Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl leithscéal ar bith faighte againn inniu. Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste agus roimh aon chomhalta eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú agus roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os comhair ár gcruinniú inniu agus, dar ndóigh, roimh ár lucht féachana. Fearaim fáilte roimh an Aire Stáit le freagracht as cúrsaí na Gaeltachta, an Teachta Patrick O’Donovan, sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán agus roimh a chuid oifigeach: an Dr. Aodhán MacCormaic, stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn sin; Tríona Ní Mhathúna, príomhoifigeach gníomhach i rannóg Gaeltachta agus pleanála teanga na Roinne sin; agus Sharon Ó Ceallaigh atá ina príomhoifigeach cúnta sa rannóg Gaeltachta agus pleanála teanga na Roinne sin freisin.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4. Táimid ag déanamh plé inniu ar ghrinnscrúdú réamhreachtach ar cheannteideal an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022.

Sula leanfaimid ar aghaidh lenár mbreathnú ar an ábhar seo, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas fhógairt. Meabhraím do chomhaltaí agus do bhaill na foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe toisc go gcuireann siad as don chóras chraolacháin, eagarthóireachta, agus a leithéid. Tá sé de rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí atá ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir a bhfuil siad ag caint agus go mbeidh siad le feiceáil ar an scáileán. Ba chóir a chinntiú chomh maith go mbeidh a micreafóin múchta nuair nach mbeidh siad ag caint.

Tá a fhios ag an Aire Stáit agus ag gach duine eile go bhfuil pribhléid acu agus glacaim anois go bhfuil sé sin ar fad léite agam. Cuirfidh mé tús leis an gcruinniú mar sin, agus iarraim ar an Aire Stáit, an Teachta O’Donovan, an ráiteas tosaigh atá aige a dhéanamh.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis agus le comhaltaí an choiste as cuireadh a thabhairt dom teacht os a gcomhair inniu chun labhairt leo faoin scrúdú réamhreachtach ar an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022. Beidh baill an choiste ar an eolas faoin ngealltanas i gclár an Rialtais mar a bhaineann sé le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas reatha i ndáil le roghnúcháin agus toghcháin bhord Údarás na Gaeltachta. Is é an aidhm a bhí leis an athbhreithniú ná moltaí a dhéanamh maidir le hionadaíocht dhaonlathach ar an mbord a láidriú, chomh maith le moltaí a dhéanamh maidir leis an líon comhaltaí, le cothromaíocht inscne agus leis na scileanna ar leith a theastaíonn chun tacú leis an eagraíocht a dualgais a chomhlíonadh. Airítear anseo, forbairt fiontraíochta agus fostaíochta, forbairt theangeolaíoch, forbairt phobail agus forbairt chultúrtha na Gaeltachta.

Maidir le leasú reachtaíochta, rinne an Rialtas cinneadh roimh dheireadh na bliana seo caite gur ar feadh tréimhse nach faide ná dhá bhliain a mhairfeadh an bord reatha sa chaoi is go mbeidh an deis ann an reachtaíocht a leasú chun go mbeifear in ann toghcháin d’Údarás na Gaeltachta a reáchtáil i lár 2024.

Ba mhaith liom príomhghnéithe na leasuithe a leagan amach don chomhchoiste inniu. Faoin gcur chuige nua, tá sé beartaithe go ndéanfar na príomhleasuithe a leanas: méadú a dhéanamh ar bhallraíocht an bhoird ó 12 go 16, deichniúr comhaltaí le toghadh de bhun toghchán ó réigiúin Ghaeltachta reachtúla atá lonnaithe i gcontae Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí agus seisear comhaltaí eile ceaptha de réir threoirlínte an Rialtais, is é sin comórtas poiblí. Bheadh sé i gceist go dtoghfaí duine amháin chuig an mbord thar ceann na gcontaetha Gaeltachta Mhaigh Eo, Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí, beirt chomhaltaí thar ceann Ghaeltacht Dhún na nGall agus triúr comhaltaí thar ceann Ghaeltacht na Gaillimhe; beidh ar gach duine atá ag iarraidh a bheith mar iarrthóir i dtoghchán nó roghnúchán a léiriú go bhfuil íos-chaighdeán B2 sa Teastas Eorpach na Gaeilge bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha; ina theannta sin, beidh gá d'iarrthóirí toghcháin buan-chónaí a bheith orthu sa Ghaeltacht a bhfuil siad ag iarraidh a bheith tofa thar a ceann; ní bheidh aon duine ar chomhalta d’údarás áitiúil, de cheachtar Teach de chuid an Oireachtais, nó de Pharlaimint na hEorpa iad incháilithe chun suí ar bhord Údarás na Gaeltachta; agus is é an leasú molta deireanach ar an mBille go mbeidh comhaltaí teoranta do dhá théarma ar a mhéad a chur isteach ar an mbord agus ba chóir a thabhairt faoi deara gur imeacht é seo ón bhforáil atá ann faoi láthair ina ndeirtear nach féidir comhaltaí a cheapadh ach do dhá théarma as a chéile.

Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an obair atá ar bun ag an údarás ar son na Gaeltachta ar bhonn leanúnach. De bharr na hoibre seo, tá deiseanna fostaíochta agus fiontraíochta cothaithe agus cruthaithe i gceantair nach bhfaigheadh na deiseanna sin murach gur ann don eagraíocht. Sílim go léiríonn sé seo cheana féin chomh tiomanta is atáimid le cinntiú go mbeidh bord láidir agus ionadaíoch ó thaobh na gceantar Gaeltachta de ann.

Ba mhaith liom a mheabhrú don chomhchoiste go bhfuil cothromaíocht inscne ar bhord an údaráis ríthábhachtach dom féin. Baineadh amach an chothromaíocht sin ar an mbord a bhí ann go deireadh na bliana seo caite agus ba mhaith linn sa Roinn tuairimí an chomhchoiste a chloisteáil maidir le bealaí chun é sin a chinntiú agus toghcháin tugtha ar ais an bhliain seo chugainn.

Mar is eol don chomhchoiste, tá dualgas orainn dul chun cinn a dhéanamh leis an mBille seo agus táim ag déanamh mo dhícheall é a achtú chomh luath agus is féidir. Cuirim fáilte roimh na ceisteanna anois, a Chathaoirligh, agus go raibh maith agat.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus glaoim anois ar an gcéad chainteoir ón gcomhchoiste atá ag ofráil, an Seanadóir Kyne.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus cuirim fáilte roimhe chuig an cruinniú seo, agus roimh na feidhmeannaigh atá anseo óna Roinn freisin. Luaigh an tAire Stáit an tábhacht a bhaineann leis ó thaobh cothroime inscne de. An bhfuil aon smaoineamh déanta aige maidir leis an gcaoi is fearr é sin a bhaint amach? Luaigh mé sa chruinniú deireanach go bhfuil próiseas toghcháin sa Seanad, mar shampla, agus go bhfuil dhá phainéal ann: painéal ón taobh istigh agus painéal ón taobh amuigh. An bhféadfadh an tAire Stáit breathnú ar rud éigin mar sin ó thaobh painéal do mhná agus painéal d’fhir de? Is rud é sin atá ag oibriú i dtoghchán an tSeanaid agus an bhfuil aon chiall, mar shampla, le smaointe mar sin?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, a Sheanadóir, ach ba mhaith liom dul tríd an mBille seo, ceannteideal ar cheannteideal.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, a Chathaoirligh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé cheannteideal ann ina iomlán agus beidh na Teachtaí agus na Seanadóirí ag dul tríothu go han-tapa maidir leis na ceisteanna atá acu. Is féidir linn fáil réidh leis an gcéad dhá cheann mar is cinn theicniúla iad.

I gceannteideal 1, is é sin Teideal Gearr an Bhille. Ní fheicim go bhfuil aon fhadhb leis nó aon duine ag iarraidh labhairt faoi. Glacaim leis nach bhfuil aon mholtaí nó ceisteanna faoi sin.

I gceannteideal 2, is é sin na mínithe. Is iad siúd na mínithe atá ar focail maidir cad is é Údarás na Gaeltachta ann, an tAire, agus mar sin de. De ghnáth, ní bhíonn aon fhadhb ansin.

Is é an ceannteideal seo, ceannteideal 3, atáimid chun déileáil leis ar dtús. Rachaimid ar aghaidh agus tiocfaimid ar ais mar ní bheidh mé ag cur aon srian ar dhaoine. Is é an teideal atá ar Chuid 2 den Bhille ná “Ceapacháin chuig an tÚdarás” agus faoin Chuid sin, baineann ceannteideal 3 le "Comhaltas Boird". Déileáiltear anseo le sraith ceisteanna maidir le méadú ar bhallraíocht an údaráis ó 12 go 16 agus conas mar a dhéanann an tAire ceapadh ar na háiteanna a mbeidh na toghcháin iontu, is iad sin na toghlaigh dhifriúla. Déileáiltear freisin ansin leis an gcaighdeán Gaeilge gur chóir go mbeadh ag na hiarrthóirí agus leagtar amach gur ghá dóibh cónaí a bheith orthu sa cheantair agus leis an gceist nach comhaltaí d'údaráis áitiúla nó de Thithe an Oireachtais iad. Ní féidir le hiarrthóirí ach an oiread níos mó ná gá dhá théarma a rith don údarás.

Is é mar a chífimid ansin. Bogfaimid ar aghaidh go dtí ceannteideal 4 agus ansin ceannteideal 5.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl a fhios agam an mbaineann cothroime inscne leis an gceannteideal sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Measaim go mbaineann sé, den chuid is mó de, agus is féidir linn plé leis an uair seo.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin togha. Tá an cheist sin curtha agam. Ba mhaith liom a bheith cinnte faoi seo i gcomhthéacs mo chéad cheist eile. Uaireanta, bíonn folúntas ar an mbord. Fiafraím den Aire Stáit faoin gcaoi a bheidh an Roinn ag smaoineamh ar na folúntais sin a líonadh. An dtarlóidh sé seo sé tríd an bpróiseas Public Appointments Service, PAS, nó an é gur duine a bheidh ann a sheas don toghchán nach raibh tofa, is é sin, b'fhéidir, an chéad duine eile ar an liosta ó thaobh an phróisis dhaonlathaigh de? Is iad siúd an dá cheist atá agam ar dtús.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith leis an Aire Stáit roinnt ceisteanna eile a ghlacadh nó ar mhaith leis na ceisteanna seo a fhreagairt ar dtús báire? Is faoin Aire Stáit féin é sin an cinneadh sin.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil ceisteanna eile ann maidir leis an gceannteideal sin?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil ceist eile ansin ag an Teachta Moynihan faoi seo?

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cheist maidir le cothroime inscne curtha ach tá trí cheist eile agam ar an ábhar nó an mír sin ar mhaith liom a fhiosrú chomh maith.

Is pobail bheaga atá i gceist maidir lena lán de na Gaeltachtaí. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an t-ionadaí ar son an phobail ón bpobal sin. Feicimid go minic má bhíonn daoine ag iarraidh teach a thógáil sa dúthaigh, go mbíonn deacracht acu le pleanáil agus go mbíonn orthu bogadh soir agus siar an bhóthair agus nach mbeidís ábalta a bheith ar an taobh sin den fheirm nó ar an taobh eile di. Tá teorainneacha na nGaeltachtaí fite fuaite mórthimpeall na háite agus, mar sin, bheadh sé éasca go leor gurb amhlaidh nach mbeidís ábalta teach cónaithe a thógáil istigh sa Ghaeltacht ar an taobh faoi leith den bhóthar, agus go mbeadh orthu, b'fhéidir, bogadh cúpla céad méadar go dtí an taobh eile, nó go dtí bóthar eile ar fad. B’amhlaidh go dtarlófaí go mbeadh an duine sin an-tapa lasmuigh den Ghaeltacht. Is iad seo daoine a bheadh an-lárnach i bpobal na Gaeltachta agus gurbh amhlaidh go mbeidís srianta nó go mbeadh cosc orthu seasamh le haghaidh ceapacháin don údarás toisc go raibh orthu, b’fhéidir, bogadh, nó an teach a thógáil 100 slat lasmuigh den teorainn. Ní fheadar ach ba mhór an chailliúint a bheadh ann. An bhfuil slí ann chun é sin a láimhseáil le go mbeadh daoine atá ina gcuid lárnach den phobal Gaeltachta ábalta seasamh mar ionadaithe don údarás?

Tuigim an cheist nó an pointe mar gheall ar Bhaill de Pharlaimint na hEorpa agus den Oireachtas; sé sin, nach mbeidh an deis acu siúd freastal ar an mbord. Ní fheadar an bhféadfadh an tAire Stáit míniú a thabhairt dom ar cén réasúnaíocht nó loighic a bheadh ann srian a chur ar chomhairleoirí contae, go háirithe nuair atá siad chomh lárnach mar ionadaithe pobal áitiúil.

Cuimhnigh chomh maith nach maireann an Ghaeltacht mar oileán ina haonar. Tá sé bainteach leis na pobail eile mórthimpeall uirthi, mar bhailte seirbhíse agus go leor leor eile, agus ba cheart go mbeadh ról ceannaireachta áitiúla ag na comhairleoirí contae ansin chomh maith. Táim ag smaoineamh, mar shampla, ar Dhún Garbhán i gcás Rinn Ua gCuanach, ar Mhaigh Chromtha i gcás Gaeltacht Mhúscraí, agus ar Chathair Saidhbhín i gcás Gaeltacht Chiarraí theas. Bheadh dlúthcheangal ag an bpobal leis an áit lasmuigh den Ghaeltacht. Ní thuigim an tslí go mbeadh srian ar dhuine a bheadh mar ionadaí áitiúil ar na pobail sin d'fhonn é nó í a bheith mar bhall den údarás.

Baineann an cheist dheireanach atá agam leis an gcathaoirleach a bheidh á ainmniú nó á hainmniú. Tuigim go dtiocfaidh an duine sin ó na daoine a bheidh le roghnú ag an Aire.

Cad faoi leaschathaoirleach nó conas a n-ainmneofaí a leithéid? Caithimid smaoineamh go bhfuil an t-údarás ag freastal ar phobail agus ar ghnóthaí ar fud na tíre, agus go bhfuil ról gnóthach ann gabháil suas agus síos.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go háirithe agus cuirim fáilte roimh a fheidhmeannaigh. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht an ráiteas tosaigh. Bhí dreamanna éagsúla os ár gcomhair ag lorg rudaí éagsúla chun tosaigh agus ag cur béime ar rudaí éagsúla -tiocfaidh mé go dtí na rudaí sin - agus sin cuid den daonlathas. Chuaigh na finnéithe go léir a tháinig roimh an gcomhchoiste go mór i bhfeidhm orm. Mhaígh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh nach féidir díospóireacht a bheith agat ar an mBille seo gan é a chur i gcomhthéacs an síorchreimeadh ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna Gaeltachtaí. Tá sé tábhachtach é sin a rá i gcomhthéacs na bhfigiúirí atá tagtha amach ón daonáireamh. Ní raibh deis agam grinnstaidéar a dhéanamh ach rinne an tOllamh Ó Tuathaigh an pointe nach féidir an díospóireacht seo a bheith againn i bhfolús gan tagairt ar an síorchreimeadh ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna Gaeltachtaí. Tá sé sin ráite aige go soiléir. B'fhéidir go mbeidh deis teacht ar ais chuige sin inniu, ach muna bhfuil, b'fhéidir go mbeidh cruinniú speisialta againn ó thaobh na bhfigiúirí sin agus an síorchreimeadh.

