo. B’fhéidir go bhfuil freagra dearfach ag an Aire.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Gabhaim buíochas leis na Teachtaí Dála as na leasuithe seo. Ón uair dheireanach a bhí mé anseo, bhí cruinniú agam le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus cathaoirleach Údarás na Gaeltachta faoi chúrsaí tithíochta amháin agus faoi na pleananna a bhí acu agus an plean atá á réiteach acu. Tharla rud agus chaill mé seachtain mar gheall ar rud pearsanta. Mar sin, ní raibh seans agam aon chruinniú eile a bheith agam, ach beidh cruinnithe eile agam. Beidh cruinniú agam leis an Aire tithíochta, an Teachta Browne, roimh dheireadh na míosa seo. Ní hamháin go bpléifidh muid na treoirlínte Gaeltachta ach pléifidh muid na cumhachtaí atá ann sa dlí pleanála nua faoi chúrsaí Gaeilge agus faoi na treoirlínte nua atá ann. Scrúdóidh muid iad agus b’fhéidir go mbainfidh muid úsáid astu.
Tá mé chun cruinniú a bheith agam le príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúla sna ceantair Ghaeltachta. Tá seachtar acu ann. Beidh cruinniú agam leis an ngrúpa príomhfheidhmeannach sin. Tá mé ag ceapadh go dtarlóidh a lán de na cruinnithe sin sula dtiocfaidh muid ar ais chun Céim na Tuarascála a dhéanamh.
Gabhaim chomhghairdeas leis an Teachta Connolly as a bheith tofa mar Chathaoirleach ar an gcoiste Gaeilge nua. Beidh seans againn na nithe seo a phlé ansin. Gabhaim buíochas chomh maith le hiarChathaoirleach an choiste sin, an Teachta Ó Snodaigh.
Bhí cruinniú an-suimiúil agam le hÚdarás na Gaeltachta. Tuigim anois an plean. Oibreoidh sé le mo Roinn agus leis na hoifigigh i mo Roinn, mar aon leis na hoifigigh sa Roinn tithíochta. Tá mé chun cruinniú a bheith agam le BÁNÚ, le TINTEÁN agus le Conradh na Gaeilge sna céad seachtainí eile le go mbeidh plean againn. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an dream seo atá sa Chamber mar is iad a bhfuil an tsuim is mó acu sa réimse seo. B’fhéidir go mbeidh seans againn cruinniú neamhfhoirmiúil a bheith againn. Tá mé an-sásta teacht os comhair an chomhchoiste nuair atá sé bunaithe, ní hamháin chun cúrsaí tithíochta a phlé, ach aon rud a bhaineann le mo Roinn a phlé freisin.
Is é sin an saghas update ón oíche dheireanach faoi na leasuithe seo. Níl mé ag iarraidh gach leasú a dhiúltú. Ní hé sin mo bhealach. Bhí mé ag éisteacht leis an díospóireacht sin. Is tábhachtach go dtuigeann muid go bhfuil na coistí réigiúnacha an-tábhachtach i gcomhthéacs a lán de na rudaí a dúirt na Teachtaí Ó Snodaigh agus McGuinness. B’fhéidir go mbeidh na coistí réigiúnacha in ann cúrsaí cosúil leis an oifig an phoist sa Rinn a phlé. Ní bheadh mórán suime ag muintir Chonamara in oifig an phoist na Rinne, ach is cinnte go mbeadh cuid mhór suime ag an gcoiste réigiúnach é sin a phlé. Luíonn roinnt de na rudaí eile leis na húdaráis áitiúla. Tá mé ag ceapadh, le leasú amháin i ndiaidh leasaithe eile, nach bhfuil mé ag iarraidh éalú a thabhairt do na húdaráis áitiúla ón jab go gcaithfidh siad déanamh. Níl mé ag iarraidh na dualgais sin a thabhairt go dtí an údarás.
Maidir leis an méid a léigh an Teachta McGuinness, tá sé iontach an méid atá ag tarlú sa Rinn. Is obair mhuintir na Rinne agus obair an údaráis is cúis leis sin. Is iontach go raibh siad in ann béim a chur ar chúrsaí tionscadail agus cúrsaí fiontair agus go raibh siad in ann pleananna a dhéanamh. Sheas siad leis na daoine a bhunaigh na gnóthaí sin agus chuidigh siad leo. Tá jab le déanamh ag an údarás. Tá sé leagtha amach go réasúnta.
Tá sé fós tábhachtach. Tá sé iontach go bhfuil rudaí chomh hiontach ansin ach b’fhéidir nach mbeidh siad amach anseo agus beidh an t-údarás in ann seasamh le muintir na Roinne chun poist agus comhlachtaí nua a chur le chéile. Tá dainséar ann má thugaimid jabanna breise don údarás nach mbeidh an bhéim sin ann. Táimid ag teacht ar ais agus ar ais go dtí an pointe sin.
Maidir le cúrsaí freagrachta agus daonlathais, tá an toghchán ann. Caithfidh gach duine sa Teach seo agus gach duine sna húdaráis áitiúla dul os comhair ár bpobal roimh gach toghchán. Mura bhfuilimid ag déanamh ár gcuid oibre, beimid imithe agus sin é an bealach a dhéantar é. Tá freagracht ann trí chóras an toghcháin agus go gcaithfidh daoine obair a dhéanamh. Freisin, tá mise mar Aire freagrach don Dáil, don Seanad agus don choiste mar gheall ar an obair atáimid ag déanamh sa Roinn. Mar sin tá freagracht ann sna cúrsaí sin freisin. Níl mé in ann glacadh leis an leasú seo. Dírím ar ais chuig na coistí réigiúnacha a mbeidh in ann cuidiú le grúpaí áitiúla le cúrsaí áitiúla i gcásanna nuair atá difríochtaí b’fhéidir. Caithfidh na húdaráis áitiúla seasamh suas freisin agus gach cuid de chúrsaí áitiúla agus an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint.
9:05 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá sé go maith gur cuireadh tús leis na comhráití maidir le tithíocht. Arís, tá súil agam go bhfeicfear na treoirlínte am éigin i mbliana mar tá sé chomh fada sin ó gealladh iad. Tá a fhios agam trí dhéileáil leis an Aire agus leis na hAirí Gaeltachta eile nach bhfuil an locht orthu in a lán slite in ainneoin go gcuireann na hAirí tithíochta an locht orthu toisc an mhoill. Tá fadhbanna maidir le heisceacht a dhéanamh as ceantair Ghaeltachta i gcomparáid le ceantair eile atá ag lorg plean níos cuimsithí maidir le tithíocht ina gceantair féin. Táimid ag déileáil le seoid ar leith anseo áfach agus má chaillimid an tseoid seo, sin é. Ní féidir í a athchruthú. Mar sin, tá cosaint ar leith ag teastáil. Nuair a théann tú siar go dtí an reachtaíocht a bhí ann i dtús báire nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta agus an tAcht a ritheadh in 1978, d’aithin iad siúd a chur le chéile é seo. D’aithin siad, toisc feachtas chearta sibhialta na Gaeltachta, go raibh gá le húdarás agus go mbeadh feidhmeanna ar leith aige. In ainneoin nach raibh sé leagtha síos go beacht, luaitear in alt 9 san Acht seo go bhfuil sé mar fheidhm bhreise ag an údarás “chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair”. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na bunfhadhbanna arís.
Sna blianta ina dhiaidh sin, díríodh isteach i dtús báire ar an bhfadhb ba bhunúsaí a bhí ann, is é sin nach raibh fostaíocht ann chun muintir na háite a choimeád sna ceantair sin. Is í sin an fhadhb ba bhunúsaí in 1978 agus 1979. Na daoine a d’aithin agus a chur an fhadhb sin chun cinn ná an pobal áitiúil, pobal na Gaeltachta, ní an Rialtas ná na húdaráis áitiúla. Ní hiadsan a tháinig chun tosaigh leis na fadhbanna seo. Bhí aitheantas ann go raibh stádas ar leith ag pobal na Gaeltachta. Bhí aitheantas ann gur thuig siad a gceantair.
Aithním agus molaim na coistí réigiúnacha agus tá leasú eile agam maidir leo siúd ach beidh siad ag tarlú diaidh ar ndiaidh. Beidh na coistí sin ag déileáil le ceisteanna nuair a dhúntar oifig an phoist má tharlaíonn sé sin. Is é sin an sórt jab atá acu - cosaint a dhéanamh ar rudaí mar seo agus déileáil le cúrsaí ó lá go lá, gach trí mhí nó pé uair a bhíonn na cruinnithe ann. Cosúil leis na comhdhálacha saoránach eile atá tar éis tarlú, agus bhí ceann ann maidir le drugaí agus coinbhinsiún ar an mBunreacht chomh maith a rinne déileáil le réimse rudaí, an cheist atá anseo, áfach, ná go mbeadh an comhthionól saoránach seo sna ceantair Ghaeltachta agus an jab a bheadh aige ná a fhiosrú cad iad na feidhmeanna breise ar ghá a liostáil nach bhfuil tugtha ag an Rialtas don údarás go dtí seo.
In alt 9 sa bhunreachtaíocht, bhí sé i gceist go dtabharfaí na cumhachtaí sin le hordú ón Rialtas. Ní raibh gá go mbeadh reachtaíocht nua ann. Is é sin an bunchoincheap a bhí ann. Bhí aitheantas ann go raibh na fadhbanna seo ann agus gurb é seo an bealach chun tabhairt fúthu. Anois agus muid beagnach 50 bliain níos déanaí, caithfidh an t-údarás nó muidne mar Theachtaí i gcóras daonlathais díriú isteach ar cheisteanna nua agus b’fhéidir roinnt do na seanceisteanna a bhí ann agus ansin tabhairt faoi na fadhbanna sin a leigheas. Leag mé síos roinnt de na fadhbanna a thuig mise ón taobh amuigh. B’fhéidir go bhfuil tuiscint níos fearr ag an Aire. Tá a fhios agam go bhfuil tuiscint níos fearr ag an Teachta McGuinness atá in aice liom. Tá sé níos gafa le ceantair Ghaeltachta ná mar atá mise agus mé lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach ní hé sin le rá go bhfuil aineolas orm mar tá na feachtais nó na grúpaí difriúla tar éis roinnt dóibh seo a chur chun tosaigh ag Comhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge thar na blianta agus fiú roimhe sin agus mé ag buaileadh agus ag déileáil le ceist na Gaeilge leis na cianta. Tá mé den tuairim gur gá dúinn díriú isteach air sin.
Luaigh mé an taighde a rinneadh roimhe seo maidir le pobal na Sámi. Ní hé Parlaimint na Sámi an t-aon a bhfuil cumhachtaí nó aige nó plé á dhéanamh. In ainneoin nach bhfuil aon eagras eile díreach cosúil le hÚdarás na Gaeltachta, tá eagrais eile ar fud na hEorpa, idir eagrais stáit agus neamhrialtais, a bhfuil róil difriúla acu. Tá roinnt acu ag déileáil le cúrsaí timpeallachta, cúrsaí meáin, an comhionannas, cearta daonna nó forbairt inmharthanachta. Fiú na grúpaí sin, tá siad ag déileáil le ceantair imeallacha agus déanann siad déileáil le cúrsaí oideachais. Mar sin seachas an tacaíocht bhreise a thugann Údarás na Gaeltachta do na cúrsaí nó na coláistí samhraidh agus b’fhéidir beagáinín eile ó thaobh cuidiú le daoine atá ag lonnú sa Ghaeltacht teacht ar an teanga féin, níl aon phlé ar, nó ní cuid de bhunról an údaráis faoi láthair é, caiteachas maidir le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Tá agus beidh níos mó á dhéanamh aige. Tá ról lárnach ag an údarás agus aithníodh sin i bpobal oideachais na Gaeltachta. In ainneoin sin, áfach, tá an ról lárnach ó thaobh oideachais fós leis an Roinn oideachais agus ní cóir go mbeadh sé ciotrúnta ar cad atá á aithint ag an bpobal áitiúil nó ag an údarás áit atá bearnaí i gceist, agus mar an gcéanna le rudaí eile. Déanadh aitheantas nuair a bhí muid ag déileáil leis an Acht pleanála anuraidh go raibh gá le stádas ar leith. Ní dheachaigh an Stát chomh fada is a shíl mise gur chóir dó dul. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó de ról ag an údarás.
Tá ról breise aige. Aithnímid é sin agus tá súil againn gurb é sin ceann de na fáthanna go bhfuil na húdaráis áitiúla ag tabhairt aird ar na fadhbanna pleanála ar deireadh thiar thall. Níl muinín agam go ndéanann na húdaráis áitiúla aon rud ach an minimum faoi láthair. Tá i bhfad Éireann níos mó ná an minimum ag teastáil chun déileáil leis an ngéarchéim atá sna ceantair Ghaeltachta. Tá i bhfad Éireann níos mó cur chuige agus infheistíochta ag teastáil. Ní thiocfaidh sé sin ó na húdaráis áitiúla, mar tá a lán acu i ngéarchéim maoinithe cheana féin agus níl an t-airgead breise acu. Caithfidh na húdaráis áitiúla é sin a roinnt de réir mar a deir na comhairleoirí áitiúla leo. Má tá ceist maidir le bóthar, córas séarachais nó a leithéid, má tá an t-airgead le caitheamh, is ar bhonn daonlathach ag an gcomhairle áitiúil nó de réir tosaíochtaí phríomhfheidhmeannach na comhairle sin a tharlóidh sé. Is í sin an áit a dtarlaíonn an neamhaird nó an easpa cur chuige maidir le ceantair imeallacha Ghaeltachta le lucht vótála an-bheag nach bhfuil láidir go leor chun tromlach nó tionchar iomlán a bheith acu ar na comhairlí áitiúla. Is é sin an fáth go raibh an frustrachas ann maidir leis an údarás.
