Dáil debates

Wednesday, 14 May 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

9:55 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Glacaim leis go bhfuil an tAire ag triail a bheith praiticiúil maidir leis seo. Is ceist í seo maidir le cé a roghnódh iad, ach is féidir linn é sin a athrú chun a chinntiú gur as a stuaim féin, stuaim an ghrúpa sin nó gur an t-údarás féin a roghnódh nó a cheapfadh comhaltaí na gcoistí réigiúnacha.

Tá sé sin sa reachtaíocht cheana féin. In alt 7(8) luaitear gurb é “an tÚdarás a cheapfaidh comhaltaí na gcoistí réigiúnacha” agus luaitear anseo na comhaltaí “tofa”. Dár ndóigh, beidh sé uathoibríoch más comhaltaí tofa iad. Luaitear ansin go roghnófaí “daoine is comhaltaí de cibé údaráis áitiúla a chinnfidh an tÚdarás agus a ainmneoidh an t-údarás áitiúil sa limistéar”. Mar sin, cuireann an t-údarás ainmniúchán chun cinn ach ní leagaimid síos sa reachtaíocht seo cad ar ghá don údarás áitiúil a dhéanamh nó conas ar thagann sé ar pé duine atá ann. Glacaim leis gur rud éigin dá shórt a bheadh i gceist agus gur as a stuaim féin go dtarlaíonn sé, ach más gá rialacháin a chur le chéile gur ghá dóibh cinneadh ó thaobh cruinnithe a ghlacadh. Ní bheidh na hoifigigh pleanála teanga seo ann in aon chor muna ndéantar an cinneadh chun na conarthaí nua nó na treoir nua a thabhairt agus a leithéid. Tá jab le déanamh roimh dheireadh na reachtaíochta seo ar aon chaoi le cinntiú go bhfuil siad ann.

Toisc an méid atá ráite ag an Aire, tá mise sásta ag an staid seo an leasú seo a tharraingt siar, féachaint air agus é a chur arís ar Chéim na Tuarascála ionas go mbeimid in ann a chinntiú má tá fadhb ann ó thaobh na bhfoclaíochta de gur féidir linn tabhairt faoi. Sa deireadh thiar thall, tá príomhfáth amháin go bhfuil na coistí réigiúnacha seo á bhunú. Tá ualach breise, dár ndóigh, ar na daoine seo. Caithfidh go bhfuil daoine níos fearr ag an Aire i Maigh Eo ná mar atá in áiteanna eile mar beidh na daoine seo ar dhá choiste réigiúnach agus ní gheobhaidh siad aon tuarastal breise nó aon aitheantas breise. Ní fhaca mé aon rud a léiríonn go bhfuil siad chun aitheantas breise a fháil. Tá sé tábhachtach maidir leis na daoine atá ar an gcoiste seo go bhfuil an tuiscint acu ar an obair atá ag teastáil sa cheantar sin. Is é sin an méid atá muid ag iarraidh a dhéanamh. Is mian linn cinnte a dhéanamh de nach bhfuil neamhaird á dhéanamh ar na daoine atá ag obair ar an talamh agus nach mbeidh an duine ón údarás áitiúil nó an seisear nó seachtar baill don údarás tofa nó gan a bheith tofa - níl mé ag caitheamh anuas orthu sin - ag déanamh a gcuid oibre féin. Táimid ag cinntiú go mbeadh daoine ar leith gur chóir go mbeadh ar an gcoiste réigiúnach chun cinnte a dhéanamh go bhfuil an tuiscint sin ar gach uile ghné den saol atá ag titim amach sa cheantar Gaeltachta sin á thabhairt ar aghaidh chuig an gcoiste réigiúnach agus go bhfuil siad ag pleanáil dá réir. Is minic gurb iad na daoine sa ghnáthphobal nó na daoine atá ag obair go lánaimseartha a mbíonn an tuiscint sin acu níos mó ná siúd atá ar thuarastal nó ar liúntas do chomhairleoirí. Sílimid atá tofa i gcónaí go bhfuil an t-eolas ar fad againn agus is léir nuair a théitear go dtí an toghchán nach bhfuil an t-eolas ar fad agat. Is ag muintir an ghnáthphobail a mbíonn an t-eolas agus iad siúd atá ag obair leo go minic. Bíonn i bhfad Éireann níos mó eolais acu agus bíonn siad in ann muid a threorú sa bhealach ceart. Is é sin atá i gceist. Níl aon chleasaíocht i gceist ach go bhfuilimid ag iarraidh cinnte a dhéanamh de má tá struchtúr nua á bhunú ó thús deiridh go mbeidh gach uile tacaíochta tugtha don choiste réigiúnach sin agus go mbeidh an plean teanga - is é sin atá i gceist dóibh siúd atá ag obair mar oifigigh pleanála teanga - lárnach sa choiste réigiúnach. Mar a dúirt mé, tá mé sásta leasú Uimh. 24 a tharraingt siar ag an staid seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.