Is rud dearfach é an Bille seo. Táimid ag dul ar ais agus ag dul chun cinn ó thaobh toghchán agus daoine a thoghadh. Ní raibh mé ag an gcruinniú nuair a bhí cur i láthair againn ó finnéithe ó Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i gCiarraí. Bhí díomá ollmhór orthu nach mbeidh aon suíochán acu ar bhord an údaráis. Ba mhaith liom tuairim an Aire Stáit a fháil faoi sin. Beimid ag dul ar chuairt ansin ag deireadh na míosa seo agus ba mhaith liom tuairimí an Aire Stáit a fháil faoi sin. Tá obair na gcapall á ndéanamh acu ansin agus tá siad ag streachailt ar an talamh chun an Ghaeilge a choinneáil mar theanga beo ach ní bheidh aon ionadaíocht acu ar bhord an údaráis nua.

Tagraím don phointe a d'ardaigh an Seanadóir Kyne maidir le folúntais. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil faoi sin. Cad atá ar intinn ag an Roinn? Cén bealach a bhfuil i gceist aige chun na folúntais sin a chomhlíonadh?

Luaim an Ghaeilge mar theanga cumarsáide. Aontaímid go léir go bhfuil sé sin riachtanach ach bhí tuairimí éagsúla ann, go háirithe ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, a cheap gur maslach an rud é daoine a chur faoi scrúdú. Ó mo thaithí féin ceapaim go bhfuil gá láidir le líofacht a bheith acu siúd atá ag dul i ngleic leis na cáipéisí. Luaigh Anna Ní Ghallachair, iarchathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta, cé chomh deacair is atá sé dul i ngleic le cáipéisí gan chaighdeán faoi leith a bheith agat sa Ghaeilge. An bhfuil bealach eile ann? Ar smaoinigh an Roinn ar bhealach eile? Tá B2 mar bhunfheidhm ach an bhfuil bealaí eile ann chun an cumas sin a chinntiú? An bhfuil aon mhachnamh déanta ag an Roinn faoi sin?

Tagraím do chothromaíocht inscne. Níl sé againn fós agus mé ag breathnú timpeall an tseomra. Tá obair ar siúl i gcónaí ansin maidir le gach rud. Léigh mé ráiteas tosaigh an Aire Stáit agus tá seisean ag iarraidh orainn na tuairimí atá againn a chur in iúl, agus tá tuairimí againn, ach cad iad na tuairimí atá ag an Aire Stáit agus ag an Roinn? Tá neart taithí ag an Roinn ó thaobh na faidhbe seo. Ní maith liom an focal "fadhb" a úsáid ó thaobh an dúshláin seo. Cad atá i gceist ag an Roinn chun dul i ngleic leis an ndúshlán chun a chinntiú go mbeidh cothromaíocht inscne i gceist ó thaobh toghcháin de, ó thaobh na hiarrthóirí de agus ó thaobh an seisear a bheidh á gceapadh ag an Aire Stáit don bhord?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na baill a raibh seans agam bualadh leo go neamhfhoirmiúil maidir leis an mBille seo. Tá a lán de na ceisteanna cosúil lena chéile. Bhain an chéad cheist a raibh ag an Seanadóir Kyne agus ag an Teachta Connolly leis an gceist inscne. Ní hamháin gur deacracht do mo Roinn an cheist sin ach beidh deacrachtaí ag an Rialtas agus ag an Oireachtas í a phlé. An rud is tábhachtaí domsa ná tuairimí an choiste a chloisteáil agus éisteacht leis na baill inniu mar níl sé socraithe fóill conas a mbeimid in ann an cheist an-deacair seo a fhreagairt agus a phlé. Faoi láthair, is mná iad 40% de chomhaltaí boird reatha Údarás na Gaeltachta agus is fir iad 60% díobh. Níl aon cheist ach go bhfuil cothromaíocht inscne ina phríomhchuid den bhord seo agus go bhfuil an cheist seo i mbéal an phobail faoi láthair. Aontaím leis an Teachta Connolly maidir le cé chomh tábhachtach is a bhfuil sé seo. Buncheist na díospóireachta seo ná an daonlathas agus cé chomh tábhachtach is a bhfuil sé, go háirithe do mhuintir na Gaeltachta. Cosúil leis sin, ceist tábhachtach eile ná éagsúlacht ar an mbord agus ar maidin bhíomar ag caint maidir leis an gceist sin. Táim tiomanta go mbeidh éagsúlacht agus cothromaíocht inscne le feiceáil ar bhord an údaráis. Chuige sin, bheinn buíoch do na comhaltaí ach a dtuairimí a chloisteáil ina leith agus beidh deis againn cuidiú le héagsúlacht a mhéadú ar an mbord tríd táille a chur ar fáil do bhaill nach mbeadh i dteideal táille a fháil faoi na rialacha mar a sheasann siad faoi láthair. Bheadh sé i gceist agamsa breathnú ar na féidearthachtaí sa reachtaíocht seo táille a thabhairt isteach d'fhostaithe Stáit ar bhord an údaráis do shaoire mháithreachais nó shaoire uchtaithe.

Bhí ceist ag an Teachta Aindrias Moynihan maidir leis na comhairleoirí contae. Ghlac an Rialtas cinneadh ag deireadh na bliana seo caite chun leasú ar an reachtaíocht seo a bhrú chun cinn agus leasú ar chomhaltas boird luaite go sonrach ann ag an am. Tá an fhoráil seo ar aon dul le rialacha atá i bhfeidhm cheana san Oireachtas agus ní haon rud nua é seo. Anuas air seo, mar is eol don choiste, tá srian i gceist ó thaobh an phrionsabail "duine amháin, tuarastal amháin". Ciallaíonn sé seo nach bhfuil aon seirbhíseach poiblí i dteideal luach saothair a fháil i bhfoirm táillí boird ach amháin i gcásanna atá ceadaithe faoi reacht, mar shampla ceapacháin mar stiúrthóirí oibrí. Tá sé i gceist go mbeadh daoine nua á mealladh le bheith mar chomhaltaí den bhord. Más amhlaidh go bhfuil comhaltaí mar bhaill den chomhairle chontae cheana, bheadh dhá ról ag duine amháin seachas deis a thabhairt do dhuine nua tabhairt faoin ról ar an mbord. Is iad sin na ceisteanna a cuireadh go dtí seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tagraím don phointe ó thaobh inscne de agus ó thaobh tuarastail amháin de. Luaigh an tAire Stáit an prionsabal "duine amháin, tuarastal amháin". Luaigh Anna Ní Ghallachair é sin mar phríomhbhac agus mar rud atá thar a bheith míchothrom agus ag cur ar bac, go háirithe ar na mná ar an mbord. Dúirt sise go raibh na mná ag obair go crua, cosúil le gach bean, ach gan na táillí céanna á shaothrú acu. Sin constaic mhór agus ní fiú dúinn breathnú air sin. Dúirt an tAire Stáit go raibh na mná thíos ó thaobh na rialacha sin i bhfad níos mó ná daoine eile.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil an-deacracht ann leis an gceist sin, ach níl an cheist sin do bhord Údaráis na Gaeltachta amháin. B'fhéidir gur cheist do mo chomhghleacaí, an tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe, an Teachta Donohoe, é. Bheadh an rud ceannann céanna ar fáil ar na boird eile nó sna húdaráis eile taobh amuigh d'Údarás na Gaeltachta.

Tuigim go bhfuil sé an-deacair, go háirithe do na mná, ról a phlé ar na húdaráis agus ar na boird sin. Muna bhfuil tuairimí ag an Teachta, beidh mé in ann é sin a phlé sa Bhille agus b'fhéidir go mbeidh seans tar éis an chruinnithe na tuairimí a sheoladh chugam.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir muid cuireadh chuig dhá ghrúpa difriúil chun déileáil leis seo - See Her Elected agus Women for Election Ireland - ach ní raibh siad ábalta nó níor ghlac siad leis an gcuireadh teacht os ár gcomhair chun cuidiú linn agus muid ag díriú isteach ar an gceist seo. Mar sin, níor cuireadh aon saineolas os ár gcomhair go dtí seo mar gheall air sin.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go mbeidh seans eile an cheist a phlé trí mheán an Bhéarla.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Míníodh dóibh go raibh an deis acu é a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge ach níor chuir siad aon eolas os ár gcomhair. Bhí muidne ag súil le críochnú leis an gcur chuige seo inniu agus tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Stáit. B'fhéidir go bhféadfadh an tAire Stáit scríobh chucu ag an staid seo. Tá tuairimí ag daoine agus, mar sin, ligfidh mé do na baill eile teacht isteach.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom cuidiú leis an bpointe mar gheall ar srian ar dhaoine - múinteoirí scoile agus éinne a bheadh bainteach leis an Stát - nach mbeadh ábalta páirt a ghlacadh. Táthar ag plé le pobal an-bheag chomh maith in a lán de na Gaeltachtaí.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta. Tagraím do cheist leaschathaoirligh agus sin cheist don bhord nuair a bheidh sé tofa. Beidh baill an boird in ann an cheist sin a réitigh.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí ceist agam maidir leis na folúntais.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid ag breathnú ar an ábhar sin. B'fhéidir go mbeidh seans teacht ar ais chuig an tSeanadóir taobh amuigh den choiste agus taobh amuigh den chruinniú seo.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam. Ar an drochuair, caithfidh mé mo leithscéal a ghabháil mar caithfidh mé a bheith sa tSeanad. Mar sin, ní bheidh mé anseo do freagra an Aire Stáit. Léifidh mé siar air sin agus beidh spéis agam sa mhéid sin.

An mbeidh an Bille féin i nGaeilge? Níl na ceannteidil ar fáil ar líne ach amháin i mBéarla ar shuíomh gréasáin an Rialtais faoi láthair. An raibh deis ag an Aire Stáit aighneacht s'againn féin i Sinn Féin ar an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022 a léamh? Díríonn seo ar na moltaí atá ann ag an phointe seo; is é sin tionól iomlán tofa. An bhfuil gá le hainmniúcháin ar an mbord? An bhfuil gá níos mó suíocháin a chinntiú do gach ceantar scartha, ar nós Uíbh Ráthach i gCiarraí, mar a luaigh an Teachta Connolly, agus Acaill i Maigh Eo chomh maith? Bheadh deis ansin cuótaí inscne a chur i bhfeidhm chun cothromaíocht a chinntiú do mhná. Cad é barúil an Aire Stáit ar suíochán ar leith do na hoileáin?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as teacht isteach. Tá sé ráite aige go bhfuil treoirlínte ag an Rialtas maidir le ceapacháin boird. Glacaim leis gurb é an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, nó PAS, atá i gceist aige. Tá fadhb agamsa leis an gcóras sin agus tá a fhios agam go mbaineann sé le go leor ceapachán anois. Ní bhíonn sé sa reachtaíocht ach tá sé mar chleachtas go gcaithfear dul ag an PAS le Coimisinéir Teanga a cheapadh. Tá sé sin bunaithe mar nós ach ní nós é a thaitníonn liom mar creidim go bhfuil daoine fónta ann nach bhfuil ag dul ar aghaidh. B'fhéidir nach bhfuil an féinmhuinín ag na daoine sin chun tabhairt faoin chóras PAS ach bheadh siad i bhfad níos fearr ná cuid mhaith de na daoine atá á gceapadh faoin gcóras seo. Áfach, níl siad mór iontu féin. An dara fadhb atá agam leis ná go dtugann sé buntáiste mór do dhaoine a bhí taobh istigh den státchóras agus a raibh taithí acu ar an gcineál cur chuige a bhíonn ag agallamh, nó mura bhfuil agallamh i gceist, a bhíonn i gceist le hiarratas a dhéanamh ag na dreamanna seo. Go hiondúil, bíonn foirmle i gceist le CV maith a chur isteach agus is é mo thaithí, ag fostú daoine thar na blianta, nach ionann an duine a bhfuil CV maith acu agus an duine a bheadh thar a bheith go maith ar bhord mar seo. Ba mhaith liom an fainic sin a chur ar an Aire Stáit. Is drochnós é agus is nós contúirteach é.

Nuair a bhreathnaítear ar cé atá ar fáil do na ceapacháin seo ar an mbord, baineann sé ó chumhacht an Aire Stáit. Níor sheas an tAire Stáit ar an gclaí ag rá go dtabharfaidh sé cumhacht do dhuine éigin eile nuair a bheadh sé mar Aire Stáit. Deireann tú i dtoghchán gur seo a dhéanfaidh tú nuair a bheidh tú mar Aire. Áfach, tá muidne ag caitheamh cumhachta uainne an t-am uilig ag dreamanna nach bhfuil freagrach ó lá go lá do dhuine ar bith. Is fadhb ollmhór an rud seo. Is cuimhneach liom fadó bhí rúnaí cúnta sa Roinn - agus déarfainn go raibh aithne mhaith ag stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn ar an duine céanna - agus cuireadh ceist air, i nGaeilge, mar gheall ar cé atá ar an mbord seo nó ar an mbord siúd. Dúirt sé go searbhasach go raibh "The great and the good of Ireland" ann agus tá mé ag ceapadh go b'shin a táimid ag fáil sa chóras seo. An bhfuil éinne ann a thuigeann nó atá ag plé leis an ngnáthphobal? Is iad a thiocfas chun cinn. Tá míbhuntáiste ag an gcineál sin duine.

An bhfuil aon mhachnamh déanta nó an bhfuil aon tuairimí ag an Aire Stáit maidir le Tír Chonaill agus Conamara nó maidir le Gaillimh? An toghcheantar aon suíochán a bheas ann nó an mbeidh toghcheantar amháin do Chontae na Gaillimhe ar fad, mar shampla, atá an-scaipthe? Is é mo bharúilse go mbeadh trí cheantair i bhfad níos fearr i nGaillimh. Chinnteodh sé go mbeadh ionadaíocht níos scaipthe ann go tíreolaíoch. Is é mo bharúil go mbeadh dhá cheantar i dTír Chonaill i bhfad níos fearr. Mura ndéanann an tAire Stáit é sin, mar shampla i dTír Chonaill, is beirt as ceantar Ghaoth Dobhair a bheas ann. Ba cheart líne a tharraingt leathbhealaigh síos idir Tír Chonaill ó thuaidh agus Tír Chonaill ó dheas agus an rud céanna a dhéanamh i gcás na Gaillimhe. Bhunóinn é ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna ceantair ó thaobh cur amach na toghcheantair. Mura ndéanfar é sin, tá buntáiste mór millteach ag cathair na Gaillimhe.

