Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom tús a chur leis seo. Táimid anseo chun ár dtuarascáil ar an earnáil scríbhneoireachta, foilsitheoireachta agus léitheoireachta Gaeilge a phlé leis an Aire Stáit a bhfuil freagracht speisialta maidir leis an nGaeltacht air. I dtosach báire, déanaim comhghairdeas oifigiúil leis an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, as an gceapachán agus an deis a bheith aige teacht ós ar gcomhair don chéad uair. Déanaim comhghairdeas leis thar ceann an choiste uilig as a cheapachán mar Aire Stáit na Gaeltachta. Guím gach rath ar an obair sin. Tá súil agam go mbeimid in ann cur leis an obair sin agus obair le chéile. Is mian liom fáilte a fhearadh roimh an Aire Stáit agus chomh maith leis sin le stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Dr. Aodhán MacCormaic, agus leis an príomhoifigeach, Aodán Mac an Mhíle, chomh maith. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe seo ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó seomra coiste 4, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.
Sula leanaimid ar aghaidh, caithfimid na rialacha seo a léamh. Tá a fhios ag na comhaltaí agus na finnéithe cheana féin gur chóir dá gcuid gutháin soghluaiste a bheith múchta le linn an chruinnithe toisc go gcuireann siad as don chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá sé de rogha ag na comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams. Feicim go bhfuil an Seanadóir Clifford-Lee ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Tá mé féin agus an Teachta Catherine Connolly, agus an tAire Stáit dár ndóigh, sa seomra coiste. Molaim do chomhaltaí atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil go mbeadh a gcuid micreafóin múchta agus go mbeadh siad le feiceáil nuair atá siad ag labhairt.
Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á thabhairt acu taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise agus má ordaítear dóibh éirí as fianaise a thabhairt, go ndéanfar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin láithreach.
Anois, is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Feicim an Teachta Joe McHugh anseo chomh maith. I dtús báire, iarraim ar an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, ráiteas tosaigh a dhéanamh.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as an fháilte a chur sé romham chuig an gcoiste um thráthnóna.
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a bheith anseo leo inniu chun cúrsaí scríbhneoireachta, foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge a phlé agus le féachaint ach go háirithe ar a bhfuil sa tuarascáil a d’fhoilsigh an coiste i mí na Samhna anuraidh, 2023.
Is gné thábhachtach de shaol an phobail í an fhoilsitheoireacht agus ábhar léitheoireachta a bheith ar fáil ní hamháin mar uirlis oideachais, ach go deimhin mar ábhar le taitneamh agus tuiscint a bhaint as ár dtimpeallacht. Tá réimse an-leathan oibre i gceist anseo. Tá deich mórmholadh sa tuarascáil agus mórán moltaí eile sa bhreis orthu sin. Luaitear sa tuarascáil go bhfuil "géarchéim" in earnáil na foilsitheoireachta. Ní aontaím go hiomlán leis seo. Is cinnte go bhfuil dúshláin ann agus tuigim agus tuigeann oifigigh na Roinne é seo. Cé go bhfuil dúshláin san earnáil agus go maítear go bhfuil "easpa tacaíochtaí" ón Stát, tá ag éirí le scríbhneoirí agus foilsitheoirí na Gaeilge saothair shaibhre léitheoireachta a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Tá baint nach beag ag Foras na Gaeilge leis an obair seo. Mar is eol don choiste, tá Foras na Gaeilge ar cheann d’áisíneachtaí an Fhorais Teanga, a fheidhmíonn ar bhonn Thuaidh-Theas. Tá mo Roinn ar cheann de Ranna urraíochta an fhorais sin. Faoi chúram an fhorais, tá An Gúm, a chuireann foilseacháin agus áiseanna ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Chomh maith leis sin, cuireann an áisíneacht dáiliúchán leabhar, nó ÁIS, seirbhís dáiliúcháin ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge a chinntíonn soláthar leabhar Gaeilge ar an margadh.
