Dáil debates

Wednesday, 14 May 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

8:55 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)

D'oibrigh muid as lámha a chéile go dtí seo ag iarraidh an Bille seo a chur chun cinn. Bhí agus tá muinín agam as an Aire. An uair dheireanach nuair a bhí sé anseo, d’éist sé linn agus muid ag caint, tríd ár nguthanna sa Dáil, maidir le cúrsaí tithíochta agus na chumhachtaí atá nó nach bhfuil ag an údarás. Bhí an tAire chun cruinniú a bheith aige leis an údarás, le BÁNÚ agus le cibé eagraíocht eile. Thug sé gealltanais shollúnta dúinn go ndéanfadh sé sin. Chuir mé mo mhuinín san Aire. Maidir le cuid de na leasuithe seo, is dócha go raibh Sinn Féin sásta gan iad a chur chun cinn mar chuir muid ár gcuid muiníne san Aire. Ba mhaith liom go ndéarfadh an tAire cúpla focal faoin méid a tharla idir an uair dheireanach a bhí sé os ár gcomhair agus anocht.

Maidir leis an leasú seo, ní thuigim an fáth a bhfuil an Rialtas in aghaidh leasuithe mar seo. Is rud thar a bheith simplí é go mbeidh tionól ann bliain tar éis an Acht a bheith achtaithe chun cluas éisteachta a thabhairt do chosmhuintir na Gaeltachta ar an dtalamh. Is dócha gurb í an teachtaireacht is láidre atá cloiste againn ná go bhfuil an cluas bhodhar faighte acu go dtí seo, go háirithe ó thaobh chúrsaí pleanála agus tithíochta. I gcomhthéacs phleanáil teanga, tá easpa cinnteachta agus rudaí mar sin. Tá an cluas bhodhar á tabhairt. Is bealach dearfach é seo chun fóram a chur ar fáil ionas go mbeidh muid in ann éisteacht leo, go háirithe i gcomhthéacs Údarás na Gaeltachta agus an bhoird. Stopfaidh mé ag an bpointe seo. B’fhéidir go bhfuil freagra dearfach ag an Aire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.