Dáil debates

Wednesday, 14 May 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

9:05 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tá sé go maith gur cuireadh tús leis na comhráití maidir le tithíocht. Arís, tá súil agam go bhfeicfear na treoirlínte am éigin i mbliana mar tá sé chomh fada sin ó gealladh iad. Tá a fhios agam trí dhéileáil leis an Aire agus leis na hAirí Gaeltachta eile nach bhfuil an locht orthu in a lán slite in ainneoin go gcuireann na hAirí tithíochta an locht orthu toisc an mhoill. Tá fadhbanna maidir le heisceacht a dhéanamh as ceantair Ghaeltachta i gcomparáid le ceantair eile atá ag lorg plean níos cuimsithí maidir le tithíocht ina gceantair féin. Táimid ag déileáil le seoid ar leith anseo áfach agus má chaillimid an tseoid seo, sin é. Ní féidir í a athchruthú. Mar sin, tá cosaint ar leith ag teastáil. Nuair a théann tú siar go dtí an reachtaíocht a bhí ann i dtús báire nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta agus an tAcht a ritheadh in 1978, d’aithin iad siúd a chur le chéile é seo. D’aithin siad, toisc feachtas chearta sibhialta na Gaeltachta, go raibh gá le húdarás agus go mbeadh feidhmeanna ar leith aige. In ainneoin nach raibh sé leagtha síos go beacht, luaitear in alt 9 san Acht seo go bhfuil sé mar fheidhm bhreise ag an údarás “chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair”. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na bunfhadhbanna arís.

Sna blianta ina dhiaidh sin, díríodh isteach i dtús báire ar an bhfadhb ba bhunúsaí a bhí ann, is é sin nach raibh fostaíocht ann chun muintir na háite a choimeád sna ceantair sin. Is í sin an fhadhb ba bhunúsaí in 1978 agus 1979. Na daoine a d’aithin agus a chur an fhadhb sin chun cinn ná an pobal áitiúil, pobal na Gaeltachta, ní an Rialtas ná na húdaráis áitiúla. Ní hiadsan a tháinig chun tosaigh leis na fadhbanna seo. Bhí aitheantas ann go raibh stádas ar leith ag pobal na Gaeltachta. Bhí aitheantas ann gur thuig siad a gceantair.

Aithním agus molaim na coistí réigiúnacha agus tá leasú eile agam maidir leo siúd ach beidh siad ag tarlú diaidh ar ndiaidh. Beidh na coistí sin ag déileáil le ceisteanna nuair a dhúntar oifig an phoist má tharlaíonn sé sin. Is é sin an sórt jab atá acu - cosaint a dhéanamh ar rudaí mar seo agus déileáil le cúrsaí ó lá go lá, gach trí mhí nó pé uair a bhíonn na cruinnithe ann. Cosúil leis na comhdhálacha saoránach eile atá tar éis tarlú, agus bhí ceann ann maidir le drugaí agus coinbhinsiún ar an mBunreacht chomh maith a rinne déileáil le réimse rudaí, an cheist atá anseo, áfach, ná go mbeadh an comhthionól saoránach seo sna ceantair Ghaeltachta agus an jab a bheadh aige ná a fhiosrú cad iad na feidhmeanna breise ar ghá a liostáil nach bhfuil tugtha ag an Rialtas don údarás go dtí seo.

In alt 9 sa bhunreachtaíocht, bhí sé i gceist go dtabharfaí na cumhachtaí sin le hordú ón Rialtas. Ní raibh gá go mbeadh reachtaíocht nua ann. Is é sin an bunchoincheap a bhí ann. Bhí aitheantas ann go raibh na fadhbanna seo ann agus gurb é seo an bealach chun tabhairt fúthu. Anois agus muid beagnach 50 bliain níos déanaí, caithfidh an t-údarás nó muidne mar Theachtaí i gcóras daonlathais díriú isteach ar cheisteanna nua agus b’fhéidir roinnt do na seanceisteanna a bhí ann agus ansin tabhairt faoi na fadhbanna sin a leigheas. Leag mé síos roinnt de na fadhbanna a thuig mise ón taobh amuigh. B’fhéidir go bhfuil tuiscint níos fearr ag an Aire. Tá a fhios agam go bhfuil tuiscint níos fearr ag an Teachta McGuinness atá in aice liom. Tá sé níos gafa le ceantair Ghaeltachta ná mar atá mise agus mé lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach ní hé sin le rá go bhfuil aineolas orm mar tá na feachtais nó na grúpaí difriúla tar éis roinnt dóibh seo a chur chun tosaigh ag Comhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge thar na blianta agus fiú roimhe sin agus mé ag buaileadh agus ag déileáil le ceist na Gaeilge leis na cianta. Tá mé den tuairim gur gá dúinn díriú isteach air sin.

