Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na baill a raibh seans agam bualadh leo go neamhfhoirmiúil maidir leis an mBille seo. Tá a lán de na ceisteanna cosúil lena chéile. Bhain an chéad cheist a raibh ag an Seanadóir Kyne agus ag an Teachta Connolly leis an gceist inscne. Ní hamháin gur deacracht do mo Roinn an cheist sin ach beidh deacrachtaí ag an Rialtas agus ag an Oireachtas í a phlé. An rud is tábhachtaí domsa ná tuairimí an choiste a chloisteáil agus éisteacht leis na baill inniu mar níl sé socraithe fóill conas a mbeimid in ann an cheist an-deacair seo a fhreagairt agus a phlé. Faoi láthair, is mná iad 40% de chomhaltaí boird reatha Údarás na Gaeltachta agus is fir iad 60% díobh. Níl aon cheist ach go bhfuil cothromaíocht inscne ina phríomhchuid den bhord seo agus go bhfuil an cheist seo i mbéal an phobail faoi láthair. Aontaím leis an Teachta Connolly maidir le cé chomh tábhachtach is a bhfuil sé seo. Buncheist na díospóireachta seo ná an daonlathas agus cé chomh tábhachtach is a bhfuil sé, go háirithe do mhuintir na Gaeltachta. Cosúil leis sin, ceist tábhachtach eile ná éagsúlacht ar an mbord agus ar maidin bhíomar ag caint maidir leis an gceist sin. Táim tiomanta go mbeidh éagsúlacht agus cothromaíocht inscne le feiceáil ar bhord an údaráis. Chuige sin, bheinn buíoch do na comhaltaí ach a dtuairimí a chloisteáil ina leith agus beidh deis againn cuidiú le héagsúlacht a mhéadú ar an mbord tríd táille a chur ar fáil do bhaill nach mbeadh i dteideal táille a fháil faoi na rialacha mar a sheasann siad faoi láthair. Bheadh sé i gceist agamsa breathnú ar na féidearthachtaí sa reachtaíocht seo táille a thabhairt isteach d'fhostaithe Stáit ar bhord an údaráis do shaoire mháithreachais nó shaoire uchtaithe.

Bhí ceist ag an Teachta Aindrias Moynihan maidir leis na comhairleoirí contae. Ghlac an Rialtas cinneadh ag deireadh na bliana seo caite chun leasú ar an reachtaíocht seo a bhrú chun cinn agus leasú ar chomhaltas boird luaite go sonrach ann ag an am. Tá an fhoráil seo ar aon dul le rialacha atá i bhfeidhm cheana san Oireachtas agus ní haon rud nua é seo. Anuas air seo, mar is eol don choiste, tá srian i gceist ó thaobh an phrionsabail "duine amháin, tuarastal amháin". Ciallaíonn sé seo nach bhfuil aon seirbhíseach poiblí i dteideal luach saothair a fháil i bhfoirm táillí boird ach amháin i gcásanna atá ceadaithe faoi reacht, mar shampla ceapacháin mar stiúrthóirí oibrí. Tá sé i gceist go mbeadh daoine nua á mealladh le bheith mar chomhaltaí den bhord. Más amhlaidh go bhfuil comhaltaí mar bhaill den chomhairle chontae cheana, bheadh dhá ról ag duine amháin seachas deis a thabhairt do dhuine nua tabhairt faoin ról ar an mbord. Is iad sin na ceisteanna a cuireadh go dtí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.