Tagraím leis an riachtanas B2 a bhaint amach i dteastas Eorpach na Gaeilge, TEG, beidh an toghchán san earrach ach tá go leor daoine nach smaoiníonn ar toghcháin go dtí trí seachtaine roimh ré. Go dtí seo i dtoghcháin, cé go n-ainmnítear go leor daoine i bhfad roimh ré ní osclaítear an próiseas ainmniúcháin go dtí trí nó ceithre seachtaine roimh ré. Glacaim leis gurb é an rud céanna a bheas i gceist anseo. Tá an tAire Stáit ag rá go gcaithfidh an B2 a bheith acu roimh ré ach de réir mar a thuigimse ní bhíonn an teastas nó an scrúdú sin ar fáil ach b'fhéidir dhá uair sa mbliain. Má smaoiníonn duine ar an nóiméad deireadh go bhfuil siad ag dul ag rith sa toghchán, an mbeidh siad in ann déanamh cinnte go mbeidh an TEG B2 déanta in am don toghchán? Tá mé go mór i bhfábhar go mbeadh caighdeán Gaeilge ag chuile dhuine ar an mbord agus níl aon amhras orm ach go gcuirfeadh sé feabhas ar an mbord, ach caithimid na meicníochtaí a oibriú amach.

Ní thuigim, agus b'fhéidir go míneoidh an tAire Stáit é seo, cén fáth go gcaithfidh buanchónaí a bheith ort sa nGaeltacht. Ní heol dom go mbaineann sé sin le haon toghchán eile sa Stát. Má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, is féidir leat seasamh don chomhairle chontae i gConamara. Níl mé ag rá go dtoghfaí thú ach is féidir é a dhéanamh. Tá a fhios ag an Aire Stáit ina chás féin ó dheas i Luimneach go bhféadfadh duine as na ceantair i dTiobraid Árann atá i nDáilcheantar Chontae Luimnigh seasamh i nDáilcheantar Thiobraid Árann seachas i nDáilcheantar Chontae Luimnigh dá dteastódh.

Sa chás áirithe seo, má táthar ar an taobh mícheart den líne, beifear amuigh. Tá na teorainneacha atá ann thar a bheith gioblach. Ní thuigim an fáth gur cuireadh é sin isteach mar ní dóigh liom go dtoghfaí duine nach bhfiul ceangal an-láidir aige nó aici le ceann de na ceantair agus go bhfuil sé sin ann.

Nuair a deir an tAire Stáit go mbeidh "comhaltaí teoranta do dhá théarma ar a mhéad", an bhfuil sé á rá sin nó á moladh? Chuile lá táimid ag cur teorainn leis an daonlathas. Is rud nuafhaiseanta é seo, seachas é a fhágáil ag an bpobal cé a thoghfaidh siad. I ndeireadh na dála, fiú má cheaptar gurb é sin an duine is fearr le bheith ina chomhalta den bhord seo, nach féidir leis an bpobal an duine sin a thoghadh? Ceapaim go bhfuil sé sin mídhaonlathach. Is cuma liom céard a dhéantar faoi na hainmniúcháin, mar is ceist faoin spéir í sin, ach is rud eile í ó thaobh a bheith ag cur as don phobal agus na daoine a thoghann siad.

Ó thaobh an chothromais de, an cothromas gnéis agus inscne a bheidh ann? Chomh maith leis sin, as seo go ceann cúig nó sé de bhlianta d'fhéadfadh an scéal sin a bheith éirithe beagáinín níos casta nuair a shocróimis le níos mó ná dhá inscne a bheith ann. Déarfainn go dtiocfadh sé sin. Glacaim leis nach bhfuil i gceist go gcuirfear isteach inscne nó gnéas atá an duine a thoghfaí. Tá argóint i gcónaí ann faoin bhfocal sin inscne sa Ghaeilge, mar shampla, sa mhéid is go bhfuil an focal “cailín” firinscneach. An gnéas atá i gceist againn anseo? Fágfaidh mé é sin mar atá sé.

Is í an cheist atá ann ná de bhrí go mór mór go bhfuil an oiread sin toghcheantar beag ann le suíochán amháin, an bhfuil an tAire Stáit ag rá go gcaithfidh toghcheantar X, Y nó Z fear nó bean a cheapadh? Arís, bheadh sé sin ag cur isteach ar an daonlathas. Creidim féin go dtoghfaí go leor ban ar an mbord seo agus tá cúiseanna ann chun é sin an chreidiúint. Nuair a bhreathnaím ar na daoine atá ag gníomhú ar an talamh sa Ghaeltacht, is léir dom go bhfuil an saol athraithe go mór. Tá an t-uafás ban thar a bheith gafa le rudaí agus tiocfaidh mé ar fhreagra na ceiste sin ar ball. D'fhéadfaí, ar ndóigh, é a chothromú dá dtoghfaí chuile dhuine agus dá dtarlódh sé gur inscne amháin a bhí i gceist, d'fhéadfaí an inscne eile a cheapadh agus é a chothromú dá réir. Ní bheadh sé 100% cothrom ach bheadh sé gar go maith le bheith cothrom. Ní bheinn i bhfabhar cur as do thoghcháin.

É sin ráite, tá ceist an-mhaith ardaithe anseo agus is é seo ceist na ndáilte agus creidim mar bhí mé ann nuair a rinneadh an cinneadh. Ní hé sin le rá gur cheap mé gur dea-chinneadh a bhí ann. Tá sé áiféiseach go ndéanann duine go leor oibre ar son an Stáit ar bhord - nílim ag caint faoi dhaoine saibhre - agus nach bhfaigheann siad go leor íocaíochta, ar nós chuile dhuine ar an mbord, as an obair a dhéanann siad. I bprionsabal, ba cheart go mbeadh siad i dteideal an t-am agus an t-allas a chaitear leis. Ní hé go n-íoctar gnáthbhaill mar níl an oiread sin oibre i gceist leis seo ach más rud é gur bhall tofa de bhord é nó í, tá obair i gceist. Tá a fhios againn uile é sin mar Theachtaí Dála agus tuigeann an tAire Stáit é sin mar Theachta Dála mar de lá agus istoíche, bíonn an duine ag obair mar dhuine tofa.

Fiafraím an méid seo den Aire Stáit. Tá mé ag smaoineamh ar fhear nó ar bhean a bheadh ina special needs assistant, SNA, i scoil. Ní post dea-íoctha é sin. I gcás duine eile atá ar scéim shóisialta tuaithe, mar shampla, ní post dea-íoctha é sin ach an oiread mar ní ach post páirtaimseartha atá ann. Tá na daoine sin fostaithe ag an Stát. D'fhéadfaí argóint a dhéanamh nach bhfuil an duine ar an scéim shóisialta fostaíochta tuaithe fostaithe go hiomlán ag an Stát ach sa Ghaeltacht bheadh an duine sin fostaithe go hiomlán mar is é Údarás na Gaeltachta an fostóir mar is faoin údarás a ritear na scéimeanna sin, mar shampla, an scéim Tús. Níl siadsan in ann táille a fháil mar bhaill den bhord. Maidir le SNA, táim ag rá ansin go bhfuilimid ag iarraidh mná a cheapadh mar deir aon duine a dhéanann suirbhé go bhfuil 80% de SNAanna ina mná. Caithfidh mé a rá go gcreidim go bhfuilimid ag iarraidh rud ar an lámh amháin agus go bhfuil muid ag tarraingt ar ais ar an lámh eile de agus go bhfuil sé tábhachtach tuilleadh machnaimh a dhéanamh air sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tabharfaidh mé an deis don Aire Stáit-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist amháin eile agam, le toil an Chathaoirligh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh deis ag an Teachta ag teacht ar ais le ceisteanna eile ar aon nós.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an cheist seo an cheist is tábhachtaí atá againn inniu.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir gurbh fhiú don Aire Stáit, áfach, fáil réidh leis na chéad chinn seo sula dtabharfaidh sé faoi cheann eile.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní hea, a Chathaoirligh, ní maith liom é a spáráil.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh ar aghaidh, a Theachta, mar sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh éideimhne nó éiginnteacht ann maidir le cumhachtaí an údaráis agus tá sé in am é sin a shoiléiriú, go mór mór i gcomhthéacs na géarchéime-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní thagann sé seo faoin bhforáil seo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tagann sé mar d'fhéadfaí leasú a chur isteach sa Bhille faoi.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach táimid ag déileáil le comhaltas an bord anois sa bhforáil seo, is é sin faoi cheannteideal 3.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Okay. Tiocfaidh mé ar ais aige sin níos déanaí mar sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé ag cur cosc ar aon duine teacht isteach is amach.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon deifir orm. Seo chugainn an tráthnóna.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús, chun freagra a thabhairt don Seanadóir Ó Donnghaile, tá an Bille ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.

Maidir leis an Teachta Ó Cuív, tá na ceisteanna sin casta agus níl aon amhras orm faoi sin. Tá siad cosúil leis na ceisteanna ón Seanadóir Kyne agus ón Teachta Connolly maidir leis an gceist faoi inscne ar an gcéad dul síos. Níl aon amhras agam ar cé chomh deacair is atá an cheist sin agus is é sin an fáth gur chuir mé an cheist sin ós comhair an chomhchoiste mar nílim cinnte faoi láthair conas a bheimid in ann an cheist sin a réiteach. Beidh na tuairimí atá os ár gcomhair anseo ón gcomhchoiste, ó na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí, ann nuair a bheimid in ann an Bille a chur ar ais os comhair na Dála. Déanfaimid ár ndícheall an cheist sin a phlé amach anseo.

Baineann an nós sin maidir leis an PAS, a d'ardaigh an Teachta Ó Cuív, leis an iolrachas agus leis an gcothroime sa chóras. Tá sé sin socraithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe agus ag an Rialtas maidir leis na boird agus na húdaráis eile chomh maith.

Maidir leis na ceantair toghcháin i dTír Chonaill agus i nGaillimh, is ceantar amháin atá i gceist. Tuigim an cheist maidir leis na hiarrthóirí ach is é an rud is tábhachtaí dom mar Aire Stáit le freagracht na Gaeltachta gur chóir dom a rá i dtosach nach mbeidh mé i m’iarrthóir don toghchán sin. Is é an rud atá á dhéanamh againn leis an mBille seo ná struchtúr a chur i bhfeidhm chun todhchaí na teangan agus phobal na Gaeltachta a chur chun cinn. Is é sin an rud is tábhachtaí. Maidir le hábhar na n-iarrthóirí, na roghnúcháin nó na toghcháin, agus an áit ina bhfuil cónaí ar dhaoine; tá sé an-tábhachtach i mo thuairim féin go mbeadh cónaí orthu sa Ghaeltacht mar is iarrthóirí agus urlabhraithe don Ghaeltacht iad na daoine a bheidh tofa mar chomhaltaí don údarás. Tá sé sin an-tábhachtach, ní hamháin don Ghaeltacht ach go háirithe don teanga.

Is é an rud is tábhachtaí don chruinniú seo ná tuairimí na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí a phlé. Aontaím maidir leis an bhfadhb a chuir an Teachta Ó Cuív os mo chomhair mar gheall ar na SNAanna agus na daoine a bhíonn ag obair mar sin. Beidh sé an-deacair iarrthóirí a fháil chun na hainmneacha a chur os comhair an phobail sa toghchán. Níl aon amhras orm faoi sin, go háirithe mar a dúirt an Teachta Connolly, de bhrí na bhfadhbanna a bhíonn go háirithe ag na mná.

Déanfaimid ár ndícheall an rud sin a phlé leis an gcomhchoiste agus leis an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe mar tá ról acu siúd san obair seo freisin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá roinnt ceisteanna agam maidir leis an gcuid seo den Bhille agus tiocfaidh mé ar ais chuig na baill ansin.

Baineann ceann amháin de na ceisteanna seo leis an stádas a bheidh ag comhalta. Baineann sé seo leis an méid a luaigh na Teachtaí Connolly agus Ó Cuív. Má tá daoine le toghadh, caithfear caitheamh leo agus iad a mheas ar nós gur ghnáthleibhéal bord Stáit é. Tá sé sin íseal go leor i gcomparáid ní hamháin leis an pá ach leis an airgead nó an liúntas a fhaigheann daoine ar chomhairlí contae. Ba chóir go mbeimid ag iarraidh go mbeidh an íocaíocht seo ar leibhéal na gcomhairlí contae. Thabharfadh sé sin stádas sa bhreis dóibh ó thaobh an cur chuige ionas go mbeadh daoine in ann smaoineamh ar an ról seo, ach ní mar post lánaimseartha, mar níl an pá nó an liúntas a fhaigheann comhairleoirí in a lán comhairlí contae ag an leibhéal agus ba chóir dó a bheith. Ba chóir go mbeadh sé i bhfad Éireann níos mó.

Ó thaobh na ceiste faoi inscne a d'ardaigh an Seanadóir Ó Donnghaile, an bhfuair an tAire Stáit deis féachaint ar an aighneacht a rinneamar ó thaobh ár bpáirtí de? Bhíomar ag díriú isteach ar bhord iomlán tofa, más mian leis an Aire Stáit cur leis sin. D'aithníomar go raibh ceantair bheaga agus gur gá go mbeadh beirt tofa astu sin. Chuirfeadh sé sin níos mó leis na ceantair mhóra chomh maith. Má tharlaíonn sé sin, abair, i gceantar na nDéise, bheadh beirt ann. D'fhéadfaí a rá ansin go mbeadh fear amháin agus bean amháin iontu siúd. Tá a fhios agam go mbeadh sé sin ag cur as don daonlathas ach tá sé seo eisceachtúil. An dtabharfadh an moladh sin deis don Aire Stáit an fhadhb sin a réiteach? Sna ceantair a bheadh triúr á dtoghadh iontu, déarfaimis go mbeadh ar a laghad bean amháin tofa ann. Ag deireadh an athraithe - tá níos mó i gceist ansin ag tabhairt aitheantas do cheantair cosúil le hUíbh Ráthach agus do cheantair atá luaite ag Teachtaí eile cheana féin - ní bheidh gach rud caite isteach, mar shampla i nGaillimh, i bpota amháin. Thabharfaí aitheantas dá réir do cheantair atá níos laige agus go n-aithnítear leis go bhfuil ceantair eile níos láidre. Bheadh cothromas de shórt ag an Aire Stáit ag an deireadh nó, ar a laghad, go mbeadh 40% de mhná tofa sa tslí atá curtha ar aghaidh againn. Is í an t-aon fhadhb atá leis sin ná go gcruthaíonn sé bord atá i bhfad Éireann níos mó, mar 23 ball a bheadh i gceist sa phlean atá leagtha amach againn.

