Dáil debates
Wednesday, 14 May 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
9:25 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ar an gcéad dul síos, tá mórán measa agam ar an triúr Teachta. B'fhéidir nach bhfuil mé ag glacadh leis na leasuithe ach, mar gheall ar an meas sin, ní bheimid ag teacht ar ais le haghaidh an chéad Chéim eile sula mbeidh cruinnithe againn faoi chúrsaí tithíochta leis na grúpaí agus leis an údarás. Mura bhfuil na Teachtaí sásta, beidh seans acu leasuithe a chur síos. Ag croí an Bhille seo, táimid ag dul ar ais go dtí toghcháin a scriosadh 12 bhliain ó shin. Bhí toghcháin ann agus bhí guth agus rogha na ndaoine sa Ghaeltacht in ann dul amach. Tá sé sin ag croí an Bhille seo. Níl an Teachta in ann a rá go bhfuil eagla orainn roimh dhaonlathas agus muid ag tabhairt ar ais toghcháin ionas go mbeidh daoine in ann a rogha daoine a chur ar bhord an údaráis seachas rogha duine amháin, is é sin, an tAire.
Táimid ag teacht ar ais go dtí an difríocht atá eadrainn. Tuigim agus seasaim leis an Teachta McGuinness. Táim ag iarraidh go mbeidh daoine in ann tithe a chruthú sa Ghaeltacht agus clanna a bheith acu inti. Táim go mór i bhfabhar é sin sa Ghaeltacht agus i gceantair nach bhfuil sa Ghaeltacht freisin. Dúirt an Teachta nach raibh easpa post ann - is iontach an rud é nach bhfuil - ach go bhfuil easpa tithíochta ann. Tá fadhb mhór i leith cúrsaí tithíochta. Is páirt den fhreagra é an t-údarás ach tá eagla orm go bhfuil na Teachtaí ag rá gurb é an t-údarás an t-aon fhreagra amháin ar an bhfadhb seo. Ní hé an t-údarás an freagra ina aonar. Tá sé iontach go bhfuil cúrsaí fostaíochta chomh láidir agus atá siad ach níor tharla sé sin trí sheans. Tharla sé sin de bharr taithí fhoireann an údaráis. Bhí siad in ann seasamh le daoine a bhunaigh comhlachtaí beaga atá ina comhlachtaí móra anois. Bhí foireann an údaráis in ann seasamh leis na daoine sin a bhunaigh comhlachtaí ina bhfuil poist anois mar gheall go raibh siad dírithe ar an jab sin. B'fhéidir go bhfuil sé seo á rá agam de bharr mo sheanphoist sa Roinn fiontair ach tá sé sin an-tábhachtach. B'fhéidir go mbeidh fadhb againn le poist ag an am seo an bhliain seo chugainn. Is é sin an fáth go bhfuilim ag iarraidh go mbeimid dírithe ar phríomhról an údaráis, is é sin, cúrsaí fostaíochta, fiontair agus pleanála. Gan dabht, tá sé páirteach.
Tá suim mhór ag an údarás. Bhí cruinniú iontach agam leis an gcathaoirleach agus an príomhfheidhmeannach agus tá suim mhór acu a bheith ina bpáirt den fhreagra sin. Tá siad ag iarraidh obair leis na húdaráis áitiúla agus leis na grúpaí áitiúla chun é sin a dhéanamh. Táim buartha faoi false expectations, mar a thugtar orthu as Béarla, dá dtabharfaí na cumhachtaí seo don údarás agus dá ndéarfaí leis gurb é an freagra i leith cúrsaí tithíochta na Gaeilge. Táim buartha faoi na expectations sin. Tá sé an-tábhachtach a rá go bhfuil suim ag an bpríomhfheidhmeannach agus ag an gcathaoirleach. Bhí sé soiléir go bhfuil suim ag an mbord freisin. Ba mhaith leo a bheith ina bpáirt den fhreagra ach ní hiad an freagra ina n-aonar.
Ag dul ar ais go dtí an leasú seo, mar a dúirt mé, tá na coistí réigiúnacha ann chun na fadhbanna sna ceantair áitiúla a phlé. Caithfidh gach coiste réigiúnach tuarascáil a thabhairt do bhord an údaráis. Beidh deis ann cúrsaí áitiúla a phlé. Ní bheidh an bord ag plé cúrsaí áitiúla amháin. Beidh rudaí eile á bplé aige freisin.
No comments