Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as teacht isteach. Tá sé ráite aige go bhfuil treoirlínte ag an Rialtas maidir le ceapacháin boird. Glacaim leis gurb é an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, nó PAS, atá i gceist aige. Tá fadhb agamsa leis an gcóras sin agus tá a fhios agam go mbaineann sé le go leor ceapachán anois. Ní bhíonn sé sa reachtaíocht ach tá sé mar chleachtas go gcaithfear dul ag an PAS le Coimisinéir Teanga a cheapadh. Tá sé sin bunaithe mar nós ach ní nós é a thaitníonn liom mar creidim go bhfuil daoine fónta ann nach bhfuil ag dul ar aghaidh. B'fhéidir nach bhfuil an féinmhuinín ag na daoine sin chun tabhairt faoin chóras PAS ach bheadh siad i bhfad níos fearr ná cuid mhaith de na daoine atá á gceapadh faoin gcóras seo. Áfach, níl siad mór iontu féin. An dara fadhb atá agam leis ná go dtugann sé buntáiste mór do dhaoine a bhí taobh istigh den státchóras agus a raibh taithí acu ar an gcineál cur chuige a bhíonn ag agallamh, nó mura bhfuil agallamh i gceist, a bhíonn i gceist le hiarratas a dhéanamh ag na dreamanna seo. Go hiondúil, bíonn foirmle i gceist le CV maith a chur isteach agus is é mo thaithí, ag fostú daoine thar na blianta, nach ionann an duine a bhfuil CV maith acu agus an duine a bheadh thar a bheith go maith ar bhord mar seo. Ba mhaith liom an fainic sin a chur ar an Aire Stáit. Is drochnós é agus is nós contúirteach é.

Nuair a bhreathnaítear ar cé atá ar fáil do na ceapacháin seo ar an mbord, baineann sé ó chumhacht an Aire Stáit. Níor sheas an tAire Stáit ar an gclaí ag rá go dtabharfaidh sé cumhacht do dhuine éigin eile nuair a bheadh sé mar Aire Stáit. Deireann tú i dtoghchán gur seo a dhéanfaidh tú nuair a bheidh tú mar Aire. Áfach, tá muidne ag caitheamh cumhachta uainne an t-am uilig ag dreamanna nach bhfuil freagrach ó lá go lá do dhuine ar bith. Is fadhb ollmhór an rud seo. Is cuimhneach liom fadó bhí rúnaí cúnta sa Roinn - agus déarfainn go raibh aithne mhaith ag stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn ar an duine céanna - agus cuireadh ceist air, i nGaeilge, mar gheall ar cé atá ar an mbord seo nó ar an mbord siúd. Dúirt sé go searbhasach go raibh "The great and the good of Ireland" ann agus tá mé ag ceapadh go b'shin a táimid ag fáil sa chóras seo. An bhfuil éinne ann a thuigeann nó atá ag plé leis an ngnáthphobal? Is iad a thiocfas chun cinn. Tá míbhuntáiste ag an gcineál sin duine.

An bhfuil aon mhachnamh déanta nó an bhfuil aon tuairimí ag an Aire Stáit maidir le Tír Chonaill agus Conamara nó maidir le Gaillimh? An toghcheantar aon suíochán a bheas ann nó an mbeidh toghcheantar amháin do Chontae na Gaillimhe ar fad, mar shampla, atá an-scaipthe? Is é mo bharúilse go mbeadh trí cheantair i bhfad níos fearr i nGaillimh. Chinnteodh sé go mbeadh ionadaíocht níos scaipthe ann go tíreolaíoch. Is é mo bharúil go mbeadh dhá cheantar i dTír Chonaill i bhfad níos fearr. Mura ndéanann an tAire Stáit é sin, mar shampla i dTír Chonaill, is beirt as ceantar Ghaoth Dobhair a bheas ann. Ba cheart líne a tharraingt leathbhealaigh síos idir Tír Chonaill ó thuaidh agus Tír Chonaill ó dheas agus an rud céanna a dhéanamh i gcás na Gaillimhe. Bhunóinn é ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna ceantair ó thaobh cur amach na toghcheantair. Mura ndéanfar é sin, tá buntáiste mór millteach ag cathair na Gaillimhe.