Más ag caint faoi chumhachtaí breise a bheith ag an údarás atáimid, agus tiocfaidh mé ar ais chuige sin, nó má táthar ag tabhairt aitheantas go bhfuil an obair atá á déanamh ag comhaltaí an údaráis ar comhchéim le hobair leibhéal chomhairleora contae nó a leithéid, táthar ag rá ansin go gcaithfimid a chinntiú de go bhfuil na daoine atá tofa ag glacadh freagracht do cheantar ar leith. Is é sin go bhfuil duine ann ag tabhairt aitheantas nó tacaíocht, mar shampla, d’Uíbh Ráthach agus go bhfuil duine ann ar son na n-oileán. D'fhéadfadh toghcháin a bheith againn agus gan aon duine a bheith ar an mbord ó cheantar na n-oileán nó a chinnteodh go bhfuil aird á tabhairt do na fadhbanna ar leith atá le brath chun cónaí a bheith ar dhuine ar na hoileáin.

Ní thuigim an fáth go bhfuil srian dhá théarma i gceist. Tuigim más duine atá ainmnithe atá i gceist leis sin ach má tá an pobal sásta duine a thoghadh ní chóir go mbeadh srian mar sin ann. B'fhéidir nuair a bheidh an tAire Stáit ag díriú isteach ar an mBille go mbeidh sé in ann féachaint ar an gceist sin.

Dhéileáil an tAire Stáit leis na ceisteanna eile maidir le cónaí nó obair sa Ghaeltacht agus ó thaobh an chathaoirligh de. Is é sin, más bord iomlán tofa é, ba chóir go mbeadh an cathaoirleach tofa ó laistigh den dream sin.

Tá doiciméad cuibheasach cuimsitheach againn agus chuir dreamanna eile doiciméid os ár gcomhair. Beidh siad sin, dár ndóigh, sa tuarascáil ach más mian leis an Roinn go gcuirfidh an comhchoiste iad ar aghaidh chuici roimh an tuarascáil a chur i dtoll a chéile, abair linn, lena toil, agus déanfar sin.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.

Ar dtús maidir le cúrsaí pá, tá an pá ceangailte le pá na bpríomhfheidhmeannach. Don chathaoirleach, is pá €11,970 atá i gceist agus do na gnáthchomhaltaí, is pá €7,695 é. Tá sé sin socraithe leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe.

Maidir leis na coistí réigiúnacha, tá sé sin an-tábhachtach mar a luaigh an Cathaoirleach agus-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nílimid ag déileáil leis na coistí réigiúnacha go fóill.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an mbord agus na fadhbanna a ghabhann leis na hoileáin, leis na réigiúin éagsúla agus leis an bpobal, b'fhéidir go mbeimid in ann an cheist sin a phlé nuair a bheimid ag caint faoi na coistí réigiúnacha.

Maidir leis na ceisteanna faoi inscne a luaigh an Cathaoirleach agus cé chomh casta is atá siad, táim in ann iad sin a phlé amach leis an gcomhchoiste agus tuairimí na mball a bhreith liom agus beidh siad sin i m'intinn nuair a bheidh mé ag teacht ar ais leis an mBille roimh dheireadh na bliana.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon bhall eile ag iarraidh teacht isteach ansin? Glaoim ar an Teachta Ó Cuív ar dtús. An bhfuil an Teachta Ó Murchú ag iarraidh teacht isteach chomh maith ansin?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An smaoineodh an tAire Stáit ar scríobh isteach sa Bhille go gcaithfeadh duine amháin a bheith ainmnithe ag an Aire agus cónaí buan a bheith air nó uirthi ar oileán? Is é sin an cleachtas a bhí ann ar feadh scaithimh ach nach raibh scríofa san Acht.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhéidir go mbeinn in ann é sin a fhreagairt don Teachta sa chéad cheannteideal eile i dtaca leis na coistí réigiúnacha.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhéidir é. Go hiondúil, is ionadaí ó na hoileáin ar fad a bheadh ann do na hoileáin.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh an Cathaoirleach cé chomh deacair is atá an t-ábhar sin agus cé chomh mór freisin a bheadh an t-údarás féin dá mbeimis in ann suíochán a bheith againn do bhall de na hoileáin agus do na réigiúin éagsúla. Bheadh an bord níos mó agus níos mó-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní hé sin atá mé ag moladh ar chor ar bith. Tá seisear ainmnithe. Tharla sé dhá nó trí huaire - níl a fhios agam faoin méid sonrach sin - gur ainmnigh an tAire - ní raibh ach triúr ainmnithe ag an am - duine ó na hoileáin le bheith ar an mbord mar dhuine de na daoine ainmnithe. D'fhéadfaí foráil a chur ann go gcaithfí duine a ainmniú a bheadh cónaí air nó uirthi ar na hoileáin.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim ceist an Teachta ach b'fhéidir faoin tráth sin nach mbeidh mé féin i m’Aire Stáit le freagracht na Gaeltachta aige. Tar éis na dtoghchán, ní hamháin go bhfuilimid ag caint faoi na fir as na ceantair éagsúla, ach bheadh an-deacracht ag an Aire Stáit ag an am fadhb agus ceist na hinscne sin a réiteach. Is é sin an rud is tábhachtaí faoi láthair. Níl aon amhras orm cé chomh tábhachtach is atá na ceisteanna faoi na hoileáin agus faoi na pobail éagsúla istigh sa Ghaeltacht. Tar éis na dtoghchán, mura mbeadh ach fir tofa iontu, bheadh ceist an-deacair don Aire faoin tráth sin. Ní bheidh sé nó sí in ann ach mná a chur ar an mbord.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cinnte gur fadhb í sin, ach tá mná ar na hoileáin.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cinnte go bhfuil.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Na daoine a bhí ainmnithe ar an mbord ó na hoileáin go dtí seo, is mná a bhí iontu. Bhí bean amháin ann le píosa fada.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go mbeidh mé in ann teacht ar ais arís don Teachta maidir leis an gceist seo.

Tuigim go bhfuil pointe ag an Teachta maidir le pobal na n-oileán ach tiocfaidh mé ar ais chuige maidir leis an bpointe sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist eile agam ó thaobh na gceannteideal. Tá toghcheantar amháin do Mhaigh Eo, agus toghcheantar amháin do Ghaillimh le trí shuíochán ann. Tá fadhb eile ann. Níl a fhios agam an bhfuil mioneolais ag an Aire Stáit ar cheantar Mhaigh Eo. Sa trí cheantar i nGaeltacht Mhaigh Eo: tuaisceart Mhaigh Eo thuas in Iorras; Acaill; agus ceantair Coill an tSiáin, Fionnaithe agus Tuar Mhic Éadaigh. Neamhchosúil le haon Ghaeltacht eile sa tír, tá teorainn chontae i gceist leis an tríú cheantar atá luaite agam - tagann an Ghaeltacht isteach ansin go Chontae na Gaillimhe. Má shuím sa chistineach sa bhaile agus má bhreathnaím amach an fhuinneog, 2 nó 3 míle síos an bóthair uaim feicim na cnoic i bhFionnaithe. Má bhreathnaíonn tú ar an mbriseadh síos den daonra i gContae Mhaigh Eo, is duine as Iorras a thoghfar mar tá formhór na vótaí thíos ansin. B’fhearr leo siúd i bhfad go mbeadh ionadaíocht acu agus is argóint eile é sin i bhfabhar trí cheantar aon suíochán amháin a dhéanamh de Gaillimh. Dá mbeadh siadsan ceangailte le Dúiche Sheoigheach, agus fiú le hIorras Aithneach, is mó an ceangail i bhfad atá acu sin ná mar atá acu le hIorras. Maidir le Dúiche Sheoigheach, má fhagann tú an ceantar sin agus tú ag dul siar an bóthar, tagann tú go Droichead an tSnámha agus go tobann tá tú i gContae Mhaigh Eo. Má choinníonn tú leat díreach siar an bóthar sin, tiocfaidh tú chomh fada leis an bpub sin ar a dtugtar na Larches. Tá sé sin i gCo Mhaigh Eo agus tá an chéad teach eile i gContae na Gaillimhe. Tá Seanadh Farracháin, Tóin na Lí, Na Fuaiche agus an Chorr Riabhach i gContae na Gaillimhe, amach go dtí An Mám. B’fhearr i bhfad go mbeadh na háiteanna sin sa toghcheantar céanna, nó ar a laghad ar bith go dtabharfaí rogha do mhuintir deisceart Mhaigh Eo. Ní hé go mbeidh siad ag glaoch do Ghaillimh san All-Ireland ach tá mé a ceapadh, go mór mhór dá mbeadh trí thoghcheantar aon suíochán amháin i nGaillimh, gur bhfearr leo bheith istigh le Dúiche Sheoigheach ná le hIorras mar is mó seans go bhfaighidís freastal.

Ceist eile atá agam ná cén liúntas a íoctar le comhairleoirí contae. Tá na finnéithe ag caint ar €7,000 a íoc agus go bhfios domsa íoctar rud éigin ar nós €37,000 le comhairleoirí contae de bharr taistil agus rudaí eile atá orthu a dhéanamh mar ionadaithe poiblí tofa. Má tá tú mar ionadaí poiblí tofa ar Údarás na Gaeltachta, áfach, gheobhaidh tú €7,000. Mar is eol don Aire Stáit go rímhaith, tá fíorchostais ag baint le bheith i d’ionadaí poiblí tofa. Fágfaidh mé mar sin é.

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cuid mhór de seo ráite cheana féin. Tá fadhb leis an bpá agus maidir leis na daoine a mbeidh costas orthu a bheith mar iarrthóirí. Fillim ar an tionól iomlán tofa. Níl mé cinnte gur gá le hainmniúcháin ar an mbord. Tuigim na deacrachtaí atá ann maidir le cuótaí inscne nó a leithéid a chur i bhfeidhm ach caithfimid a bheith measartha imaginative agus seo á dhéanamh. Deirim go fóill, i measc cuid mhór daoine eile, go bhfuil fadhbanna ann mar gheall ar na ceantair scartha. Caithfimid rud éigin a dhéanamh faoi sin agus caithfimid amharc arís ar na huimhreacha maidir leis an mbord. Is iad sin na ceisteanna uilig.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is dócha go bhfuil ábhar thar a bheith suimiúil ardaithe ag an Teachta Ó Cuív ó thaobh mórchónaí sa cheantar agus san áit agus an fhadhb maidir le dhá théarma. Ba mhaith liom tuilleadh a chloisteáil ón Roinn maidir leis an dá rud sin más féidir iad seo a phlé linn anois. Ghlac mise le dhá théarma, mar bhí mé gafa le rudaí eile, ach ceapaim go bhfuil sé tábhachtach srian mar sin a chíoradh amach anois, áfach. An mbeidh srian ar na daoine a bhéas á gceapadh ag an Roinn? An mbeidh orthu siúd a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht freisin? Ba mhaith liom tuilleadh a chloisteáil faoi sin.

Maidir le leibhéal B2 sa TEG, d’ardaigh mé sin mar gur ardaigh daoine éagsúla é. An bhfuil aon mhachnamh déanta ó thaobh teacht ar bhealach eile chun a chinntiú go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag na daoine gan an B2 mar chaighdeán? Tá gá práinneach le caighdeán ach tá mé ag iarraidh a fháil amach cén chaoi is fearr a fhiosrú an bhfuil bealach eile ann.

Maidir le tuilleadh mná, is dócha go bhfuil níos mó machnaimh a dhéanamh air sin agus conas a chinntiú go mbeidh cothromaíocht ó thaobh na mban de agus na coinníollacha bunúsacha ann i dtús báire ó thaobh táillí de. Má tá mná thíos leo, is rud é sin. Tá an tAire Stáit ag rá go mbaineann sé seo leis an Roinn eile ach is rud é atá chomh bunúsach. Ní féidir mná nó aon duine a mhealladh nach bhfuil in acmhainn dóibh é a dhéanamh agus ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir baill áirithe ar bhord an údaráis; ní féidir glacadh le sin.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh an Teachta Ó Cuív ceist maidir le TEG B2, an chaoi a oibríonn an próiseas, agus an mbeidh gá a rá le daoine dul agus fáil amach an bhfuil siad cáilithe. Ní bheadh sé ró-mhaith de dhuine éigin ráiteas a chur amach ar Raidió na Gaeltachta go bhfuil sé ag seasamh den bhord agus ansin a fháil amach nach bhfuil siad cáilithe mar gheall ar an teastas. Cheap siad go raibh siad cáilithe ach b’fhéidir nach raibh. Caithfimid smaoineamh ar cén chaoi a d’fhéadfaí é sin a eagrú.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le TEG B2, is é tuairim an Roinn ná gurb é sin an chaighdeán is bunúsaí atá ag teastáil le próisis agus gnó an údaráis a phlé. Beidh na scrúdaithe ar siúl i Maigh Nuad agus beidh ar na hiarrthóirí agus na daoine tá ag dul tríd an PAS iad a dhéanamh. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh ar son muintir na Gaeltachta agus ar son an Ghaelainn trí mheán na Gaeilge agus go mbeadh caighdeán faoi leith acu chun é sin a dhéanamh. Roimh an toghchán, beidh ar na hiarrthóirí é sin a dhéanamh chomh maith.

Maidir le ceist an phá, is an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe a réitíonn é sin. Aontaím leis an Teachta Ó Cuív faoi cé chomh deacair is a bheidh sé ar na daoine atá tofa nó roghnaithe ag an mbord, cé chomh mór is atá na ceantair ina bhfuil cónaí orthu agus an méid oibre a bheidh le déanamh acu. Aontaím le hábhar an cheist ach tá sé réitithe agus socraithe ag an Roinn sin. Mar sin, b’fhéidir gur ceist é sin do mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Donohoe.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nach bhféadfaí fós an cheist sin a ardú agus a rá go bhfuil comhaltaí an Chomhchoiste Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge míshásta le seo?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhéidir go mbeadh baill an chomhchoiste in ann é sin a dhéanamh. Aontaím leis an méid atá ráite ag an Teachta go dtí seo.

Maidir leis an gceist faoin dá théarma a bhí ag an Teachta Connolly agus Teachta Ó Cuív, táimid ag lorg daoine nua. Táimid ag súil le daoine agus le tuairimí nua ar bhord an údaráis. Tá sé an-thábhachtach do phobal na Gaeltachta go mbeadh daoine nua, mná nua ach go háirithe, ag teacht ar an mbord. Is é sin an fáth go bhfuilimid in ann an riail seo faoin dá théarma a chur isteach sa Bhille.

