Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 31 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil).

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá ceist eile agam ó thaobh na gceannteideal. Tá toghcheantar amháin do Mhaigh Eo, agus toghcheantar amháin do Ghaillimh le trí shuíochán ann. Tá fadhb eile ann. Níl a fhios agam an bhfuil mioneolais ag an Aire Stáit ar cheantar Mhaigh Eo. Sa trí cheantar i nGaeltacht Mhaigh Eo: tuaisceart Mhaigh Eo thuas in Iorras; Acaill; agus ceantair Coill an tSiáin, Fionnaithe agus Tuar Mhic Éadaigh. Neamhchosúil le haon Ghaeltacht eile sa tír, tá teorainn chontae i gceist leis an tríú cheantar atá luaite agam - tagann an Ghaeltacht isteach ansin go Chontae na Gaillimhe. Má shuím sa chistineach sa bhaile agus má bhreathnaím amach an fhuinneog, 2 nó 3 míle síos an bóthair uaim feicim na cnoic i bhFionnaithe. Má bhreathnaíonn tú ar an mbriseadh síos den daonra i gContae Mhaigh Eo, is duine as Iorras a thoghfar mar tá formhór na vótaí thíos ansin. B’fhearr leo siúd i bhfad go mbeadh ionadaíocht acu agus is argóint eile é sin i bhfabhar trí cheantar aon suíochán amháin a dhéanamh de Gaillimh. Dá mbeadh siadsan ceangailte le Dúiche Sheoigheach, agus fiú le hIorras Aithneach, is mó an ceangail i bhfad atá acu sin ná mar atá acu le hIorras. Maidir le Dúiche Sheoigheach, má fhagann tú an ceantar sin agus tú ag dul siar an bóthar, tagann tú go Droichead an tSnámha agus go tobann tá tú i gContae Mhaigh Eo. Má choinníonn tú leat díreach siar an bóthar sin, tiocfaidh tú chomh fada leis an bpub sin ar a dtugtar na Larches. Tá sé sin i gCo Mhaigh Eo agus tá an chéad teach eile i gContae na Gaillimhe. Tá Seanadh Farracháin, Tóin na Lí, Na Fuaiche agus an Chorr Riabhach i gContae na Gaillimhe, amach go dtí An Mám. B’fhearr i bhfad go mbeadh na háiteanna sin sa toghcheantar céanna, nó ar a laghad ar bith go dtabharfaí rogha do mhuintir deisceart Mhaigh Eo. Ní hé go mbeidh siad ag glaoch do Ghaillimh san All-Ireland ach tá mé a ceapadh, go mór mhór dá mbeadh trí thoghcheantar aon suíochán amháin i nGaillimh, gur bhfearr leo bheith istigh le Dúiche Sheoigheach ná le hIorras mar is mó seans go bhfaighidís freastal.

Ceist eile atá agam ná cén liúntas a íoctar le comhairleoirí contae. Tá na finnéithe ag caint ar €7,000 a íoc agus go bhfios domsa íoctar rud éigin ar nós €37,000 le comhairleoirí contae de bharr taistil agus rudaí eile atá orthu a dhéanamh mar ionadaithe poiblí tofa. Má tá tú mar ionadaí poiblí tofa ar Údarás na Gaeltachta, áfach, gheobhaidh tú €7,000. Mar is eol don Aire Stáit go rímhaith, tá fíorchostais ag baint le bheith i d’ionadaí poiblí tofa. Fágfaidh mé mar sin é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.