Dáil debates
Wednesday, 14 May 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
10:25 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Tairgim leasú Uimh. 50:
Ar leathanach 27, idir líne 32 agus líne 33, an méid seo a leanas a chur isteach: “(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 3:“Critéir i gcomhair ceapacháin.
3A. Cinnteoidh an tAire, maidir le daoine a cheapfar chun an Údaráis, gur daoine iad, i dtuairim an Aire, a bhfuil ag gach duine díobh taithí agus tuiscint shásúil ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:(1) pleanáil teanga;
(2) cur chun cinn na Gaeilge;
(3) fiontraíocht agus cruthú fostaíochta;
(4) forbairt pobail;
(5) cur chun cinn na n-ealaíon teanga-bhunaithe; agus
(6) an earnáil teaghlaigh.”,”.
Baineann sé seo leis na critéir cheapacháin, ionas go gcinnteoidh an tAire maidir le daoine a cheapfar chun an údaráis, gur daoine iad, ina tuairim nó ina thuairim, a bhfuil ag gach duine díobh taithí agus tuiscint shásúil ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: pleanáil teanga; cur chun cinn na Gaeilge; fiontraíocht agus cruthú fostaíochta; forbairt pobail; cur chun cinn na n-ealaíon teanga-bhunaithe; agus an earnáil teaghlaigh. Is Conradh na Gaeilge a chuir an moladh seo chun cinn. Is é sin an fáth a bhfuil na hainmneacha ar fad ann, is iad sin, na Teachtaí Quaide, Connolly agus McGuinness, in éineacht liom. Thuig muid an gá leis an leasú sin. Sa chéad dul síos, beidh an seisear a ainmneoidh an tAire mar chuid de bhord tofa. Caithfidh muid a chinntiú, toisc go bhfuil an deis ag an Aire, go bhfeiceann sé nó sí orthu siúd atá le hainmniú ionas go mbeidh ar a laghad, an taithí seo acu.
No comments