Chuir an Teachta Ó Murchú a mhéar ar rud éigin. Tá sé an-chasta, go háirithe ó thaobh na gceisteanna inscne de. Tá ceist na n-oileán casta freisin, chomh maith le ceisteanna maidir le cé chomh mór is atá na ceantair, na limistéir teanga, agus teorainn na gcontae. Tá an rud sin an-chasta agus tá sé an-dheacair don Roinn é sin a phlé ina haonair. An fáth go bhfuilim ag cur na gceisteanna seo ós bhur gcomhair ná chun go mbeadh baill an choiste in ann cabhair a thabhairt dom na rudaí sin a phlé. Fillfidh mé ar an Teachta Connolly má bhíonn am maidir leis an daonra sa Ghaeltacht agus rudaí mar sin. Beidh seans againn cúrsaí a phlé arís. Taobh amuigh den seomra coiste, ba mhaith liom tuairimí baill an chomhchoiste a chloisteáil sa Roinn nó sa Teach seo, go neamhfhoirmiúil, chun na ceisteanna casta seo atá sa Bhille a phlé agus ár ndícheall a dhéanamh le chéile ar son na Gaeilge agus ar son pobal na Gaeltachta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an tAire Stáit ag rá go gcaithfidh daoine a bheith úr nua le gur féidir leo seasamh mar bhaill. D’fhéadfaí an prionsabal céanna a bheith i gceist nó an rud céanna a rá faoin Dáil. An dearcadh atá agamsa faoin Dáil áfach, agus déarfadh tromlach na gcomhaltaí anseo, go mór mhór muid atá anseo le píosa fada, má tá an pobal sásta linn, cén fáth go gcaithfí amach muid? Cé hé an Stáit le rá nach féidir na daoine sin a thoghadh arís? Ní fheicim cén fáth nach mbeadh an prionsabal céanna i gceist le bord an údaráis is atá i gceist sa Dáil. Caithfidh mé a rá, thar na blianta, agus tá mé píosa fada ag plé le heagraíochtaí, scaití feileann sé fáil réidh le daoine ach scaití ní fheileann sé fáil réidh le daoine agus faightear réidh le daoine gan aon chúis a bhí thar cionn ar fad. Ní fada an tréimhse é deich mbliana.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is údarás an-speisialta é Údarás na Gaeltachta agus tuigimid cé chomh tábhachtach is atá sé don teanga. Is é seo an fáth go bhfuilimid ag cur an Bille, na treoirlínte agus na ceannteidil ós comhar an choiste. Tá siad tábhachtach do thodhchaí agus dul chun cinn na teanga agus do phobal na Gaeltachta. Nílimid ag déanamh neamhaird ar na prionsabail a luaigh an Teachta maidir leis an Dáil, ach an rud atá tábhachtach anseo ná nach bhfuil le déanamh ag an údarás ach todhchaí agus forbairt na Gaeilge a chur chun cinn agus is sin é an fáth go bhfuil Bille speisialta agus casta ós ar gcomhair inniu.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar ndóigh, tá Údarás na Gaeltachta thar a bheith tábhachtach. Is é sin an fáth go raibh cuid againn ag troid go dtabharfaí ar ais an bord tofa mar chonaic muid go raibh sé ag feidhmiú níos fearr ná an bord ainmnithe. Ní fheicimse fadhb ar bith daoine a choinneáil ann. Mar dhuine Gaeltachta atá ina cónaí sa Ghaeltacht, tá mé ag troid ar son na cúise ar feadh leath chéad bliana. Tá fuinneamh agam fós agus creidim go bhfuil ionchur agam fós. Is iomaí duine atá gníomhach i gcúrsaí Gaeltachta a thosaigh thart ar an am céanna liom féin. Ní thuigim cén fáth go bhfuiltear ag cur srian leis an gcineál duine ar an mbord má roghnaíonn an pobal iad.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tuilleadh díospóireachta ag teastáil. Níl mise sásta leis an bhfreagra. Le bheith ionraic, níor smaoinigh mé faoi nuair a ghlac mé leis an dá théarma, go dtí gur chuala mé an rud faoi. Tá an tAire Stáit ag rá gur áiteanna faoi leith iad na Gaeltachtaí ach níl aon chiall le sin mar táimid in ann seasamh mar Theachtaí sa Dáil.

Maidir leis an seisear atá le ceapadh ag an Roinn, an bhféadfaí é sin a mhíniú dom freisin? Cé fáth go bhfuil seisear le ceapadh? Cén fáth nach bhfuil níos mó solúbthacht ó thaobh tuilleadh ionadaíochta a thabhairt do Uíbh Ráthach, mar shampla, nó Maigh Eo, nó áit éigin eile seachas díreach seisear a ainmniú?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chloí muid leis an dearca idirnáisiúnta faoi líon na ndaoine ar cheart a bheith ar boird agus is é sin an fáth a tháinig muid ar an uimhir sin. Maidir leis an seisear comhalta eile, is é PAS a eagraíonn na comórtais phoiblí seo, áit a mbíonn an deis ag muintir an phobail iad féin a chur chun tosaigh le bheith ceaptha ar bhoird Stáit. Ceaptar líon áirithe de chomhaltaí ar bhord an údaráis sa chur chuige seo faoi láthair agus is rud maith é sin a bheith i gceist. Is é sin an fáth go mbeidh an cur chuige seo á choinneáil sa chur chuige nua atá beartaithe anois.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó mo thaobh féin de, maidir leis an dá théarma, má chuirtear sin sa Bhille measaim go mbeadh seans ag duine cás cúirte a thógaint toisc go bhfuil srian á chur ar an daonlathas. Caithfimid a bheith cúramach. Aontaíonn gach duine gur chóir go mbeadh athrú ann uaireanta. Bíonn daoine ag rá go bhfuil mise anseo ró-fhada. Is ag an bpobal atá an vóta. Is ormsa atá sé a rá go bhfuil fuinneamh nó smaointe fós agam agus caithfidh an pobal cinneadh a dhéanamh. Má táimid ag dul ar aghaidh le hainmniúcháin, tuigim an fáth go mbeadh dhá théarma i gceist. Is é sin an áit a bhfuil smacht an an Aire nó PAS nó cibé eagraíocht eile. Ó thaobh an dream atá ag vótáil, áfach, ba cheart machnamh a dhéanamh air.

Agus mé ag caint, ó thaobh an tuarastail - nó is íocaíocht atá ann - tá a lán daoine ar bhoird Stáit eile a bhfuil níos mó airgid a fháil acu. Measaim gur timpeall €11,000 nó €12,000 an ghnáthráta. Tuigim ó Fáilte Ireland gurb é sin an figiúr. Cén fáth go bhfuil Fáilte Ireland níos fearr ná Údarás na Gaeltachta? Ar an gcéad dul síos, má chreidimid go bhfuil Údarás na Gaeltachta chomh tábhachtach sin, agus má táimid á thógaint ar ais mar bhord atá tofa ag an bpobal, ba chóir go mbeadh an liúntas céanna á fháil ag na baill is atá ag comhairleoirí. Tá an liúntas sin íseal go leor, suarach ina lán bealaí. Má táimid ag rá go bhfuil an obair atá roimh baill bhoird an údaráis ar an leibhéal sin, is €25,788 an liúntas atá ar fáil. Tagann an méid atá an Teachta Ó Cuív tar éis a lua anuas air sin, sé sin costas taistil agus freastal ar chruinnithe. Is é sin an liúntas.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cheap mise go raibh sé ardaithe ó €25,000.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

€25,788 a bhí ann anuraidh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nár tháinig rud nua isteach agus go bhfuil sé anois €37,000 nó mar sin?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhéidir go bhfuil sé níos mó ná sin ach pé rud é, ní liúntas €7,000 atá ann.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé i bhfad níos mó ná sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith le héinne eile teacht isteach?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom níos mó a chloisteáil ó Roinn faoin dá théarma.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an ábhar sin-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Is dócha go mbaineann sé le cumhachtaí an údaráis. Beidh muid ag teacht ar ais ag na cumhachtaí agus na coistí réigiúnacha. Tá an rud fite fuaite. Bhí na dreamanna a tháinig os ár gcomhair ag labhairt faoi chúrsaí pleanála, agus tiocfaimid ar ais aige sin, ach bhí siad ag rá go bhfuil tuilleadh cumhachtaí ag teastáil. Ag an am céanna, táimid ag caint faoi Bhille srianta chun toghcháin a thabhairt ar ais. Is dócha go bhfuil beagán meascán mearaí ann ó thaobh cad atá i gceist maidir leis an mbord, an bord Stáit é nó bord tofa. Tháinig sé sin aníos nuair a bhí muid ag smaoineamh ar na meáin chumarsáide. D’iarr an Seanadóir Kyne an mbeadh na meáin chumarsáide in ann freastal ar na cruinnithe. Tá an Roinn ag rá linn gur rud faoi leith atá in Údarás na Gaeltachta agus sin an fáth go bhfuil dhá théarma i gceist ach ar an lámh eile-----

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an ábhar céanna, níl a fhios agam cén fhianaise atá feicthe ag an Teachta Ó Cuív go bhfuil sé in ann a rá go bhfeidhmeoidh bord tofa níos fearr ná bord ainmnithe. Sin ceist. Ó thaobh an dá théarma, téann sé ar ais ag an seancheist: an bhfuilimid ag caint faoi bhord Stáit, mar a dúirt an Teachta Connolly, nó faoi chomhairle contae leis an údarás? Sna Billí uile atá ag dul tríd an Oireachtas le haon bhord nua a bhunú, bíonn an srian seo ann de dhá théarma do chuile bhord nua. Sílim gur as sin atá seo ag teacht. Níl a fhios agam an bhfuil sé ceart ach sin an chaoi a n-oibríonn chuile bhord nua; bíonn srian ann de dhá théarma agus ansin d’fhéadfadh daoine seasamh amach ar feadh téarma amháin agus seasamh arís má theastaíonn. B’fhéidir go bhféadfaí breathnú arís air sin. Níl a fhios agam.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanfaidh mé sin. Tá mé tar éis tuairimí na dTeachtaí Connolly agus Ó Cuív agus an tSeanadóra Kyne a chloisteáil. Aontaím go hiomlán leis an méid atá ráite. Rachaidh mé ar ais leis an bpointe sin faoin dá théarma agus déanfaidh mé athrú agus beidh mé ar ais ag an gcoiste arís. An bhfuil sé sin okay?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an tAire Stáit atá ag déanamh na reachtaíochta agus beidh an reachtaíocht sin os ár gcomhair. Bheadh muid sásta dá mbeadh sé sin athraithe.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. Tá a fhios agam go bhfuil eolas maith aige ar Chiarraí theas agus Corca Dhuibhne. Sna toghcháin a bhí ann in 2005, bhí dhá shuíochán ag Ciarraí ach faoin mBille seo ní bheidh ach suíochán amháin. Sin céim chun cúil don daonlathas. Ní bheidh aon ionadaíocht ag Ciarraí theas sa phlean seo nó ag Gaeltacht Uíbh Ráthaigh. Bhí an tAire Stáit thíos ansin cúpla seachtain ó shin. Tá an daonra in Uíbh Ráthach ar comhchéim le Gaeltacht na nDéise nó Gaeltacht na Mí. Tá plean ag Sinn Féin chun cothrom na Féinne a chinntiú do Chiarraí ar bhord iomlán tofa. An bhfuil an plean sin léite ag an Aire Stáit? Cad iad a thuairimí ar an bplean sin chun níos mó suíocháin a thabhairt ar ais do Chiarraí theas go mór mór? Bhí dream istigh coicís ó shin ag argóint faoi níos mó daonlathais do na Gaeltachtaí i gCiarraí.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá a fhios agam an cheist atá sé tar éis cur os mo chomhair mar bhuail mé leis an bpobal i gCathair Saidhbhín agus chuir siad an cheist sin orm. Sílim gur ceist dheacair í. Bhíomar ag plé na ceiste céanna leis an Teachta Ó Cuív maidir leis na Gaeltachtaí i gContae Mhaigh Eo freisin. Tá deacracht ann. Chuir an Cathaoirleach a mhéar ar an gceist agus ar an deacracht, sé sin, an méid níos mó a bheadh ar an mbord dá mbeadh suíochán eile sna pobail a luadh. Ar an ábhar sin, beidh seans don phobal sin oibriú leis an údarás nó leis na coistí réigiúnacha. B’fhéidir go mbeidh mé in ann an méid atá an Roinn ag smaoineamh air maidir leis na coistí réigiúnacha a léamh amach anois.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má tá daoine críochnaithe leis an gcuid seo faoi na comhaltaí, is féidir linn bogadh ar aghaidh go dtí na ceannteidil eile.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Más rud é gur deichniúr tofa a bheidh ann, mar atá luaite, ba mhaith liom é seo a chur ar an taifead. Má bhreathnaíonn muid ar chainteoirí laethúla Gaeilge, bheadh duine amháin tofa do chuile 3,000, nó breis agus 3,000, chainteoir laethúil Gaeilge i nGaillimh. Bheadh duine tofa do chuile 2,800 chainteoir laethúil Gaeilge i dTír Chonaill, le dhá shuíochán. I gCiarraí, bheadh duine amháin tofa do 2,131. Gabh mo leithscéal; i nGaillimh bheadh an uimhir níos airde. Rinne mé dearmad ar an gcathair, so tá 600 eile le cur leis sin. I Maigh Eo, bheadh duine amháin do 726, i gContae na Mí do 276, i bPort Láirge do 508 agus i gCorcaigh do 847. Beidh an ionadaíocht is lú ó thaobh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ag Gaillimh agus Tír Chonaill. Dá mbeadh suíochán breise ann, is i nGaillimh i dtosach báire agus ansin i dTír Chonaill gur cheart an suíochán breise a bheith ann.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I hear what you are saying. Sin í an fhadhb chéanna le comhairleoirí contae i mBaile Átha Cliath nó i Liatroim. Tá deacracht maidir le comhairleoirí contae agus comhairleoirí cathrach muna bhfuil siad i dTamhlacht nó i mBéal an Átha. Tá an deacracht sin ann freisin maidir leis na comhairleoirí contae.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An pointe atá mise ag rá ná, bunaithe ar dheichniúr, go bhfuil an cothromas is fearr is féidir leat a fháil ann, má ghlacann tú leis an bprionsabal go mbeidh duine amháin ag chuile cheantar Gaeltachta, rud a ghlacaimse leis. Tá mé ag ceapadh gur mé féin a chur tús leis sin. Glacaim leis gur mba cheart go mbeadh ionadaí amháin ó chuile chontae ina bhfuil Gaeltacht. Más mar sin é agus más deichniúr an fhigiúir, caithfidh triúir a bheith i nGaillimh agus beirt i nDún na nGall. Bheadh aon rud eile míchothrom.

Maidir le méid an bhoird, méadaíodh, mar shampla, Comhairle Contae na Gaillimhe ó 30 go 39. Ní thuigim cén fáth gur féidir le comhairlí contae boird mhóra mhillteacha a bheith acu agus nach féidir le comhlachtaí. B’fhéidir gur féidir leis na gúrúnna idirnáisiúnta comhairle a chur orainn ar cén fáth gur oibrigh sé sin ach bíonn mistéir ormsa i gcónaí.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí sé ag oibriú níos fearr le 30.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí sé i bhfad níos fearr le 30.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá breis agus 50 ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor mhol mise an t-athrú sin. Mar is eol don Seanadóir, is big Phil a thug isteach é sin.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An féidir linn bogadh ar aghaidh ón gceannteideal sin? Má tá breis pointí ag na comhaltaí, is féidir linn iad a chur isteach sa tuairisc a dhéanfaimid chuig an Aire bunaithe ar an bplé seo.

