Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 31 May 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá súil agam go bhfuil an Teachta Ó Cuív agus baill eile ar aon intinn liom go bhfuil sé seo beagáinín amscaí, ní hamháin ó thaobh líon na mball. Beidh deichniúr tofa do cheann amháin de na coistí réigiúnacha seo ach ní bheadh ach tríur bhaill ar fáil ar aon chaoi mar sin an méid atá tofa as Ciarraí, Corcaigh agus Port Láirge. Beidh seachtar tofa ar fáil don bhord seo. Dúradh nach mbeadh ach triúr acu ann. Braitheann sé chomh maith ar cad é an gnó atá ag an gcoiste seo. Má fhéachtar ar líon na limistéar pleanála teanga, bunaithe air seo tá seacht gcinn ag ceantar amháin, tá cúig cinn i gCúige Mumhan agus 21 atá sa cheann eile.
Tá ualach i bhfad Éireann níos mó ar an gceann a chlúdaíonn Gaillimh agus Maigh Eo. D'fhéadfaimid trí cinn a dhéanamh. Is rud spéisiúil é seo mar nuair a bhí lucht an údaráis os comhair an chomhchoiste cheana féin, dúirt siad go bhfuil an eagraíocht sin briste síos ina trí cinn ann agus go bhfuil fochoistí acu. Níl a fhios agam faoin deighilt go díreach atá ann ach bheadh sé loighciúil go leanfaimid pé rud atá ag an údarás cheana féin. B'fhéidir go nglacfaimid le trí cinn agus má dhéantar é sin ar bhonn an deiscirt agus ar mhír an iarthair, bheadh naonúir nó triúr ball sna sé limistéar pleanála teanga, agus bheadh deich limistéar pleanála teanga sna cinn eile a bheadh fágtha, agus duine amháin an ceann acu. Measaim go ritheann sé sin leis an méid atá á rá ag an údarás cheana féin. B'fhiú féachaint air sin agus más rud é go bhfuil rud éigin ag obair, nár chóir é a bhriseadh.
Tiocfaimid ar ais faoin gcumhacht agus an ról a bheidh acu.
Má táimid ag fanacht le go mbeidh deichniúr tofa, ba chóir go mbeadh gach uile dhuine de na baill a bheidh tofa ina mbaill de choiste réigiúnach agus go dtuigeann siad ón tús gurb é sin ceann de na róil atá acu. Mar, mura bhfuil an duine ach ag fáil an liúntas atá luaite, cén fáth go rachadh sé nó sí chun breis ualaigh a chur air nó uirthi féin ach amháin gur ar son na cúise é, dar ndóigh. Ní chóir go mbeadh aon duine gan an post sin seachas, b'fhéidir, má tá duine ann atá ina leas-chathaoirleach agus go bhfuil ualach breise air nó uirthi.
Feicim go bhfuil an Teachta Ó Muineacháin ag iarraidh teacht isteach ag an bpointe seo.
No comments