Dáil debates
Wednesday, 14 May 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
9:55 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Mar a dúirt mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, ní thuigim cén fáth a bhfuil leasú Uimh. 22, a chuir Conradh na Gaeilge isteach ach a bhfuil ár n-ainmneacha air, as ord ach go bhfuil leasuithe an-chosúil ón Aire ceadaithe. Is dócha go bhfuil double standard de shaghas éigin i gceist. Nílim, mar Theachta Dála agus ionadaí poiblí, sásta leis sin. Ní thuigim é. Is dócha gur ceart míniú a thabhairt ar sin mar tá daoine ag féachaint air seo. Níl a lán Teachtaí sa Seomra anois, ach tá daoine ag féachaint agus beidh daoine ag féachaint siar ar an díospóireacht seo. Is dócha go mbeidh sé á phlé sna ceantair Ghaeltachta, ar Raidió na Gaeltachta, ag na hoifigigh phleanála teanga agus ag na ceanneagraíochtaí amach anseo. Ba mhaith liom an deis roinnt aiseolais a fháil air sin.
Táim ag teacht go dtí ár leasú, Uimh. 24. Aontaím go hiomlán leis na Teachtaí Connolly agus Ó Snodaigh sa mhéid a dúirt siad. Seo iad na daoine go bhfuil an dualgas orthu na pleananna atá pobalbhunaithe agus atá curtha le chéile le hionchur an pobal Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Is iad siúd na daoine atá ag caint leis na tuismitheoirí, na daoine óga, na daoine níos sine, na daoine atá i mbun fostaíocht a chruthú agus na daoine atá ag déileáil leis an ngéarchéim tithíochta go háitiúil. I mo chás féin, i dtaobh Chomhlucht Forbartha na nDéise, is é atá tar éis an cháis seo a ardú arís agus arís eile agus atá ag déileáil leis an údarás, leis an gcomhairle áitiúil agus an Roinn tithíochta agus atá ag cur pleananna le chéile. Ba cheart go mbeadh oifigeach pleanála teanga agus ionadaithe ón bhfoireann sin iniata sna comhráite seo ar a laghad.
Is maith an rud é go bhfuil an doras oscailte ag an Aire, ach tá an leasú anseo. Tá an leasú os ár gcomhair ag an bpointe seo. Tá ciall ag baint leis. Tá an-mheas agam ar an Aire, mar is eol dó, ach tá sé ag rá go bhfuil ciall leis, go dtuigeann sé, go bhfuilimid ag caint sa tslí chéanna agus go dtuigimid go léir ar an dá thaobh den díospóireacht seo na fadhbanna céanna agus go gcaithfimid ar an dá thaobh den Teach bheith tiomanta agus déileáil leo. Ach, i ndáiríre, tá leasuithe ciallmhara curtha síos againn. Ní leasuithe uaim agus ó na Teachtaí Ó Snodaigh, Connolly agus daoine eile nach iad amháin, ach atá ag teacht ó Chonradh na Gaeilge atá ag déileáil leis na hoifigigh phleanála teanga agus atá ag éisteacht agus i mbun comhráite fud fad na Gaeltachta tríd an bhfeachtas TINTEÁN agus uile. Níl an tAire ag glacadh ceann díobh. Ní dóigh liom gur ghlac sé le hoiread agus leasú amháin. Ní thuigim. An bhfuilimid ag imirt na polaitíochta leis an gceist seo? Tá leasuithe ciallmhara againn a rialaíodh as ord. Ní ghlacaim leis sin agus ní dóigh liom go bhfuil sé i gceart. Is maith an rud go bhfuil an doras oscailte. Cuirim fáilte roimh sin, ach tá an deis againn glacadh leis an leasú. B'fhéidir gur cóir don Aire triail a bhaint as. Ní dóigh liom go dtitfeadh an díon nó an spéir isteach orainn. Seans go bhfaigheadh an tAire glaoch feargach ón Chief Whip. Ba chóir don Aire triail a bhaint as. Bheadh sé i bhfad níos éasca don Aire agus dá oifigigh glacadh i slí amháin leis an leasú ciallmhar, réasúnta agus proifisiúnta seo atá curtha faoina mbráid anois ná teacht ar ais agus cruinnithe a dhéanamh agus comhráite a bheith acu chun leasú eile a dhéanamh a bheadh an-chosúil leis i ndáiríre díreach chun an Príomh-Aoire a choimeád sásta. Sin í mo thuairim. B'fhéidir go nglacfadh an tAire leis an gcomhairle.
No comments