Dáil debates
Wednesday, 14 May 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
9:45 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Luaigh an tAire go mbeidh leasú eile ag teacht. Dar ndóigh, déileálfaimid leis nuair a thiocfaidh sé os ár gcomhair. Tagraím don cheann maidir leis an 20% atá le teacht ar Chéim na Tuarascála. Is maith an rud é go bhfuil an Stát ag aithint an tréaniarracht a bhfuil a lán dóibh siúd atá sa Státchóras ag déanamh cheana féin chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Luadh thar na blianta go raibh gá le níos mó infheistíochta chun cuidiú leo siúd atá sa Státchóras cheana féin. Luaigh muid cúpla uair ag an gcoiste gur chóir go mbeadh cuidiú tugtha dóibh atá ag tabhairt faoi dhianchúrsaí. Más gá, ba chóir go mbeidh saoire ón obair acu chun cuidiú le hiad a thógáil go dtí an leibhéal cuí chun go mbeadh siad san áireamh sa 20%. Nuair a bhí caint ann, thuig mise i gcónaí nach iad atá nua-earcaithe isteach sa chóras amháin a bhí i gceist ach go mbeadh daoine a fhaigheann ardú céime san áireamh freisin. Caithfimid a dhéanamh cinnte de go sroichfimid an 20% sin. Níl ach cúpla bliain eile fágtha agus ní fheicim go bhfuil muid chun an 20% sin a shroicheadh. Bhí sé dúshlánach ag an tús ach beidh sé níos dúshlánaí fós de thairbhe na faidhbe bunúsaí atá ann maidir le scolaíocht ag an dara leibhéal agus an tríú leibhéal mura bhfuil cur chuige i bhfad Éireann níos dírithe chun go mbeidh níos mó daltaí ag teacht amach ó na meánscoileanna agus iad inniúil ar an nGaeilge. Níl sé sin ann agus ní bheidh sé ann má leanann leibhéal na ndíolúintí ag fás mar atá faoi láthair. Ní féidir linn brath go huile agus go hiomlán ar Ghaelcholáistí chun an 20% sin a chomhlíonadh mar tá níos mó post ann ná daoine atá ag teacht amach as na Gaelcholáistí. Tá jab fós ann ach tá sé go maith é sin a chloisteáil.
Táim fós ag fanacht ar an gcoiste comhairleach chun a leagan amach cé hiad na caighdeáin agus gach rud eile. Bhí siad sin lena bheith ann laistigh de chúpla mí den reachtaíocht a bheith rite. Tháinig an tuarascáil agus an plean náisiúnta amach roimh an Nollaig, i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Bhí toghchán againn so ní raibh muid ar fad dírithe isteach air ach ní raibh aon spriocanna ann. Níl an rangú nó na categories sin tugtha. Tá súil agam go mbeidh sé ann laistigh de chúpla seachtain. Tá a fhios agam go raibh cruinniú eile ann i mí Aibreáin a bhí dírithe air sin. Is léir go raibh dul chun cinn éigin ag tarlú sa choiste comhairleach ach, go dtí go mbeidh sé leagtha amach go mion, tá na heagrais agus Ranna Stáit fós ag fanacht agus tá roinnt acu fós gafa leis na scéimeanna so níl a fhios ag daoine cá bhfuil siad. Má táimid chun an 20% a bhaint amach agus na seirbhísí a chruthú do Ghaeilgeoirí, caithfidh sé sin tarlú. Fágfaidh mé é sin. Tiocfaimid ar ais chuige ach tá gá lena bheith níos dírithe faoin am a thagann muid ar ais ag an 20% ar Chéim na Tuarascála.
Is é sin an rud ait faoi. Táimid ag déileáil leis an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú). Cuireann muid leasuithe chun cinn atá bainteach leis seo agus deirtear linn go bhfuil siad as ord. Ansin, tagann an tAire isteach le ceann maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Tá baint ann ach tá sé beagáinín as alt leis an gcuid eile.
Is é an leasú a bhfuilimid ag déileáil leis anseo ná leasú dár gcuid féin, Uimh. 24. Sula labhraím faoi, nuair atá na coistí réigiúnacha seo bunaithe, ba chóir nach mbeadh na comhaltaí nua amháin orthu ach go mbeadh daoine ann a thuigeann gnéithe eile de na ceantair, a bheadh in ann cuidiú leo agus go mbeadh an t-údarás in ann brath orthu. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag rá an mhéid sin. Tá sraith daoine anois ag obair i gceantair Ghaeltachta agus sna ceantair máguaird atá dírithe ar phleanáil teanga. Ní gá go mbeidh vóta acu ach tá sé tábhachtach go mbeadh siad i láthair agus go mbeadh ról acu chun go mbeadh gach uile rud fite fuaite le chéile. Ba chóir go mbeadh an t-údarás agus na hoifigigh phleanála teanga ag obair as lámh a chéile agus, nuair atá pleananna á ndéanamh, go mbeadh siad in ann an tuiscint atá acu toisc an obair atá á déanamh acu a roinnt leo siúd atá tofa nó roghnaithe ag an Aire.
Dúirt oifigeach pleanála teanga linn sa choiste go bhfuil siad ag pointe anois a bhfuil deireadh ag teacht leis na pleananna teanga a ceadaíodh ar dtús agus go dtiocfaidh deireadh le níos mó as seo go ceann bliana. Tá siad fágtha gan treoir agus gan cheannasaíocht faoin gcéad chéim eile. Tá deireadh ag teacht leis na conarthaí a bhí acu. Tá roinnt acu ag teacht chun deireadh ag tús mí Iúil. An bhfuil cinneadh déanta maidir le síneadh a chur le conarthaí na n-oifigeach pleanála teanga seo? Tá géarghá le bogadh ar na conarthaí sin, ar an ról atá ag na hoifigigh sin agus ar an maoiniú gur chóir a bheith acu. Táim ag iarraidh go mbeadh sé sin mar chuid den ról atá acu agus go mbeadh a fhios acu go gcaithfidh siad a bheith ceangailte isteach leis na coistí réigiúnacha seo agus na cinntí atá á ndéanamh ag an údarás don cheantar ina bhfuil siad ag obair.
No comments