Níl mise i measc na ndaoine a thug tacaíocht iomlán don choincheap go mbeadh comhairle nó údarás áitiúil ar leith ann bunaithe do na ceantair Ghaeltachta ar fad. Níor shíl mé go mbeadh sé praiticiúil, ach is é sin an léiriú a bhí ann, go raibh frustrachas ann go raibh sé chomh dona ag an stad sin cúpla bliain ó shin, go raibh roinnt ball de Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile ag rá gurbh é sin an t-aon bhealach le cinntiú go mbeadh údarás áitiúil éigin ag díriú isteach air agus ag tabhairt faoi na fadhbanna bunúsacha a aithníodh ansin. Tá rudaí tar éis dul in olcas ó shin, go háirithe maidir le tithíocht. Gan chur chuige, gan chiste ar leith agus gan chur chuige Rialtais chun tacú agus treorú a dhéanamh ar an maoin nó na projects móra gur gá tarlú tríd an gcomhairle áitiúil ag an stad seo, de bharr an easpa muiníne sna comhairlí áitiúla, rachaidh rudaí in olcas ó thaobh infreastruchtúir, séarachais, uisce, bóithre, céanna agus gach rud eile ar an liosta. Tá daoine eile sa Teach seo atá i bhfad Éireann níos cáilithe ná mise chun daoine a threorú air sin.
Tagraím do bhuninfreastruchtúr an chomhphobail. Má theiptear siopaí a mhealladh i gceantair áirithe nó má dhúntar siopa an phoist, búistéir nó gruaigeadóir agus an áit á tréigeadh acu, tá fadhb bhunúsach ann. Is é sin an fáth gurb é an bealach is tapúla chun iad seo a cheangal isteach le chéile ná tríd an gcomhthionól atá á lua againn sa leasú seo. Comhthionól saoránach a bheadh i gceist a thabharfadh tuairisc laistigh de 18 mí i ndiaidh achtú na reachtaíochta seo. Ansin bheadh orainn plean a chothú chun déileáil leis sin. Más gá is féidir reachtaíocht bhreise a thabhairt isteach chun na feidhmeanna sin a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, nó mar a luaigh mé agus mé ag tagairt don bhunalt, treoir Rialtais a cur i bhfeidhm, más gá. Ní gá ach treoir Rialtais a chur i bhfeidhm. Caithfidh an maoiniú teacht le treoir Rialtais. Tá mé fós gafa leis an moladh seo.
9:15 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Luaigh an tAire na treoirlínte pleanála Gaeltachta. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, táimid ag feitheamh leis na blianta leis na treoirlínte sin. Tá ár gceantair Ghaeltachta i gcruachás i ndáiríre. Tá clanna óga ach go háirithe i gcruachás mar gheall ar easpa tithíochta. Tá sé seo pléite againn go mion minic sa Teach seo de bharr theip an Rialtais tithíocht inacmhainne agus shóisialta a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta. Anuas air sin, theip ar an Rialtas creatlach chuimsitheach a bheith ar fáil ionas gur féidir leis na húdaráis áitiúla cead pleanála a thabhairt do chlanna óga sna ceantair seo. Is daoine iad seo a bhfuil gaol acu leis an gceantar agus atá, i go leor cásanna, ag obair sa cheantar agus ar tógadh sa cheantar seo iad, ach ní féidir leo bheith ina gcónaí sa cheantar nó a bpáistí a thógaint sa cheantar. Caithfimid dul i ngleic leis sin.
An bhfuil amlíne ag an Aire maidir le cathain a fhoilseofar na treoirlínte pleanála Gaeltachta? Táimid ag feitheamh le tamall an-fhada. Aontaím leis an Aire nár cheart dúinn ligint leis na húdaráis áitiúla, leis an bhfeidhmeannas sláinte, leis na gardaí nó leis An Post gan a bheith freagrach ar na pobail ar bhonn náisiúnta. Mar gheall ar an tslí ar bunaíodh Údarás na Gaeltachta, is féidir an argóint sin a chasadh siar. An bhfuilimid ag ligint leis an IDA, le Enterprise Ireland agus leis na hoifigí fiontraíochta áitiúla timpeall na tíre gan a bheith freagrach díreach mar go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag cruthú fostaíochta agus fiontraíochta? Ní dóigh liom go bhfuilimid. Tá an t-údarás ann ar an tuiscint go raibh cás ar leith sna ceantair Ghaeltachta, agus go bhfuil tábhacht ar leith dár náisiún agus dár dtír na ceantair Ghaeltachta a choimeád beo. Tá siad ag díriú isteach ar fhadhb a bhí ann sna 1980idí agus 1990idí cur leis an méid fostaíochta agus fiontraíochta sna ceantair seo. Tá obair fós le déanamh ina leith sin i gceantair áirithe.
Is é an pointe a bhí á dhéanamh agam níos luaithe ná go bhfuil an deacracht tar éis athrú. Níl ár gceantair Ghaeltachta i mbaol de dheasca easpa fostaíochta agus fiontraíochta; tá siad i mbaol de dheasca easpa tithíochta, seirbhísí poiblí agus na rudaí a ndéanann áiteanna tarraingteach do chlanna óga cur fúthu sna ceantair sin. Is cinnte go bhfuil áiteanna Ghaeltachta ina bhfuil tuilleadh fiontraíochta agus fostaíochta de dhíth. Nílim ag rá nach amhlaidh, ach an ganntanas is mó atá ann do dhaoine ná cúrsaí tithíochta. Is é sin an pointe a raibh á dhéanamh agam. Má táimid chun Údarás na Gaeltachta a choimeád mar eagras atá dírithe ar aonaid Gteic a chruthú, tacú le monarchana teacht isteach sna ceantair, páirceanna gnó a bhunú agus tacú le hábhar fiontraíochta agus fostaíochta amháin - cé go bhfuil sé sin go léir an-tábhachtach, ní cheart go mbeadh sé mar an t-aon sprioc amháin nó an fheidhm is mó ag Údarás na Gaeltachta - an bhfuilimid i ndáiríre ag freastal ar ár bpobal Gaeltachta? Ní dóigh liom go bhfuilimid. Is é sin an fáth go bhfuil an taobh seo den Teach ag iarraidh go mbeadh níos mó feidhmeanna ag Údarás na Gaeltachta chun dul i ngleic leis na rudaí eile sa tslí a bhfuil sé tar éis dul i ngleic le cúrsaí fostaíochta agus fiontraíochta thar na blianta nuair a bhí sé sin mar an baol nó riosca ba mhó dár bpobal Gaeltachta. Ba chóir go mbeadh sé anois in ann dul i ngleic le seirbhísí poiblí, cúrsaí tithíochta agus cúrsaí pleanála. Níl sé sin le rá go mbeadh sé ag déanamh obair an fheidhmeannas sláinte, obair na ngardaí nó obair na n-údarás áitiúil, ach go mbeadh sé ag comhoibriú leo, ag cur brú orthu, go mbeadh sé ag déanamh stocaireachta agus ionadaíochta ar ár bpobal agus go mbeadh sé ag cinntiú go bhfuil cás na Gaeltachta cloiste go láidir ag na heagrais Stáit maidir le pé pleananna atá á ndéanamh acu. An tslí is fusa chun é sin a dhéanamh ná bord iomlán daonlathach a bheith ann ina bhfuil baill thofa freagrach dá bpobail. Níor glacadh leis na leasuithe sin. Tá sé sin déanta, ach anois an leasú atá againn ná go mbeadh an fóram nó tionól sin ann laistigh de bhliain amháin ionas gur féidir le daoine teacht isteach agus úinéireacht nó smacht a bheith acu ar an eagras atá bunaithe díreach chun freastal orthu. Sin an leasú atá os ár gcomhair.
Tá an Teachta Ó Cearúil imithe ón Teach anois, ach teastaíonn uaim a chur ar an taifead go nguím rath air agus é ceaptha anois mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil. Impím air dul i dteagmháil leis na pobail Ghaeltachta mar níl siad pioc sásta leis an mBille seo. Níl na ceanneagraíochtaí, Conradh na Gaeilge nó na hoifigigh pleanála teanga sásta. Ní dóigh liom go bhfuil roinnt mhaith daoine laistigh d’Údarás na Gaeltachta sásta, le bheith macánta. Tá daoine le fís laistigh den eagraíocht sin atá ag iarraidh níos mó a dhéanamh chun freastal ar na pobail Ghaeltachta.
Ní dóigh liom go bhfuil siad sásta. Tá seans nach bhfuil siad á rá é sin i gcruinnithe leis an Aire agus nach bhfuil sé fíor do gach uile dhuine laistigh den údarás ach caithfimid éisteacht leis na daoine a bhfuil an saineolas agus an taithí acu agus an rud ceart a dhéanamh leis an leasú seo agus leis an mBille ina iomláine.
9:25 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
I dtús báire, níor thug an tAire aon chúis nach bhfuil sé sásta glacadh leis an leasú sin. Is dócha go bhfuil eagla ag an gcóras roimh thuilleadh daonlathais. Níor glacadh le leasú a chinnteodh go mbeidh cruinniú poiblí ag an údarás gach uile mhí. Leis an leasú seo, bheadh cruinniú amháin in aghaidh na bliana chun cluas éisteachta a thabhairt do dhaoine. Níl aon fhreagracht eile i gceist. Níl aon dualgas eile i gceist. Níl muid ag cur tuilleadh brú ar an údarás seachas chun éisteacht le daoine ar an talamh agus fóram mar sin a thabhairt dóibh. Is dócha go bhfuil eagla ar an Rialtas roimh thuilleadh daonlathais ach b'fhéidir go bhfuil mé mícheart. Má tá, cuirfidh mé mo lámha suas ach is é sin an chuma atá ar an scéal. Ag dul tríd an bpróiseas seo, níl an Rialtas sásta le haon leasú a thugann tuilleadh trédhearcachta don phróiseas. Is é sin an rud atá ag teastáil. Dhiúltaigh an tAire leis an leasú roimhe seo, a bhain le cruinniú poiblí, agus araile.
Rinne an tAire pointí ginearálta agus gabhaim buíochas leis astu. Chuaigh sé i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta agus beidh sé ag dul ar ais. Beidh sé ag bualadh le TINTEÁN agus BÁNÚ agus ag dul ar ais go dtí na húdaráis áitiúla. An mbeidh sé sin déanta roimh Chéim na Tuarascála because is é sin an rud-----
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Táim ag iarraidh go mbeidh.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
Tuigim. Tá tábhacht leis sin. Bhíomar sásta géilleadh le cuid de na leasuithe. Bhí an formhór acu curtha isteach ag Sinn Féin agus bhí cúpla ceann agam féin. Aontaím le formhór na leasuithe. Bhíomar go léir sásta géilleadh le cuid acu mar thug an tAire a bhriathar go dtiocfadh sé ar ais agus go mbeadh tuilleadh deiseanna againn sa Fhreasúra ag Céim na Tuarascála. I ndáiríre, braitheann sé ar an méid atá le rá ag Údarás na Gaeltachta faoi na fadhbanna agus constaicí atá aitheanta aige. Dar liom, tá neart cumhachtaí ann ach ní saineolaí mé. Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire cad iad na fadhbanna atá ag an údarás agus cad é an bealach chun dul chun cinn a dhéanamh agus an t-údarás a láidriú ó thaobh cúrsaí tithíochta. Má leanaimid ar aghaidh leis an mBille seo agus an t-aon mhír atá ann ó thaobh cúrsaí tithíochta, beidh sé go dona because, sa mhír sin, níl i gceist ach cumhacht shoiléir a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta talamh a dhíol do approved housing bodies. Is é sin an t-aon rud atá curtha isteach ag an Rialtas ó thaobh cúrsaí tithíochta. Ní leor é sin. I ndáiríre, níl mé sásta leis sin a bheag nó a mhór. Más rud é go mbeimid in ann, tar éis na gcruinnithe, leasuithe a chur chun cinn le chéile chun an Bille a láidriú agus aitheantas a thabhairt don ghéarchéim atá ar an talamh, bheinn sásta. Ba mhaith liom obair as lámh a chéile leis an Aire ach braitheann sé ar an bpróiseas as seo amach. Ba chóir go mbeidh na cruinnithe sin críochnaithe, go mbeidh sé soiléir cad atá á rá ag na heagraíochtaí ar an talamh agus go mbeimid in ann na leasuithe cuí a chur chun cinn ag an leibhéal sin.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ar an gcéad dul síos, tá mórán measa agam ar an triúr Teachta. B'fhéidir nach bhfuil mé ag glacadh leis na leasuithe ach, mar gheall ar an meas sin, ní bheimid ag teacht ar ais le haghaidh an chéad Chéim eile sula mbeidh cruinnithe againn faoi chúrsaí tithíochta leis na grúpaí agus leis an údarás. Mura bhfuil na Teachtaí sásta, beidh seans acu leasuithe a chur síos. Ag croí an Bhille seo, táimid ag dul ar ais go dtí toghcháin a scriosadh 12 bhliain ó shin. Bhí toghcháin ann agus bhí guth agus rogha na ndaoine sa Ghaeltacht in ann dul amach. Tá sé sin ag croí an Bhille seo. Níl an Teachta in ann a rá go bhfuil eagla orainn roimh dhaonlathas agus muid ag tabhairt ar ais toghcháin ionas go mbeidh daoine in ann a rogha daoine a chur ar bhord an údaráis seachas rogha duine amháin, is é sin, an tAire.
Táimid ag teacht ar ais go dtí an difríocht atá eadrainn. Tuigim agus seasaim leis an Teachta McGuinness. Táim ag iarraidh go mbeidh daoine in ann tithe a chruthú sa Ghaeltacht agus clanna a bheith acu inti. Táim go mór i bhfabhar é sin sa Ghaeltacht agus i gceantair nach bhfuil sa Ghaeltacht freisin. Dúirt an Teachta nach raibh easpa post ann - is iontach an rud é nach bhfuil - ach go bhfuil easpa tithíochta ann. Tá fadhb mhór i leith cúrsaí tithíochta. Is páirt den fhreagra é an t-údarás ach tá eagla orm go bhfuil na Teachtaí ag rá gurb é an t-údarás an t-aon fhreagra amháin ar an bhfadhb seo. Ní hé an t-údarás an freagra ina aonar. Tá sé iontach go bhfuil cúrsaí fostaíochta chomh láidir agus atá siad ach níor tharla sé sin trí sheans. Tharla sé sin de bharr taithí fhoireann an údaráis. Bhí siad in ann seasamh le daoine a bhunaigh comhlachtaí beaga atá ina comhlachtaí móra anois. Bhí foireann an údaráis in ann seasamh leis na daoine sin a bhunaigh comhlachtaí ina bhfuil poist anois mar gheall go raibh siad dírithe ar an jab sin. B'fhéidir go bhfuil sé seo á rá agam de bharr mo sheanphoist sa Roinn fiontair ach tá sé sin an-tábhachtach. B'fhéidir go mbeidh fadhb againn le poist ag an am seo an bhliain seo chugainn. Is é sin an fáth go bhfuilim ag iarraidh go mbeimid dírithe ar phríomhról an údaráis, is é sin, cúrsaí fostaíochta, fiontair agus pleanála. Gan dabht, tá sé páirteach.
