Dáil debates

Wednesday, 14 May 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

8:55 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí Dála as na leasuithe seo. Ón uair dheireanach a bhí mé anseo, bhí cruinniú agam le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus cathaoirleach Údarás na Gaeltachta faoi chúrsaí tithíochta amháin agus faoi na pleananna a bhí acu agus an plean atá á réiteach acu. Tharla rud agus chaill mé seachtain mar gheall ar rud pearsanta. Mar sin, ní raibh seans agam aon chruinniú eile a bheith agam, ach beidh cruinnithe eile agam. Beidh cruinniú agam leis an Aire tithíochta, an Teachta Browne, roimh dheireadh na míosa seo. Ní hamháin go bpléifidh muid na treoirlínte Gaeltachta ach pléifidh muid na cumhachtaí atá ann sa dlí pleanála nua faoi chúrsaí Gaeilge agus faoi na treoirlínte nua atá ann. Scrúdóidh muid iad agus b’fhéidir go mbainfidh muid úsáid astu.

Tá mé chun cruinniú a bheith agam le príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúla sna ceantair Ghaeltachta. Tá seachtar acu ann. Beidh cruinniú agam leis an ngrúpa príomhfheidhmeannach sin. Tá mé ag ceapadh go dtarlóidh a lán de na cruinnithe sin sula dtiocfaidh muid ar ais chun Céim na Tuarascála a dhéanamh.

Gabhaim chomhghairdeas leis an Teachta Connolly as a bheith tofa mar Chathaoirleach ar an gcoiste Gaeilge nua. Beidh seans againn na nithe seo a phlé ansin. Gabhaim buíochas chomh maith le hiarChathaoirleach an choiste sin, an Teachta Ó Snodaigh.

Bhí cruinniú an-suimiúil agam le hÚdarás na Gaeltachta. Tuigim anois an plean. Oibreoidh sé le mo Roinn agus leis na hoifigigh i mo Roinn, mar aon leis na hoifigigh sa Roinn tithíochta. Tá mé chun cruinniú a bheith agam le BÁNÚ, le TINTEÁN agus le Conradh na Gaeilge sna céad seachtainí eile le go mbeidh plean againn. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an dream seo atá sa Chamber mar is iad a bhfuil an tsuim is mó acu sa réimse seo. B’fhéidir go mbeidh seans againn cruinniú neamhfhoirmiúil a bheith againn. Tá mé an-sásta teacht os comhair an chomhchoiste nuair atá sé bunaithe, ní hamháin chun cúrsaí tithíochta a phlé, ach aon rud a bhaineann le mo Roinn a phlé freisin.

Is é sin an saghas update ón oíche dheireanach faoi na leasuithe seo. Níl mé ag iarraidh gach leasú a dhiúltú. Ní hé sin mo bhealach. Bhí mé ag éisteacht leis an díospóireacht sin. Is tábhachtach go dtuigeann muid go bhfuil na coistí réigiúnacha an-tábhachtach i gcomhthéacs a lán de na rudaí a dúirt na Teachtaí Ó Snodaigh agus McGuinness. B’fhéidir go mbeidh na coistí réigiúnacha in ann cúrsaí cosúil leis an oifig an phoist sa Rinn a phlé. Ní bheadh mórán suime ag muintir Chonamara in oifig an phoist na Rinne, ach is cinnte go mbeadh cuid mhór suime ag an gcoiste réigiúnach é sin a phlé. Luíonn roinnt de na rudaí eile leis na húdaráis áitiúla. Tá mé ag ceapadh, le leasú amháin i ndiaidh leasaithe eile, nach bhfuil mé ag iarraidh éalú a thabhairt do na húdaráis áitiúla ón jab go gcaithfidh siad déanamh. Níl mé ag iarraidh na dualgais sin a thabhairt go dtí an údarás.

Maidir leis an méid a léigh an Teachta McGuinness, tá sé iontach an méid atá ag tarlú sa Rinn. Is obair mhuintir na Rinne agus obair an údaráis is cúis leis sin. Is iontach go raibh siad in ann béim a chur ar chúrsaí tionscadail agus cúrsaí fiontair agus go raibh siad in ann pleananna a dhéanamh. Sheas siad leis na daoine a bhunaigh na gnóthaí sin agus chuidigh siad leo. Tá jab le déanamh ag an údarás. Tá sé leagtha amach go réasúnta.

Tá sé fós tábhachtach. Tá sé iontach go bhfuil rudaí chomh hiontach ansin ach b’fhéidir nach mbeidh siad amach anseo agus beidh an t-údarás in ann seasamh le muintir na Roinne chun poist agus comhlachtaí nua a chur le chéile. Tá dainséar ann má thugaimid jabanna breise don údarás nach mbeidh an bhéim sin ann. Táimid ag teacht ar ais agus ar ais go dtí an pointe sin.

Maidir le cúrsaí freagrachta agus daonlathais, tá an toghchán ann. Caithfidh gach duine sa Teach seo agus gach duine sna húdaráis áitiúla dul os comhair ár bpobal roimh gach toghchán. Mura bhfuilimid ag déanamh ár gcuid oibre, beimid imithe agus sin é an bealach a dhéantar é. Tá freagracht ann trí chóras an toghcháin agus go gcaithfidh daoine obair a dhéanamh. Freisin, tá mise mar Aire freagrach don Dáil, don Seanad agus don choiste mar gheall ar an obair atáimid ag déanamh sa Roinn. Mar sin tá freagracht ann sna cúrsaí sin freisin. Níl mé in ann glacadh leis an leasú seo. Dírím ar ais chuig na coistí réigiúnacha a mbeidh in ann cuidiú le grúpaí áitiúla le cúrsaí áitiúla i gcásanna nuair atá difríochtaí b’fhéidir. Caithfidh na húdaráis áitiúla seasamh suas freisin agus gach cuid de chúrsaí áitiúla agus an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.