Luaigh mé an taighde a rinneadh roimhe seo maidir le pobal na Sámi. Ní hé Parlaimint na Sámi an t-aon a bhfuil cumhachtaí nó aige nó plé á dhéanamh. In ainneoin nach bhfuil aon eagras eile díreach cosúil le hÚdarás na Gaeltachta, tá eagrais eile ar fud na hEorpa, idir eagrais stáit agus neamhrialtais, a bhfuil róil difriúla acu. Tá roinnt acu ag déileáil le cúrsaí timpeallachta, cúrsaí meáin, an comhionannas, cearta daonna nó forbairt inmharthanachta. Fiú na grúpaí sin, tá siad ag déileáil le ceantair imeallacha agus déanann siad déileáil le cúrsaí oideachais. Mar sin seachas an tacaíocht bhreise a thugann Údarás na Gaeltachta do na cúrsaí nó na coláistí samhraidh agus b’fhéidir beagáinín eile ó thaobh cuidiú le daoine atá ag lonnú sa Ghaeltacht teacht ar an teanga féin, níl aon phlé ar, nó ní cuid de bhunról an údaráis faoi láthair é, caiteachas maidir le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Tá agus beidh níos mó á dhéanamh aige. Tá ról lárnach ag an údarás agus aithníodh sin i bpobal oideachais na Gaeltachta. In ainneoin sin, áfach, tá an ról lárnach ó thaobh oideachais fós leis an Roinn oideachais agus ní cóir go mbeadh sé ciotrúnta ar cad atá á aithint ag an bpobal áitiúil nó ag an údarás áit atá bearnaí i gceist, agus mar an gcéanna le rudaí eile. Déanadh aitheantas nuair a bhí muid ag déileáil leis an Acht pleanála anuraidh go raibh gá le stádas ar leith. Ní dheachaigh an Stát chomh fada is a shíl mise gur chóir dó dul. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó de ról ag an údarás.

Tá ról breise aige. Aithnímid é sin agus tá súil againn gurb é sin ceann de na fáthanna go bhfuil na húdaráis áitiúla ag tabhairt aird ar na fadhbanna pleanála ar deireadh thiar thall. Níl muinín agam go ndéanann na húdaráis áitiúla aon rud ach an minimum faoi láthair. Tá i bhfad Éireann níos mó ná an minimum ag teastáil chun déileáil leis an ngéarchéim atá sna ceantair Ghaeltachta. Tá i bhfad Éireann níos mó cur chuige agus infheistíochta ag teastáil. Ní thiocfaidh sé sin ó na húdaráis áitiúla, mar tá a lán acu i ngéarchéim maoinithe cheana féin agus níl an t-airgead breise acu. Caithfidh na húdaráis áitiúla é sin a roinnt de réir mar a deir na comhairleoirí áitiúla leo. Má tá ceist maidir le bóthar, córas séarachais nó a leithéid, má tá an t-airgead le caitheamh, is ar bhonn daonlathach ag an gcomhairle áitiúil nó de réir tosaíochtaí phríomhfheidhmeannach na comhairle sin a tharlóidh sé. Is í sin an áit a dtarlaíonn an neamhaird nó an easpa cur chuige maidir le ceantair imeallacha Ghaeltachta le lucht vótála an-bheag nach bhfuil láidir go leor chun tromlach nó tionchar iomlán a bheith acu ar na comhairlí áitiúla. Is é sin an fáth go raibh an frustrachas ann maidir leis an údarás.

Níl mise i measc na ndaoine a thug tacaíocht iomlán don choincheap go mbeadh comhairle nó údarás áitiúil ar leith ann bunaithe do na ceantair Ghaeltachta ar fad. Níor shíl mé go mbeadh sé praiticiúil, ach is é sin an léiriú a bhí ann, go raibh frustrachas ann go raibh sé chomh dona ag an stad sin cúpla bliain ó shin, go raibh roinnt ball de Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile ag rá gurbh é sin an t-aon bhealach le cinntiú go mbeadh údarás áitiúil éigin ag díriú isteach air agus ag tabhairt faoi na fadhbanna bunúsacha a aithníodh ansin. Tá rudaí tar éis dul in olcas ó shin, go háirithe maidir le tithíocht. Gan chur chuige, gan chiste ar leith agus gan chur chuige Rialtais chun tacú agus treorú a dhéanamh ar an maoin nó na projects móra gur gá tarlú tríd an gcomhairle áitiúil ag an stad seo, de bharr an easpa muiníne sna comhairlí áitiúla, rachaidh rudaí in olcas ó thaobh infreastruchtúir, séarachais, uisce, bóithre, céanna agus gach rud eile ar an liosta. Tá daoine eile sa Teach seo atá i bhfad Éireann níos cáilithe ná mise chun daoine a threorú air sin.

Tagraím do bhuninfreastruchtúr an chomhphobail. Má theiptear siopaí a mhealladh i gceantair áirithe nó má dhúntar siopa an phoist, búistéir nó gruaigeadóir agus an áit á tréigeadh acu, tá fadhb bhunúsach ann. Is é sin an fáth gurb é an bealach is tapúla chun iad seo a cheangal isteach le chéile ná tríd an gcomhthionól atá á lua againn sa leasú seo. Comhthionól saoránach a bheadh i gceist a thabharfadh tuairisc laistigh de 18 mí i ndiaidh achtú na reachtaíochta seo. Ansin bheadh orainn plean a chothú chun déileáil leis sin. Más gá is féidir reachtaíocht bhreise a thabhairt isteach chun na feidhmeanna sin a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, nó mar a luaigh mé agus mé ag tagairt don bhunalt, treoir Rialtais a cur i bhfeidhm, más gá. Ní gá ach treoir Rialtais a chur i bhfeidhm. Caithfidh an maoiniú teacht le treoir Rialtais. Tá mé fós gafa leis an moladh seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.