Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Faoi chomhdhéanamh an Stáit i láthair na huaire, dá mba rud é go raibh sé soiléir – ceapadh go raibh ach ansin dúradh nach raibh sé chomh soiléir – go raibh cead ag an údarás talamh dá chuid a úsáid le haghaidh tithíochta, d’fhéadfaidís breathnú ar na bainc thalún atá acu agus AHB nó ceann de na voluntary housing bodies seo a bhunú agus tithe a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht. I gcás gur tithe sóisialta a bheadh ann, bheadh ceart ainmniúcháin ag an gcomhairle contae in acmhainn cibé córas a thiocfaidh ansin agus cuid a bheith ann do dhaoine a bhí díreach ag iarraidh tí sa Ghaeltacht agus go bhfuil Gaeilge acu. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh. Ní bheadh sé sin ag baint feidhm dá laghad ón gcomhairle contae mar tá sé seo á tharmligean cheana féin do na voluntary housing bodies. Fair play do Thearmann Éanna. Nuair a tháinig siad aníos ar an margadh chuaigh siad ar aghaidh agus cheannaigh siad tithe saoire a bhí ar díol i Ros an Mhíl agus Eanach Mheáin. Tá deis iontach tithíochta i gConamara dá bharr sin, dá mbeadh siad cóirithe agus ligthe. Murach é sin, d’fhéadfaí iad a dhíol agus ní bheadh aon srian ar céard a tharlódh. Mar atá, tá mé cinnte go mbeidh 80% de na daoine a chuirfear isteach sna tithe sin de réir an phlean teanga, mar gur an chomhairle contae a bheidh ag ainmniú na ndaoine, ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Abair nach raibh Tearmann Éanna ann agus go ndúirt duine éigin gur iontach an rud é dá bhféadfadh an t-údarás an dá eastát tithíochta sin a cheannach. Déarfaí leo, faoi Acht an údaráis, nó faoin mbrí a baineadh as, nach féidir é a dhéanamh, fiú go bhféadfadh Gaeltarra é a dhéanamh rompu. Níl mé ag caint ar athscríobh iomlán nó mórchumhachtaí a aistriú. Tá mé ag caint ar tweakáil a dhéanamh ar rud atá as dáta mar go bhfuil gá soiléiriú a dhéanamh le dul ar ais go dtí an áit ar cheap muid go raibh muid ag an tús.

Tarmligeann an Stát go leor feidhmeanna go heagraíochtaí mar AHBs agus mar sin de. Rinne muid é leis an rural social scheme, agus thug muid don údarás é seachas LEADER. Thug muid Tús don údarás seachas LEADER. Bhí cumhachtaí nó feidhmeanna tugtha ach is í an Roinn atá fós i gceannas. Tá sé mar a chéile sa chás seo. Nílim ag rá gur chóir cúram tithe sóisialta an chomhairle contae a thabhairt don údarás ach go mbeadh cumhacht mhór aige ó thaobh ceannach agus díol talún. Tá tú ag caint ar leasuithe beaga teicniúla. Chonaic mise leasuithe i bhfad níos mó á ndéanamh ar Bhillí idir Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála ná mar atá mise ag moladh anseo agus níl muid fiú tagtha ag an bpointe go bhfuil Bille againn. D’fhéadfaí é seo a dhéanamh an-éasca. Níl mé ag caint mar gheall ar é ar fad a stróiceadh; tá mé ag caint mar gheall ar leasuithe a dhéanamh agus soiléiriú a thabhairt ar na cumhachtaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.