Dáil debates

Wednesday, 14 May 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

8:45 am

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)

Aontaím le mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, go háirithe i dtaobh an leasú seo. Tá cuspóir leis na leasuithe ar fad atá curtha síos agam féin agus ag mo chomhghleacaí taobh liom, agus leis na leasuithe atá curtha síos ag an bhFreasúra go hiomlán, cuid acu ag teacht ó Chonradh na Gaeilge. Is é an téama ginearálta atá ag rith tríd na leasuithe seo ná an daonlathas agus Údarás na Gaeltachta a dhéanamh chomh daonlathach agus freagrach is gur féidir go dtí muintir na Gaeltachta agus pobal na ceantair Ghaeltachta. Bunaíodh é le freastal orthu. Is é sin an príomhsprioc atá againn ar an taobh seo den Teach, agus ba cheart go mbeadh sé ina sprioc againn go léir sa Teach seo agus i dTithe an Oireachtais.

An rud is tábhachtaí ná go mbeadh cluais éisteachta á thabhairt go dtí pobal na Gaeltachta mar gheall ar na rudaí atá ag cur srian agus bac ar na ceantair sin, mar shampla i mo cheantar féin, Gaeltacht na nDéise. Ní cúrsaí fiontraíochta agus fostaíochta a thuilleadh atá ag cur srian orainn. Buíochas le Dia tá leithéidí Nemeton, Red Shoe agus dreamanna eile nach iad san earnáil léiriúchán teilifíse. Tá Coláiste na Rinne againn maraon le fiontraíochtaí eile ag tabhairt fostaíocht. Ní hé sin an rud is mó, ach is é sin an rud is dócha a bhfuil Údarás na Gaeltachta dírithe air. An fhadhb is mó i nGaeltacht na nDéise - táim cinnte go bhfuil sé seo fíor i nGaeltachtaí eile i ndiaidh dom caint le daoine astu - ná tithíocht. An dara rud ná seirbhísí poiblí, mar shampla oifig an phoist sa Rinn. D'éirigh an mháistreás poist as a post nuair a bhí sí réidh éirí as, agus ní raibh éinne toilteanach an chonradh nua a chuir An Post ar fáil a thógáil. Ní dhéanfadh sé aon chiall - bheadh siad ag cailliúint airgid ag glacadh leis. Fiú dá mbeadh siopa agus suíomh acu, agus nach mbeadh cíos i gceist, bheadh siad ag cailliúint airgid leis an seirbhís poiblí sin a chur ar fáil. Is é sin an rud atá ag cur isteach ar phobail Gaeltachta.

Mar an gcéanna leis an gcuan i gCé Heilbhic a dhreideáil, caithfear é a choimeád glan ionas gur féidir le báid iascaireachta teacht agus imeacht, agus dár ndóigh an bád tarrthála teacht is imeacht. Sin iad na rudaí atá ag cur srian agus ag cur isteach ar an bpobal Gaeltachta i mo cheantar, ach níl siad mar aidhmeanna ag Údarás na Gaeltachta. Nílim ag seasamh anseo ag rá gur cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag déanamh conradh An Post níos fearr, ach ba cheart go mbeadh sé ar a laghad ag tabhairt éisteacht agus freagracht chun stocaireacht a dhéanamh ar son na ceantair Ghaeltachta, agus níl sé. Táimid ag rá sa leasú seo gur cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag éisteacht leis na pobail Gaeltachta. Ba cheart go mbeadh sé in ann stocaireacht a dhéanamh agus an tionól bliantúil seo a eagrú ionas go mbeidh an comhrá seo ag dul ar aghaidh. Sílim go bhfuil slí timpeall air sin. Níor ghlac an Rialtas lenár leasuithe i dtaobh na toghcháin chun iad a dhéanamh níos daonlathaí agus chun an bord a dhéanamh chomh daonlathach agus is féidir, ach ar a laghad is slí timpeall air sin atá i gceist anseo. Mura bhfuil an Rialtas sásta glacadh lenár leasuithe, agus is léir nach bhfuil, b'fhéidir go bhfuil slí eile gur féidir linn cluas éisteachta a thabhairt do na pobail. Ná déan dearmad go bhfuil muid anseo ag caint faoi eagras Stáit atá bunaithe chun freastal ar phobail Gaeltachta.

Is é sin an cuspóir atá ag Údarás na Gaeltachta. N’fheadar, muna bhfuil an struchtúr ann sa dlí chun maoirsiú a dhéanamh ar an gcaidreamh sin, an mbeidh sé ag tarlú i gceart. Fágfaidh mé mar sin é ar an gceist áirithe seo. Tá ciall ag baint leis an leasú. Impím ar an Aire glacadh leis nó roinnt machnaimh a dhéanamh air le féachaint an féidir linn glacadh leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.