Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

An rud ba shoiléire ó na dreamanna a tháinig os ár gcomhair ná chomh deacair is atá sé maireachtáil sna Gaeltachtaí ó thaobh cúrsaí pleanála agus cúrsaí tithíochta. Ní bhaineann sé leis an mBille srianta seo ach bhí sé beagnach osréalach ag caint faoi chumhachtaí a thabhairt ar ais do bhord an údaráis nuair nach bhfuil an córas pleanála atá ann ag feidhmiú, dar leis na dreamanna a tháinig os ár gcomhair. Ní aontaím go hiomlán leo ach an cheist atá á hardú ná an féidir breathnú ar thuilleadh cumhachtaí a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta ó thaobh cúrsaí pleanála de. An cheist a bhíonn agamsa i gcónaí ná an féidir níos mó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá ag an údarás faoi láthair. Níl ceist agam i ndáiríre ach tá tuilleadh díospóireachta ag teastáil go géar. Cá bhfuil ár dtriall ó thaobh na nGaeltachtaí, ó thaobh na Gaeilge de agus, ag dul ar ais i gciorcail ón tús, ó thaobh thorthaí an daonáirimh? Luaigh mé an iar-ollamh a bhí os ár gcomhair agus rinne mé dearmad ar an Ollamh Ó Giollagáin freisin agus na daoine eile a tháinig os ár gcomhair. Luaigh an tOllamh Ó Giollagáin agus an tOllamh Ó Tuathaigh, go háirid, an comhthéacs. Táimid ag caint faoi Bhille srianta agus is maith an rud go bhfuil. Aontaím go bhfuil sé ceart an toghchán a thabhairt ar ais don údarás ach níl a fhios agam. Tá sé ráite go mion minic agam go bhfuil creimeadh i gceist ó thaobh na Gaeilge de. Cad atá ag teastáil i ndáiríre mar shochaí ó thaobh na Gaeilge de? Cad ba chóir dúinn a dhéanamh ó thaobh Údarás na Gaeltachta?

Ní thuigim cad atá i gceist leis na coistí réigiúnacha. Ní raibh mé anseo mar shiúil mé amach le rud a dhéanamh. Ceapaim gur smaoinigh an Roinn na coistí sin a thabhairt ar ais, mar bhíodh siad ann, gan smaoineamh ar cad atá ag teastáil i ndáiríre nó na téarmaí tagartha do na coistí seo. Cad iad cuspóirí na gcoistí ó thaobh chreimeadh na Gaeilge de, ó thaobh an rud atá ag tarlú? Ní féidir Údarás na Gaeltachta agus toghchán a bheith faoi chaibidil againn gan na fadhbanna móra atá ann a phlé. Bíonn na dreamanna seo os ár gcomhair gach bliain, in ainneoin obair na gcapall atá á déanamh ag an Roinn, in ainneoin go bhfuil Acht nua againn agus go bhfuil dul chun cinn ollmhór déanta ó thaobh cúrsaí fógraíochta agus mar sin de. Breathnaíonn muid ar chúrsaí earcaíochta agus is dócha nach bhfuil sé sin tarlaithe fós. Tá mé ag dul timpeall i gciorcail.

Tá sé seo tábhachtach. Ar smaoinigh an Roinn ar cén sórt cumhachtaí breise a thabharfaí don údarás nó an gceapann sí go bhfuil gá leis? An rud a chuaigh i bhfeidhm ormsa agus lucht na gcóras áitiúil ag teacht os ár gcomhair ná nach raibh cliú acu i ndáiríre. B’fhéidir go raibh sé níos measa ná sin ach beidh mé flaithiúil. Ní raibh cliú acu ó thaobh na ndualgas a bhí orthu maidir le cúrsaí pleanála agus an tábhacht a bhain le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Ní dóigh liom go raibh tuiscint mhaith acu ar na dualgais a bhí orthu.

Ceapaim i gcónaí go bhfuil spás ollmhór ann don údarás dul i bhfeidhm ar na córais áitiúla i bhfad níos éifeachtaí ná mar atá. Tá sé ráite go mion minic go bhfuil tríonóid de dhualgais ag Údarás na Gaeltachta: fostaíocht, pobal agus teanga. Ní de bharr easpa físe ach b’fhéidir mar gheall ar an mbrú ó thaobh fostaíochta go bhfuil neamhaird déanta acu ar chúrsaí teanga agus cúrsaí pobail. B’fhéidir go bhfuil tuilleadh díospóireachta ag teastáil uainn maidir leis seo. Ba mhaith liom tuairimí an Aire Stáit agus lucht na Roinne a chloisteáil. Tá machnamh déanta acu ar an ngá le tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don údarás.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.