Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis agus le comhaltaí an choiste as cuireadh a thabhairt dom teacht os a gcomhair inniu chun labhairt leo faoin scrúdú réamhreachtach ar an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022. Beidh baill an choiste ar an eolas faoin ngealltanas i gclár an Rialtais mar a bhaineann sé le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas reatha i ndáil le roghnúcháin agus toghcháin bhord Údarás na Gaeltachta. Is é an aidhm a bhí leis an athbhreithniú ná moltaí a dhéanamh maidir le hionadaíocht dhaonlathach ar an mbord a láidriú, chomh maith le moltaí a dhéanamh maidir leis an líon comhaltaí, le cothromaíocht inscne agus leis na scileanna ar leith a theastaíonn chun tacú leis an eagraíocht a dualgais a chomhlíonadh. Airítear anseo, forbairt fiontraíochta agus fostaíochta, forbairt theangeolaíoch, forbairt phobail agus forbairt chultúrtha na Gaeltachta.

Maidir le leasú reachtaíochta, rinne an Rialtas cinneadh roimh dheireadh na bliana seo caite gur ar feadh tréimhse nach faide ná dhá bhliain a mhairfeadh an bord reatha sa chaoi is go mbeidh an deis ann an reachtaíocht a leasú chun go mbeifear in ann toghcháin d’Údarás na Gaeltachta a reáchtáil i lár 2024.

Ba mhaith liom príomhghnéithe na leasuithe a leagan amach don chomhchoiste inniu. Faoin gcur chuige nua, tá sé beartaithe go ndéanfar na príomhleasuithe a leanas: méadú a dhéanamh ar bhallraíocht an bhoird ó 12 go 16, deichniúr comhaltaí le toghadh de bhun toghchán ó réigiúin Ghaeltachta reachtúla atá lonnaithe i gcontae Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí agus seisear comhaltaí eile ceaptha de réir threoirlínte an Rialtais, is é sin comórtas poiblí. Bheadh sé i gceist go dtoghfaí duine amháin chuig an mbord thar ceann na gcontaetha Gaeltachta Mhaigh Eo, Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí, beirt chomhaltaí thar ceann Ghaeltacht Dhún na nGall agus triúr comhaltaí thar ceann Ghaeltacht na Gaillimhe; beidh ar gach duine atá ag iarraidh a bheith mar iarrthóir i dtoghchán nó roghnúchán a léiriú go bhfuil íos-chaighdeán B2 sa Teastas Eorpach na Gaeilge bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha; ina theannta sin, beidh gá d'iarrthóirí toghcháin buan-chónaí a bheith orthu sa Ghaeltacht a bhfuil siad ag iarraidh a bheith tofa thar a ceann; ní bheidh aon duine ar chomhalta d’údarás áitiúil, de cheachtar Teach de chuid an Oireachtais, nó de Pharlaimint na hEorpa iad incháilithe chun suí ar bhord Údarás na Gaeltachta; agus is é an leasú molta deireanach ar an mBille go mbeidh comhaltaí teoranta do dhá théarma ar a mhéad a chur isteach ar an mbord agus ba chóir a thabhairt faoi deara gur imeacht é seo ón bhforáil atá ann faoi láthair ina ndeirtear nach féidir comhaltaí a cheapadh ach do dhá théarma as a chéile.

Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an obair atá ar bun ag an údarás ar son na Gaeltachta ar bhonn leanúnach. De bharr na hoibre seo, tá deiseanna fostaíochta agus fiontraíochta cothaithe agus cruthaithe i gceantair nach bhfaigheadh na deiseanna sin murach gur ann don eagraíocht. Sílim go léiríonn sé seo cheana féin chomh tiomanta is atáimid le cinntiú go mbeidh bord láidir agus ionadaíoch ó thaobh na gceantar Gaeltachta de ann.

Ba mhaith liom a mheabhrú don chomhchoiste go bhfuil cothromaíocht inscne ar bhord an údaráis ríthábhachtach dom féin. Baineadh amach an chothromaíocht sin ar an mbord a bhí ann go deireadh na bliana seo caite agus ba mhaith linn sa Roinn tuairimí an chomhchoiste a chloisteáil maidir le bealaí chun é sin a chinntiú agus toghcháin tugtha ar ais an bhliain seo chugainn.

Mar is eol don chomhchoiste, tá dualgas orainn dul chun cinn a dhéanamh leis an mBille seo agus táim ag déanamh mo dhícheall é a achtú chomh luath agus is féidir. Cuirim fáilte roimh na ceisteanna anois, a Chathaoirligh, agus go raibh maith agat.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.