Tá suim mhór ag an údarás. Bhí cruinniú iontach agam leis an gcathaoirleach agus an príomhfheidhmeannach agus tá suim mhór acu a bheith ina bpáirt den fhreagra sin. Tá siad ag iarraidh obair leis na húdaráis áitiúla agus leis na grúpaí áitiúla chun é sin a dhéanamh. Táim buartha faoi false expectations, mar a thugtar orthu as Béarla, dá dtabharfaí na cumhachtaí seo don údarás agus dá ndéarfaí leis gurb é an freagra i leith cúrsaí tithíochta na Gaeilge. Táim buartha faoi na expectations sin. Tá sé an-tábhachtach a rá go bhfuil suim ag an bpríomhfheidhmeannach agus ag an gcathaoirleach. Bhí sé soiléir go bhfuil suim ag an mbord freisin. Ba mhaith leo a bheith ina bpáirt den fhreagra ach ní hiad an freagra ina n-aonar.
Ag dul ar ais go dtí an leasú seo, mar a dúirt mé, tá na coistí réigiúnacha ann chun na fadhbanna sna ceantair áitiúla a phlé. Caithfidh gach coiste réigiúnach tuarascáil a thabhairt do bhord an údaráis. Beidh deis ann cúrsaí áitiúla a phlé. Ní bheidh an bord ag plé cúrsaí áitiúla amháin. Beidh rudaí eile á bplé aige freisin.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Níl mé chun mórán moill eile a chur air seo. Go bhfios dom, níl aon duine ag iarraidh baint ó ról an údaráis maidir le tionsclaíocht, fiontar agus mar sin de. Is ról tábhachtach é sin agus tá sé tar éis sé sin a chruthú. Ach, is é sin an ról a bhí ag Gaeltarra Éireann i dtús báire. Nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta, cuireadh leis an ról. Ní gá ach féachaint ar an mbunreachtaíocht. Is í an chéad fheidhm atá ann ná:
Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann.
Leanann sé ar aghaidh. Tá mé den tuairim – ní aontaíonn gach duine liom – go bhfuil an chumhacht ag an údarás cheana féin chun tithe a thógáil, talamh a cheannach agus talamh a chur ar cíos. Ní gá le reachtaíocht nua mar tá sé leagtha síos. Is é seo an áit a dtagann an Béarla agus an Ghaeilge i bhfeidhm. Nuair atá bunreachtaíocht i gceist, is an Ghaeilge atá níos tábhachtaí. Deir sé in alt 10(7):
Chun críocha an ailt seo, beidh de chumhacht ag an Údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil.
Tá an focal “áitribh” ann, a chiallaíonn áit ina bhfuil cónaí ar dhaoine. Clúdaíonn sé foirgnimh chomh maith. Níl aon ligean síos nó srian ar an údarás tithe a thógáil. Dá rachfaí go dtí an chúirt agus dá bhfiafraí cad é ata i gceist leis an bpíosa seo, is an leagan Gaeilge a bheadh i gceist. Deir sé sa leagan Béarla that it is “to maintain buildings, markets, premises or plant”. Nuair a fheiceann tú ar an bhfoclóir, tá tithe i gceist leis an bhfocal “áitribh”. Is ionann é agus habitats.
Tá gá leis an údarás talamh breise a cheannach, ní hamháin do thithe ach chun tionsclaíocht a mhealladh chomh maith. Beidh an gá sin ann i gcónaí. Nuair a thógann tú rud cosúil le monarcha anseo nó Gteic ansiúd, nó má thógann tú tithe, beidh an gá sin ann, cosúil le haon údarás eile a bhíonn ag déileáil le tithíocht nó foirgneamh a thógáil nó a cheannach. Níl an buiséad caipitil le blianta anuas mór go leor le déanamh cinnte de go bhfuil an t-údarás ag cur leis an dtalamh nó an banc talún atá agus a bheidh ag teastáil uaidh. I go leor bailte, deir daoine go bhfuil go leor talaimh ag an údarás, ach tá a lán talaimh imeallaigh nach bhfuil go hiontach aige. Níl a lán acu maith go leor agus níl siad sna háiteanna ina bhfuil siad ag teastáil. Tá áiteanna eile ann. Tá sé go maith go bhfuil an talamh sin acu, áfach. Mar is eagras Stáit é, caithfidh sé fiúntas éigin a fháil as an dtalamh, in áit é a choinneáil ar mhaithe lena choinneáil. Caithfidh talamh a bheith ag an údarás chun cur leis na haidhmeanna atá aige atá leagtha síos sa reachtaíocht.
Sa chás seo, agus tagaim ar ais go dtí an pointe seo, níl muid ag iarraidh cur as don údarás, ná do na húdaráis áitiúla ach oiread. Tá muid ag iarraidh go dtabharfar seans do ghnáthphobal na Gaeltachta, tar éis don Bhille a bheith rite. B’fhéidir go mbeidh toghchán i lár baill. Glacaim go mbeidh. Glacaim go mbeidh sé cuibheasach tapa. Is díospóireacht a bheidh i gceist maidir leis na feidhmeanna, na róil agus na rudaí ar ghá don údarás tabhairt fúthu. Ina dhiaidh sin, cuirfidh pé Aire atá sa ról sin ag an am - b’fhéidir gur an tAire reatha a bheidh ann – plean le chéile le díriú isteach air seo. B’fhéidir nach mbainfidh roinnt de na hábhair a bheidh ardaithe sna cruinnithe sna chomhthionóil seo leis an údarás in aon chor. B’fhéidir nach mbeidh aon duine ag iarraidh cur leis seachas cancrán amháin ar chúl an tseomra. Sa deireadh thiar thall, is é sin an daonlathas. Bheifí ag tabhairt seans dóibh ceisteanna a ardú agus freagraí a fháil. Is rud iomlán difriúil atá i gceist leis na coistí réigiúnacha. Is cuid de ghnáthoibreachas an údaráis a bheidh ann. Beidh na coistí ag déileáil le conas is féidir cinntí atá glactha ag bord an údaráis nó ag an Rialtas a chur i bhfeidhm. Ní hé go mbeidh siad á lorg seo ó thús. Níor chóir go mbeadh eagla ar aon duine roimh a leithéid. Níl ann ach bealach chun na tuairimí atá ag an bpobal a mheas.
Mar a dúirt mé, ghlac mé páirt sa choinbhinsiúnbunreachtúil agus chonaic muid ar fad na torthaí ó na tionóil shaoránach nó citizens’ assemblies. Níl eagla ar aon duine roimh díospóireacht. Is é sin an méid a bheidh ann, is é sin, díospóireacht agus tuairisc á sheoladh ar ais chuig an Aire, an Dáil nó an t-údarás ag leagan amach na rudaí atá de dhíth. Is féidir ansin a rá go bhfuil nithe áirithe indéanta, go bhfuil gá le hairgead breise chun nithe eile a dhéanamh agus go bhfuil rudaí eile nach bhfuil inbhainte amach ach gur féidir a chur ar aghaidh chuig an bord sláinte nó an Roinn Oideachais le go ndíreodh siadsan orthu. Sin a bhfuil i gceist leis an leasú seo. Is trua nach bhfuil an tAire sásta glacadh leis.
9:35 am
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Cén bealach a seasann an leasú?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá mé á bhrú.
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Bogfaidh muid ar aghaidh go leasú Uimh. 21, atá in ainmneacha na dTeachtaí Ó Snodaigh agus McGuinness. Tuigim gur pléadh an leasú seo cheana in éineacht le leasú Uimh. 15. Cén bealach a seasann an leasú sin?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
An é seo leasú Uimh. 15?
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Bhí leasú Uimh. 21 i ngrúpa le leasú Uimh. 15. Is leasú Uimh. 21 atá idir lámha againn, atá in ainmneacha na dTeachtaí Ó Snodaigh agus McGuinness. Pléadh cheana fhéin é le leasú Uimh. 15.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 21:
Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht
7. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) (a) Déanfaidh an tÚdarás iniúchadh ar fhadhbanna bonneagair sa Ghaeltacht, le haird ar na córais iompair, uisce, séarachais, fuinnimh, leictreachais, agus cumarsáide, agus an tionchar atá acu ar inmharthanacht sna pobail Gaeltachta, ar sholáthar tithíochta agus ar fhorbairt tionscail, agus déanfaidh sé tuarascáil a fhoilsiú nach déanaí ná sé mhí tar éis an tAcht seo a achtú ina liostófar moltaí ina leith agus ina léireofar an maoiniú a bheadh ag teastáil ó Chiste ar leith faoi chúram an Údaráis chun tabhairt faoi na fadhbanna seo a réiteach agus inmharthanacht na Gaeltachta a chinntiú.
(b) Déanfaidh an tAire ráiteas a fhoilsiú nach déanaí ná sé mhí tar éis fhoilsiú na tuarascála de réir mhír (a) ag sonrú gach gnímh atá glactha nó atá le glacadh ag an Aire agus ag eagrais stáit chun na moltaí a chur i bhfeidhm.”.”
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá leasú Uimh. 22 as ord.
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá leasú Uimh. 23 in ainm an Aire, an Teachta Calleary. Tá leasuithe Uimh. 23 go 36, go huile, bainteach lena chéile.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
Gabh mo leithscéal. An féidir na leasuithe sin atá le chéile a athrá?
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Is leasuithe Uimh. 23 go 36, go huile, atá á bplé againn. Bhí muid ar leasú Uimh. 22, a bhí as ord.
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Le cead an Chathaoirligh Gníomhaigh, is mian liom cúpla focal a rá maidir le leasú Uimh. 22.
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Níl mé cinnte. Ní dóigh liom gur féidir nuair atá leasú as ord. Déanfaidh mé seiceáil mar tá mé nua leis seo. Ag deireadh na leasuithe i gcomhair alt 7, beidh deis ag an Teachta teacht isteach le labhairt faoin alt é féin. Is é seo an chéad uair dom é seo a dhéanamh agus tá mé beagáinín cúramach faoi. Tá muid tar éis bogadh ar aghaidh ar aon chuma chuig leasú Uimh. 23. Tuigim go bhfuil leasuithe Uimh. 23 go 36, go huile, gaolta lena chéile agus go bhfuil rangú molta le haghaidh díospóireachta. Tá siad in ainm an Aire.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá leasú amháin i measc an ghrúpa sin in ainm an Teachta Ó Snodaigh.
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Iarraim ar an Aire leasú Uimh. 23 a bhogadh.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 23:
Ar leathanach 13, líne 19, “6 chomhalta” a scriosadh agus “7 gcomhalta” a chur ina ionad.
Ba mhaith liom a lua ag an bpointe seo go bhfuilim ag breathnú ar cúpla leasú féideartha eile a thabhairt isteach ar Chéim na Tuarascála. Baineann an chéad cheann féideartha le sprioc earcaíochta Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é sin go mbeidh 20% díobh siúd a earcaítear chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030. Féachfar leis an leasú féideartha seo a chinntiú go bhfuiltear siúd a éiríonn leo ardú céime inmheánach a bhaint amach, de thoradh uasoiliúna sa teanga agus a leithéid, sa chomhaireamh don sprioc earcaíochta 20% seo. Tá sé seo ag teacht le holl-aidhm na forála agus go deimhin an Achta, is é sin, go mbeidh líon dóthanach foirne ag comhlachtaí poiblí chun seirbhísí poiblí méadaithe agus feabhsaithe trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal.
Sa chomhthéacs seo, tá sé an-tábhachtach go ndéanfar gach rud is féidir le spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí poiblí agus d'fhostaithe reatha na hearnála poiblí i gcomhthéacs uasoiliúint Ghaeilge a éascú. Más féidir uasoiliúint a dhéanamh anois, go háirithe ag na gráid níos sóisearaí, ciallaíonn sé go mbeidh líon níos mó daoine le Gaeilge ar fáil chun glacadh leis na gráid níos sinsearaí sna blianta amach romhainn i dtreo na sprice 20%. Tá an-chuid staitisticí dearfacha ann sa spás seo anois le tacú leis an méid seo, idir an méadú suntasach atá tagtha agus atá ag teacht ar líon na ndaoine atá ag glacadh páirte i gcúrsaí oiliúna Gaeilge san earnáil phoiblí le blianta beaga anuas – d'ardaigh an figiúr sa Státseirbhís 123% idir earrach 2022 agus earrach 2025 - agus an líon ard a luaigh sa suirbhé don phlean náisiúnta gur mian leo cur lena n-inniúlacht sa teanga.
Is iad na leasuithe féideartha eile atá á bhfiosrú agam faoi láthair ná: seasamh na gceann comhairimh i gcomhthéacs fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chinntiú; agus lipéid tagartha Choimisiún na Meán sa reachtaíocht sin a leasú ó Bhéarla go Gaeilge.
Rachaidh coiste réigiúnach i gcomhairle le grúpaí pleanála teanga sa limistéar ina leith a mbunófar an coiste chun comhairle a thabhairt don údarás agus chun cuidiú leis i gcomhlíonadh a fheidhmeanna sa limistéar sin. Léiríonn sé seo an ról atá ag na coistí réigiúnacha - táimid ar ais ag na coistí sin - ó thaobh na hionadaíochta de.
Is fiú a rá chomh maith go bhfuil oifigeach pleanála teanga ar bhord reatha de chuid Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil iaroifigeach pleanála teanga air chomh maith. Mar a sheasann rudaí, ní cheapaim go bhfuil gá ar leith go mbeadh spás oscailte d’oifigeach pleanála teanga ar na coistí. Is cinnte go mbeidh comhráite fiúntacha idir na coistí agus na grúpaí pleanála teanga. Dá bhrí sin, ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 24 ag an bpointe seo ach tá suim agam é a phlé.