In 2008, tugadh clár na leabhar Gaeilge isteach faoi scáth an fhorais agus tuigim gur cuireadh próiseas cuimsitheach athbhreithnithe ar scéimeanna maoinithe chlár na leabhar Gaeilge i gcrích anuraidh. Cuireann an clár seo tacaíocht ar fáil d’fhoilsitheoirí na Gaeilge agus do scríbhneoirí na Gaeilge i bhfoirm scéimeanna deontais. Anuas air seo, bainistíonn clár na leabhar Gaeilge an tionscadal Scríobh Leabhar, a bhfuil sé mar aidhm aige scríbhneoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chothú i measc páistí bunscoile.
Tá cúram reachtúil ar Fhoras na Gaeilge foclóirí cuimsitheacha nua-aimseartha a chur ar fáil don phobal chun úsáid agus dea-chleachtas na teanga a éascú. Tá coiste téarmaíochta ag obair faoi scáth an fhorais freisin agus an coiste sin freagrach as téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge a fhorbairt, a fhaomhadh agus a fhoilsiú chun tacú leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide. Is chun leasa na scríbhneoireachta, na foilsitheoireachta agus na léitheoireachta Gaeilge an obair seo uile.
Baineann an obair seo go léir le gnóthaí oibríochtúla Fhoras na Gaeilge, obair nach bhfuil aon ról sonrach agam féin, mar Aire Stáit, ná ag mo Roinn ach an oiread inti. Mar sin féin, ní mór dom tagairt a dhéanamh d'obair an fhorais. Cuireann Foras na Gaeilge réimse tacaíochtaí ar fáil le cabhrú le hearnáil na leabhar Gaeilge faoi láthair. Tá an obair seo go léir fite fuaite ina chéile agus ní féidir gné amháin a fhorbairt gan an ghné eile. Mar atá ráite sa tuarascáil, is "eiceachóras" iad na scríbhneoirí, na foilsitheoirí, na siopaí leabhar agus na léitheoirí.
Aithnímid go léir gur earnáil leochaileach í earnáil na foilsitheoireachta i mionteanga ar bith agus gur gá tacaíochtaí a chur ar fáil di le seasmhacht agus inbhuanaitheacht a bhaint amach. Tuigim go bhfuil roinnt tosaíochtaí aitheanta ag Foras na Gaeilge sna tacaíochtaí sin ar gá a sholáthar. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíochtaí éagsúla ar fáil le cabhrú le scríbhneoirí nua. Tuigim go gcuirtear béim ar leith ar na seánraí is mó a mbíonn éileamh orthu agus is lú a bhfuil scríbhneoirí ag saothrú iontu, mar shampla, úrscéalta ficsin agus litríocht do dhéagóirí. Tá scéim mheantóireachta ag an bhforas chun tacú leo siúd a bhfuil spéis sa scríbhneoireacht acu.
D’fhoilsigh mo Roinn straitéis do na healaíona teangabhunaithe i mbliana agus tá scóip faoin straitéis seo le scríbhneoireacht na Gaeilge a fhorbairt. Léirigh an taighde a rinneadh don straitéis seo, i measc mórán eile, gur gá glúin nua scríbhneoirí agus cleachtóirí drámaíochta ach go háirithe a oiliúint. Tríd an scéim fhoilsitheoireachta, cuireann Foras na Gaeilge tacaíochtaí ar fáil do thithe foilsitheoireachta lena chinntiú go mbíonn soláthar leanúnach de leabhair ar ardchaighdeán ann do phobal léitheoireachta na teanga. Bunaithe ar an athbhreithniú a rinneadh anuraidh, tuigim go bhfuil maoiniú trí-bliana á chur ar fáil anois d’fhoilsitheoirí ach plean oibre cuimsitheach a bheith curtha faoi bhráid an fhorais. Tuigimid go léir go mbíonn tionchar diúltach ar sholáthar leabhar nuair a éiríonn oiread is foilsitheoir amháin as an earnáil agus táimid go léir ag iarraidh é seo a sheachaint.