Baineann an chéad cheannteideal eile leis na toghcháin. Deirtear go ndéanfar na toghcháin ó am go ham mar a ordaítear le rialachán ach nach mbeidh an tréimhse níos faide ná cúig bliana. Is ballóid rúnda é agus íocfar as le hairgead a sholáthraíonn an tOireachtas. Níor ardaíodh aon cheist mar gheall air sin so glacaim leis go bhfuil daoine sásta leis sin.

An chéad cheann eile-----

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá smaoineamh amháin agam faoi sin. B’fhéidir nach n-aontaíonn aon duine liom. Ar smaoinigh an Roinn ar cheist na bpóstaer agus bac a chur ar phóstaeir?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhíomar ag plé na ceiste sin cúpla seachtain ó shin sa Roinn. Beidh seans againn í a phlé leis an gcoiste, b’fhéidir. Ba mhaith liom tuairimí na gcomhaltaí a fháil ar an ábhar sin. Tá tuairim agam go mbeidh seans againn an toghchán sin a bheith ann gan phóstaeir.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba cheart bac a chur orthu go léir do chuile toghchán. Beimid in ann breathnú ar an bprionsabal.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go bhfuil deis ann é sin a dhéanamh agus b'fhéidir go mbeidh sé sin an chéad toghchán ina mbeimid in ann é sin a dhéanamh agus na toghcháin a thagann ina dhiaidh sin gan póstaeir. Bheadh sé sin ar fheabhas ar fad.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bíonn costas ar na rudaí seo do na hiarrthóirí.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní thiocfainn leis sin ar chor ar bith ar chúis amháin an-simplí; is mian liom é.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid éagsúil.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá seans ann go bhféadfadh an toghchán seo a bheith ar siúl ar lá an toghcháin áitiúil. Má bhreathnaíonn tú ar mhapa na Gaeltachta, beidh sé soiléir go bhfuil áiteanna áirithe ann ina bhfuil baile fearainn amháin istigh is baile fearainn eile amuigh. Ar a laghad ar bith, bíonn barúil ag daoine cén toghcheantar ina bhfuil siad sa gcomhairle chontae agus ar an imeall nó ar an teorainn. Mar shampla, má théann tú siar go Cloch na Rón, ar chúis éigin tá Iorras Beag istigh ach níl an chéad bhaile fearainn eile i dtreo bhaile Chloch na Rón istigh agus tá Inis Ní istigh agus mar sin de. Tá sé thar a bheith gioblach. Tá an rud céanna ann ar an gCaiseal agus in Uíbh Ráthach. Anonn is anall tá bailte fearainn anseo is ansiúd. Bheadh sé fíorthábhachtach, go mór mór má tá toghchán eile ar bun, go mbeadh cead póstaeir ionas go dtuigfeadh daoine cé atá istigh is cé atá amuigh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfidh mé mo ladar isteach ansin chomh maith. Glacaim leis go mbeidh an toghchán seo nó an rolla toghthóirí faoin gCoimisiún Toghcháin. Is é sin an dream a bheidh ag eagrú na hionaid vótála, na cártaí ballóide agus an liosta dóibh siúd a bheadh faoi sin. Má tá ceist faoi phóstaeir nó faoi na srianta atá ar duine atá mar iarrthóir, ba cheart go mbeadh siad sin ag teacht ón gcoimisiún sin, seachas go mbeadh cinn dhifriúla ag an údarás. Sin an loighic atá ann agus caithimid smaoineamh air sin. Ba cheart go mbeadh gach rud luaite sa reachtaíocht má tá sé chun a bheith difriúil.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor ardaíodh aon cheist eile ach is féidir linn a chur isteach gur ardaíodh an cheist ag an staid seo. Baineann ceannteideal 5 leis na coistí réigiúnacha agus measaim go bhfuil an tAire Stáit ag iarraidh teacht isteach faoi sin.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaithe le treisiú a dhéanamh ar an nasc idir an bord agus na pobail Ghaeltachta, lena n-airítear grúpaí pleanála teanga, bunófar dhá choiste réigiúnach a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí den bhord. Tá sé i gceist agam go mbeadh triúr ó bhord an údaráis agus beirt ón bpobal áitiúil á gceapadh ar an gcoiste seo. Beidh sé mar chúram ag an dá choiste réigiúnach comhairle a chur ar an mbord maidir le saincheisteanna a bheidh ag dhéanamh scime de phobal na Gaeltachta. Beidh ceann de na coistí ag plé le ceantair Ghaeltachta Dhún na nGall, Maigh Eo, na Mí agus na Gaillimhe. Beidh an coiste eile ag feidhmiú thar cheann ceantair Ghaeltachta na Mumhan i gCiarraí, i gCorcaigh agus i bPort Láirge. Chuirfeadh cur chuige den chineál seo ar chumas an bhoird a bheith in ann, ar lámh amháin, leas a bhaint as an réim scileanna rialachais atá ar fáil don bhord faoi láthair mar thoradh ar an gcur chuige reatha agus, ar an lámh eile, cur tuilleadh le daonlathas an bhoird, rud ata an-tábhachtach do phobal na Gaeltachta.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as sin. Tá sórt céille leis an méid sin. Bhí Anna Ní Ghallachair agus Micheál Ó hÉanaigh os ár gcomhair an tseachtain seo caite nó coicís ó shin agus luaigh siad gur cheart go mbeadh trí choistí réigiúnach: Gaillimh, Maigh Eo agus an Mí le chéile; Dún na nGall ina aonar-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'shin an briseadh síos. Bhí trí cinn acu cheana féin san údarás.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----agus na ceantair i gCúige Mumhan le chéile. Sin an chéad rud. An bhféadfadh an tAire Stáit breathnú air sin?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Teachta Connolly ag iarraidh teacht isteach air sin?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An é seo na coistí réigiúnacha?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An raibh díospóireacht faoi?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh ach léigh an tAire Stáit amach cad atá i gceist.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'ardaigh cuid de na dreamanna a tháinig os ár gcomhair an loighic atá taobh thiar de na coistí réigiúnacha agus an briseadh síos. Tiocfaidh mé ar ais maidir leis seo ach ba mhaith liom a chloisteáil ó na baill ar dtús.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Teachta Ó Cuív ag iarraidh aon rud a rá faoi seo?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cinnte. Má thuig mé an tAire Stáit i gceart, beidh triúr ó chomhaltaí an bhoird ceaptha ar na coistí réigiúnacha seo. Cé eile a bheas orthu?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An pobal áitiúil.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé hiad an pobal áitiúil?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom tuairimí na mball a fháil ar an ábhar sin. B'fhéidir go mbeidh seans ag an gcomhairle chontae ainm a chur os comhair an Aire chun duine a bheith ceaptha mar bhall den choiste sin. Tá bhur dtuairimí á lorg agam.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bheadh mise i bhfabhar na comhairlí contae mar fiú i nGaillimh is mionlach taobh istigh den chontae iad muintir na Gaeltachta sa gcomhairle chontae. Má táthar ag tabhairt forlámhas do dhream nach bhfuil baint ar laghad acu le Gaeilge - formhór mór acu, níl aon Ghaeilge acu - duine a roghnú le bheith ionadaíoch do phobal na Gaeltachta, nílim i bhfábhar sin. Tá beagáinín le cois 3,000 cainteoir laethúil Gaeilge a bheadh faoi cheannas bord an deiscirt. I gcás na mbord eile, bheadh thart ar 17,000 duine a labhraíonn Gaeilge go laethúil ann. Tá mise ag áireamh na daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil mar tá fadhb ann é a dhéanamh aon bhealach eile le Gaillimh agus tá daonra i bhfad Éireann níos mó ná sin. Tá éagothromas aisteach ansin idir an deisceart agus Tír Chonaill, Maigh Eo, Acaill, deisceart Mhaigh Eo, Gaillimh, na hoileáin agus Contae na Mí. Ní thiocfainn leis sin. Cén áit a tharraingeofar an líne? Caithfear trí bhoird agus trí choistí a bheith ann agus caithfear rogha a thabhairt do mhuintir Mhaigh Eo. Braitheann sé seo ar chinneadh a dhéanamh faoi dheisceart Mhaigh Eo, ch dá dteastódh ó mhuintir Acla agus ó mhuintir Iorrais dul le Tír Chonaill bheadh an rogha sin acu agus ba cheart dúinn dul i gcomhairle leo. Is cineál meascadh de Ghaeilge thuaisceart Mhaigh Eo le Gaeilge Thír Chonaill agus Gaeilge dheisceart Chonamara a bheadh ann. Tá an dá choiste atá molta ag an Aire Stáit éagothrom uilig. Ba cheart go mbeadh ar a laghad trí choistí ann agus beagáinín plé a dhéanamh ar cá dtarraingeofaí an líne i gContae Mhaigh Eo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá súil agam go bhfuil an Teachta Ó Cuív agus baill eile ar aon intinn liom go bhfuil sé seo beagáinín amscaí, ní hamháin ó thaobh líon na mball. Beidh deichniúr tofa do cheann amháin de na coistí réigiúnacha seo ach ní bheadh ach tríur bhaill ar fáil ar aon chaoi mar sin an méid atá tofa as Ciarraí, Corcaigh agus Port Láirge. Beidh seachtar tofa ar fáil don bhord seo. Dúradh nach mbeadh ach triúr acu ann. Braitheann sé chomh maith ar cad é an gnó atá ag an gcoiste seo. Má fhéachtar ar líon na limistéar pleanála teanga, bunaithe air seo tá seacht gcinn ag ceantar amháin, tá cúig cinn i gCúige Mumhan agus 21 atá sa cheann eile.

Tá ualach i bhfad Éireann níos mó ar an gceann a chlúdaíonn Gaillimh agus Maigh Eo. D'fhéadfaimid trí cinn a dhéanamh. Is rud spéisiúil é seo mar nuair a bhí lucht an údaráis os comhair an chomhchoiste cheana féin, dúirt siad go bhfuil an eagraíocht sin briste síos ina trí cinn ann agus go bhfuil fochoistí acu. Níl a fhios agam faoin deighilt go díreach atá ann ach bheadh sé loighciúil go leanfaimid pé rud atá ag an údarás cheana féin. B'fhéidir go nglacfaimid le trí cinn agus má dhéantar é sin ar bhonn an deiscirt agus ar mhír an iarthair, bheadh naonúir nó triúr ball sna sé limistéar pleanála teanga, agus bheadh deich limistéar pleanála teanga sna cinn eile a bheadh fágtha, agus duine amháin an ceann acu. Measaim go ritheann sé sin leis an méid atá á rá ag an údarás cheana féin. B'fhiú féachaint air sin agus más rud é go bhfuil rud éigin ag obair, nár chóir é a bhriseadh.

Tiocfaimid ar ais faoin gcumhacht agus an ról a bheidh acu.

Má táimid ag fanacht le go mbeidh deichniúr tofa, ba chóir go mbeadh gach uile dhuine de na baill a bheidh tofa ina mbaill de choiste réigiúnach agus go dtuigeann siad ón tús gurb é sin ceann de na róil atá acu. Mar, mura bhfuil an duine ach ag fáil an liúntas atá luaite, cén fáth go rachadh sé nó sí chun breis ualaigh a chur air nó uirthi féin ach amháin gur ar son na cúise é, dar ndóigh. Ní chóir go mbeadh aon duine gan an post sin seachas, b'fhéidir, má tá duine ann atá ina leas-chathaoirleach agus go bhfuil ualach breise air nó uirthi.

Feicim go bhfuil an Teachta Ó Muineacháin ag iarraidh teacht isteach ag an bpointe seo.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist an-tapa agam maidir leis na coistí réigiúnacha agus an ról a bheadh ag na comhaltaí ainmnithe. Conas a dhéanfaí láimhseáil air sin? An bhféadfadh an tAire Stáit eolas a thabhairt dúinn air sin? B'fhéidir gur luadh é sin níos luaithe ach an mbeadh na comhaltaí ainmnithe ar na coistí sin, conas a scaipfí iad, nó cad é an leagan amach a bheidh air sin?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Aire Stáit.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis na ceisteanna go léir, a Chathaoirligh, aontaím le comhaltaí go bhfuil sé sin an-deacair, go háirithe maidir leis an méid coistí atá i gceist faoi láthair, is é sin dhá choiste. Aontaím leis an Seanadóir Kyne agus an Teachta Ó Cuív agus tiocfaidh mé ar ais arís ar an ábhar sin. B'fhéidir go mbeidh seans agam é a ardú go trí cinn, mar a deir comhaltaí an chomhchoiste, agus go mbeidh muid in ann an rud sin a phlé arís sa Roinn leis na feidhmeannaigh atá liom inniu.

Is é an rud atá tábhachtach dom ná guth an phobail nach bhfuil seans acu a bheith ann, b'fhéidir, maidir leis na hábhair eile a bheidh á bplé ar bhord an údaráis. Ba cheart go mbeadh guth an phobal sin le cloisteáil sna coistí réigiúnacha. Is é sin an rud atá á lorg agam sna coistí sin. B'fhéidir go mbeinn in ann teacht ar ais arís agus ardú a dhéanamh ar an méid coistí a bheidh i gceist nuair a bheidh an Bille críochnaithe.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil glactha ag an Aire Stáit leis na comhairleoirí contae anois?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh sé sin ina shampla, ní hamháin na comhairleoirí contae-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is moladh dearfach é-----

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is slí í, mar shampla, a déarfainn.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----dá mbeadh glacadh leis mar bhí sé ann cheana féin. Is féidir linn caint leis an Roinn, mar a deir an Seanadóir Kyne, agus aontaím leis.

Is é an moladh a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh ná, maidir leis na comhaltaí eile agus na limistéir pleanála teanga, go roghnófaí na daoine mar ionadaithe do na limistéir pleanála teanga, idir na cathaoirligh nó na pleanálaithe teanga, agus go mbeadh sé sin ag gach coiste chun cinneadh a dhéanamh, agus gur astu siúd a thiocfaidís. I gcás Gaillimh, mar shampla, bheadh an iomarca ceantair pleanála teanga ina bhféadfadh chuile dhuine a chur orthu. D'fhéadfaí a shocrú go mbeadh toghchán beag acu féin chun daoine a roghnú mar is iad siúd atá ag gníomhú ar son na teanga sna pobail éagsúla ó lá go lá.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má chuirtear Gaillimh agus deisceart Mhaigh Eo le chéile, ní bheidh ach deich gceantar nó limistéar pleanála teanga i gceist.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is smaoineamh maith é sin atá curtha os ár gcomhair ag an Teachta Ó Cuív agus b'fhéidir go mbeadh an tAire Stáit in ann breathnú ar na comharchumainn freisin le go mbeadh ionadaíocht acu.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An féidir linn sos gairid a thógáil? Tá sé cosúil lena bheith ar ais arís ar scoil.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfidh mé an seisiún ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 3.15 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3.22 p.m.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon duine ag iarraidh aon rud eile a rá faoi na coistí réigiúnacha? Tá an tAire Stáit tar éis a rá go bhféachfaidh sé ar an gceist arís. Táimid sásta leis sin. Sin ceannteideal 5. Dúradh go raibh sé cinn ann ach níl a fhios agam cá bhfuil an séú ceann, a bhaineann le rialacháin maidir leis an bpróiseas toghcháin. Tá sé sin clúdaithe againn i gceannteideal 4.