Tá sé i gceist ag an Rialtas go mbeidh seachtar comhalta i gceist leis an gcoiste réigiúnach a dhéanann an t-alt 10A(6)(b) molta tagairt dó. Baineann an coiste réigiúnach seo le Gaeltachtaí na Gaillimhe, na Mí, agus Thuar Mhic Éadaigh. Déanadh cinneadh duine sa bhreis a chur leis an gcoiste seo chun a chinntiú go mbeidh ionadaíocht láidir ag Tuar Mhic Éadaigh. Leis an leasú seo, beidh an comhalta boird thofa i Maigh Eo mar chomhalta ar an gcoiste réigiúnach don iarthar chomh maith le coiste an tuaiscirt. Faoi láthair, ní fheicim go bhfuil aon chúis ballraíocht na gcoistí réigiúnacha eile a mhéadú. Toisc go bhfuil an leasú seo á dhéanamh, beidh gá le mionleasuithe teicniúla ar na huimhreacha a thagann ina dhiaidh agus iad uilig a athrú de réir seo. Molaim leasuithe Uimh. 23 agus 25 go 36, go huile, don Teach.
9:45 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Luaigh an tAire go mbeidh leasú eile ag teacht. Dar ndóigh, déileálfaimid leis nuair a thiocfaidh sé os ár gcomhair. Tagraím don cheann maidir leis an 20% atá le teacht ar Chéim na Tuarascála. Is maith an rud é go bhfuil an Stát ag aithint an tréaniarracht a bhfuil a lán dóibh siúd atá sa Státchóras ag déanamh cheana féin chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Luadh thar na blianta go raibh gá le níos mó infheistíochta chun cuidiú leo siúd atá sa Státchóras cheana féin. Luaigh muid cúpla uair ag an gcoiste gur chóir go mbeadh cuidiú tugtha dóibh atá ag tabhairt faoi dhianchúrsaí. Más gá, ba chóir go mbeidh saoire ón obair acu chun cuidiú le hiad a thógáil go dtí an leibhéal cuí chun go mbeadh siad san áireamh sa 20%. Nuair a bhí caint ann, thuig mise i gcónaí nach iad atá nua-earcaithe isteach sa chóras amháin a bhí i gceist ach go mbeadh daoine a fhaigheann ardú céime san áireamh freisin. Caithfimid a dhéanamh cinnte de go sroichfimid an 20% sin. Níl ach cúpla bliain eile fágtha agus ní fheicim go bhfuil muid chun an 20% sin a shroicheadh. Bhí sé dúshlánach ag an tús ach beidh sé níos dúshlánaí fós de thairbhe na faidhbe bunúsaí atá ann maidir le scolaíocht ag an dara leibhéal agus an tríú leibhéal mura bhfuil cur chuige i bhfad Éireann níos dírithe chun go mbeidh níos mó daltaí ag teacht amach ó na meánscoileanna agus iad inniúil ar an nGaeilge. Níl sé sin ann agus ní bheidh sé ann má leanann leibhéal na ndíolúintí ag fás mar atá faoi láthair. Ní féidir linn brath go huile agus go hiomlán ar Ghaelcholáistí chun an 20% sin a chomhlíonadh mar tá níos mó post ann ná daoine atá ag teacht amach as na Gaelcholáistí. Tá jab fós ann ach tá sé go maith é sin a chloisteáil.
Táim fós ag fanacht ar an gcoiste comhairleach chun a leagan amach cé hiad na caighdeáin agus gach rud eile. Bhí siad sin lena bheith ann laistigh de chúpla mí den reachtaíocht a bheith rite. Tháinig an tuarascáil agus an plean náisiúnta amach roimh an Nollaig, i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Bhí toghchán againn so ní raibh muid ar fad dírithe isteach air ach ní raibh aon spriocanna ann. Níl an rangú nó na categories sin tugtha. Tá súil agam go mbeidh sé ann laistigh de chúpla seachtain. Tá a fhios agam go raibh cruinniú eile ann i mí Aibreáin a bhí dírithe air sin. Is léir go raibh dul chun cinn éigin ag tarlú sa choiste comhairleach ach, go dtí go mbeidh sé leagtha amach go mion, tá na heagrais agus Ranna Stáit fós ag fanacht agus tá roinnt acu fós gafa leis na scéimeanna so níl a fhios ag daoine cá bhfuil siad. Má táimid chun an 20% a bhaint amach agus na seirbhísí a chruthú do Ghaeilgeoirí, caithfidh sé sin tarlú. Fágfaidh mé é sin. Tiocfaimid ar ais chuige ach tá gá lena bheith níos dírithe faoin am a thagann muid ar ais ag an 20% ar Chéim na Tuarascála.
Is é sin an rud ait faoi. Táimid ag déileáil leis an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú). Cuireann muid leasuithe chun cinn atá bainteach leis seo agus deirtear linn go bhfuil siad as ord. Ansin, tagann an tAire isteach le ceann maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Tá baint ann ach tá sé beagáinín as alt leis an gcuid eile.
Is é an leasú a bhfuilimid ag déileáil leis anseo ná leasú dár gcuid féin, Uimh. 24. Sula labhraím faoi, nuair atá na coistí réigiúnacha seo bunaithe, ba chóir nach mbeadh na comhaltaí nua amháin orthu ach go mbeadh daoine ann a thuigeann gnéithe eile de na ceantair, a bheadh in ann cuidiú leo agus go mbeadh an t-údarás in ann brath orthu. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag rá an mhéid sin. Tá sraith daoine anois ag obair i gceantair Ghaeltachta agus sna ceantair máguaird atá dírithe ar phleanáil teanga. Ní gá go mbeidh vóta acu ach tá sé tábhachtach go mbeadh siad i láthair agus go mbeadh ról acu chun go mbeadh gach uile rud fite fuaite le chéile. Ba chóir go mbeadh an t-údarás agus na hoifigigh phleanála teanga ag obair as lámh a chéile agus, nuair atá pleananna á ndéanamh, go mbeadh siad in ann an tuiscint atá acu toisc an obair atá á déanamh acu a roinnt leo siúd atá tofa nó roghnaithe ag an Aire.
Dúirt oifigeach pleanála teanga linn sa choiste go bhfuil siad ag pointe anois a bhfuil deireadh ag teacht leis na pleananna teanga a ceadaíodh ar dtús agus go dtiocfaidh deireadh le níos mó as seo go ceann bliana. Tá siad fágtha gan treoir agus gan cheannasaíocht faoin gcéad chéim eile. Tá deireadh ag teacht leis na conarthaí a bhí acu. Tá roinnt acu ag teacht chun deireadh ag tús mí Iúil. An bhfuil cinneadh déanta maidir le síneadh a chur le conarthaí na n-oifigeach pleanála teanga seo? Tá géarghá le bogadh ar na conarthaí sin, ar an ról atá ag na hoifigigh sin agus ar an maoiniú gur chóir a bheith acu. Táim ag iarraidh go mbeadh sé sin mar chuid den ról atá acu agus go mbeadh a fhios acu go gcaithfidh siad a bheith ceangailte isteach leis na coistí réigiúnacha seo agus na cinntí atá á ndéanamh ag an údarás don cheantar ina bhfuil siad ag obair.
9:55 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
Tá sé ráite ag an Aire go mbeidh sé ag teacht ar ais le sraith leasuithe ar Chéim na Tuarascála. Ceann de na leasuithe sin ná a chinntiú go mbeidh ardú céime san áireamh don 20%. Má tá daoine a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu ag lorg ardú céime laistigh den chóras agus éiríonn leo an t-ardú céime a fháil, beidh sé sin san áireamh den 20%. Ní drochrud é sin. Aontaím leis, agus ceapaim go raibh sé ann, ach bhí beagáinín doiléire i gceist. B'fhéidir go bhfuil soiléireacht ann anois, ach tá sé thar a bheith tábhachtach. Beidh an coiste ag díriú isteach go géar ar an sprioc 20% agus go mbainfear amach é. Sin an rud is bunúsaí atá ag teastáil chun seirbhísí poiblí a chur ar fáil má táimid dáiríre faoin nGaeilge.
Baineann na leasuithe eile os ár gcomhair le rudaí teicniúla, ach amháin go bhfuil méadú ó sé comhalta go seacht gcomhalta i gceist.
Níor thuig mé ar tharla maidir le leasú Uimh. 24 maidir leis an oifigeach pleanála teanga atá inár n-ainmneacha. An bhfuil an tAire sásta glacadh leis sin? B'fhéidir go dtiocfaidh an tAire ar ais maidir leis sin.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ní thuigim which atá i gceist. Tá suim agam é a phlé. Táim ag iarraidh tuiscint a fháil faoi cén treoir as a bhfuil na Teachtaí ag teacht leis an leasú sin. Conas a d'oibreodh sé?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
Is toisc gur iarradh orainn an leasú sin a dhéanamh. Tá frása "obair na gcapall" ann. Tá obair na gcapall á déanamh ag na foirne beaga ar an talamh, go háirithe na hoifigigh phleanála teanga. Ní mór dúinn éisteacht go cúramach leo, mar tá siad ag obair i gcoinníollacha nach bhfuil rómhaith i ndáiríre. Níl cinnteacht ar bith i gceist. Níl a fhios acu an mbeidh siad ann an bhliain dár gcionn ó thaobh airgid agus cinnteachta de. Sin rud amháin atá ag teastáil go géar. Tá taithí againn, nuair a bhí Aengus ina Chathaoirleach ar an gcomhchoiste agus roimhe sin, thaisteal muid ar fud na tíre ag éisteacht le daoine. Sin an taithí atá againn. Ní saineolaithe muid. Is dócha gur fiú éisteacht leis an taithí atá ag na hoifigigh phleanála teanga i mbealach atá dearfach. Cé mhéad leasú a bheidh i gceist ag an bpointe seo?
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Níl aon uimhir beartaithe agam.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
Níl aon uimhir ag an Aire maidir le líon na leasuithe fós.
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Mar a dúirt mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, ní thuigim cén fáth a bhfuil leasú Uimh. 22, a chuir Conradh na Gaeilge isteach ach a bhfuil ár n-ainmneacha air, as ord ach go bhfuil leasuithe an-chosúil ón Aire ceadaithe. Is dócha go bhfuil double standard de shaghas éigin i gceist. Nílim, mar Theachta Dála agus ionadaí poiblí, sásta leis sin. Ní thuigim é. Is dócha gur ceart míniú a thabhairt ar sin mar tá daoine ag féachaint air seo. Níl a lán Teachtaí sa Seomra anois, ach tá daoine ag féachaint agus beidh daoine ag féachaint siar ar an díospóireacht seo. Is dócha go mbeidh sé á phlé sna ceantair Ghaeltachta, ar Raidió na Gaeltachta, ag na hoifigigh phleanála teanga agus ag na ceanneagraíochtaí amach anseo. Ba mhaith liom an deis roinnt aiseolais a fháil air sin.
Táim ag teacht go dtí ár leasú, Uimh. 24. Aontaím go hiomlán leis na Teachtaí Connolly agus Ó Snodaigh sa mhéid a dúirt siad. Seo iad na daoine go bhfuil an dualgas orthu na pleananna atá pobalbhunaithe agus atá curtha le chéile le hionchur an pobal Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Is iad siúd na daoine atá ag caint leis na tuismitheoirí, na daoine óga, na daoine níos sine, na daoine atá i mbun fostaíocht a chruthú agus na daoine atá ag déileáil leis an ngéarchéim tithíochta go háitiúil. I mo chás féin, i dtaobh Chomhlucht Forbartha na nDéise, is é atá tar éis an cháis seo a ardú arís agus arís eile agus atá ag déileáil leis an údarás, leis an gcomhairle áitiúil agus an Roinn tithíochta agus atá ag cur pleananna le chéile. Ba cheart go mbeadh oifigeach pleanála teanga agus ionadaithe ón bhfoireann sin iniata sna comhráite seo ar a laghad.
Is maith an rud é go bhfuil an doras oscailte ag an Aire, ach tá an leasú anseo. Tá an leasú os ár gcomhair ag an bpointe seo. Tá ciall ag baint leis. Tá an-mheas agam ar an Aire, mar is eol dó, ach tá sé ag rá go bhfuil ciall leis, go dtuigeann sé, go bhfuilimid ag caint sa tslí chéanna agus go dtuigimid go léir ar an dá thaobh den díospóireacht seo na fadhbanna céanna agus go gcaithfimid ar an dá thaobh den Teach bheith tiomanta agus déileáil leo. Ach, i ndáiríre, tá leasuithe ciallmhara curtha síos againn. Ní leasuithe uaim agus ó na Teachtaí Ó Snodaigh, Connolly agus daoine eile nach iad amháin, ach atá ag teacht ó Chonradh na Gaeilge atá ag déileáil leis na hoifigigh phleanála teanga agus atá ag éisteacht agus i mbun comhráite fud fad na Gaeltachta tríd an bhfeachtas TINTEÁN agus uile. Níl an tAire ag glacadh ceann díobh. Ní dóigh liom gur ghlac sé le hoiread agus leasú amháin. Ní thuigim. An bhfuilimid ag imirt na polaitíochta leis an gceist seo? Tá leasuithe ciallmhara againn a rialaíodh as ord. Ní ghlacaim leis sin agus ní dóigh liom go bhfuil sé i gceart. Is maith an rud go bhfuil an doras oscailte. Cuirim fáilte roimh sin, ach tá an deis againn glacadh leis an leasú. B'fhéidir gur cóir don Aire triail a bhaint as. Ní dóigh liom go dtitfeadh an díon nó an spéir isteach orainn. Seans go bhfaigheadh an tAire glaoch feargach ón Chief Whip. Ba chóir don Aire triail a bhaint as. Bheadh sé i bhfad níos éasca don Aire agus dá oifigigh glacadh i slí amháin leis an leasú ciallmhar, réasúnta agus proifisiúnta seo atá curtha faoina mbráid anois ná teacht ar ais agus cruinnithe a dhéanamh agus comhráite a bheith acu chun leasú eile a dhéanamh a bheadh an-chosúil leis i ndáiríre díreach chun an Príomh-Aoire a choimeád sásta. Sin í mo thuairim. B'fhéidir go nglacfadh an tAire leis an gcomhairle.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá deacrachtaí ann maidir leis seo. Tá 30 oifigeach pleanála teanga ann, agus an bhfuil na Teachtaí ag iarraidh go mbeadh gach duine de na daoine sin ar na coistí réigiúnacha mar gur-----
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Duine amháin ar gach coiste réigiúnach.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cé a phiocfadh na daoine sin? Nílim ag magadh. Táim ag iarraidh é sin a thuiscint. Tá meas mór agam ar na hoifigigh phleanála teanga. Tá siad ag déanamh an-jab agus tá an ceart ag an Teachta Connolly ó thaobh na gcoinníollacha de. Caithfimid obair a dhéanamh ar an méid sin. Beidh mé ag cur béime ar sin le linn mo chuid ama mar Aire. Táim ag iarraidh é a thuiscint. Má tá 30 oifigeach ann, cé a phiocfadh na baill? An bpiocfadh an grúpa féin iad? B'fhéidir go n-oibreoimis air roimh an gcéad Chéim eile chun oibriú amach cad a oibríonn. Tá suim agam go mbeidís páirteach sna coistí réigiúnacha, de bharr - mar a dúirt an Teachta - na hoibre a bhfuil á déanamh acu. Cén chaoi a n-oibreodh sé? B'fhéidir, roimh an gcéad Chéim eile, go n-oibreoimis go léir é sin amach. Táim ag rá go bhfuil suim agam go mbeidís páirteach sna coistí réigiúnacha. It is just a matter of how it works.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Glacaim leis go bhfuil an tAire ag triail a bheith praiticiúil maidir leis seo. Is ceist í seo maidir le cé a roghnódh iad, ach is féidir linn é sin a athrú chun a chinntiú gur as a stuaim féin, stuaim an ghrúpa sin nó gur an t-údarás féin a roghnódh nó a cheapfadh comhaltaí na gcoistí réigiúnacha.
