Dáil debates

Wednesday, 14 May 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

10:55 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tá siad seo suntasach toisc nach mbaineann siad leis an mBille in aon chor. Tuigim an sórt cleasaíocht a tharlaíonn agus nílim chun cur ina gcoinne. Caithfidh mé a rá, áfach, go gcothaíonn sé frustrachas sa Fhreasúra nuair a deirtear linn nach mbaineann an méid atá á iarraidh againn leis an mBille, agus ansin feicimid na leithéidí seo ag teacht isteach. Tá gnéithe praiticiúla i gceist sa chás seo. Tá soiléiriú á lorg agam faoin athrú. Tá an tAire á rá gur gá an leagan Gaeilge a athrú toisc go bhfuil an leagan Béarla i gceart. Meabhraím dó gur Acht na dTeangacha Oifigiúla is ea é. Tá sé scríofa as Ghaeilge agus rinneamar é a phlé trí Ghaeilge. Tá an leagan Gaeilge i gceart agus tá an leagan Béarla mícheart. Mar sin, tá sé ait go bhfuilimid ag athrú an leagan Gaeilge le cloí leis an leagan Béarla. Nílim ag rá go bhfuil an méid atá ag tarlú mícheart, ach sin atá i gceist. Ó thaobh an dlí de, is é an leagan Gaeilge an ceann uachtarach. B'fhéidir gur chóir dúinn a bheith ag athrú an leagan Béarla. Sa chás seo, measaim go bhfuil an ceart ag an Aire ach is ait an rud é. Ní tharlaíonn sé go minic toisc gur fíorannamh a fhoilsítear an dá leagan den reachtaíocht go chomhionannach mar a tharla i gcás in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus mar atá ag tarlú anseo.

Ó thaobh an tarna ceist lena bhfuil an Aire ag déileáil, tá sé i gceist i leasú Uimh. 58 eisceacht a dhéanamh nuair atá comhlachtaí Stáit ag déanamh fógraíochta i dteangacha iasachta. Nuair nach bhfuil an fógraíocht á dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge, ach sa tSínis nó teanga eile, tuigim go bhfuil gá le foráil den tsórt seo. Ardaíodh an cheist agus tá an leasú seo ag déanamh cinnte den cur chuige atá i gceist. Nuair atá a leithéid ag tarlú, ba cheart dúinn a chinntiú go bhfuil na lógónna i nGaeilge. Mar shampla, d'ardaigh mé ceist scríbhinn an tseachtain seo caite faoi Oifig na nOibreacha Poiblí. Is "OPW" atá sa lógó seachas "Oifig na nOibreacha Poiblí". Má tá siad ag déanamh fógraíochta thar lear, feictear "OPW" mar is é sin atá sa lógó. In ainneoin an rud atá ag tarlú anseo, díreach ar bhonn an lógó, go dtí go n-athrófar sin - níl Acht na dTeangacha Oifigiúla ag brú ar dhaoine na lógónna a athrú láithreach - nuair atá siad ag déanamh athrú ar bhrandáil agus mar sin de caithfidh siad iad a athrú go dtí Gaeilge. Is é sin an riail atá ann agus is é sin an freagra a thug an Aire dom an tseachtain seo caite. Dúirt sé nach raibh sé i gceist aige na héadaí atá á gcaitheamh ag foireann an OPW atá ag obair sa Ghaeltacht, nó na veaineanna nó a leithéid atá acu, a athrú toisc gurb é 2019 an uair dheireanach ar athraíodh iad agus b'shin roimh teacht i réim an leagan leasaithe d'Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Ní hé go bhfuilim ag cur i gcoinne na leasuithe seo ach ag cinntiú go dtuigeann gach duine gur fógraíocht é seo nach bhfuil i nGaeilge nó i mBéarla. An t-aon rud eile a impím ná má tá QR cód in úsáid nó ag tarraingt daoine i dtreo an Roinn nó an comhlacht Stáit atá i gceist, go ndéanfaidh sé iad a tharraingt go dtí an suíomh Gaeilge-Béarla. Uaireanta cuirtear rudaí mar sin suas agus nuair a dhéantar scanáil orthu, tógann sé go dtí an suíomh Béarla thú agus bíonn ort é a aistriú. Ní tharlaíonn sé sin i gcónaí ach nílimid i gcleachtadh ar na bealaí chun teacht timpeall ar an domhan nua atá ann. Is gá go minic gan fhoclaíocht a bheith ar fhógraíocht - just lógónna, íomhánna nó a leithéid. Measaim go luíodh sé sin leis an rud a bhí taobh thiar de. Is rud eile atá i gceist má tá suíomh ar leith don tSínis ann. Má tá fógraíocht a dhéanamh sa tSín sa tSínis, is féidir QR code a úsáid a thógann an duine go dtí an leagan Sínis den suíomh. Sa lá atá inniu ann, tá sé chomh héasca le cnaipe a bhrú agus an suíomh Gaeilge nó an suíomh Béarla a aistriú go dtí an tSínis.

Tá tuiscint éigin ansin.

Ó thaobh an chuid eile, cén fáth go dteastaíonn eisceacht ó fhógraí de chláracha in Éirinn ach go háirithe? Mar a luaitear, tá sé i gceist:

(a) gur i nGaeilge a bheidh 20 faoin gcéad ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain, agus

(b) go ndéanfar 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a chur amach i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge.

Más craoltóir dhátheangach é RTÉ, ní cóir go mbeadh aon chomhlacht Stáit ag déanamh iarracht éalú ón dualgas atá orthu. Is trua gur tháinig sé seo isteach mar seo mar bheadh muid in ann níos mó ama a chaitheamh leis. Measaim go bhfuil siad ceart go leor ach b’fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais ar Chéim na Tuarascála nuair a bhreathnóidh mé arís go díreach le féachaint an bhfuil aon fhadhb eile taobh thiar do na leasuithe seo mar tá eisceacht á thabhairt do chomhlacht Stáit atá ag déanamh fógraíocht ar sheirbhísí craolacháin closamhairc nó fuaime chun clár a chur chun. Tá siad á mbaint ón ndualgas atá in alt 10(a) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. Glacaim leis gur RTÉ a bhí i gceist ansin. Níl mé céad faoin gcéad cad é an rud praiticiúil atá i gceist anseo, conas a n-oibríonn sé seo nó cad í an fhadhb a d’aithin duine éigin maidir leis na craolacháin closamhairc nó fuaime nó cén fáth gur tháinig an chuid sin den leasú chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.