Dáil debates
Wednesday, 14 May 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
9:25 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Níl mé chun mórán moill eile a chur air seo. Go bhfios dom, níl aon duine ag iarraidh baint ó ról an údaráis maidir le tionsclaíocht, fiontar agus mar sin de. Is ról tábhachtach é sin agus tá sé tar éis sé sin a chruthú. Ach, is é sin an ról a bhí ag Gaeltarra Éireann i dtús báire. Nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta, cuireadh leis an ról. Ní gá ach féachaint ar an mbunreachtaíocht. Is í an chéad fheidhm atá ann ná:
Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann.
Leanann sé ar aghaidh. Tá mé den tuairim – ní aontaíonn gach duine liom – go bhfuil an chumhacht ag an údarás cheana féin chun tithe a thógáil, talamh a cheannach agus talamh a chur ar cíos. Ní gá le reachtaíocht nua mar tá sé leagtha síos. Is é seo an áit a dtagann an Béarla agus an Ghaeilge i bhfeidhm. Nuair atá bunreachtaíocht i gceist, is an Ghaeilge atá níos tábhachtaí. Deir sé in alt 10(7):
Chun críocha an ailt seo, beidh de chumhacht ag an Údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil.
Tá an focal “áitribh” ann, a chiallaíonn áit ina bhfuil cónaí ar dhaoine. Clúdaíonn sé foirgnimh chomh maith. Níl aon ligean síos nó srian ar an údarás tithe a thógáil. Dá rachfaí go dtí an chúirt agus dá bhfiafraí cad é ata i gceist leis an bpíosa seo, is an leagan Gaeilge a bheadh i gceist. Deir sé sa leagan Béarla that it is “to maintain buildings, markets, premises or plant”. Nuair a fheiceann tú ar an bhfoclóir, tá tithe i gceist leis an bhfocal “áitribh”. Is ionann é agus habitats.
Tá gá leis an údarás talamh breise a cheannach, ní hamháin do thithe ach chun tionsclaíocht a mhealladh chomh maith. Beidh an gá sin ann i gcónaí. Nuair a thógann tú rud cosúil le monarcha anseo nó Gteic ansiúd, nó má thógann tú tithe, beidh an gá sin ann, cosúil le haon údarás eile a bhíonn ag déileáil le tithíocht nó foirgneamh a thógáil nó a cheannach. Níl an buiséad caipitil le blianta anuas mór go leor le déanamh cinnte de go bhfuil an t-údarás ag cur leis an dtalamh nó an banc talún atá agus a bheidh ag teastáil uaidh. I go leor bailte, deir daoine go bhfuil go leor talaimh ag an údarás, ach tá a lán talaimh imeallaigh nach bhfuil go hiontach aige. Níl a lán acu maith go leor agus níl siad sna háiteanna ina bhfuil siad ag teastáil. Tá áiteanna eile ann. Tá sé go maith go bhfuil an talamh sin acu, áfach. Mar is eagras Stáit é, caithfidh sé fiúntas éigin a fháil as an dtalamh, in áit é a choinneáil ar mhaithe lena choinneáil. Caithfidh talamh a bheith ag an údarás chun cur leis na haidhmeanna atá aige atá leagtha síos sa reachtaíocht.
Sa chás seo, agus tagaim ar ais go dtí an pointe seo, níl muid ag iarraidh cur as don údarás, ná do na húdaráis áitiúla ach oiread. Tá muid ag iarraidh go dtabharfar seans do ghnáthphobal na Gaeltachta, tar éis don Bhille a bheith rite. B’fhéidir go mbeidh toghchán i lár baill. Glacaim go mbeidh. Glacaim go mbeidh sé cuibheasach tapa. Is díospóireacht a bheidh i gceist maidir leis na feidhmeanna, na róil agus na rudaí ar ghá don údarás tabhairt fúthu. Ina dhiaidh sin, cuirfidh pé Aire atá sa ról sin ag an am - b’fhéidir gur an tAire reatha a bheidh ann – plean le chéile le díriú isteach air seo. B’fhéidir nach mbainfidh roinnt de na hábhair a bheidh ardaithe sna cruinnithe sna chomhthionóil seo leis an údarás in aon chor. B’fhéidir nach mbeidh aon duine ag iarraidh cur leis seachas cancrán amháin ar chúl an tseomra. Sa deireadh thiar thall, is é sin an daonlathas. Bheifí ag tabhairt seans dóibh ceisteanna a ardú agus freagraí a fháil. Is rud iomlán difriúil atá i gceist leis na coistí réigiúnacha. Is cuid de ghnáthoibreachas an údaráis a bheidh ann. Beidh na coistí ag déileáil le conas is féidir cinntí atá glactha ag bord an údaráis nó ag an Rialtas a chur i bhfeidhm. Ní hé go mbeidh siad á lorg seo ó thús. Níor chóir go mbeadh eagla ar aon duine roimh a leithéid. Níl ann ach bealach chun na tuairimí atá ag an bpobal a mheas.
Mar a dúirt mé, ghlac mé páirt sa choinbhinsiúnbunreachtúil agus chonaic muid ar fad na torthaí ó na tionóil shaoránach nó citizens’ assemblies. Níl eagla ar aon duine roimh díospóireacht. Is é sin an méid a bheidh ann, is é sin, díospóireacht agus tuairisc á sheoladh ar ais chuig an Aire, an Dáil nó an t-údarás ag leagan amach na rudaí atá de dhíth. Is féidir ansin a rá go bhfuil nithe áirithe indéanta, go bhfuil gá le hairgead breise chun nithe eile a dhéanamh agus go bhfuil rudaí eile nach bhfuil inbhainte amach ach gur féidir a chur ar aghaidh chuig an bord sláinte nó an Roinn Oideachais le go ndíreodh siadsan orthu. Sin a bhfuil i gceist leis an leasú seo. Is trua nach bhfuil an tAire sásta glacadh leis.
No comments