Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirfidh mé mo ladar féin isteach arís. Measaim féin gur chóir cur leis na cumhachtaí atá ag an údarás. Níl a fhios agam an é seo an Bille len é a dhéanamh nó an gá a fhógairt go bhfuil Bille eile chun teacht. An fáth go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil sé sin ráite anois, mar ba chóir go mbeimid ag tacú leis an mBille seo, má táimid ag dul i dtreo toghchán nua agus bord nua an bhliain seo chugainn, ba chóir go mbeadh a fhios aige ó thús cad iad na dualgais bhreise atá air. Is dualgais iad roinnt de na dualgais nó na cumhachtaí atáimid ag iarraidh a thabhairt don údarás a mbeadh ar an státchóras dul i gcomhairle leis ar gach uile rud. Beidh ceist mhór ann amach anseo faoi inmharthanacht aon phobal ar chósta na tíre. Ba chóir go mbeadh ról lárnach ag an údarás toisc go bhfuil sé ar an talamh seachas dream eile a tharraingt isteach sa cheantar agus mar an gcéanna le tithíocht. Tá ról áirithe ag an údarás faoi láthair ó thaobh tithíochta; níl an ról láidir go leor. Tá ceisteanna móra ann faoi choláistí samhraidh agus maidir leis an oideachas. Tá roinnt ról ag an údarás ó thaobh an oideachais de, tríd na coláistí samhraidh agus trí cuidiú leis an bpolasaí oideachas Gaeltachta agus na naíscoileanna. Is gá cinnte a dhéanamh de go bhfuil an ról sin ag an údarás níos soiléire, níos daingnithe agus más gá, go bhfuil an ról aige seachas, mar shampla, ag an Roinn Oideachais sa chéad áit. Tá a lán le plé.

Mar chuid den ullmhúcháin don chruinniú, d’iarr mé ar Sheirbhís Leabharlainne an Oireachtais féachaint ar na tíortha agus na mionteangacha eile le fiosrú an raibh a leithéid d’údarás nó coiste in aon tír eile. Ní raibh sé in ann a mhacasamhail a fháil ach bhí sé in ann teacht ar áiteanna ina bhfuil eagrais difriúla, mar shampla na Sámaigh i gCríoch Lochlann. Tá parlaimint iomlán acu agus tá i bhfad Éireann níos mó ná 16 baill sa pharlaimint sin. Caithfidh an rialtas ansin dul i gcomhairle leo faoi gach uile rud a mbeadh tionchar aige ar an gceantar sin. Tá an ról sin ann. B’fhéidir gur gá dúinn díriú isteach, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, ar na feidhmeanna agus iad a leathnú nó iad a thabhairt suas chun dáta le cinnte a dhéanamh de go bhfuil na cumhachtaí ag an údarás chun an jab atá aige a dhéanamh agus é a dhéanamh i gceart. Má thugaimid na cumhachtaí sin ar fad dó, ansin táimid ar ais arís go dtí ceist an phá nó a dhéanamh cinnte do go bhfuil an liúntas agus an maoiniú ceart. Níl an t-údarás ag fáil an maoiniú ar chóir dó a fháil ó thaobh na hoibre fiontraíochta atá á dhéanamh aige i gcomparáid leis an IDA nó Fiontraíocht Éireann. Is díospóireacht é sin do lá éigin eile. Tabharfaidh mé an deis don Aire Stáit freagra a thabhairt dúinn maidir leis na cumhachtaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.