Tá sé sin sa reachtaíocht cheana féin. In alt 7(8) luaitear gurb é “an tÚdarás a cheapfaidh comhaltaí na gcoistí réigiúnacha” agus luaitear anseo na comhaltaí “tofa”. Dár ndóigh, beidh sé uathoibríoch más comhaltaí tofa iad. Luaitear ansin go roghnófaí “daoine is comhaltaí de cibé údaráis áitiúla a chinnfidh an tÚdarás agus a ainmneoidh an t-údarás áitiúil sa limistéar”. Mar sin, cuireann an t-údarás ainmniúchán chun cinn ach ní leagaimid síos sa reachtaíocht seo cad ar ghá don údarás áitiúil a dhéanamh nó conas ar thagann sé ar pé duine atá ann. Glacaim leis gur rud éigin dá shórt a bheadh i gceist agus gur as a stuaim féin go dtarlaíonn sé, ach más gá rialacháin a chur le chéile gur ghá dóibh cinneadh ó thaobh cruinnithe a ghlacadh. Ní bheidh na hoifigigh pleanála teanga seo ann in aon chor muna ndéantar an cinneadh chun na conarthaí nua nó na treoir nua a thabhairt agus a leithéid. Tá jab le déanamh roimh dheireadh na reachtaíochta seo ar aon chaoi le cinntiú go bhfuil siad ann.
Toisc an méid atá ráite ag an Aire, tá mise sásta ag an staid seo an leasú seo a tharraingt siar, féachaint air agus é a chur arís ar Chéim na Tuarascála ionas go mbeimid in ann a chinntiú má tá fadhb ann ó thaobh na bhfoclaíochta de gur féidir linn tabhairt faoi. Sa deireadh thiar thall, tá príomhfáth amháin go bhfuil na coistí réigiúnacha seo á bhunú. Tá ualach breise, dár ndóigh, ar na daoine seo. Caithfidh go bhfuil daoine níos fearr ag an Aire i Maigh Eo ná mar atá in áiteanna eile mar beidh na daoine seo ar dhá choiste réigiúnach agus ní gheobhaidh siad aon tuarastal breise nó aon aitheantas breise. Ní fhaca mé aon rud a léiríonn go bhfuil siad chun aitheantas breise a fháil. Tá sé tábhachtach maidir leis na daoine atá ar an gcoiste seo go bhfuil an tuiscint acu ar an obair atá ag teastáil sa cheantar sin. Is é sin an méid atá muid ag iarraidh a dhéanamh. Is mian linn cinnte a dhéanamh de nach bhfuil neamhaird á dhéanamh ar na daoine atá ag obair ar an talamh agus nach mbeidh an duine ón údarás áitiúil nó an seisear nó seachtar baill don údarás tofa nó gan a bheith tofa - níl mé ag caitheamh anuas orthu sin - ag déanamh a gcuid oibre féin. Táimid ag cinntiú go mbeadh daoine ar leith gur chóir go mbeadh ar an gcoiste réigiúnach chun cinnte a dhéanamh go bhfuil an tuiscint sin ar gach uile ghné den saol atá ag titim amach sa cheantar Gaeltachta sin á thabhairt ar aghaidh chuig an gcoiste réigiúnach agus go bhfuil siad ag pleanáil dá réir. Is minic gurb iad na daoine sa ghnáthphobal nó na daoine atá ag obair go lánaimseartha a mbíonn an tuiscint sin acu níos mó ná siúd atá ar thuarastal nó ar liúntas do chomhairleoirí. Sílimid atá tofa i gcónaí go bhfuil an t-eolas ar fad againn agus is léir nuair a théitear go dtí an toghchán nach bhfuil an t-eolas ar fad agat. Is ag muintir an ghnáthphobail a mbíonn an t-eolas agus iad siúd atá ag obair leo go minic. Bíonn i bhfad Éireann níos mó eolais acu agus bíonn siad in ann muid a threorú sa bhealach ceart. Is é sin atá i gceist. Níl aon chleasaíocht i gceist ach go bhfuilimid ag iarraidh cinnte a dhéanamh de má tá struchtúr nua á bhunú ó thús deiridh go mbeidh gach uile tacaíochta tugtha don choiste réigiúnach sin agus go mbeidh an plean teanga - is é sin atá i gceist dóibh siúd atá ag obair mar oifigigh pleanála teanga - lárnach sa choiste réigiúnach. Mar a dúirt mé, tá mé sásta leasú Uimh. 24 a tharraingt siar ag an staid seo.
10:05 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
Tá mo dhóthain ráite ach tá m'ainm ar an leasú sin. Tá mise sásta freisin an leasú a tharraingt siar mar tá an tAire oscailte chun breathnú ar an rud. Níl i gceist anseo ach réiteach praiticiúil i dtaobh an modh ainmniúcháin, agus ní gá ach glacadh leis an gcoincheap.
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Díreach mar shoiléiriú, beidh orainn an leasú a bhogadh nuair a shroichimid leasú Uimh. 24 agus ansin é a tharraingt siar.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Tá sé leagtha amach go mbeadh consulting role ag na grúpaí pleanála teanga sna coistí réigiúnacha ach beimid ag obair leis an mbeirt Teachta chun an ról a phlé. Tosóimid ar an obair sin.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 24:
Ar leathanach 13, idir líne 27 agus líne 28, an méid seo a leanas a chur isteach: "(c) Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh ag obair sa limistéar arb ina leith a bhunófar an coiste réigiúnach.".
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 25:
Ar leathanach 13, idir líne 27 agus líne 28, an méid seo a leanas a chur isteach: "(9) Maidir leis an gcomhalta tofa don cheantar a shonraítear in alt 26D(1)(a), beidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta freisin den choiste réigiúnach sa limistéar dá dtagraítear i bhfo-alt (6)(b)."
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 26:
Ar leathanach 13, líne 28, "(9)" a scriosadh agus "(10)" a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 27:
Ar leathanach 13, líne 31, "(10)" a scriosadh agus "(11)" a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 28:
Ar leathanach 15, líne 1, "(11)" a scriosadh agus "(12)" a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 29:
Ar leathanach 15, líne 3, "(12)" a scriosadh agus "(13)" a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 30:
Ar leathanach 15, líne 5, "(13)" a scriosadh agus "(14)" a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 31:
Ar leathanach 15, líne 7, "(14)" a scriosadh agus "(15)" a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 32:
Ar leathanach 15, líne 9, "(15)" a scriosadh agus "(16)" a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 33:
Ar leathanach 15, líne 13, "(16)" a scriosadh agus "(17)" a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 34:
Ar leathanach 15, líne 15, "(17)" a scriosadh agus "(18)" a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 35:
Ar leathanach 15, líne 24, "(18)" a scriosadh agus "(19)" a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 36:
Ar leathanach 15, líne 30, "(19)" a scriosadh agus "(20)" a chur ina ionad.
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá leasú Uimh. 37 as ord mar gheall nach bhfuil baint aige le fórálacha an Bhille. Pléifear leasuithe Uimh. 38 go 40, go huile, le chéile.
10:15 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 38:
Ar leathanach 17, líne 29, “mar” a scriosadh agus “agus” a chur ina ionad.
Maidir le leasuithe Uimh. 38 go 40, go huile, is athrú foclaíochta atá molta ag Rannóg an Aistriúcháin chun “mar a shonraítear” a athrú chuig “agus a shonraítear” atá i gceist. Ní athraíonn sé ciall an téacs. Is fiú a nótáil ag an gcéim seo go mbeidh gá le leasuithe den sórt céanna á moladh ar Chéim na Tuarascála ionas go mbeidh na leaganacha Gaeilge agus Béarla ag teacht lena chéile. Phléigh an Teachta Ó Snodaigh é sin roimhe seo. San áireamh anseo, beidh leasuithe ar leathanach 23 ó líne 8 go dtí líne 27 chun "mar" a chur isteach in áit "agus" sna línte sin.
Ag an bpointe seo, glacfaidh mé an deis chun a chur in iúl go bhfuil sé i gceist agam leasú eile a thabhairt chun cinn ar Chéim na Tuarascála maidir le teideal an Aire. Mar is eol do na Teachtaí, tá aistriú feidhmeanna ag dul ar aghaidh faoi láthair agus beidh cúram na Gaeltachta ag teacht faoin Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Leis seo, tá sé tábhachtach go mbeidh sonraí mar a bhaineann siad le teideal an Aire mar léiriú ar an athrú seo. Tá brón orm as cur isteach ach bhí sé tábhachtach é sin a rá.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 39:
Ar leathanach 17, líne 37, “mar” a scriosadh agus “agus” a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 40:
Ar leathanach 19, líne 19, “mar” a scriosadh agus “agus” a chur ina ionad.
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá baint ag leasuithe Uimh. 41 go 47, go huile, le chéile agus pléifear le chéile iad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 41:
Ar leathanach 23, líne 11, “in alt 26D(a)” a scriosadh agus “in alt 26D(1)(a)” a chur ina ionad.
Is ar mhaithe le botúin in uimhreacha na bhfo-alt atá luaite faoi alt 26E den Bhille a foilsíodh a cheartú atá na leasuithe seo de dhíth. Ní athraíonn aon cheann acu an bhrí atá le téacs an Bhille. Mar sin, molaim leasuithe Uimh. 41 go 47, go huile.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 42:
Ar leathanach 23, líne 12, “in alt 26D(b)” a scriosadh agus “in alt 26D(1)(b)” a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 43:
Ar leathanach 23, líne 13, “in alt 26D(c)” a scriosadh agus “in alt 26D(1)(c)” a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 44:
Ar leathanach 23, líne 14, “in alt 26D(d)” a scriosadh agus “in alt 26D(1)(d)” a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 45:
Ar leathanach 23, líne 15, “in alt 26D(e)” a scriosadh agus “in alt 26D(1)(e)” a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 46:
Ar leathanach 23, líne 15, “in alt 26D(e)” a scriosadh agus “in alt 26D(1)(e)” a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 47:
Ar leathanach 23, líne 17, “in alt 26D(g)” a scriosadh agus “in alt 26D(1)(g)” a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 48:
Ar leathanach 25, líne 11 go líne 13 a scriosadh agus “Oidhreachta, lena n-áirítear an ceann comhairimh céanna a cheapadh agus acmhainní a chomhroinnt;” a chur ina n-ionad.
Leis an leasú seo, bainfear amach “agus caiteachais ghaolmhara a chomhroinnt idir an tAire agus an t-údarás áitiúil" ionas go mbeidh sé soiléir, i gcás go mbeidh toghcháin chuig an údarás ar siúl ar an lá céanna le toghchán eile, go mbeidh deis faoi na rialacháin an ceann comhairimh chéanna a cheapadh agus acmhainní a chomhroinnt ach go mbeidh na costais a bhaineann le toghcháin don údarás le híoc ag an Aire mar atá leagtha síos san alt nua 26B(5) atá molta. Molaim an leasú seo.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Is ceist theicniúil é seo. Leis an leasú seo, tá an tAire ag iarraidh nach mbeidh cead caiteachas a bhaineann le toghcháin chuig an údarás a chomhroinnt idir an tAire agus an t-údarás áitiúil. Nílim cinnte cad atá ag tarlú leis an leasú seo.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Má tá toghcháin eile ar an lá céanna, beidh an tAire ag íoc na mbillí le haghaidh toghcháin an údaráis amháin. Ní bheidh sé ag íoc as na toghcháin eile.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
B’fhéidir gur rud teicniúil é seo ach, má tá toghchán eile ar an lá céanna, beidh an fhoireann cheannann chéanna ann sna hionaid vótála. Beidh an leictreachas céanna á úsáid. Tá an tAire chun a íoc as a chuid den bhille iomlán amháin. Is é sin atá i gceist. Ghlac mé leis go mbeadh an bille le comhroinnt.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Lena bheith soiléir le haon Aire eile a bheidh i gceannas ar thoghchán a bheidh ar siúl ag an lá céanna, beidh Roinn na Gaeltachta ag íoc as na billí a bhaineann leis an toghchán údaráis. Táim ag caint faoi na ballot papers don toghchán údaráis agus na billí a bhaineann leis. Lena bheith soiléir le Ranna Rialtais eile, ní bheidh Roinn na Gaeltachta ag íoc billí le haghaidh Ranna eile.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 49:
Ar leathanach 27, líne 28 agus líne 29, “ach ní bheidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh níos mó ná 2 théarma, cibé acu is téarmaí comhleanúnacha iad nó nach ea” a scriosadh.
