Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go háirithe agus cuirim fáilte roimh a fheidhmeannaigh. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht an ráiteas tosaigh. Bhí dreamanna éagsúla os ár gcomhair ag lorg rudaí éagsúla chun tosaigh agus ag cur béime ar rudaí éagsúla -tiocfaidh mé go dtí na rudaí sin - agus sin cuid den daonlathas. Chuaigh na finnéithe go léir a tháinig roimh an gcomhchoiste go mór i bhfeidhm orm. Mhaígh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh nach féidir díospóireacht a bheith agat ar an mBille seo gan é a chur i gcomhthéacs an síorchreimeadh ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna Gaeltachtaí. Tá sé tábhachtach é sin a rá i gcomhthéacs na bhfigiúirí atá tagtha amach ón daonáireamh. Ní raibh deis agam grinnstaidéar a dhéanamh ach rinne an tOllamh Ó Tuathaigh an pointe nach féidir an díospóireacht seo a bheith againn i bhfolús gan tagairt ar an síorchreimeadh ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna Gaeltachtaí. Tá sé sin ráite aige go soiléir. B'fhéidir go mbeidh deis teacht ar ais chuige sin inniu, ach muna bhfuil, b'fhéidir go mbeidh cruinniú speisialta againn ó thaobh na bhfigiúirí sin agus an síorchreimeadh.

Is rud dearfach é an Bille seo. Táimid ag dul ar ais agus ag dul chun cinn ó thaobh toghchán agus daoine a thoghadh. Ní raibh mé ag an gcruinniú nuair a bhí cur i láthair againn ó finnéithe ó Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i gCiarraí. Bhí díomá ollmhór orthu nach mbeidh aon suíochán acu ar bhord an údaráis. Ba mhaith liom tuairim an Aire Stáit a fháil faoi sin. Beimid ag dul ar chuairt ansin ag deireadh na míosa seo agus ba mhaith liom tuairimí an Aire Stáit a fháil faoi sin. Tá obair na gcapall á ndéanamh acu ansin agus tá siad ag streachailt ar an talamh chun an Ghaeilge a choinneáil mar theanga beo ach ní bheidh aon ionadaíocht acu ar bhord an údaráis nua.

Tagraím don phointe a d'ardaigh an Seanadóir Kyne maidir le folúntais. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil faoi sin. Cad atá ar intinn ag an Roinn? Cén bealach a bhfuil i gceist aige chun na folúntais sin a chomhlíonadh?

Luaim an Ghaeilge mar theanga cumarsáide. Aontaímid go léir go bhfuil sé sin riachtanach ach bhí tuairimí éagsúla ann, go háirithe ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, a cheap gur maslach an rud é daoine a chur faoi scrúdú. Ó mo thaithí féin ceapaim go bhfuil gá láidir le líofacht a bheith acu siúd atá ag dul i ngleic leis na cáipéisí. Luaigh Anna Ní Ghallachair, iarchathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta, cé chomh deacair is atá sé dul i ngleic le cáipéisí gan chaighdeán faoi leith a bheith agat sa Ghaeilge. An bhfuil bealach eile ann? Ar smaoinigh an Roinn ar bhealach eile? Tá B2 mar bhunfheidhm ach an bhfuil bealaí eile ann chun an cumas sin a chinntiú? An bhfuil aon mhachnamh déanta ag an Roinn faoi sin?

Tagraím do chothromaíocht inscne. Níl sé againn fós agus mé ag breathnú timpeall an tseomra. Tá obair ar siúl i gcónaí ansin maidir le gach rud. Léigh mé ráiteas tosaigh an Aire Stáit agus tá seisean ag iarraidh orainn na tuairimí atá againn a chur in iúl, agus tá tuairimí againn, ach cad iad na tuairimí atá ag an Aire Stáit agus ag an Roinn? Tá neart taithí ag an Roinn ó thaobh na faidhbe seo. Ní maith liom an focal "fadhb" a úsáid ó thaobh an dúshláin seo. Cad atá i gceist ag an Roinn chun dul i ngleic leis an ndúshlán chun a chinntiú go mbeidh cothromaíocht inscne i gceist ó thaobh toghcháin de, ó thaobh na hiarrthóirí de agus ó thaobh an seisear a bheidh á gceapadh ag an Aire Stáit don bhord?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.