Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá roinnt ceisteanna agam maidir leis an gcuid seo den Bhille agus tiocfaidh mé ar ais chuig na baill ansin.

Baineann ceann amháin de na ceisteanna seo leis an stádas a bheidh ag comhalta. Baineann sé seo leis an méid a luaigh na Teachtaí Connolly agus Ó Cuív. Má tá daoine le toghadh, caithfear caitheamh leo agus iad a mheas ar nós gur ghnáthleibhéal bord Stáit é. Tá sé sin íseal go leor i gcomparáid ní hamháin leis an pá ach leis an airgead nó an liúntas a fhaigheann daoine ar chomhairlí contae. Ba chóir go mbeimid ag iarraidh go mbeidh an íocaíocht seo ar leibhéal na gcomhairlí contae. Thabharfadh sé sin stádas sa bhreis dóibh ó thaobh an cur chuige ionas go mbeadh daoine in ann smaoineamh ar an ról seo, ach ní mar post lánaimseartha, mar níl an pá nó an liúntas a fhaigheann comhairleoirí in a lán comhairlí contae ag an leibhéal agus ba chóir dó a bheith. Ba chóir go mbeadh sé i bhfad Éireann níos mó.

Ó thaobh na ceiste faoi inscne a d'ardaigh an Seanadóir Ó Donnghaile, an bhfuair an tAire Stáit deis féachaint ar an aighneacht a rinneamar ó thaobh ár bpáirtí de? Bhíomar ag díriú isteach ar bhord iomlán tofa, más mian leis an Aire Stáit cur leis sin. D'aithníomar go raibh ceantair bheaga agus gur gá go mbeadh beirt tofa astu sin. Chuirfeadh sé sin níos mó leis na ceantair mhóra chomh maith. Má tharlaíonn sé sin, abair, i gceantar na nDéise, bheadh beirt ann. D'fhéadfaí a rá ansin go mbeadh fear amháin agus bean amháin iontu siúd. Tá a fhios agam go mbeadh sé sin ag cur as don daonlathas ach tá sé seo eisceachtúil. An dtabharfadh an moladh sin deis don Aire Stáit an fhadhb sin a réiteach? Sna ceantair a bheadh triúr á dtoghadh iontu, déarfaimis go mbeadh ar a laghad bean amháin tofa ann. Ag deireadh an athraithe - tá níos mó i gceist ansin ag tabhairt aitheantas do cheantair cosúil le hUíbh Ráthach agus do cheantair atá luaite ag Teachtaí eile cheana féin - ní bheidh gach rud caite isteach, mar shampla i nGaillimh, i bpota amháin. Thabharfaí aitheantas dá réir do cheantair atá níos laige agus go n-aithnítear leis go bhfuil ceantair eile níos láidre. Bheadh cothromas de shórt ag an Aire Stáit ag an deireadh nó, ar a laghad, go mbeadh 40% de mhná tofa sa tslí atá curtha ar aghaidh againn. Is í an t-aon fhadhb atá leis sin ná go gcruthaíonn sé bord atá i bhfad Éireann níos mó, mar 23 ball a bheadh i gceist sa phlean atá leagtha amach againn.

Más ag caint faoi chumhachtaí breise a bheith ag an údarás atáimid, agus tiocfaidh mé ar ais chuige sin, nó má táthar ag tabhairt aitheantas go bhfuil an obair atá á déanamh ag comhaltaí an údaráis ar comhchéim le hobair leibhéal chomhairleora contae nó a leithéid, táthar ag rá ansin go gcaithfimid a chinntiú de go bhfuil na daoine atá tofa ag glacadh freagracht do cheantar ar leith. Is é sin go bhfuil duine ann ag tabhairt aitheantas nó tacaíocht, mar shampla, d’Uíbh Ráthach agus go bhfuil duine ann ar son na n-oileán. D'fhéadfadh toghcháin a bheith againn agus gan aon duine a bheith ar an mbord ó cheantar na n-oileán nó a chinnteodh go bhfuil aird á tabhairt do na fadhbanna ar leith atá le brath chun cónaí a bheith ar dhuine ar na hoileáin.

Ní thuigim an fáth go bhfuil srian dhá théarma i gceist. Tuigim más duine atá ainmnithe atá i gceist leis sin ach má tá an pobal sásta duine a thoghadh ní chóir go mbeadh srian mar sin ann. B'fhéidir nuair a bheidh an tAire Stáit ag díriú isteach ar an mBille go mbeidh sé in ann féachaint ar an gceist sin.

Dhéileáil an tAire Stáit leis na ceisteanna eile maidir le cónaí nó obair sa Ghaeltacht agus ó thaobh an chathaoirligh de. Is é sin, más bord iomlán tofa é, ba chóir go mbeadh an cathaoirleach tofa ó laistigh den dream sin.

Tá doiciméad cuibheasach cuimsitheach againn agus chuir dreamanna eile doiciméid os ár gcomhair. Beidh siad sin, dár ndóigh, sa tuarascáil ach más mian leis an Roinn go gcuirfidh an comhchoiste iad ar aghaidh chuici roimh an tuarascáil a chur i dtoll a chéile, abair linn, lena toil, agus déanfar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.