Dáil debates
Wednesday, 14 May 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
8:35 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Tairgim leasú Uimh. 20:
Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht
7. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):“(10) Déanfaidh an tÚdarás tionól poiblí a eagrú i ngach ceantar atá sainithe de réir alt 26D nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú chun tuairimí an phobail Gaeltachta a lorg maidir le feidhmeanna Údarás na Gaeltachta a leathnú agus déanfar a gcuid moltaí a chuimsiú i dtuarascáil a bheidh le foilsiú agus le cur faoi bhráid Choiste Gaeilge an Oireachtais nach déanaí ná 18 mí tar éis an tAcht seo a achtú.”.”.
Is leasú cuibheasach simplí é seo ar shlí amháin. Táimid ag iarraidh go gcinnteofar san alt seo nach ndéanfar dearmad ar an bpobal i gcoitinne agus go mbeadh siad lárnach agus muid ag díriú ar cheist fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhí tús á chur leis an bplé ar an mBille seo ag an stad réamhreachtach - nó fiú roimhe sin, nuair a bhí plé á dhéanamh maidir leis an nGaeltacht agus feidhmeanna an údaráis - bhí trácht ar fheidhmeanna breise a thabhairt don údarás agus tacaíocht a thabhairt dó chun ról níos lárnaí a bheith aige. Tá athruithe tar éis tarlú thar na blianta ón mbunról a bhí ann. Tréaslaím leis an údarás as an obair atá á déanamh aige ag an stad seo leis an gcaiteachas atá leagtha síos dóibh. Molaim an cur chuige atá tar éis a bheith aige, ní hamháin ó thaobh tionsclaíocht agus fostaíocht a mhealladh chuig ceantair Ghaeltachta ach a chinntiú, tríd an bhfostaíocht sin a mhealladh, go bhfuil bunús níos láidre sna ceantair sin chun a chinntiú go mbeadh an pobal in ann maireachtáil.
Tá a fhios againn ar fad - labhraíomar faoi cheana agus b’fhéidir go labhróimid faoi arís níos déanaí - faoin bhfadhb bhunúsach atá ann anois maidir le cinntiú go bhfanfaidh an pobal sna ceantair seo agus nach mbeidh bánú ag tarlú mar a bhí roimhe seo. Thréig a lán daoine na ceantair Ghaeltachta thar na blianta agus na cianta toisc nach raibh fostaíocht ná seirbhísí ann, de bharr an Ghorta agus toisc go raibh bochtanas i gceist leo. Diaidh ar ndiaidh, tháinig an pobal i réim. Tríd an bhfeachtas Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, d’éirigh leo roinnt de na cearta a bhí ag dul dóibh a bhaint amach. Tharla maolú ar an imirce as na ceantair sin toisc go raibh poist iontu agus toisc go raibh seans go mbeadh daoine in ann maireachtáil iontu. Tá sé athraithe go hiomlán arís an uair seo, agus ní de bharr easpa post. B’fhéidir go bhfuil roinnt de sin i gceist, ach don chuid is mó, is leis an easpa infreastruchtúir, seirbhísí agus tithíochta ach go háirithe a bhaineann fadhbanna na Gaeltachta anois. Sin an fáth go bhfuilimid ag lorg go mbeimis ag díriú ar fheidhmeanna níos leithne a thabhairt don údarás chun a chinntiú go mbeidh an t-údarás in ann bheith lárnach sna hathruithe is gá dó a ghlacadh chun cuidiú leis an bpobal a bhfuil sé in ainm is a bheith ag freastal air.
Rinne Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge 20 moladh ina ghrinnscrúdú ar an reachtaíocht seo. I dtús báire, mhol an comhchoiste “gur cheart don Aire go ndéanfar cinnte de go mbeidh na feidhmeanna cuí ag Údarás na Gaeltachta ionas gur féidir leis tabhairt faoina chuid oibre go héifeachtach.” Síleann Sinn Féin nach féidir leis an údarás tabhairt faoin obair ar fad atá aige gan tacaíocht bhreise. Cad iad na feidhmeanna sin? Níl sé de chead againn na feidhmeanna a liostáil, mar a luaithe is a chuirfimis liosta le chéile de na feidhmeanna gur chóir go mbeadh ag an údarás, rialófaí na leasuithe sin as ord de bharr go gcuirfí muirear ar ioncam an Stáit nó an phobail. Sin an fáth go bhfuil orainn teacht timpeall air. Rinne an comhchoiste an moladh sin.
Nuair a foilsíodh an reachtaíocht, ní raibh na cumhachtaí nó na feidhmeanna breise seo soiléir agus níl siad ann. Tá an leasú seo ag triail teacht timpeall ar an block atá orainn maidir le moltaí praiticiúla a chur chun cinn chun cuidiú leis an údarás na feidhmeanna breise seo a comhlíonadh, agus go mbeadh ar an údarás tionól poiblí cosúil le citizens’ assembly a reáchtáil i ngach uile toghcheantar laistigh de bhliain ó achtú an Bhille seo. Táimid ag iarraidh an chumhacht a thabhairt ar ais don phobal áitiúil chun féachaint cad iad na héilimh, fadhbanna agus bearnaí atá ann ó thaobh seirbhísí de agus cad, dá réir, iad na cúraimí breise don údarás, lena fheidhmeanna breise, amach anseo, agus go mbeadh reachtaíocht eile ann díreach ag déileáil le ceist fheidhmeanna an údaráis. Nuair a moladh na leasuithe seo ag amanna difriúla thar an gcúpla bliain dheireanach agus nuair a dúradh gur cóir go mbeadh an reachtaíocht seo ag déileáil leis, dúradh linn go mbeadh an reachtaíocht seo ag déileáil le ceist thoghchán an údaráis agus go dtiocfadh reachtaíocht eile chun cinn amach anseo.