Tagraím leis an riachtanas B2 a bhaint amach i dteastas Eorpach na Gaeilge, TEG, beidh an toghchán san earrach ach tá go leor daoine nach smaoiníonn ar toghcháin go dtí trí seachtaine roimh ré. Go dtí seo i dtoghcháin, cé go n-ainmnítear go leor daoine i bhfad roimh ré ní osclaítear an próiseas ainmniúcháin go dtí trí nó ceithre seachtaine roimh ré. Glacaim leis gurb é an rud céanna a bheas i gceist anseo. Tá an tAire Stáit ag rá go gcaithfidh an B2 a bheith acu roimh ré ach de réir mar a thuigimse ní bhíonn an teastas nó an scrúdú sin ar fáil ach b'fhéidir dhá uair sa mbliain. Má smaoiníonn duine ar an nóiméad deireadh go bhfuil siad ag dul ag rith sa toghchán, an mbeidh siad in ann déanamh cinnte go mbeidh an TEG B2 déanta in am don toghchán? Tá mé go mór i bhfábhar go mbeadh caighdeán Gaeilge ag chuile dhuine ar an mbord agus níl aon amhras orm ach go gcuirfeadh sé feabhas ar an mbord, ach caithimid na meicníochtaí a oibriú amach.

Ní thuigim, agus b'fhéidir go míneoidh an tAire Stáit é seo, cén fáth go gcaithfidh buanchónaí a bheith ort sa nGaeltacht. Ní heol dom go mbaineann sé sin le haon toghchán eile sa Stát. Má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, is féidir leat seasamh don chomhairle chontae i gConamara. Níl mé ag rá go dtoghfaí thú ach is féidir é a dhéanamh. Tá a fhios ag an Aire Stáit ina chás féin ó dheas i Luimneach go bhféadfadh duine as na ceantair i dTiobraid Árann atá i nDáilcheantar Chontae Luimnigh seasamh i nDáilcheantar Thiobraid Árann seachas i nDáilcheantar Chontae Luimnigh dá dteastódh.

Sa chás áirithe seo, má táthar ar an taobh mícheart den líne, beifear amuigh. Tá na teorainneacha atá ann thar a bheith gioblach. Ní thuigim an fáth gur cuireadh é sin isteach mar ní dóigh liom go dtoghfaí duine nach bhfiul ceangal an-láidir aige nó aici le ceann de na ceantair agus go bhfuil sé sin ann.

Nuair a deir an tAire Stáit go mbeidh "comhaltaí teoranta do dhá théarma ar a mhéad", an bhfuil sé á rá sin nó á moladh? Chuile lá táimid ag cur teorainn leis an daonlathas. Is rud nuafhaiseanta é seo, seachas é a fhágáil ag an bpobal cé a thoghfaidh siad. I ndeireadh na dála, fiú má cheaptar gurb é sin an duine is fearr le bheith ina chomhalta den bhord seo, nach féidir leis an bpobal an duine sin a thoghadh? Ceapaim go bhfuil sé sin mídhaonlathach. Is cuma liom céard a dhéantar faoi na hainmniúcháin, mar is ceist faoin spéir í sin, ach is rud eile í ó thaobh a bheith ag cur as don phobal agus na daoine a thoghann siad.

Ó thaobh an chothromais de, an cothromas gnéis agus inscne a bheidh ann? Chomh maith leis sin, as seo go ceann cúig nó sé de bhlianta d'fhéadfadh an scéal sin a bheith éirithe beagáinín níos casta nuair a shocróimis le níos mó ná dhá inscne a bheith ann. Déarfainn go dtiocfadh sé sin. Glacaim leis nach bhfuil i gceist go gcuirfear isteach inscne nó gnéas atá an duine a thoghfaí. Tá argóint i gcónaí ann faoin bhfocal sin inscne sa Ghaeilge, mar shampla, sa mhéid is go bhfuil an focal “cailín” firinscneach. An gnéas atá i gceist againn anseo? Fágfaidh mé é sin mar atá sé.