Is ceann eile de na rudaí a phléigh muid sa chomhchoiste nuair a bhí muid i mbun grinnscrúdaithe é sin. Is ceist bhunúsach ó thaobh an daonlathais í. Má tá daoine lena bheith tofa, ní chóir go mbeimis ag cur srian ar an méid uaireanta gur féidir leo rith.
Tuigim cad atá daoine ag rá. Níl an srian sin ann d’aon toghchán eile, seachas toghchán na huachtaránachta. Tá seacht mbliain i gceist ansin. Tar éis dhá théarma, tá 14 bliain i gceist. Sa reachtaíocht seo, tá muid ag cur srian leis an tréimhse ama is féidir le duine a bheith tofa. Is faoin phobal áitiúil an cinneadh sin. Muna bhfuil daoine ag déanamh na hoibre, ní thoghfar iad. Tá súil agam gur mar sin a bheidh sé. Is é sin an slat tomhais a bhíonn ag an ngnáthphobal. Beidh sé ag pobal na Gaeltachta chomh maith. Is é sin an fáth go bhfuil muid ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh srian ar an méid téarmaí is féidir le duine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den údarás, go háirithe nuair atá scileanna agus eolas ag teastáil le cinntiú go n-éireoidh leis. Nuair atá daonlathas ann, bíonn an deis ag aon duine seasamh i dtoghchán. Má tá duine níos fearr ná mar atá an duine tofa ag an am, tá súil agam go n-éireoidh leo, má tá siad in ann é sin a chur trasna. Tá ceisteanna eile agam maidir le halt 9. Measaim go dtiocfaidh muid ar ais chucu agus muid ag dul tríd seo. Sa chás seo, áfach, is rud simplí atá i gceist.
10:25 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Beidh mé an-ghasta mar tá sé ráite go beacht agus go soiléir ag mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, atá in éineacht liom. Tá m’ainm ar an leasú agus aontaím go huile is go hiomlán lena bhfuil ráite ag an Teachta Ó Snodaigh. I slí amháin, is féidir léamh a bheith agat ar an srian seo gur ardú céime é do bhord Údarás na Gaeltachta agus a chomhaltaí mar beidh siad ar chomhchéim le hUachtarán na hÉireann. Mar a dúirt mo chomhghleacaí cúpla nóiméad ó shín, is iad seo an t-aon dream, agus is é seo an t-aon toghchán, a bhfuil srianta ama ag baint leo. Tuigim an dea-chleachtas, áfach. I dtaobh bhord an fhorais, mar shampla, tá dhá théarma i gceist. Tuigim é sin. Sa chás seo, áfach, níl muid ag caint ar bhord Stáit amháin. Tá muid tar éis an díospóireacht seo a bheith againn arís is arís eile. Cé gur bord Stáit é i slí amháin, is fóram daonlathach é chomh maith. Táthar ag cur srian ar an nguth daonlathach. Cé gurbh fhearr liom dá mbeadh gach uile chomhalta tofa, glacaim nach n-éireoidh linn leis an argóint sin mar tá an tromlach ag an Aire agus an Rialtas sa Seomra Dála seo. B’fhéidir gurb í an tslí timpeall air seo ná go mbeidh srian ama ar na comhaltaí atá ceaptha ag an Aire agus nach mbeidh aon srian ar na comhaltaí tofa. B’fhéidir gurb í sin an tslí timpeall air.
Glacaim leis nach bhfuil an tAire chun glacadh leis an leasú. Why break the habit of what seems like a lifetime don díospóireacht áirithe seo? B’fhéidir gurb í sin an tslí timpeall air, áfach. Impím ar an Aire féachaint air sin le go mbeidh cosaint ann don daonlathas agus nach mbeidh aon srian á chur ar ghuth na ndaoine.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cé nach mbeidh mé ag glacadh leis an leasú ag an bpointe seo, tá an Teachta McGuinness tar éis freagra a thabhairt dom. B’fhéidir go dtiocfaidh muid ar ais ar an chéad Céim eile maidir le srianta an bhoird trí chéile. Caithfidh mé a rá, b’fhéidir de bharr go bhfuil mé anseo chomh fada sin, agus tá an Teachta Ó Snodaigh anseo níos faide ná mé, nach bhfuil mé i bhfabhar term limits le haghaidh toghchán. Is faoi na daoine an cinneadh sin. B’fhéidir go bhfuil rud ann sa mhéid a dúirt an Teachta McGuinness. Tá sé tábhachtach go mbeidh muid in ann na scileanna a athrú agus an bord a athrú mar athraíonn scileanna. Má tá na Teachtaí sásta an leasú a tharraingt siar ag an bpointe seo, scrúdóidh muid na srianta seo don bhord ar fad roimh an chéad Céim eile. B’fhéidir go mbeidh muid in ann meascán a bheith againn. Tá mé ag ceapadh go bhfuil an freagra ag an Teachta McGuinness leis an méid a bhí á rá aige sa phíosa deireanach.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá mé sásta é sin a dhéanamh. Is ceist í. Ar a lán bord Stáit eile, ní bhíonn ach téarma nó dhó acu siúd atá roghnaithe ag an Aire. Bheadh socrú mar sin cothrom leis na boird eile. Is an píosa sin faoi na daoine atá tofa atá i gceist againn má táthar ag cur srian leis sin. Tuigim roinnt de na fáthanna go raibh an píosa sin ann agus go raibh daoine ag smaoineamh air. B’fhéidir nach raibh an ionadaíocht cheart tugtha roimhe seo. Uaireanta, bíonn daoine ag rá gurb é seo an bealach le fáil réidh le duine atá ag glacadh seilbh ar shuíochán, ag fanacht ann agus nach bhfuil ag déanamh na hoibre. Tá siad tofa ar bhonn an pháirtí atá taobh thiar dóibh. Tá súil agam go bhfuil an domhan athraithe anois. Tá an pobal níos oscailte, go háirithe i gcomhthéacs na meán sóisialta. Tá mé sásta, má tá na daoine eile a bhfuil a n-ainmneacha leis an leasú seo, é seo a tharraingt siar le féachaint an féidir linn déileáil leis mar atá luaite ag an Aire.
Is mian liom teacht go ceist eile. Níl leasú curtha isteach agam faoi, ach baineann sé leis an gcéad téarma a bheidh ann. Labhair muid roimhe seo, nuair a bhí súil againn go dtarlódh an toghchán seo anuraidh ag an am céanna is a bhí toghcháin na n-údarás áitiúla ar siúl, go mbeadh muid ag ceangal an ama leo ionas gur thréimhse chúig bliana a bheadh ann. Leis an gcéad téarma anois, más i mí an Mheithimh 2026 a bheidh na toghcháin, ba chóir go mbeadh ocht mbliain i gceist ionas go mbeadh sé co-ordinated leis na toghcháin eile. B’fhéidir go gcuirfidh mé leasú chun cinn ar an ngné sin. Is mian liom go mbeidh an tAire ar an eolas roimh ré faoin rud atá i gceist anseo. Muna dtarlaíonn sé sin, beidh na toghcháin seo as alt leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Bhí sé i gceist go mbeadh siad uilig ceangailte le chéile. Tuigim muna bhfuil sé sin i gceist a thuilleadh, ach is í sin an tuairim atá agam. Beidh muid ag teacht chun cinn san alt seo le leasú le go mbeidh na toghcháin ar fad ar an lá céanna chun cuidiú le díospóireacht níos mó a bheith againn ag an am sin. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann nach dtaitníonn an smaoineamh sin leo agus gurbh fearr leo dá mbeadh na toghcháin amuigh leo féin ionas go mbeadh daoine ag díriú isteach ar cheist Údarás na Gaeltachta. Níor tharla sé sin riamh cheana go bhfios dom nuair a bhí na toghcháin leo féin. Níor chuidigh sé leis an turnout ná leis an díospóireacht sna meáin Bhéarla maidir le ceist na Gaeltachta. Tá mé sásta, má tá na daoine eile sásta, leasú Uimh. 49 a tharraingt siar.
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá leasú Uimh. 49 á tharraingt siar. An bhfuil achan duine sásta leis sin?
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Leanfaidh muid ar aghaidh go leasú Uimh. 50 in ainmneacha na dTeachtaí Ó Snodaigh, McGuinness, Quaide agus Connolly. Tá leasuithe Uimh. 50 go 52, go huile, bainteach lena chéile agus pléifear le chéile iad.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
Leasú Uimh. 50 agus cad eile?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
Gabh mo leithscéal. Cad iad na leasuithe eile a phléifear le leasú Uimh. 50?
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá leasuithe Uimh. 50 go 52, go huile, le chéile. An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh chun leasú Uimh. 50 a bhogadh?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 50:
Ar leathanach 27, idir líne 32 agus líne 33, an méid seo a leanas a chur isteach: “(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 3:“Critéir i gcomhair ceapacháin.
3A. Cinnteoidh an tAire, maidir le daoine a cheapfar chun an Údaráis, gur daoine iad, i dtuairim an Aire, a bhfuil ag gach duine díobh taithí agus tuiscint shásúil ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:(1) pleanáil teanga;
(2) cur chun cinn na Gaeilge;
(3) fiontraíocht agus cruthú fostaíochta;
(4) forbairt pobail;
(5) cur chun cinn na n-ealaíon teanga-bhunaithe; agus
(6) an earnáil teaghlaigh.”,”.
Baineann sé seo leis na critéir cheapacháin, ionas go gcinnteoidh an tAire maidir le daoine a cheapfar chun an údaráis, gur daoine iad, ina tuairim nó ina thuairim, a bhfuil ag gach duine díobh taithí agus tuiscint shásúil ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: pleanáil teanga; cur chun cinn na Gaeilge; fiontraíocht agus cruthú fostaíochta; forbairt pobail; cur chun cinn na n-ealaíon teanga-bhunaithe; agus an earnáil teaghlaigh. Is Conradh na Gaeilge a chuir an moladh seo chun cinn. Is é sin an fáth a bhfuil na hainmneacha ar fad ann, is iad sin, na Teachtaí Quaide, Connolly agus McGuinness, in éineacht liom. Thuig muid an gá leis an leasú sin. Sa chéad dul síos, beidh an seisear a ainmneoidh an tAire mar chuid de bhord tofa. Caithfidh muid a chinntiú, toisc go bhfuil an deis ag an Aire, go bhfeiceann sé nó sí orthu siúd atá le hainmniú ionas go mbeidh ar a laghad, an taithí seo acu.
10:35 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Gan athrá a dhéanamh ar an díospóireacht, bhí muid ag iarraidh go mbeadh gach comhalta tofa agus ní hé sin an cás. Dóibh siúd atá le bheith ceaptha ag an Aire, ba cheart go mbeadh sé leagtha síos go beacht sa bhunreachtaíocht na scileanna, an taithí agus an cumas a bheadh acu, ionas nach bhfuil aon dul as - táim cinnte nach ndéanfadh an tAire reatha an méid seo ach ní hé sin le rá nach ndéanfadh Aire amach anseo é – agus nach mbeadh sé úsáidte mar political patronage. Is é sin an dainséar agus an bhuairt a bheith ar dhaoine. Sin an bhuairt atá orainne agus ar dhaoine sa phobal mar gheall ar na ceapacháin seo. Táim cinnte de nach ndéanfaidh an tAire reatha é sin, ach caithfimid reachtaíocht maith a chur i gcrích chun nach féidir sin a dhéanamh agus nach bhfuil an saoirse céanna ag Airí amach anseo an méid sin a dhéanamh. Sin an fáth go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh sé curtha sa reachtaíocht is go bhfuil an leasú seo curtha os ár gcomhair ag na Teachtaí Quaide, Ní Chonghaile, Ó Snodaigh agus mé féin. Tá an téarmaíocht agus cuid den fhoclaíocht ag teacht ó Chonradh na Gaeilge. Léiríonn sé an suim agus an meon atá ag an Aire agus atá ag an Roinn i dtaobh an saghas duine gur ceart a cheapadh. Bheadh sé an-úsáideach má tá an t-údarás le dul chuig PAS, an Public Appointments Service, chun daoine a aimsiú, go mbeadh sé sa reachtaíocht nach féidir a rá nach bhfuil rud éigin ar fáil nó sa mhargadh, toisc go bhfuil sé sa bhunreachtaíocht agus caithfimid go léir cloí leis, idir an Aire, an Roinn, PAS nó pé duine a bheadh ag déileáil leis.
Tuigimid uilig go bhfuil an méid i leasú Uimh. 51 difriúil. B’fhéidir nach dtuigimid os rud é nach bhfuil aon duine anseo ina gcónaí ar oileán. Tá sé difriúil. Cé gur ceantair Ghaeltachta iad i go leor cásanna, i gCorcaigh, i dTír Chonaill, ar Oileán Acla mar shampla agus i gcontae na Gaillimhe, is gur cuid iad na hoileáin de na contaetha agus na ceantair Ghaeltachta sin, is áiteanna ar leith iad agus tá dúshlán ar leith ag na pobail ar na hoileáin. Ar shlí amháin, tá níos mó de ghaol idir na hoileáin Ghaeltachta is na hoileáin Ghalltachta agus caithfimid aitheantas a thabhairt do sin i slí amháin nó slí eile. Seo slí leis an aitheantas sin a thabhairt, mar aon le cosaint do na ceantair is lú daonra. Tuigim sin mar dhuine ó Ghaeltacht na nDéise. Tuigimid daoine ó Ghaeltacht Chontae na Mí agus Contae Chorcaí chomh maith. Tá dainséar i bheith beag i gcomparáid le Gaeltachtaí na Gaillimhe, Thír Chonaill agus Chiarraí. Is slí é seo le déanamh cinnte go bhfuil an guth sin cloiste ag leibhéal an bhoird. Arís mura bhfuil an tAire chun glacadh leis an leasú ag an bpointe seo, agus glacaim leis nach bhfuil, b'fhéidir is féidir féachaint ar conas is féidir déanamh cinnte de go bhfuil an guth sin le cloisteáil.
Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh faoi leasú Uimh. 53, is é an meon a bhí againn ón tús ná go mbeadh an stádas céanna ag Údarás na Gaeltachta faoin mBille seo le húdarás áitiúil, agus go mbeadh deis againn ardú stádas nó ardú cumhachta a thabhairt, cé go mbeadh na cumhachtaí difriúil; go mbeadh an t-údarás ar chomhleibhéal, cé nach mbeidh sé riamh ina húdarás áitiúil. Ní bheadh na cúraimí céanna ann ach bheadh an stádas céanna i gceist. Sin an fáth go rabhamar ag iarraidh go mbeidh gach comhalta tofa, nach mbeadh double jobbing nó dual mandate i gceist agus go mbeadh an pá céanna ag dul leis chun an tsaoirse sin a thabhairt do chomhaltaí bheith ag freastal ar an bpobal, ag éisteacht leo, ar fáil dóibh agus ag bualadh leo.
€54.7 millionCé gur rialaíodh an leasú as ord, is é sin an fáth ar mholamar é agus is fiú an pointe é a dhéanamh.
Sa spirit den mhéid a bhí á rá cheana féin agus muid ag impí ar an Aire glacadh lenár leasuithe, mar a dúirt mo chomhghleacaí taobh liom, tacóimid le leasú Uimh. 52. Déanann sé ciall. Baineann sé leis an méid seo a dhéanamh oscailte. Go háirithe agus muid ag caint mar gheall ar chúrsaí fiontraíochta agus daoine atá ag iarraidh poist a chruthú agus fiontar a bhunú, uaireanta teipeann orthu agus bíonn orthu tosú as an nua arís. Baineann an leasú seo le gan phionós agus srian a chur orthu dá saol ar fad. Aontaímid leis sin.
10:45 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
Nílim cinnte má ghlacann nó nach nglacann an tAire le leasú Uimh. 50. Ach, arís, is rud thar a bheith praiticiúil atá anseo. Táimid ag iarraidh a chinntiú go mbeadh na critéir seo i gceist. Nílimid ag rá go mbeadh na critéir ó Uimh. 1 go Uimh. 6 ag gach duine, ach go mbeadh ceann amháin acu ar a laghad. Mar a dúirt na Teachtaí eile, tháinig na moltaí seo ó Chonradh na Gaeilge agus daoine ar an talamh atá a buartha faoin saghas ceapachán a d’fhéadfadh a bheith ann faoi Aire eile. D’fhéadfadh ceapacháin mar bhronntanas polaitiúil a bheith i gceist seachas go n-aithneofaí an ról mar ról thar a bheith tábhachtach. Tá gá le taithí - ní oideachas, ach taithí shaoil - agus scileanna faoi leith ag an té a cheapfar. Is rud praiticiúil é. Níl a fhios agam cén fhadhb atá ag an Aire leis.
Maidir leis na hoileáin is rud praiticiúil é leasú Uimh. 51 a chinnteodh go mbeadh ionadaíocht ag na hoileáin bealach amháin nó bealach eile. Bhain an chéad rún a chur mé faoi bhráid an Tí seo in 2016 nó 2017 le polasaí a fhorbairt do na hoileáin. Thóg sé an-mhéid ama, ach tá an polasaí ann. Níl sé bunaithe ar reachtaíocht, faraor, cosúil le hAlbain, áit a bhfuil polasaí bunaithe ar an reachtaíocht acu. Tá líon na lonnaitheoirí ar na hoileáin ag méadú an t-am uilig, de réir mo thuisceana. Ar a laghad tá polasaí againn tar éis tréimhse fhada. Ba chóir dúinn aitheantas a thabhairt don pholasaí sin. Is céim bheag í seo a chinnteodh go mbeadh ionadaíocht ag duine ó na hoileáin ann.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol do na Teachtaí, dhéanfadh leasú Uimh. 52 athrú ar an bhfoclaíocht mar a bhaineann sí leis na hiarrthóirí agus féimheacht in Acht Údarás na Gaeltachta, 1979. Tá an leasú foclaíochta seo ag teacht le polasaí reatha an Rialtais i leith féimheacht. Molaim an leasú seo don Teach.
Maidir le leasuithe Uimh. 50 agus 51, a bhaineann leis na critéir i gcomhair ceapacháin, ní chím go bhfuil gá a leithéid a leagadh síos sa reachtaíocht mar gur ceisteanna riaracháin nó oibríochtúla atá iontu. Bíonn na cáilíochtaí agus critéir cheapacháin leagtha síos sa phróiseas riaracháin a bhaineann le PAS. Baineann na treoirlínte le PAS. Is sna treoirlínte sin an áit a leagtar amach na critéir agus na cáilíochtaí sin. Is ón Roinn a thagann na critéir sin. Leasaítear iad dá réir chun riachtanais reatha an bhoird ó thaobh scileanna agus taithí a léiriú.
Tá sé tábhachtach go mbeadh guth na n-oileán ann, ach leagfar é sin amach sna critéir a chuireann an Roinn go dtí PAS. Mar shampla, iarradh sa chomórtas a reáchtáil PAS in 2022 chun gnáthchomhaltaí a cheapadh go mbeadh taithí fhairsing a léiriú i réimse amháin díobh seo ar a laghad: cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga; forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta; agus forbairt pobail nó cur chun cinn na n-ealaíon.
Chomh maith leis seo, athraíonn an saineolas a bhíonn ag teastáil ar bhord mar seo ó am go ham. Tá sé sin pléite agam ar feadh na n-uaireanta anois. Ní bheadh sé cuí go mbeadh liosta seasmhach sa reachtaíocht. Dá bhrí sin, ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 50.
Mar a dúirt mé, tá sé tábhachtach dom go pearsanta agus don Roinn go mbeidh guth na n-oileán ar an mbord, ach maidir le leasú Uimh. 51, rachaidh na treoirlínte go PAS. Táim i m’Aire. Tá an ceart ag an Teachta Connolly. Tá an polasaí Our Living Islands againn, agus tá sé tábhachtach go n-úsáidfear guth na n-oileán i ngach caoi. Ach aontaím go mór go gcaithfear treoirlínte PAS a úsáid chun é seo a dhéanamh agus go mbeimis in ann a obair amach cé as na hoileáin agus cén t-oileán a bheadh ann agus cén chaoi a bpiocfaimis an duine agus an guth sin. Ag an bpointe seo, dearbhaím go láidir go mbeidh guth na n-oileán ar bhord an údaráis, ach nílim in ann glacadh leis an leasú ar an reachtaíocht seo.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 51:
Ar leathanach 27, idir líne 39 agus líne 40, an méid seo a leanas a chur isteach: “4B. Ceapfaidh an tAire duine chun an Údaráis as ceann de na ceantair a shonraítear in alt 26D arb oileáin amach ón gcósta iad más rud é nach ann d’aon chomhaltaí tofa as na ceantair sin.”.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 52:
Ar leathanach 31, idir líne 5 agus líne 6, an méid seo a leanas a chur isteach: “(f) i mír 7(2)—(i) tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (a):“(a) má bhreithnítear ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í agus mura mbeidh an fhéimheacht sin neamhnithe ná urscaoilte,”,agus
(ii) tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (a):“(aa) más pearsa aonair é nó í is páirtí i gcomhshocraíocht dócmhainneachta (de réir bhrí an Achta um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012) nach bhfuil scortha d’éifeacht a bheith léi,”,”.
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá leasú Uimh. 53 as ord de bharr muirear ar an ioncam.
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá baint ag leasuithe Uimh. 54 go 57, go huile, 62 agus 63, le chéile agus pléifear le chéile iad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 54:
Ar leathanach 31, líne 16 go líne 36, na focail go léir ó “Leasaítear” ar líne 16, agus an focal sin san áireamh, síos go dtí líne 36, agus an líne sin san áireamh, a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “Leasaítear an tAcht Toghcháin, 1992—(a) in alt 2, tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1):“ciallaíonn ‘toghchán chun Údarás na Gaeltachta’ toghchán chun comhaltaí a thoghadh chun Údarás na Gaeltachta a dhéanfar de bhun Chuid IVA den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979;”,(b) in alt 11, trí “toghchán sonrach Eorpach, toghchán sonrach áitiúil nó toghchán sonrach do Mhéara Luimnigh, toghchán chun Údarás na Gaeltachta nó reifrinn” a chur in ionad “toghchán sonrach Eorpach, toghchán sonrach áitiúil nó toghchán sonrach do Mhéara Luimnigh nó reifrinn” i bhfo-alt (2),
(c) in alt 14(2), trí “toghchán Eorpach, toghchán áitiúil nó toghchán do Mhéara Luimnigh, toghchán chun Údarás na Gaeltachta nó reifrinn” a chur in ionad “toghchán Eorpach, toghchán áitiúil nó toghchán do Mhéara Luimnigh nó reifrinn” i mír (c),
(d) in alt 17—(i) trí “2024, i bpobalbhreith de réir Chuid 6 den Acht sin nó i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta” a chur in ionad “2024 nó i bpobalbhreith de réir Chuid 6 den Acht sin” i bhfo-alt (1), agus(e) in alt 165(1)—
(ii) trí “toghchán Eorpach, toghchán áitiúil nó toghchán do Mhéara Luimnigh, toghchán chun Údarás na Gaeltachta nó reifrinn” a chur in ionad “toghchán Eorpach, toghchán áitiúil nó toghchán do Mhéara Luimnigh nó reifrinn” i bhfo-alt (6)(c),(i) trí “Luimnigh;” a chur in ionad “Luimnigh.” i mír (h), agus
(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):”.
Cinntíonn leasuithe Uimh. 54 go 57, go huile, go bhfuil an fhoclaíocht sa leagan Gaeilge den Bhille seo agus an fhoclaíocht atá sa leagan Béarla den Bhille seo ag teacht lena chéile. Cinnteoidh sé seo go mbeidh téacs na reachtaíochta ar tagraíodh di agus a achtaíodh i mBéarla amháin roimhe seo ar fáil go dátheangach. Tá na leasuithe seo á lorg ar chomhairle an Ard-Aighne i gcomhthéacs gur cheart gach leasú sa Bhille a thionlacadh go dátheangach ag féachaint don riachtanas bunreachtúil go mbeadh Achtanna uile an Oireachtais ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Dá bhrí sin, molaim leasuithe Uimh. 54 go 57, go huile, don Teach.
Baineann leasuithe Uimh. 62 agus 63 leis an bpróiseas pleanála teanga, agus leasú á dhéanamh ar Acht na Gaeltachta, 2012 le sonrú a dhéanamh ar na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus an bealach go n-aithnítear iad. Cinntíonn an leasú seo go bhfuil an fhoclaíocht soiléir. Tugadh faoi deara tar éis an Bhille a bheith foilsithe, nach raibh na tagairtí san alt cruinn agus is mian liom anois an deis a thapú é sin a cheartú. Molaim, mar sin, leasuithe Uimh. 62 agus 63 don Teach.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 55:
Ar leathanach 33, líne 1 go líne 5 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:“ “(i) an vótaíocht i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta.”,agus
(f) i Riail 14 den Dara Sceideal, trí “i dtoghchán do Mhéara Luimnigh, i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta nó” a chur in ionad “i dtoghchán do Mhéara Luimnigh nó” i mír (5).”.
10:55 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 56:
Ar leathanach 33, líne 7 go líne 10, na focail go léir ó “Leasaítear” ar líne 7, agus an focal sin san áireamh, síos go dtí líne 10, agus an líne sin san áireamh, a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “Leasaítear alt 18 den Acht Toghcháin, 1997, i bhfo-alt (2), trí “an Achta Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024 nó an Achta um Údarás na Gaeltachta, 1979” a chur in ionad “an Achta Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024”.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 57:
Ar leathanach 33, líne 12 go líne 25, na focail go léir ó “Leasaítear” ar líne 12, agus an focal sin san áireamh, síos go dtí líne 25, agus an líne sin san áireamh, a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “Leasaítear an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997—(a) in alt 19(7), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):“(ca) go mbaineann sé le toghchán, de réir bhrí an Achta um Údarás na Gaeltachta, 1979, mura rud é go bhfuil an fógrán ann sula ndéanann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ordú lena gceaptar an lá ar a dtógfar an vótaíocht, nó ar feadh 7 lá nó tréimhse is faide ná sin tar éis an lae is déanaí ar ar tógadh an vótaíocht don toghchán, nó”,(b) in alt 21(3), trí “pobalbhreith de réir bhrí Chuid 6 den Acht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024, toghchán de réir bhrí an Achta um Údarás na Gaeltachta, 1979,” a chur in ionad “pobalbhreith de réir bhrí Chuid 6 den Acht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024,” i mír (b).”
agus
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá baint ag leasuithe Uimh. 58 go 61, go huile, le chéile, agus pléifear le chéile iad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 58:
Ar leathanach 33, líne 27 agus líne 28, na focail go léir ó “Leasaítear” ar líne 27, agus an focal sin san áireamh, síos go dtí líne 28, agus an líne sin san áireamh, a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “Leasaítear Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003—(a) in alt 9(4)(a) (a cuireadh isteach le halt 4(c) d’Acht 2021), trí “ná ní lú feiceálacht, infheictheacht ná inléiteacht an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus” a chur in ionad “agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus”,
(b) in alt 9C(2)(b) (a cuireadh isteach le halt 5 d’Acht 2021), trí “ná ní lú feiceálacht, infheictheacht ná inléiteacht an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus” a chur in ionad “agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus”,
(c) in alt 9D(3)(b) (a cuireadh isteach le halt 5 d’Acht 2021), trí “ná ní lú feiceálacht, infheictheacht ná inléiteacht an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus” a chur in ionad “agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus”,
(d) in alt 10A (a cuireadh isteach le halt 6 d’Acht 2021)—(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):agus“(1A) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—agus(a) maidir le fógraíocht—ná(i) a dhírítear ar lucht féachana agus éisteachta atá lasmuigh den Stát, agus
(ii) nach bhfuil i dteanga oifigiúil,(b) maidir le fógraíocht—lena gcuirtear clár chun cinn.”,(i) ar sheirbhís craolacháin closamhairc,
(ii) ar sheirbhís meán closamhairc ar éileamh, nó
(iii) ar sheirbhís craolacháin fuaime,
(ii) i bhfo-alt (2), trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:“ciallaíonn ‘Acht 2009’ an tAcht Craolacháin, 2009;
tá le ‘seirbhís craolacháin closamhairc’ an bhrí chéanna atá leis in Acht 2009;
tá le ‘seirbhís meán closamhairc ar éileamh’ an bhrí chéanna atá leis in Acht 2009;
tá le ‘clár’ an bhrí chéanna atá leis in Acht 2009;
tá le ‘seirbhís craolacháin fuaime’ an bhrí chéanna atá leis in Acht 2009;”,
(e) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 19A:”.