Tá daoine ag iarraidh ceist chumhachtaí an údaráis a ardú ag an bpointe seo sa chaoi go mbeadh an tAire Stáit in ann féachaint air sin maidir le cuid den reachtaíocht seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An rud ba shoiléire ó na dreamanna a tháinig os ár gcomhair ná chomh deacair is atá sé maireachtáil sna Gaeltachtaí ó thaobh cúrsaí pleanála agus cúrsaí tithíochta. Ní bhaineann sé leis an mBille srianta seo ach bhí sé beagnach osréalach ag caint faoi chumhachtaí a thabhairt ar ais do bhord an údaráis nuair nach bhfuil an córas pleanála atá ann ag feidhmiú, dar leis na dreamanna a tháinig os ár gcomhair. Ní aontaím go hiomlán leo ach an cheist atá á hardú ná an féidir breathnú ar thuilleadh cumhachtaí a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta ó thaobh cúrsaí pleanála de. An cheist a bhíonn agamsa i gcónaí ná an féidir níos mó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá ag an údarás faoi láthair. Níl ceist agam i ndáiríre ach tá tuilleadh díospóireachta ag teastáil go géar. Cá bhfuil ár dtriall ó thaobh na nGaeltachtaí, ó thaobh na Gaeilge de agus, ag dul ar ais i gciorcail ón tús, ó thaobh thorthaí an daonáirimh? Luaigh mé an iar-ollamh a bhí os ár gcomhair agus rinne mé dearmad ar an Ollamh Ó Giollagáin freisin agus na daoine eile a tháinig os ár gcomhair. Luaigh an tOllamh Ó Giollagáin agus an tOllamh Ó Tuathaigh, go háirid, an comhthéacs. Táimid ag caint faoi Bhille srianta agus is maith an rud go bhfuil. Aontaím go bhfuil sé ceart an toghchán a thabhairt ar ais don údarás ach níl a fhios agam. Tá sé ráite go mion minic agam go bhfuil creimeadh i gceist ó thaobh na Gaeilge de. Cad atá ag teastáil i ndáiríre mar shochaí ó thaobh na Gaeilge de? Cad ba chóir dúinn a dhéanamh ó thaobh Údarás na Gaeltachta?

Ní thuigim cad atá i gceist leis na coistí réigiúnacha. Ní raibh mé anseo mar shiúil mé amach le rud a dhéanamh. Ceapaim gur smaoinigh an Roinn na coistí sin a thabhairt ar ais, mar bhíodh siad ann, gan smaoineamh ar cad atá ag teastáil i ndáiríre nó na téarmaí tagartha do na coistí seo. Cad iad cuspóirí na gcoistí ó thaobh chreimeadh na Gaeilge de, ó thaobh an rud atá ag tarlú? Ní féidir Údarás na Gaeltachta agus toghchán a bheith faoi chaibidil againn gan na fadhbanna móra atá ann a phlé. Bíonn na dreamanna seo os ár gcomhair gach bliain, in ainneoin obair na gcapall atá á déanamh ag an Roinn, in ainneoin go bhfuil Acht nua againn agus go bhfuil dul chun cinn ollmhór déanta ó thaobh cúrsaí fógraíochta agus mar sin de. Breathnaíonn muid ar chúrsaí earcaíochta agus is dócha nach bhfuil sé sin tarlaithe fós. Tá mé ag dul timpeall i gciorcail.

Tá sé seo tábhachtach. Ar smaoinigh an Roinn ar cén sórt cumhachtaí breise a thabharfaí don údarás nó an gceapann sí go bhfuil gá leis? An rud a chuaigh i bhfeidhm ormsa agus lucht na gcóras áitiúil ag teacht os ár gcomhair ná nach raibh cliú acu i ndáiríre. B’fhéidir go raibh sé níos measa ná sin ach beidh mé flaithiúil. Ní raibh cliú acu ó thaobh na ndualgas a bhí orthu maidir le cúrsaí pleanála agus an tábhacht a bhain le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Ní dóigh liom go raibh tuiscint mhaith acu ar na dualgais a bhí orthu.

Ceapaim i gcónaí go bhfuil spás ollmhór ann don údarás dul i bhfeidhm ar na córais áitiúla i bhfad níos éifeachtaí ná mar atá. Tá sé ráite go mion minic go bhfuil tríonóid de dhualgais ag Údarás na Gaeltachta: fostaíocht, pobal agus teanga. Ní de bharr easpa físe ach b’fhéidir mar gheall ar an mbrú ó thaobh fostaíochta go bhfuil neamhaird déanta acu ar chúrsaí teanga agus cúrsaí pobail. B’fhéidir go bhfuil tuilleadh díospóireachta ag teastáil uainn maidir leis seo. Ba mhaith liom tuairimí an Aire Stáit agus lucht na Roinne a chloisteáil. Tá machnamh déanta acu ar an ngá le tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don údarás.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta Ní Chonghaile maidir leis na coistí réigiúnacha, céard atá i gceist acu agus na cumhachtaí atá acu. B’fhéidir go mbeadh muid in ann fáil amach go díreach ón údarás cad a dhéanfaidh siad ag na coistí seo agus an bhféadfaí caidreamh a bheith ann idir na ceantair, na pleananna teanga agus na feidhmeannaigh do chuile réigiún. D’fhéadfaí go mbeadh ról acu sna coistí seo ó thaobh caidrimh agus a gcuid oibre, na pleananna atá acu, an dul chun cinn sna ceantair, na deacrachtaí agus deiseanna sna ceantair agus na rudaí a theastaíonn. B’fhéidir go mbeidh ról níos leithne acu ansin.

Níl a fhios agam faoi chúrsaí pleanála. Sin ceist mhór agus athrú mór ó thaobh feidhmiú chúrsaí pleanála sa tír. Níl mé ag rá nár cheart breathnú air nó é a dhéanamh ach sin ceist. Teastaíonn caidreamh idir an Roinn agus an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Rialtas go léir.

Ba cheart é seo a dhéanamh leis an Rialtas go léir agus dul síos an bóthar sin. Aontaím go mba cheart an díospóireacht sin a chur ar siúl ar leibhéal na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Sílim nach mbeidh an Roinn sásta aon chumhacht a thabhairt do dhream eile ach níl a fhios agam faoi sin. B'fhéidir go mbeidh an Roinn sásta ag an am céanna ach beidh níos mó caidrimh le déanamh seachas go mbeidh muid féin anseo ag plé ar an ábhar seo. Ba cheart tús a chur leis an bpróiseas nó breathnú ar an bpróiseas.

Maidir leis an ní a luaigh an Teachta Ó Muineacháin, is ceist shuimiúil a bhí aige maidir leis na teorainneacha ar na Gaeltachtaí. Is ceist dheacair í sin freisin mar bíonn daoine le Gaeilge díreach taobh amuigh den teorainn - nó b'fhéidir go bhfuil siad mar níl a fhios agam - agus in áiteanna eile. Ní luíonn sé le mórán céille ag breathnú ar na mapaí ar a bhfuil na háiteanna leagtha amach. Ar an lámh céanna, b'fhéidir go bhfuil áiteanna go mba cheart gan a bheith leagtha amach sa Ghaeltacht ach is athrú mór tabhairt faoi sin.

Tá Gaelscoil Mhic Amhlaigh i gcathair na Gaillimhe taobh amuigh den Ghaeltacht go hoifigiúil ach tá daoine ag freastal ar an scoil sin ó cheantar oifigiúil Gaeltachta ar Chnoc na Cathrach. Ba cheart an teorainn sin a athrú chun Gaelscoil Mhic Amhlaigh a thabhairt isteach go hoifigiúil. Tá ceisteanna mar sin ann.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím roimh an tslí go bhfuil an daonlathas á thabhairt ar ais do phobal na Gaeltachta. Ba mhór an chailliúint í agus is rud an-dearfach é sin leis an mBille seo. Tuigim gurbh é sin an príomhaidhm ach nuair a bhíonn duine ag plé agus an comhrá ar siúl in aon áit mar gheall ar an údarás, leathnaíonn an díospóireacht seo amach go tapa go dtí go leor stuif faoi dhualgais nó go háiteanna eile a bhféadfadh an t-údarás a bheith gníomhach nó baint a bheith aige leis. Tá sé seo cosúil leis an bpleanáil agus an tithíocht, mar shampla, agus bhí roinnt mhaith plé againn cheana féin i gcoistí éagsúla maidir leo seo. Ní rud nua é an cheist seo faoi phleanáil. Tá grúpaí eile, cosúil leis an OPW, mar shampla, a bhfuil cumhacht phleanála acu tríd, cuir i gcás, alt 9, ina bhféadfaidís iarratas a dhéanamh i gcomhair cead pleanála cé nach bhfuil na húdaráis phleanála cosúil leis an gcomhairle contae. Ní fheadar an mbeadh a leithéid de dheis ann mar ní gá a bheith ag reinventing the wheel. Is féidir rudaí a dhéanamh chun cúrsaí a bhrostú ar aghaidh má tá suim ann chun go mbeadh deis ag an údarás baint a bheith aige le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Tá tagairt déanta chomh maith do rialacha mar gheall ar thithíocht agus an deacracht a bheadh ag daoine teacht chuig an nGaeltacht, fanacht sa Ghaeltacht agus tithe a thógáil ann. Feicimid an tslí le roinnt blianta anuas ina bhfuil na approved housing bodies, nó AHBs, tagtha isteach sa réigiún sin chun tithíocht a láimhseáil, mar a bhí á déanamh ag na comhairlí contae cheana féin. Mar sin, ní fheadar an bhfuil deis ansin chomh maith don údarás a bheith ag plé le cúrsaí tithíochta má tá an tsuim ann chuige sin mar is cinnte go bhfuil an-chuid éilimh ar an dá ábhar sin, go háirithe.

Ní fheadar faoin méid plé a bhí ag an Roinn agus ag an Aire Stáit ar na hábhair sin agus iad ag féachaint an bhféadfaí údarás a thabhairt isteach chun plé a dhéanamh ar na hábhair sin chomh maith.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an chéad rud a labhróidh mé faoi ná na coistí réigiúnacha mar tá siad gan an fheidhm a bhíodh acu tograí beaga a cheadú. D'fhág sé sin an bhord mór saor le bheith ag plé le rudaí móra ar nós straitéisí agus tograí móra. Bhí teorainn luachmhar leis na deontais is mó a bhféadfadh siad a cheadú do na boird réigiúnacha, mar shampla. Ní raibh mórán céille an bord ar fad a thabhairt le chéile ar mhaithe le €3,000, €4,000 nó €5,000 de dheontas nó le staidéar féidearthachta a thabhairt do dhuine.

Tá ceist ar mhaith liom a chur maidir le feidhmeanna an údaráis mar atá in alt 8 den Acht. Scríobhadh é seo siar in 1978 agus is iomaí athrú ar an saol ó shin. Is mar leanas a deir:

Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann.

Tá dhá rud i gceist ansin. Is é an chéad rud ná "caomhnú agus leathadh na Gaeilge". Is é an dara rud ná go gcaithfidh an t-údarás a chuid oibre a dhéanamh go hinmheánach trí Ghaeilge. Is "caomhnú is leathadh na Gaeilge" sa Ghaeltacht ar fad atá i gceist anseo. Is í an chéad phíosa eile den Acht ná alt 8(2) a dhéanann tagairt do na cúraimí a bhí ag Gaeltarra Éireann roimhe sin, mar atá leagtha anois ar an údarás. Tuigimid an méid sin. Cuireann an chéad fo-alt eile béim ar thionsclaíocht:

Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir alt 10, cibé tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta is oiriúnach leis seachas na cinn dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a sholáthar, a sheoladh, a rialú agus a bhainistí sa Ghaeltacht (go díreach nó, in aon chás áirithe, trí chomhlacht corpraithe faoi rialú an Údaráis).

Seo iad na feidhmeanna forbartha tionsclaíocha ar fad atá aige. Deir an tAcht ansin gur féidir iad seo a leathnú, agus mar sin de. Deir sé ansin i bhfo-alt (6):

Chun tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht beidh de chumhacht ag an Údarás in aon chás áirithe—
(a) comhlacht corpraithe a fhoirmiú,

(b) páirt a ghlacadh le daoine eile i bhfoirmiú comhlachta chorpraithe nó i gcomhpháirtíocht nó eile, agus

(c) faoi réir alt 10, scaireanna i gcomhlacht corpraithe a cheannach nó a ghlacadh nó a dhíol.

Téann an tAcht ar aghaidh le fo-alt (7) agus fágfaidh mé é ach é a léamh amach:

Chun críocha an ailt seo beidh de chumhacht ag an Údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil.

Le scéal fada a dhéanamh gearr de, chun críocha na bhfeidhmeanna sin, is féidir talamh a cheannach, a dhíol agus chuile shórt eile a dhéanamh leis, le trealamh agus le gach uile chineál ruda. Anois, is é seo an rud mar bhí plé ann faoi seo. Ceapadh i gcónaí, i bhfad siar sa lá nuair a bhí Gaeltarra Éireann ann, gur cheannaigh an t-údarás talamh agus thóg sé tithe ar thalamh an údaráis féin. Is rud é sin a bhíodh daoine go mór i bhfabhar mar bhí fáth le tithe a thógáil, mar shampla, ag an am sin do bhainisteoirí monarchana, agus do dhaoine eile nach iad.

Creidim féin go mba cheart na feidhmeanna a leathnú ionas go bhféadfadh an t-údarás talamh a cheannach, a dhíol, a dhiúscairt agus chuile shórt eile ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, agus go n-áireofaí ansin, mar shampla, talamh a chur ar fáil do thithíocht as an mbanc talún atá ag an údarás, nó a bhféadfadh sé a cheannach. Tá na feidhmeanna sin ag an údarás agus bhí an bhrí a baineadh astu ag pointe amháin sna háiteanna sin ag ardfheidhmeannach amháin ann. Cúngaíodh na feidhmeanna sin ón rud a tuigeadh a bhí ann go dtí sin. Mar sin, bheinn ag moladh go ndéanfar leasú ar an mbunreachtaíocht, an Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979. Is alt 8 atá i gceist agam leis seo agus molaim go ndéanfaí dhá phíosa de halt 8, sé sin go ndéanfaidh an t-údarás "caomhnú agus leathadh na Gaeilge" mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus a chinntiú agus go dtiocfaí ar aghaidh air sin trí aon ghníomh ar dóigh leis an údarás a chuirfeadh chun leas na teanga sa Ghaeltacht.