Is í an cheist atá ann ná de bhrí go mór mór go bhfuil an oiread sin toghcheantar beag ann le suíochán amháin, an bhfuil an tAire Stáit ag rá go gcaithfidh toghcheantar X, Y nó Z fear nó bean a cheapadh? Arís, bheadh sé sin ag cur isteach ar an daonlathas. Creidim féin go dtoghfaí go leor ban ar an mbord seo agus tá cúiseanna ann chun é sin an chreidiúint. Nuair a bhreathnaím ar na daoine atá ag gníomhú ar an talamh sa Ghaeltacht, is léir dom go bhfuil an saol athraithe go mór. Tá an t-uafás ban thar a bheith gafa le rudaí agus tiocfaidh mé ar fhreagra na ceiste sin ar ball. D'fhéadfaí, ar ndóigh, é a chothromú dá dtoghfaí chuile dhuine agus dá dtarlódh sé gur inscne amháin a bhí i gceist, d'fhéadfaí an inscne eile a cheapadh agus é a chothromú dá réir. Ní bheadh sé 100% cothrom ach bheadh sé gar go maith le bheith cothrom. Ní bheinn i bhfabhar cur as do thoghcháin.

É sin ráite, tá ceist an-mhaith ardaithe anseo agus is é seo ceist na ndáilte agus creidim mar bhí mé ann nuair a rinneadh an cinneadh. Ní hé sin le rá gur cheap mé gur dea-chinneadh a bhí ann. Tá sé áiféiseach go ndéanann duine go leor oibre ar son an Stáit ar bhord - nílim ag caint faoi dhaoine saibhre - agus nach bhfaigheann siad go leor íocaíochta, ar nós chuile dhuine ar an mbord, as an obair a dhéanann siad. I bprionsabal, ba cheart go mbeadh siad i dteideal an t-am agus an t-allas a chaitear leis. Ní hé go n-íoctar gnáthbhaill mar níl an oiread sin oibre i gceist leis seo ach más rud é gur bhall tofa de bhord é nó í, tá obair i gceist. Tá a fhios againn uile é sin mar Theachtaí Dála agus tuigeann an tAire Stáit é sin mar Theachta Dála mar de lá agus istoíche, bíonn an duine ag obair mar dhuine tofa.

Fiafraím an méid seo den Aire Stáit. Tá mé ag smaoineamh ar fhear nó ar bhean a bheadh ina special needs assistant, SNA, i scoil. Ní post dea-íoctha é sin. I gcás duine eile atá ar scéim shóisialta tuaithe, mar shampla, ní post dea-íoctha é sin ach an oiread mar ní ach post páirtaimseartha atá ann. Tá na daoine sin fostaithe ag an Stát. D'fhéadfaí argóint a dhéanamh nach bhfuil an duine ar an scéim shóisialta fostaíochta tuaithe fostaithe go hiomlán ag an Stát ach sa Ghaeltacht bheadh an duine sin fostaithe go hiomlán mar is é Údarás na Gaeltachta an fostóir mar is faoin údarás a ritear na scéimeanna sin, mar shampla, an scéim Tús. Níl siadsan in ann táille a fháil mar bhaill den bhord. Maidir le SNA, táim ag rá ansin go bhfuilimid ag iarraidh mná a cheapadh mar deir aon duine a dhéanann suirbhé go bhfuil 80% de SNAanna ina mná. Caithfidh mé a rá go gcreidim go bhfuilimid ag iarraidh rud ar an lámh amháin agus go bhfuil muid ag tarraingt ar ais ar an lámh eile de agus go bhfuil sé tábhachtach tuilleadh machnaimh a dhéanamh air sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.