Dáil debates
Wednesday, 14 May 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
10:45 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Nílim cinnte má ghlacann nó nach nglacann an tAire le leasú Uimh. 50. Ach, arís, is rud thar a bheith praiticiúil atá anseo. Táimid ag iarraidh a chinntiú go mbeadh na critéir seo i gceist. Nílimid ag rá go mbeadh na critéir ó Uimh. 1 go Uimh. 6 ag gach duine, ach go mbeadh ceann amháin acu ar a laghad. Mar a dúirt na Teachtaí eile, tháinig na moltaí seo ó Chonradh na Gaeilge agus daoine ar an talamh atá a buartha faoin saghas ceapachán a d’fhéadfadh a bheith ann faoi Aire eile. D’fhéadfadh ceapacháin mar bhronntanas polaitiúil a bheith i gceist seachas go n-aithneofaí an ról mar ról thar a bheith tábhachtach. Tá gá le taithí - ní oideachas, ach taithí shaoil - agus scileanna faoi leith ag an té a cheapfar. Is rud praiticiúil é. Níl a fhios agam cén fhadhb atá ag an Aire leis.
Maidir leis na hoileáin is rud praiticiúil é leasú Uimh. 51 a chinnteodh go mbeadh ionadaíocht ag na hoileáin bealach amháin nó bealach eile. Bhain an chéad rún a chur mé faoi bhráid an Tí seo in 2016 nó 2017 le polasaí a fhorbairt do na hoileáin. Thóg sé an-mhéid ama, ach tá an polasaí ann. Níl sé bunaithe ar reachtaíocht, faraor, cosúil le hAlbain, áit a bhfuil polasaí bunaithe ar an reachtaíocht acu. Tá líon na lonnaitheoirí ar na hoileáin ag méadú an t-am uilig, de réir mo thuisceana. Ar a laghad tá polasaí againn tar éis tréimhse fhada. Ba chóir dúinn aitheantas a thabhairt don pholasaí sin. Is céim bheag í seo a chinnteodh go mbeadh ionadaíocht ag duine ó na hoileáin ann.
No comments