An dara phíosa de sin ná go ndéanfadh an t-údarás an Ghaeilge a úsáid "a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige" agus mar sin de. Ba chóir go ndéanfaí soiléir nuair a bheidh an t-údarás ag ceannach nó ag díol talún, chomh fada is go mbaineann sé le cur chun cinn agus buanú pobail na Gaeltachta, go mbeadh cumhacht ag an údarás tabhairt faoi go díreach nó trí fochomhlacht mar atá ráite san Acht leis na tionscail; is é sin, an chumhacht atá aige le tionsclaíocht a leanadh. Ní bheifí ag tabhairt aon chumhacht dó ach dá ndéanfadh éinne tarmligean ar chumhacht, ansin d’fhéadfadh an t-údarás é a dhéanamh gan aon leasú ar an Acht.

Tá talamh ag an údarás i mBaile na hAbhann, sa Spidéil, i nGaoth Dobhair agus ar fud na háite, buíochas le Dia. Tá tithe acu fós, dála an scéil. Abair, mar shampla, i mBaile na hAbhann go ndúirt an t-údarás go raibh talamh sa bhreis aige nár úsáid sé, nó i nGaoth Dobhair, áit a bhfuil eastáit breá tionsclaíochta ansin. Chuirfeadh sé an talamh ar fáil, ní hamháin do thithe sóisialta agus tithe inacmhainne ach do cainteoirí laethúla Gaeilge nach bhfuil in ann teach a fháil le maireachtáil ann nó nach bhfuil in ann cead pleanála a fháil mar nach bhfuil aon teach muinteartha acu. Níl mé ag rá go ndéanfaí é agus go bhféadfaidís mar a dúirt na baill, comhlacht ceadaithe tithíochta, AHB, a bhunú. Tá deis ann díreach cur leis agus soiléiriú a dhéanamh ar na feidhmeanna atá ag an údarás. Nuair a bunaíodh an t-údarás, is dírithe go hiomlán ar thionsclaíocht a bhí sé an chéad uair. Lena gceart a thabhairt dó, bhí an saoil i bhfad níos scaoilte an t-am sin agus rinne siad chuile chineál ruda. Bhí mise sa Ghaeltacht sula bunaíodh an t-údarás agus fiú Gaeltarra Éireann. Is údarás tionsclaíochta a bhí i nGaeltarra Éireann ach rinne sé rudaí nach féidir leis an údarás níos leithne seo a dhéanamh sa lá atá inniu ann. Rinneadh rudaí sna hamantaí sin. Ceannaíodh talamh de réir mar a tháinig sé ar an margadh agus sin an fáth go bhfuil na bainceanna talúna sna háiteanna ina bhfuil siad. Bhí sé thar cionn. Ní bheadh leath na rudaí sa Ghaeltacht anois ann mura raibh an dearcadh sin ann ag an am. Ba cheart go mbeadh na feidhmeanna níos leithne agus go mbeadh sé níos soiléire go bhfuil sé de chumhacht ag an údarás tabhairt faoi rud ar bith atá ar mhaithe le cur chun cinn labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.

An dara rud ná go bhfuil an ról tionsclaíochta thar a bheith tábhachtach agus tá obair bhaile bheag le déanamh air. Ar shracfhéachaint ar an daonáireamh, áfach, beidh sé spéisiúil comparáid a dhéanamh idir meath nó fás líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge agus meath agus fás an daonra trí chéile sna pobail céanna seo. Mar shampla, de réir mar a thuigim, tháinig méadú i lucht labhartha laethúil na Gaeilge Cois Fharraige, áit atá go mór faoi bhrú ón gcathair, ach áit go bhfuil an daonra ag dul in airde go mór. Is cosúil go mba threise méadú sa daonra ná meath de bharr a bheith gar don chathair. Ar an dtaobh eile den scéal, má bhreathnaímid ar Iorras Aithneach, laghdaigh líon lucht labhartha na Gaeilge, agus sílim gur tharla an rud céanna i gCeantar na n-Oileán. Ar tharla sé sin de bharr gur tháinig meath ar an daonra sa dá háit sin? Más ea, tá fíor-ról fós ag an údarás i gcruthú eacnamaíocht na Gaeltachta. Ar an dtaobh eile den scéal, áfach, caithfimid é a leathnú amach chuig na fadhbanna nua atá ann, go mór mór pleanáil agus tithíocht, agus a rá gur féidir leis an údarás, má thugtar na cumhachtaí dó faoin Acht, tabhairt faoi, mar shampla, an banc talún atá aige cheana féin a úsáid ar mhaithe le tithíocht. Is é sin an ceann is simplí acu uilig. Ní jab ollmhór a bheadh ann agus is leasú an-réasúnta a bheadh ann.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfidh mé mo ladar féin isteach arís. Measaim féin gur chóir cur leis na cumhachtaí atá ag an údarás. Níl a fhios agam an é seo an Bille len é a dhéanamh nó an gá a fhógairt go bhfuil Bille eile chun teacht. An fáth go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil sé sin ráite anois, mar ba chóir go mbeimid ag tacú leis an mBille seo, má táimid ag dul i dtreo toghchán nua agus bord nua an bhliain seo chugainn, ba chóir go mbeadh a fhios aige ó thús cad iad na dualgais bhreise atá air. Is dualgais iad roinnt de na dualgais nó na cumhachtaí atáimid ag iarraidh a thabhairt don údarás a mbeadh ar an státchóras dul i gcomhairle leis ar gach uile rud. Beidh ceist mhór ann amach anseo faoi inmharthanacht aon phobal ar chósta na tíre. Ba chóir go mbeadh ról lárnach ag an údarás toisc go bhfuil sé ar an talamh seachas dream eile a tharraingt isteach sa cheantar agus mar an gcéanna le tithíocht. Tá ról áirithe ag an údarás faoi láthair ó thaobh tithíochta; níl an ról láidir go leor. Tá ceisteanna móra ann faoi choláistí samhraidh agus maidir leis an oideachas. Tá roinnt ról ag an údarás ó thaobh an oideachais de, tríd na coláistí samhraidh agus trí cuidiú leis an bpolasaí oideachas Gaeltachta agus na naíscoileanna. Is gá cinnte a dhéanamh de go bhfuil an ról sin ag an údarás níos soiléire, níos daingnithe agus más gá, go bhfuil an ról aige seachas, mar shampla, ag an Roinn Oideachais sa chéad áit. Tá a lán le plé.

Mar chuid den ullmhúcháin don chruinniú, d’iarr mé ar Sheirbhís Leabharlainne an Oireachtais féachaint ar na tíortha agus na mionteangacha eile le fiosrú an raibh a leithéid d’údarás nó coiste in aon tír eile. Ní raibh sé in ann a mhacasamhail a fháil ach bhí sé in ann teacht ar áiteanna ina bhfuil eagrais difriúla, mar shampla na Sámaigh i gCríoch Lochlann. Tá parlaimint iomlán acu agus tá i bhfad Éireann níos mó ná 16 baill sa pharlaimint sin. Caithfidh an rialtas ansin dul i gcomhairle leo faoi gach uile rud a mbeadh tionchar aige ar an gceantar sin. Tá an ról sin ann. B’fhéidir gur gá dúinn díriú isteach, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, ar na feidhmeanna agus iad a leathnú nó iad a thabhairt suas chun dáta le cinnte a dhéanamh de go bhfuil na cumhachtaí ag an údarás chun an jab atá aige a dhéanamh agus é a dhéanamh i gceart. Má thugaimid na cumhachtaí sin ar fad dó, ansin táimid ar ais arís go dtí ceist an phá nó a dhéanamh cinnte do go bhfuil an liúntas agus an maoiniú ceart. Níl an t-údarás ag fáil an maoiniú ar chóir dó a fháil ó thaobh na hoibre fiontraíochta atá á dhéanamh aige i gcomparáid leis an IDA nó Fiontraíocht Éireann. Is díospóireacht é sin do lá éigin eile. Tabharfaidh mé an deis don Aire Stáit freagra a thabhairt dúinn maidir leis na cumhachtaí.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá go leor pointí an-thábhachtacha déanta ag an gCathaoirleach agus na comhaltaí. Aontaím leo go bhfuil na pointí an-thábhachtach go háirithe do mhuintir agus ceantar na Gaeltachta. B’fhéidir go mbeidh mé in ann na moltaí atá ardaithe ag baill an choiste i rith an tréimhse seo a phlé leis na feidhmeannaigh sa Roinn nuair a théim ar ais. Maidir leis an mBille seo, níl ach próiseas an toghcháin agus próiseas an roghnúcháin le cur leis. Maidir le cumhachtaí breise a thabhairt don údarás, tá sé socraithe ag an Rialtas dul siar ar cheist na dtoghchán amháin. Maidir le pointe an Teachta Connolly faoi na cumhachtaí eile, bronnadh cumhachtaí eile ar an údarás in 2005 maidir le ceiseanna cosúil le pleanáil teanga agus rudaí mar sin.

Níl sa Bhille seo ach an toghchán, an próiseas roghnúcháin, na coistí réigiúnacha agus rudaí mar sin.

Aontaím leis na comhaltaí go léir faoi na pointí eile, go háirithe na pointí a bhaineann le cúrsaí tithíochta. Tá an-chuid oibre déanta ag an Roinn leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis sin. Beimid in ann na treoirlínte a fhoilsiú i rith an tsamhraidh ar an ábhar sin agus b’fhéidir go mbeidh seans ag an gcoiste iad a phlé nuair a bheidh siad foilsithe. Go dtí sin, ba mhaith liom a bheith in ann an Bille a chur os comhair na Dála chomh luath agus is féidir. Mar a dúirt mé ag an tús, an cheist is deacra ná ceist na hinscne. Bheinn an-bhuíoch dá mbeadh an coiste in ann cabhair nó tuairimí a thabhairt dom agus mé ag plé an ábhair sin leis na feidhmeannaigh sa Roinn.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi chomhdhéanamh an Stáit i láthair na huaire, dá mba rud é go raibh sé soiléir – ceapadh go raibh ach ansin dúradh nach raibh sé chomh soiléir – go raibh cead ag an údarás talamh dá chuid a úsáid le haghaidh tithíochta, d’fhéadfaidís breathnú ar na bainc thalún atá acu agus AHB nó ceann de na voluntary housing bodies seo a bhunú agus tithe a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht. I gcás gur tithe sóisialta a bheadh ann, bheadh ceart ainmniúcháin ag an gcomhairle contae in acmhainn cibé córas a thiocfaidh ansin agus cuid a bheith ann do dhaoine a bhí díreach ag iarraidh tí sa Ghaeltacht agus go bhfuil Gaeilge acu. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh. Ní bheadh sé sin ag baint feidhm dá laghad ón gcomhairle contae mar tá sé seo á tharmligean cheana féin do na voluntary housing bodies. Fair play do Thearmann Éanna. Nuair a tháinig siad aníos ar an margadh chuaigh siad ar aghaidh agus cheannaigh siad tithe saoire a bhí ar díol i Ros an Mhíl agus Eanach Mheáin. Tá deis iontach tithíochta i gConamara dá bharr sin, dá mbeadh siad cóirithe agus ligthe. Murach é sin, d’fhéadfaí iad a dhíol agus ní bheadh aon srian ar céard a tharlódh. Mar atá, tá mé cinnte go mbeidh 80% de na daoine a chuirfear isteach sna tithe sin de réir an phlean teanga, mar gur an chomhairle contae a bheidh ag ainmniú na ndaoine, ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Abair nach raibh Tearmann Éanna ann agus go ndúirt duine éigin gur iontach an rud é dá bhféadfadh an t-údarás an dá eastát tithíochta sin a cheannach. Déarfaí leo, faoi Acht an údaráis, nó faoin mbrí a baineadh as, nach féidir é a dhéanamh, fiú go bhféadfadh Gaeltarra é a dhéanamh rompu. Níl mé ag caint ar athscríobh iomlán nó mórchumhachtaí a aistriú. Tá mé ag caint ar tweakáil a dhéanamh ar rud atá as dáta mar go bhfuil gá soiléiriú a dhéanamh le dul ar ais go dtí an áit ar cheap muid go raibh muid ag an tús.

Tarmligeann an Stát go leor feidhmeanna go heagraíochtaí mar AHBs agus mar sin de. Rinne muid é leis an rural social scheme, agus thug muid don údarás é seachas LEADER. Thug muid Tús don údarás seachas LEADER. Bhí cumhachtaí nó feidhmeanna tugtha ach is í an Roinn atá fós i gceannas. Tá sé mar a chéile sa chás seo. Nílim ag rá gur chóir cúram tithe sóisialta an chomhairle contae a thabhairt don údarás ach go mbeadh cumhacht mhór aige ó thaobh ceannach agus díol talún. Tá tú ag caint ar leasuithe beaga teicniúla. Chonaic mise leasuithe i bhfad níos mó á ndéanamh ar Bhillí idir Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála ná mar atá mise ag moladh anseo agus níl muid fiú tagtha ag an bpointe go bhfuil Bille againn. D’fhéadfaí é seo a dhéanamh an-éasca. Níl mé ag caint mar gheall ar é ar fad a stróiceadh; tá mé ag caint mar gheall ar leasuithe a dhéanamh agus soiléiriú a thabhairt ar na cumhachtaí.

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá brón orm; bhí orm caint istigh sa Teach. Is dócha go bhfuil go leor pléite faoin am seo. Bhí mé ag iarraidh rud éigin a rá faoi na coistí réigiúnacha. Tá muidne ag lorg trí seachas dó. Níl mé cinnte go bhfuil an framework i gceart faoin am seo maidir leis sin. An bhfuil muid ag lorg feidhmeanna nua don údarás, cosúil le Parlaimint na Sámaigh san Fhionlainn? Caidé faoi stádas breathnóra ag comhaltaí an bhoird ar údaráis áitiúla?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí díospóireacht againn faoin ábhar a d’ardaigh an Teachta Ó Murchú faoin méid. Tuigim go raibh sé sa Dáil. Tá mé ag dul ar ais ag an Roinn maidir le méid na gcoistí réigiúnacha agus b’fhéidir go mbeidh seans ann trí nó dó a chur isteach sa Bhille. Beidh mé ar ais ar an ábhar sin arís.

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuilimid ag lorg níos mó cumhachtaí nó feidhmeanna?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl ceist í sin don Bhille seo. Sin ceist don bhord nuair a bheidh an toghchán críochnaithe.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá muid críochnaithe leis an bplé inniu, de réir cosúlachta. Gabhaim mo bhuíochas leis an Aire Stáit agus le hoifigigh na Roinne atá anseo linn as an gcuidiú a thug siad dúinn leis an bplé seo. An rud atá i gceist againn ná go mbeadh tuarascáil curtha faoi bhráid na gcomhaltaí, leasaithe agus curtha ar aghaidh chuig an Aire Stáit chomh tapa agus is féidir. Beidh cruinniú príobháideach againn ar an 13 Meitheamh ag déileáil leis an dréacht-thuarascáil atá againn agus leis na ceisteanna éagsúla. Más féidir linn in aon chor, beidh an tuarascáil mar gheall air seo críochnaithe chomh tapa agus is féidir.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.58 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 14 Meitheamh 2023.