Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an cheist maidir le cothroime inscne curtha ach tá trí cheist eile agam ar an ábhar nó an mír sin ar mhaith liom a fhiosrú chomh maith.

Is pobail bheaga atá i gceist maidir lena lán de na Gaeltachtaí. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an t-ionadaí ar son an phobail ón bpobal sin. Feicimid go minic má bhíonn daoine ag iarraidh teach a thógáil sa dúthaigh, go mbíonn deacracht acu le pleanáil agus go mbíonn orthu bogadh soir agus siar an bhóthair agus nach mbeidís ábalta a bheith ar an taobh sin den fheirm nó ar an taobh eile di. Tá teorainneacha na nGaeltachtaí fite fuaite mórthimpeall na háite agus, mar sin, bheadh sé éasca go leor gurb amhlaidh nach mbeidís ábalta teach cónaithe a thógáil istigh sa Ghaeltacht ar an taobh faoi leith den bhóthar, agus go mbeadh orthu, b'fhéidir, bogadh cúpla céad méadar go dtí an taobh eile, nó go dtí bóthar eile ar fad. B’amhlaidh go dtarlófaí go mbeadh an duine sin an-tapa lasmuigh den Ghaeltacht. Is iad seo daoine a bheadh an-lárnach i bpobal na Gaeltachta agus gurbh amhlaidh go mbeidís srianta nó go mbeadh cosc orthu seasamh le haghaidh ceapacháin don údarás toisc go raibh orthu, b’fhéidir, bogadh, nó an teach a thógáil 100 slat lasmuigh den teorainn. Ní fheadar ach ba mhór an chailliúint a bheadh ann. An bhfuil slí ann chun é sin a láimhseáil le go mbeadh daoine atá ina gcuid lárnach den phobal Gaeltachta ábalta seasamh mar ionadaithe don údarás?

Tuigim an cheist nó an pointe mar gheall ar Bhaill de Pharlaimint na hEorpa agus den Oireachtas; sé sin, nach mbeidh an deis acu siúd freastal ar an mbord. Ní fheadar an bhféadfadh an tAire Stáit míniú a thabhairt dom ar cén réasúnaíocht nó loighic a bheadh ann srian a chur ar chomhairleoirí contae, go háirithe nuair atá siad chomh lárnach mar ionadaithe pobal áitiúil.

Cuimhnigh chomh maith nach maireann an Ghaeltacht mar oileán ina haonar. Tá sé bainteach leis na pobail eile mórthimpeall uirthi, mar bhailte seirbhíse agus go leor leor eile, agus ba cheart go mbeadh ról ceannaireachta áitiúla ag na comhairleoirí contae ansin chomh maith. Táim ag smaoineamh, mar shampla, ar Dhún Garbhán i gcás Rinn Ua gCuanach, ar Mhaigh Chromtha i gcás Gaeltacht Mhúscraí, agus ar Chathair Saidhbhín i gcás Gaeltacht Chiarraí theas. Bheadh dlúthcheangal ag an bpobal leis an áit lasmuigh den Ghaeltacht. Ní thuigim an tslí go mbeadh srian ar dhuine a bheadh mar ionadaí áitiúil ar na pobail sin d'fhonn é nó í a bheith mar bhall den údarás.

Baineann an cheist dheireanach atá agam leis an gcathaoirleach a bheidh á ainmniú nó á hainmniú. Tuigim go dtiocfaidh an duine sin ó na daoine a bheidh le roghnú ag an Aire.

Cad faoi leaschathaoirleach nó conas a n-ainmneofaí a leithéid? Caithimid smaoineamh go bhfuil an t-údarás ag freastal ar phobail agus ar ghnóthaí ar fud na tíre, agus go bhfuil ról gnóthach ann gabháil suas agus síos.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.