Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is é an chéad rud a labhróidh mé faoi ná na coistí réigiúnacha mar tá siad gan an fheidhm a bhíodh acu tograí beaga a cheadú. D'fhág sé sin an bhord mór saor le bheith ag plé le rudaí móra ar nós straitéisí agus tograí móra. Bhí teorainn luachmhar leis na deontais is mó a bhféadfadh siad a cheadú do na boird réigiúnacha, mar shampla. Ní raibh mórán céille an bord ar fad a thabhairt le chéile ar mhaithe le €3,000, €4,000 nó €5,000 de dheontas nó le staidéar féidearthachta a thabhairt do dhuine.

Tá ceist ar mhaith liom a chur maidir le feidhmeanna an údaráis mar atá in alt 8 den Acht. Scríobhadh é seo siar in 1978 agus is iomaí athrú ar an saol ó shin. Is mar leanas a deir:

Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann.

Tá dhá rud i gceist ansin. Is é an chéad rud ná "caomhnú agus leathadh na Gaeilge". Is é an dara rud ná go gcaithfidh an t-údarás a chuid oibre a dhéanamh go hinmheánach trí Ghaeilge. Is "caomhnú is leathadh na Gaeilge" sa Ghaeltacht ar fad atá i gceist anseo. Is í an chéad phíosa eile den Acht ná alt 8(2) a dhéanann tagairt do na cúraimí a bhí ag Gaeltarra Éireann roimhe sin, mar atá leagtha anois ar an údarás. Tuigimid an méid sin. Cuireann an chéad fo-alt eile béim ar thionsclaíocht:

Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir alt 10, cibé tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta is oiriúnach leis seachas na cinn dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a sholáthar, a sheoladh, a rialú agus a bhainistí sa Ghaeltacht (go díreach nó, in aon chás áirithe, trí chomhlacht corpraithe faoi rialú an Údaráis).

Seo iad na feidhmeanna forbartha tionsclaíocha ar fad atá aige. Deir an tAcht ansin gur féidir iad seo a leathnú, agus mar sin de. Deir sé ansin i bhfo-alt (6):

Chun tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht beidh de chumhacht ag an Údarás in aon chás áirithe—
(a) comhlacht corpraithe a fhoirmiú,

(b) páirt a ghlacadh le daoine eile i bhfoirmiú comhlachta chorpraithe nó i gcomhpháirtíocht nó eile, agus

(c) faoi réir alt 10, scaireanna i gcomhlacht corpraithe a cheannach nó a ghlacadh nó a dhíol.

Téann an tAcht ar aghaidh le fo-alt (7) agus fágfaidh mé é ach é a léamh amach:

Chun críocha an ailt seo beidh de chumhacht ag an Údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil.

Le scéal fada a dhéanamh gearr de, chun críocha na bhfeidhmeanna sin, is féidir talamh a cheannach, a dhíol agus chuile shórt eile a dhéanamh leis, le trealamh agus le gach uile chineál ruda. Anois, is é seo an rud mar bhí plé ann faoi seo. Ceapadh i gcónaí, i bhfad siar sa lá nuair a bhí Gaeltarra Éireann ann, gur cheannaigh an t-údarás talamh agus thóg sé tithe ar thalamh an údaráis féin. Is rud é sin a bhíodh daoine go mór i bhfabhar mar bhí fáth le tithe a thógáil, mar shampla, ag an am sin do bhainisteoirí monarchana, agus do dhaoine eile nach iad.

Creidim féin go mba cheart na feidhmeanna a leathnú ionas go bhféadfadh an t-údarás talamh a cheannach, a dhíol, a dhiúscairt agus chuile shórt eile ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, agus go n-áireofaí ansin, mar shampla, talamh a chur ar fáil do thithíocht as an mbanc talún atá ag an údarás, nó a bhféadfadh sé a cheannach. Tá na feidhmeanna sin ag an údarás agus bhí an bhrí a baineadh astu ag pointe amháin sna háiteanna sin ag ardfheidhmeannach amháin ann. Cúngaíodh na feidhmeanna sin ón rud a tuigeadh a bhí ann go dtí sin. Mar sin, bheinn ag moladh go ndéanfar leasú ar an mbunreachtaíocht, an Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979. Is alt 8 atá i gceist agam leis seo agus molaim go ndéanfaí dhá phíosa de halt 8, sé sin go ndéanfaidh an t-údarás "caomhnú agus leathadh na Gaeilge" mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus a chinntiú agus go dtiocfaí ar aghaidh air sin trí aon ghníomh ar dóigh leis an údarás a chuirfeadh chun leas na teanga sa Ghaeltacht.

