Dáil debates
Wednesday, 14 May 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
10:25 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Beidh mé an-ghasta mar tá sé ráite go beacht agus go soiléir ag mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, atá in éineacht liom. Tá m’ainm ar an leasú agus aontaím go huile is go hiomlán lena bhfuil ráite ag an Teachta Ó Snodaigh. I slí amháin, is féidir léamh a bheith agat ar an srian seo gur ardú céime é do bhord Údarás na Gaeltachta agus a chomhaltaí mar beidh siad ar chomhchéim le hUachtarán na hÉireann. Mar a dúirt mo chomhghleacaí cúpla nóiméad ó shín, is iad seo an t-aon dream, agus is é seo an t-aon toghchán, a bhfuil srianta ama ag baint leo. Tuigim an dea-chleachtas, áfach. I dtaobh bhord an fhorais, mar shampla, tá dhá théarma i gceist. Tuigim é sin. Sa chás seo, áfach, níl muid ag caint ar bhord Stáit amháin. Tá muid tar éis an díospóireacht seo a bheith againn arís is arís eile. Cé gur bord Stáit é i slí amháin, is fóram daonlathach é chomh maith. Táthar ag cur srian ar an nguth daonlathach. Cé gurbh fhearr liom dá mbeadh gach uile chomhalta tofa, glacaim nach n-éireoidh linn leis an argóint sin mar tá an tromlach ag an Aire agus an Rialtas sa Seomra Dála seo. B’fhéidir gurb í an tslí timpeall air seo ná go mbeidh srian ama ar na comhaltaí atá ceaptha ag an Aire agus nach mbeidh aon srian ar na comhaltaí tofa. B’fhéidir gurb í sin an tslí timpeall air.
Glacaim leis nach bhfuil an tAire chun glacadh leis an leasú. Why break the habit of what seems like a lifetime don díospóireacht áirithe seo? B’fhéidir gurb í sin an tslí timpeall air, áfach. Impím ar an Aire féachaint air sin le go mbeidh cosaint ann don daonlathas agus nach mbeidh aon srian á chur ar ghuth na ndaoine.
No comments