Tá muid ag triail ag déanamh cinnte de, tríd brú a chur, go mbeidh an comhthionóil seo i gceist i ngach uile ceantar. Táimid ag cinntiú go mbeidh an reachtaíocht eile ag teacht. Nuair atá an reachtaíocht seo rite, níl a fhios againn cén uair a bheidh an Roinn nó an Aire ag díriú isteach ar na bearnaí atá aitheanta againn cheana. Dá bhrí sin, táimid ag iarraidh go mbeidh cinnteacht i gceist.
Agus muid ag díriú isteach ar cheist an údaráis, d'iarr mé go díreach Leabharlann an Oireachtais conas mar a chaitear le pobail dá leithéid i dtíortha eile - pobail teangabhunaithe atá imeallach nó nach bhfuil chomh láidir sin. Rinne Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais imscrúdú ar eagrais eile do phobail mionlaigh teanga chun fáil amach an bhfuil difríocht mhór i measc na cúraimí éagsúla atá faoina stiúir. Níl aon eagras díreach mar an gcéanna leis an údarás, ach tá cinn eile gur féidir díriú isteach orthu, mar shampla ceann atá bunaithe i gCríoch Lochlannach le haghaidh an pobal Sámi. Tá dualgas ar leith ar an Stát dul i mbun comhrá leis an bpobal mionlaigh maidir le haon ábhar thábhachtach a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar stádas an phobal sin. Bíonn cead ag an bParlaimint Sámi moltaí a chur chun cinn chuig na húdaráis. Tá stádas i bhfad ar níos láidre ag an bpobal Sámi i gCríoch Lochlannach ná mar atá faoi láthair ag pobal na Gaeltachta. Sin an sórt rud ar chóir dó a bheith níos láidre.
Thar na blianta, ní raibh an tacaíocht nó an chosaint céanna ag pobal na Gaeltachta, toisc go raibh siad imeallach sna comhairlí contae agus ó thaobh an Stát de. Nuair a ardaíodh na ceisteanna seo, déanadh neamhaird orthu agus níor tugadh an stádas ceart do na moltaí a bhí ag teacht ón bpobal. Déanadh neamhaird ar an údarás toisc nár aithníodh i súile an mhaorlathais an ról atá aige an tionsclaíocht a chur chun cinn nó an ról lárnach atá aige an teanga dúchais a chosaint sna ceantair ina bhfuil sé bunaithe agus lonnaithe go fóill. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh cás go bhfuil eisceacht i gceist. Tá an cás sin déanta ann féin toisc go bhfuilimid ag déileáil le húdarás ar leith don Ghaeltacht, ach táimid ag iarraidh go mbeidh an údarás sin in ann cásanna eisceachtúla a dhéanamh chun dul i mbun oibre nach bhfuil á déanamh ag na heagrais Stáit eile. Luadh Uisce Éireann mar shampla d'údarás nach bhfuil chun díriú isteach ar chás eisceachtúil a dhéanamh don Ghaeltacht i gcomparáid le ceantair iargúlta eile ina bhfuil an Béarla chun cinn. D'fhéadfainn na bóithre tuaithe a lua mar shampla eile. Tá a fhios agam go bhfuil gach uile bóthar tuaithe chomh tábhachtach lena chéile, ach má tá beocht agus todhchaí ár dteanga náisiúnta ceangailte le bóithre tuaithe i gceantair áirithe, atá b'fhéidir níos iargúlta i gcomparáid le ceantair eile, ba chóir go mbeadh stádas níos tábhachtaí acu. Is féidir é sin a dhéanamh trí tacaíocht a thabhairt don údarás ionas gur féidir leis an údarás a ladar a chur isteach sa scéal. Más gá ciste ar leith a chur ar bun le déileáil le ceisteanna uisce, ceisteanna infreastruchtúr nó ceisteanna leictreachais i gceantair áirithe, is é sin an sórt céim breise a ghlacfar leis.
Is é an moladh atá agam ná go mbeidh an cheist sin á phlé, á chíoradh agus á chur chun cinn sna ceantair difriúla. Níl cónaí orm sa Ghaeltacht agus mar sin ní bheidh mé ag déileáil leis sin. Tá an pobal áitiúil á rá má tharlaíonn rúdaí ar leith - tá an t-eolas acu - beidh sé i bhfad níos éasca orthu clainne a thógáil agus a chinntiú nach mbeidh daoine i gceantair iargúlta nó imeallacha ag bogadh isteach sna cathrachra nó ag tréigeadh na Gaeltachtaí. Bheimis ag mealladh daoine le Gaeilge nó daoine a bhí ag cónaí sna Gaeltachtaí roimhe seo isteach sna ceantair sin, toisc go mbeidh na seirbhísí ar fáil is go bhféadfaí na tithí a thógáil. Bheimis ag fáil tacaíocht ón údarás, ní hamháin ar cheisteanna tionsclaíochta agus fostaíochta, ach ar cheisteanna eile chomh maith. Sin an fáth go bhfuil an moladh seo chomh tábhachtach.
No comments