An dara phíosa de sin ná go ndéanfadh an t-údarás an Ghaeilge a úsáid "a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige" agus mar sin de. Ba chóir go ndéanfaí soiléir nuair a bheidh an t-údarás ag ceannach nó ag díol talún, chomh fada is go mbaineann sé le cur chun cinn agus buanú pobail na Gaeltachta, go mbeadh cumhacht ag an údarás tabhairt faoi go díreach nó trí fochomhlacht mar atá ráite san Acht leis na tionscail; is é sin, an chumhacht atá aige le tionsclaíocht a leanadh. Ní bheifí ag tabhairt aon chumhacht dó ach dá ndéanfadh éinne tarmligean ar chumhacht, ansin d’fhéadfadh an t-údarás é a dhéanamh gan aon leasú ar an Acht.

Tá talamh ag an údarás i mBaile na hAbhann, sa Spidéil, i nGaoth Dobhair agus ar fud na háite, buíochas le Dia. Tá tithe acu fós, dála an scéil. Abair, mar shampla, i mBaile na hAbhann go ndúirt an t-údarás go raibh talamh sa bhreis aige nár úsáid sé, nó i nGaoth Dobhair, áit a bhfuil eastáit breá tionsclaíochta ansin. Chuirfeadh sé an talamh ar fáil, ní hamháin do thithe sóisialta agus tithe inacmhainne ach do cainteoirí laethúla Gaeilge nach bhfuil in ann teach a fháil le maireachtáil ann nó nach bhfuil in ann cead pleanála a fháil mar nach bhfuil aon teach muinteartha acu. Níl mé ag rá go ndéanfaí é agus go bhféadfaidís mar a dúirt na baill, comhlacht ceadaithe tithíochta, AHB, a bhunú. Tá deis ann díreach cur leis agus soiléiriú a dhéanamh ar na feidhmeanna atá ag an údarás. Nuair a bunaíodh an t-údarás, is dírithe go hiomlán ar thionsclaíocht a bhí sé an chéad uair. Lena gceart a thabhairt dó, bhí an saoil i bhfad níos scaoilte an t-am sin agus rinne siad chuile chineál ruda. Bhí mise sa Ghaeltacht sula bunaíodh an t-údarás agus fiú Gaeltarra Éireann. Is údarás tionsclaíochta a bhí i nGaeltarra Éireann ach rinne sé rudaí nach féidir leis an údarás níos leithne seo a dhéanamh sa lá atá inniu ann. Rinneadh rudaí sna hamantaí sin. Ceannaíodh talamh de réir mar a tháinig sé ar an margadh agus sin an fáth go bhfuil na bainceanna talúna sna háiteanna ina bhfuil siad. Bhí sé thar cionn. Ní bheadh leath na rudaí sa Ghaeltacht anois ann mura raibh an dearcadh sin ann ag an am. Ba cheart go mbeadh na feidhmeanna níos leithne agus go mbeadh sé níos soiléire go bhfuil sé de chumhacht ag an údarás tabhairt faoi rud ar bith atá ar mhaithe le cur chun cinn labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.

An dara rud ná go bhfuil an ról tionsclaíochta thar a bheith tábhachtach agus tá obair bhaile bheag le déanamh air. Ar shracfhéachaint ar an daonáireamh, áfach, beidh sé spéisiúil comparáid a dhéanamh idir meath nó fás líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge agus meath agus fás an daonra trí chéile sna pobail céanna seo. Mar shampla, de réir mar a thuigim, tháinig méadú i lucht labhartha laethúil na Gaeilge Cois Fharraige, áit atá go mór faoi bhrú ón gcathair, ach áit go bhfuil an daonra ag dul in airde go mór. Is cosúil go mba threise méadú sa daonra ná meath de bharr a bheith gar don chathair. Ar an dtaobh eile den scéal, má bhreathnaímid ar Iorras Aithneach, laghdaigh líon lucht labhartha na Gaeilge, agus sílim gur tharla an rud céanna i gCeantar na n-Oileán. Ar tharla sé sin de bharr gur tháinig meath ar an daonra sa dá háit sin? Más ea, tá fíor-ról fós ag an údarás i gcruthú eacnamaíocht na Gaeltachta. Ar an dtaobh eile den scéal, áfach, caithfimid é a leathnú amach chuig na fadhbanna nua atá ann, go mór mór pleanáil agus tithíocht, agus a rá gur féidir leis an údarás, má thugtar na cumhachtaí dó faoin Acht, tabhairt faoi, mar shampla, an banc talún atá aige cheana féin a úsáid ar mhaithe le tithíocht. Is é sin an ceann is simplí acu uilig. Ní jab ollmhór a bheadh ann agus is leasú an-réasúnta a bheadh ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.