Dáil debates

Wednesday, 14 May 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

9:15 am

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)

Luaigh an tAire na treoirlínte pleanála Gaeltachta. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, táimid ag feitheamh leis na blianta leis na treoirlínte sin. Tá ár gceantair Ghaeltachta i gcruachás i ndáiríre. Tá clanna óga ach go háirithe i gcruachás mar gheall ar easpa tithíochta. Tá sé seo pléite againn go mion minic sa Teach seo de bharr theip an Rialtais tithíocht inacmhainne agus shóisialta a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta. Anuas air sin, theip ar an Rialtas creatlach chuimsitheach a bheith ar fáil ionas gur féidir leis na húdaráis áitiúla cead pleanála a thabhairt do chlanna óga sna ceantair seo. Is daoine iad seo a bhfuil gaol acu leis an gceantar agus atá, i go leor cásanna, ag obair sa cheantar agus ar tógadh sa cheantar seo iad, ach ní féidir leo bheith ina gcónaí sa cheantar nó a bpáistí a thógaint sa cheantar. Caithfimid dul i ngleic leis sin.

An bhfuil amlíne ag an Aire maidir le cathain a fhoilseofar na treoirlínte pleanála Gaeltachta? Táimid ag feitheamh le tamall an-fhada. Aontaím leis an Aire nár cheart dúinn ligint leis na húdaráis áitiúla, leis an bhfeidhmeannas sláinte, leis na gardaí nó leis An Post gan a bheith freagrach ar na pobail ar bhonn náisiúnta. Mar gheall ar an tslí ar bunaíodh Údarás na Gaeltachta, is féidir an argóint sin a chasadh siar. An bhfuilimid ag ligint leis an IDA, le Enterprise Ireland agus leis na hoifigí fiontraíochta áitiúla timpeall na tíre gan a bheith freagrach díreach mar go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag cruthú fostaíochta agus fiontraíochta? Ní dóigh liom go bhfuilimid. Tá an t-údarás ann ar an tuiscint go raibh cás ar leith sna ceantair Ghaeltachta, agus go bhfuil tábhacht ar leith dár náisiún agus dár dtír na ceantair Ghaeltachta a choimeád beo. Tá siad ag díriú isteach ar fhadhb a bhí ann sna 1980idí agus 1990idí cur leis an méid fostaíochta agus fiontraíochta sna ceantair seo. Tá obair fós le déanamh ina leith sin i gceantair áirithe.

Is é an pointe a bhí á dhéanamh agam níos luaithe ná go bhfuil an deacracht tar éis athrú. Níl ár gceantair Ghaeltachta i mbaol de dheasca easpa fostaíochta agus fiontraíochta; tá siad i mbaol de dheasca easpa tithíochta, seirbhísí poiblí agus na rudaí a ndéanann áiteanna tarraingteach do chlanna óga cur fúthu sna ceantair sin. Is cinnte go bhfuil áiteanna Ghaeltachta ina bhfuil tuilleadh fiontraíochta agus fostaíochta de dhíth. Nílim ag rá nach amhlaidh, ach an ganntanas is mó atá ann do dhaoine ná cúrsaí tithíochta. Is é sin an pointe a raibh á dhéanamh agam. Má táimid chun Údarás na Gaeltachta a choimeád mar eagras atá dírithe ar aonaid Gteic a chruthú, tacú le monarchana teacht isteach sna ceantair, páirceanna gnó a bhunú agus tacú le hábhar fiontraíochta agus fostaíochta amháin - cé go bhfuil sé sin go léir an-tábhachtach, ní cheart go mbeadh sé mar an t-aon sprioc amháin nó an fheidhm is mó ag Údarás na Gaeltachta - an bhfuilimid i ndáiríre ag freastal ar ár bpobal Gaeltachta? Ní dóigh liom go bhfuilimid. Is é sin an fáth go bhfuil an taobh seo den Teach ag iarraidh go mbeadh níos mó feidhmeanna ag Údarás na Gaeltachta chun dul i ngleic leis na rudaí eile sa tslí a bhfuil sé tar éis dul i ngleic le cúrsaí fostaíochta agus fiontraíochta thar na blianta nuair a bhí sé sin mar an baol nó riosca ba mhó dár bpobal Gaeltachta. Ba chóir go mbeadh sé anois in ann dul i ngleic le seirbhísí poiblí, cúrsaí tithíochta agus cúrsaí pleanála. Níl sé sin le rá go mbeadh sé ag déanamh obair an fheidhmeannas sláinte, obair na ngardaí nó obair na n-údarás áitiúil, ach go mbeadh sé ag comhoibriú leo, ag cur brú orthu, go mbeadh sé ag déanamh stocaireachta agus ionadaíochta ar ár bpobal agus go mbeadh sé ag cinntiú go bhfuil cás na Gaeltachta cloiste go láidir ag na heagrais Stáit maidir le pé pleananna atá á ndéanamh acu. An tslí is fusa chun é sin a dhéanamh ná bord iomlán daonlathach a bheith ann ina bhfuil baill thofa freagrach dá bpobail. Níor glacadh leis na leasuithe sin. Tá sé sin déanta, ach anois an leasú atá againn ná go mbeadh an fóram nó tionól sin ann laistigh de bhliain amháin ionas gur féidir le daoine teacht isteach agus úinéireacht nó smacht a bheith acu ar an eagras atá bunaithe díreach chun freastal orthu. Sin an leasú atá os ár gcomhair.

Tá an Teachta Ó Cearúil imithe ón Teach anois, ach teastaíonn uaim a chur ar an taifead go nguím rath air agus é ceaptha anois mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil. Impím air dul i dteagmháil leis na pobail Ghaeltachta mar níl siad pioc sásta leis an mBille seo. Níl na ceanneagraíochtaí, Conradh na Gaeilge nó na hoifigigh pleanála teanga sásta. Ní dóigh liom go bhfuil roinnt mhaith daoine laistigh d’Údarás na Gaeltachta sásta, le bheith macánta. Tá daoine le fís laistigh den eagraíocht sin atá ag iarraidh níos mó a dhéanamh chun freastal ar na pobail Ghaeltachta.

Ní dóigh liom go bhfuil siad sásta. Tá seans nach bhfuil siad á rá é sin i gcruinnithe leis an Aire agus nach bhfuil sé fíor do gach uile dhuine laistigh den údarás ach caithfimid éisteacht leis na daoine a bhfuil an saineolas agus an taithí acu agus an rud ceart a dhéanamh leis an leasú seo agus leis an mBille ina iomláine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.