Dáil debates
Wednesday, 14 May 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
10:25 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Tá mé sásta é sin a dhéanamh. Is ceist í. Ar a lán bord Stáit eile, ní bhíonn ach téarma nó dhó acu siúd atá roghnaithe ag an Aire. Bheadh socrú mar sin cothrom leis na boird eile. Is an píosa sin faoi na daoine atá tofa atá i gceist againn má táthar ag cur srian leis sin. Tuigim roinnt de na fáthanna go raibh an píosa sin ann agus go raibh daoine ag smaoineamh air. B’fhéidir nach raibh an ionadaíocht cheart tugtha roimhe seo. Uaireanta, bíonn daoine ag rá gurb é seo an bealach le fáil réidh le duine atá ag glacadh seilbh ar shuíochán, ag fanacht ann agus nach bhfuil ag déanamh na hoibre. Tá siad tofa ar bhonn an pháirtí atá taobh thiar dóibh. Tá súil agam go bhfuil an domhan athraithe anois. Tá an pobal níos oscailte, go háirithe i gcomhthéacs na meán sóisialta. Tá mé sásta, má tá na daoine eile a bhfuil a n-ainmneacha leis an leasú seo, é seo a tharraingt siar le féachaint an féidir linn déileáil leis mar atá luaite ag an Aire.
Is mian liom teacht go ceist eile. Níl leasú curtha isteach agam faoi, ach baineann sé leis an gcéad téarma a bheidh ann. Labhair muid roimhe seo, nuair a bhí súil againn go dtarlódh an toghchán seo anuraidh ag an am céanna is a bhí toghcháin na n-údarás áitiúla ar siúl, go mbeadh muid ag ceangal an ama leo ionas gur thréimhse chúig bliana a bheadh ann. Leis an gcéad téarma anois, más i mí an Mheithimh 2026 a bheidh na toghcháin, ba chóir go mbeadh ocht mbliain i gceist ionas go mbeadh sé co-ordinated leis na toghcháin eile. B’fhéidir go gcuirfidh mé leasú chun cinn ar an ngné sin. Is mian liom go mbeidh an tAire ar an eolas roimh ré faoin rud atá i gceist anseo. Muna dtarlaíonn sé sin, beidh na toghcháin seo as alt leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Bhí sé i gceist go mbeadh siad uilig ceangailte le chéile. Tuigim muna bhfuil sé sin i gceist a thuilleadh, ach is í sin an tuairim atá agam. Beidh muid ag teacht chun cinn san alt seo le leasú le go mbeidh na toghcháin ar fad ar an lá céanna chun cuidiú le díospóireacht níos mó a bheith againn ag an am sin. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann nach dtaitníonn an smaoineamh sin leo agus gurbh fearr leo dá mbeadh na toghcháin amuigh leo féin ionas go mbeadh daoine ag díriú isteach ar cheist Údarás na Gaeltachta. Níor tharla sé sin riamh cheana go bhfios dom nuair a bhí na toghcháin leo féin. Níor chuidigh sé leis an turnout ná leis an díospóireacht sna meáin Bhéarla maidir le ceist na Gaeltachta. Tá mé sásta, má tá na daoine eile sásta, leasú Uimh. 49 a tharraingt siar.
No comments