Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta Ní Chonghaile maidir leis na coistí réigiúnacha, céard atá i gceist acu agus na cumhachtaí atá acu. B’fhéidir go mbeadh muid in ann fáil amach go díreach ón údarás cad a dhéanfaidh siad ag na coistí seo agus an bhféadfaí caidreamh a bheith ann idir na ceantair, na pleananna teanga agus na feidhmeannaigh do chuile réigiún. D’fhéadfaí go mbeadh ról acu sna coistí seo ó thaobh caidrimh agus a gcuid oibre, na pleananna atá acu, an dul chun cinn sna ceantair, na deacrachtaí agus deiseanna sna ceantair agus na rudaí a theastaíonn. B’fhéidir go mbeidh ról níos leithne acu ansin.

Níl a fhios agam faoi chúrsaí pleanála. Sin ceist mhór agus athrú mór ó thaobh feidhmiú chúrsaí pleanála sa tír. Níl mé ag rá nár cheart breathnú air nó é a dhéanamh ach sin ceist. Teastaíonn caidreamh idir an Roinn agus an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Rialtas go léir.

Ba cheart é seo a dhéanamh leis an Rialtas go léir agus dul síos an bóthar sin. Aontaím go mba cheart an díospóireacht sin a chur ar siúl ar leibhéal na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Sílim nach mbeidh an Roinn sásta aon chumhacht a thabhairt do dhream eile ach níl a fhios agam faoi sin. B'fhéidir go mbeidh an Roinn sásta ag an am céanna ach beidh níos mó caidrimh le déanamh seachas go mbeidh muid féin anseo ag plé ar an ábhar seo. Ba cheart tús a chur leis an bpróiseas nó breathnú ar an bpróiseas.

Maidir leis an ní a luaigh an Teachta Ó Muineacháin, is ceist shuimiúil a bhí aige maidir leis na teorainneacha ar na Gaeltachtaí. Is ceist dheacair í sin freisin mar bíonn daoine le Gaeilge díreach taobh amuigh den teorainn - nó b'fhéidir go bhfuil siad mar níl a fhios agam - agus in áiteanna eile. Ní luíonn sé le mórán céille ag breathnú ar na mapaí ar a bhfuil na háiteanna leagtha amach. Ar an lámh céanna, b'fhéidir go bhfuil áiteanna go mba cheart gan a bheith leagtha amach sa Ghaeltacht ach is athrú mór tabhairt faoi sin.

Tá Gaelscoil Mhic Amhlaigh i gcathair na Gaillimhe taobh amuigh den Ghaeltacht go hoifigiúil ach tá daoine ag freastal ar an scoil sin ó cheantar oifigiúil Gaeltachta ar Chnoc na Cathrach. Ba cheart an teorainn sin a athrú chun Gaelscoil Mhic Amhlaigh a thabhairt isteach go hoifigiúil. Tá ceisteanna mar sin ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.