Cinntíonn ailt (a), (b) agus (c) de leasú Uimh. 58 go bhfuil foclaíocht na bhforálacha ábhartha sa leagan Gaeilge d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ag teacht go hiomlán leis an leagan Béarla. Is ar chomhairle ó Rannóg an Aistriúcháin de chuid an Oireachtais atá na leasaithe seo á ndéanamh.
Cinntíonn alt (d) de leasú Uimh. 58 nach gá do chomhlachtaí poiblí tabhairt faoi bhearta díréireacha chun comhlíontacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a bhaint amach, ag féachaint ach go háirithe do luach ar airgead don Státchiste agus do mhianta foriomlána an Achta sin. Tá na leasuithe seo á moladh de bharr ceisteanna a d’eascair ó fheidhmiú na forála seo. Ní gá a rá gur foráil thar a bheith fiúntach í an fhoráil fhógraíochta atá tar éis cur go mór le feiceálacht na teanga. Mar sin féin, tá cúpla iarmhairt neamhbheartaithe nótáilte ó cuireadh i bhfeidhm í agus, chuige sin, tá na leasuithe seo á moladh anois. Leis na leasuithe seo, cuirtear soiléiriú ar fáil maidir le cineálacha fógraíochta sonracha nach bhfuil sa chomhaireamh don fhoráil seo, eadhon fógraíocht a dhéantar thar lear i dteanga nach teanga oifigiúil í mar aon le blaisíní a chuirtear amach chun poiblíocht a dhéanamh ar chláir teilifíse nó raidió. Is de bharr aighneachtaí, ón gCoimisinéir Teanga san áireamh, a bhfuiltear ag áireamh na leasuithe seo. Ag eascairt ón méid seo ansin, is leasuithe iarmhartacha iad alt (e) de leasú Uimh 58 agus leasuithe Uimh. 59 go 61, go huile. Tá leasú Uimh. 61 ag féachaint chuige go dtiocfaidh leasú Uimh. 58 i ngníomh láithreach ar achtú an Bhille seo. Dá bhrí sin, molaim na leasaithe seo don Teach.
Ba chóir a nótáil go bhfuil sé ar intinn agam leasú ar alt 192 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, arna chur isteach le halt 48 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011, a mholadh ag Céim na Tuarascála. Is leasú teicniúil é seo a bhaineann leis na feidhmeanna i dtaca le logainmneacha atá ag an Aire a bhfuil cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge air nó uirthi. Leis an leasú teicniúil a bheidh á mholadh agam, deimhnítear gur ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta atá na feidhmeanna sin i dtaca le logainmneacha, agus cuirtear deireadh le haon amhras dlíthiúil maidir leis an gceist.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá siad seo suntasach toisc nach mbaineann siad leis an mBille in aon chor. Tuigim an sórt cleasaíocht a tharlaíonn agus nílim chun cur ina gcoinne. Caithfidh mé a rá, áfach, go gcothaíonn sé frustrachas sa Fhreasúra nuair a deirtear linn nach mbaineann an méid atá á iarraidh againn leis an mBille, agus ansin feicimid na leithéidí seo ag teacht isteach. Tá gnéithe praiticiúla i gceist sa chás seo. Tá soiléiriú á lorg agam faoin athrú. Tá an tAire á rá gur gá an leagan Gaeilge a athrú toisc go bhfuil an leagan Béarla i gceart. Meabhraím dó gur Acht na dTeangacha Oifigiúla is ea é. Tá sé scríofa as Ghaeilge agus rinneamar é a phlé trí Ghaeilge. Tá an leagan Gaeilge i gceart agus tá an leagan Béarla mícheart. Mar sin, tá sé ait go bhfuilimid ag athrú an leagan Gaeilge le cloí leis an leagan Béarla. Nílim ag rá go bhfuil an méid atá ag tarlú mícheart, ach sin atá i gceist. Ó thaobh an dlí de, is é an leagan Gaeilge an ceann uachtarach. B'fhéidir gur chóir dúinn a bheith ag athrú an leagan Béarla. Sa chás seo, measaim go bhfuil an ceart ag an Aire ach is ait an rud é. Ní tharlaíonn sé go minic toisc gur fíorannamh a fhoilsítear an dá leagan den reachtaíocht go chomhionannach mar a tharla i gcás in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus mar atá ag tarlú anseo.
Ó thaobh an tarna ceist lena bhfuil an Aire ag déileáil, tá sé i gceist i leasú Uimh. 58 eisceacht a dhéanamh nuair atá comhlachtaí Stáit ag déanamh fógraíochta i dteangacha iasachta. Nuair nach bhfuil an fógraíocht á dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge, ach sa tSínis nó teanga eile, tuigim go bhfuil gá le foráil den tsórt seo. Ardaíodh an cheist agus tá an leasú seo ag déanamh cinnte den cur chuige atá i gceist. Nuair atá a leithéid ag tarlú, ba cheart dúinn a chinntiú go bhfuil na lógónna i nGaeilge. Mar shampla, d'ardaigh mé ceist scríbhinn an tseachtain seo caite faoi Oifig na nOibreacha Poiblí. Is "OPW" atá sa lógó seachas "Oifig na nOibreacha Poiblí". Má tá siad ag déanamh fógraíochta thar lear, feictear "OPW" mar is é sin atá sa lógó. In ainneoin an rud atá ag tarlú anseo, díreach ar bhonn an lógó, go dtí go n-athrófar sin - níl Acht na dTeangacha Oifigiúla ag brú ar dhaoine na lógónna a athrú láithreach - nuair atá siad ag déanamh athrú ar bhrandáil agus mar sin de caithfidh siad iad a athrú go dtí Gaeilge. Is é sin an riail atá ann agus is é sin an freagra a thug an Aire dom an tseachtain seo caite. Dúirt sé nach raibh sé i gceist aige na héadaí atá á gcaitheamh ag foireann an OPW atá ag obair sa Ghaeltacht, nó na veaineanna nó a leithéid atá acu, a athrú toisc gurb é 2019 an uair dheireanach ar athraíodh iad agus b'shin roimh teacht i réim an leagan leasaithe d'Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Ní hé go bhfuilim ag cur i gcoinne na leasuithe seo ach ag cinntiú go dtuigeann gach duine gur fógraíocht é seo nach bhfuil i nGaeilge nó i mBéarla. An t-aon rud eile a impím ná má tá QR cód in úsáid nó ag tarraingt daoine i dtreo an Roinn nó an comhlacht Stáit atá i gceist, go ndéanfaidh sé iad a tharraingt go dtí an suíomh Gaeilge-Béarla. Uaireanta cuirtear rudaí mar sin suas agus nuair a dhéantar scanáil orthu, tógann sé go dtí an suíomh Béarla thú agus bíonn ort é a aistriú. Ní tharlaíonn sé sin i gcónaí ach nílimid i gcleachtadh ar na bealaí chun teacht timpeall ar an domhan nua atá ann. Is gá go minic gan fhoclaíocht a bheith ar fhógraíocht - just lógónna, íomhánna nó a leithéid. Measaim go luíodh sé sin leis an rud a bhí taobh thiar de. Is rud eile atá i gceist má tá suíomh ar leith don tSínis ann. Má tá fógraíocht a dhéanamh sa tSín sa tSínis, is féidir QR code a úsáid a thógann an duine go dtí an leagan Sínis den suíomh. Sa lá atá inniu ann, tá sé chomh héasca le cnaipe a bhrú agus an suíomh Gaeilge nó an suíomh Béarla a aistriú go dtí an tSínis.
Tá tuiscint éigin ansin.
Ó thaobh an chuid eile, cén fáth go dteastaíonn eisceacht ó fhógraí de chláracha in Éirinn ach go háirithe? Mar a luaitear, tá sé i gceist:
(a) gur i nGaeilge a bheidh 20 faoin gcéad ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain, agus
(b) go ndéanfar 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a chur amach i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge.
Más craoltóir dhátheangach é RTÉ, ní cóir go mbeadh aon chomhlacht Stáit ag déanamh iarracht éalú ón dualgas atá orthu. Is trua gur tháinig sé seo isteach mar seo mar bheadh muid in ann níos mó ama a chaitheamh leis. Measaim go bhfuil siad ceart go leor ach b’fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais ar Chéim na Tuarascála nuair a bhreathnóidh mé arís go díreach le féachaint an bhfuil aon fhadhb eile taobh thiar do na leasuithe seo mar tá eisceacht á thabhairt do chomhlacht Stáit atá ag déanamh fógraíocht ar sheirbhísí craolacháin closamhairc nó fuaime chun clár a chur chun. Tá siad á mbaint ón ndualgas atá in alt 10(a) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. Glacaim leis gur RTÉ a bhí i gceist ansin. Níl mé céad faoin gcéad cad é an rud praiticiúil atá i gceist anseo, conas a n-oibríonn sé seo nó cad í an fhadhb a d’aithin duine éigin maidir leis na craolacháin closamhairc nó fuaime nó cén fáth gur tháinig an chuid sin den leasú chun cinn.
11:05 am
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
An bhfuil éinne eile ag iarraidh labhairt air sin?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
Tá sé go léir ráite ag an Teachta Dála agus ní mé chun é a athrá ach tá sé deacair glacadh le leasuithe mar seo. Tá an tAire ag rá gur rudaí teicniúla amháin iad agus nach bhfuil aon athrú suntasach i gceist. An athruithe teicniúla iad seo? Sin rud amháin. Muna leasuithe teicniúla iad, ní féidir glacadh le hathruithe mar seo. Tá an méid sin le léamh. Dhírigh mise isteach air agus mé á léamh agus chuir mé marc le “sheirbhísí craolacháin closamhairc” freisin. Níl mé chun aon phointe a dhéanamh ag an staid seo mar níl mé in ann. Ba mhaith breathnú ar cad atá i gceist agus cad atá taobh thiar de seo. Má tá an tAire ag rá gur rudaí teicniúla iad, creidim é mar dúirt sé sin maidir le rudaí eile. Ach ní cloisim go soiléir uaidh gur rudaí teicniúla atá i gceist so ba mhaith liom breathnú air seo. D’iarr an tAire orainn leasuithe a tharraingt siar. B’fhéidir go mbeadh an tAire in ann an leasú seo a tharraingt siar ionas go mbeadh soiléireacht agus cinnteacht i gceist. Oibríonn sé sa dá threo.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Táim sásta an leasú seo a phlé. Is rud beag é ach tá sé tábhachtach. Le bheith soiléir, táimid ag caint faoi leasú Uimh. 58. Tá leasú Uimh. 58 faoi chúrsaí teicniúla. Tá mé dul ar aghaidh leis na leasuithe eile.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá trí chuid dhifriúla ann-----
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
-----rud a dhéanann níos deacra é. Tá trí ghné dhifriúla.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigim. Tá sé réasúnta simplí ach tá mé ag iarraidh go mbeadh muinín ag na Teachtaí as an bpróiseas mar sin tá mé sásta iad a tharraingt siar ach amháin an leasú faoi ainm na Roinne. Tá sé tábhachtach go leanfar ar aghaidh leis an bpróiseas sin.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
Cén leasú é sin?
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
An bhfuil tú ag tarraingt siar achan rud ó leasú Uimh. 58 go dtí 61?
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá muid ag baint leasú Uimh. 58 go dtí 61.
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Na ceithre cinn. Tá leasuithe Uimh. 58 go dtí 61 á dtarraingt siar.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 62:
Ar leathanach 35, líne 4, “2012 trí” a scriosadh agus “2012, i bhfo-alt (1), trí” a chur ina ionad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 63:
Ar leathanach 35, líne 6, “i bhfo-alt (1)” a scriosadh.
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá baint ag leasuithe Uimh. 64 agus 65 le chéile agus pléfear le chéile iad.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 64:
Ar leathanach 35, i ndiaidh líne 6, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar an Acht um Chosaint Sonraí, 2018
15. Leasaítear an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018—
(a) in alt 39(3)—(i) trí “de Pharlaimint na hEorpa, d’údarás áitiúil nó comhalta arna thoghadh nó arna toghadh chun Údarás na Gaeltachta, nó” a chur in ionad “de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil, nó” i mír (b), agus“(c) iarrthóir lena thoghadh nó lena toghadh chun oifig Uachtarán na hÉireann nó oifig Mhéara Luimnigh, chun Parlaimint na hEorpa, chun údaráis áitiúil nó chun Údarás na Gaeltachta nó iarrthóir ar chomhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas.”,
(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):
agus
(b) in alt 40(5)—(i) trí “d’údarás áitiúil,” a chur in ionad “d’údarás áitiúil.” i mír (c), agus“(d) comhalta arna thoghadh nó arna toghadh chun Údarás na Gaeltachta.”.”.
(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):
Déantar leasuithe ar ailt den tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 chun a chinntiú go bhfuil na cearta céanna ag iarrathóirí toghcháin Údarás na Gaeltachta agus atá ag iarrathóirí ar thoghcháin eile mar a bhaineann sé le rochtain a fháil ar shonraí ábhartha maidir le toghthóirí. Is rud caighdeánach é seo go mbeadh na sonraí seo ar fáil d’iarrthóirí in aon toghchán sa Stát agus mar sin molaim na leasaithe seo don Teach.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Níl fadhb ar bith againn leis seo. Is rud praiticiúil é seo a tharlaíonn d'aon ghuth agus ba chóir go mbeadh sé ann. Tá mé sásta tacú leis.
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Níl Teachta ar bith ag iarraidh labhairt air seo.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tairgim leasú Uimh. 65:
Ar leathanach 7, líne 11, “do leasú an Achta um Chosaint Sonraí, 2018;” a chur isteach i ndiaidh “2012;”.
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Cathain a thógfar Céim na Tuarascála?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Go luath.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context
Tar éis na cruinnithe.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá a lán obair bhaile le déanamh.
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá an daonlathas ag obair go maith faoin am seo.