Dáil debates
Wednesday, 14 May 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
9:35 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Tairgim leasú Uimh. 23:
Ar leathanach 13, líne 19, “6 chomhalta” a scriosadh agus “7 gcomhalta” a chur ina ionad.
Ba mhaith liom a lua ag an bpointe seo go bhfuilim ag breathnú ar cúpla leasú féideartha eile a thabhairt isteach ar Chéim na Tuarascála. Baineann an chéad cheann féideartha le sprioc earcaíochta Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é sin go mbeidh 20% díobh siúd a earcaítear chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030. Féachfar leis an leasú féideartha seo a chinntiú go bhfuiltear siúd a éiríonn leo ardú céime inmheánach a bhaint amach, de thoradh uasoiliúna sa teanga agus a leithéid, sa chomhaireamh don sprioc earcaíochta 20% seo. Tá sé seo ag teacht le holl-aidhm na forála agus go deimhin an Achta, is é sin, go mbeidh líon dóthanach foirne ag comhlachtaí poiblí chun seirbhísí poiblí méadaithe agus feabhsaithe trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal.
Sa chomhthéacs seo, tá sé an-tábhachtach go ndéanfar gach rud is féidir le spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí poiblí agus d'fhostaithe reatha na hearnála poiblí i gcomhthéacs uasoiliúint Ghaeilge a éascú. Más féidir uasoiliúint a dhéanamh anois, go háirithe ag na gráid níos sóisearaí, ciallaíonn sé go mbeidh líon níos mó daoine le Gaeilge ar fáil chun glacadh leis na gráid níos sinsearaí sna blianta amach romhainn i dtreo na sprice 20%. Tá an-chuid staitisticí dearfacha ann sa spás seo anois le tacú leis an méid seo, idir an méadú suntasach atá tagtha agus atá ag teacht ar líon na ndaoine atá ag glacadh páirte i gcúrsaí oiliúna Gaeilge san earnáil phoiblí le blianta beaga anuas – d'ardaigh an figiúr sa Státseirbhís 123% idir earrach 2022 agus earrach 2025 - agus an líon ard a luaigh sa suirbhé don phlean náisiúnta gur mian leo cur lena n-inniúlacht sa teanga.
Is iad na leasuithe féideartha eile atá á bhfiosrú agam faoi láthair ná: seasamh na gceann comhairimh i gcomhthéacs fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chinntiú; agus lipéid tagartha Choimisiún na Meán sa reachtaíocht sin a leasú ó Bhéarla go Gaeilge.
Rachaidh coiste réigiúnach i gcomhairle le grúpaí pleanála teanga sa limistéar ina leith a mbunófar an coiste chun comhairle a thabhairt don údarás agus chun cuidiú leis i gcomhlíonadh a fheidhmeanna sa limistéar sin. Léiríonn sé seo an ról atá ag na coistí réigiúnacha - táimid ar ais ag na coistí sin - ó thaobh na hionadaíochta de.
Is fiú a rá chomh maith go bhfuil oifigeach pleanála teanga ar bhord reatha de chuid Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil iaroifigeach pleanála teanga air chomh maith. Mar a sheasann rudaí, ní cheapaim go bhfuil gá ar leith go mbeadh spás oscailte d’oifigeach pleanála teanga ar na coistí. Is cinnte go mbeidh comhráite fiúntacha idir na coistí agus na grúpaí pleanála teanga. Dá bhrí sin, ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 24 ag an bpointe seo ach tá suim agam é a phlé.
Tá sé i gceist ag an Rialtas go mbeidh seachtar comhalta i gceist leis an gcoiste réigiúnach a dhéanann an t-alt 10A(6)(b) molta tagairt dó. Baineann an coiste réigiúnach seo le Gaeltachtaí na Gaillimhe, na Mí, agus Thuar Mhic Éadaigh. Déanadh cinneadh duine sa bhreis a chur leis an gcoiste seo chun a chinntiú go mbeidh ionadaíocht láidir ag Tuar Mhic Éadaigh. Leis an leasú seo, beidh an comhalta boird thofa i Maigh Eo mar chomhalta ar an gcoiste réigiúnach don iarthar chomh maith le coiste an tuaiscirt. Faoi láthair, ní fheicim go bhfuil aon chúis ballraíocht na gcoistí réigiúnacha eile a mhéadú. Toisc go bhfuil an leasú seo á dhéanamh, beidh gá le mionleasuithe teicniúla ar na huimhreacha a thagann ina dhiaidh agus iad uilig a athrú de réir seo. Molaim leasuithe Uimh. 23 agus 25 go 36, go huile, don Teach.
No comments