Tuigim go gcuireann Foras na Gaeilge tacaíochtaí ar fáil do chúrsaí margaíochta agus imeachtaí leis an bpobal a spreagadh le leabhair Ghaeilge a léamh. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil do Chumann na bhFoilsitheoirí le dlús a chur le cúrsaí margaíochta. Tá toradh fónta ar an obair seo agus aird á díriú ar leabhair nua a fhoilsítear.
Cuid eile den eiceachóras seo is ea ÁIS, a bhíonn ag déileáil le siopaí le cinntiú go mbíonn leabhair ar fáil don lucht léitheoireachta. Is faoi scáth chlár na leabhar Gaeilge a bheag nó a mhór a dhéantar an obair seo ar fad a riaradh.
Is ceann de na dúshláin is mó atá san earnáil ná acmhainní. Cuireann mo Roinn féin maoiniú imfhálaithe ar fáil d’obair eile a thagann faoi scáth an fhorais, clár na leabhar Gaeilge san áireamh. Tá molta sa tuarascáil go mbeadh maoiniú chlár na leabhar Gaeilge ag leibhéal maoinithe na bliana 2008 le boilsciú san áireamh. Tuigim go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an mbuiséad ó tháinig Bord na Leabhar Gaeilge isteach faoin bhforas in 2008. Bhí buiséad de €1.8 milliún ar fáil don obair seo in 2008. I mbliana, is €1.06 milliún atá i mbuiséad chlár na leabhar Gaeilge. Is maoiniú imfhálaithe a chuireann mo Roinn ar fáil é seo.
Tuigim go bhfuil ceisteanna ardaithe ag an gCathaoirleach féin, ag Teachtaí eile sa Dáil agus ag Seanadóirí maidir le cás chlár na leabhar Gaeilge le cúpla bliain anuas. De thairbhe na himní atá léirithe i leith na hearnála, tá allúntas breise de €300,000 in aghaidh na bliana curtha ar fáil ag an Roinn don earnáil le cúpla bliain le díriú go sonrach ar réimse na scríbhneoireachta agus na foilsitheoireachta. Leis an maoiniú breise aonuaire a fuair Foras na Gaeilge in 2022, bhí sé in ann tacú le 35 scríbhneoir faoin scéim mheantóireachta agus a chinntiú go raibh foilsitheoirí in ann leanúint leis an obair a bhí idir lámha acu.
De bharr gur mionteanga í an Ghaeilge, bíonn an earnáil seo ag brath níos mó ar thacaíochtaí Stáit ná mar a bheadh i gcás teanga atá á labhairt níos forleithne. Tá gach iarracht á dhéanamh ag mo Roinn bonn inmharthanach a chur faoin earnáil. De thairbhe thábhacht an réimse seo oibre don phobal agus don teanga, tá súil agam tuilleadh maoinithe a chur ar fáil don chlár le linn na bliana seo. Arís, tuigim nach leor é seo agus go bhfuil sé riachtanach buiséad bhonnlíne an chláir a ardú. Leanfaimid orainn sa Roinn ag féachaint ar chás na hearnála, mar atá déanta ag Airí Stáit eile le cúpla bliain anuas, agus beidh mé ag féachaint go fabhrach ar an gcás seo sa ghearrthéarma ar dtús agus sa bhfadthéarma ansin.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Cé atá ag iarraidh dul ar dtús?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní raibh mé ag iarraidh dul ar dtús ach rachaidh mé ar aghaidh. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Is maith an rud é go bhfuil sé anseo. Cuirim fáilte roimhe agus tá súil agam go n-éireoidh leis ina ról nua, mar a dúirt mé cheana. Chríochnaigh muid an tuarascáil i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite tar éis próiseas fada. Bhí 11 cruinniú againn. Níor tharla sé seo thar oíche. B'fhéidir go bhfuil a fhios ag an gcléireach cé mhéad aighneacht scríofa a fuair muid. Thugamar cuireadh do dhaoine aighneachtaí scríofa a chur isteach. Ní saineolaí mé agus ní raibh eolas agam faoin earnáil seo ach tá anois tar éis na gcruinnithe sin agus tar éis an mhéid atá cloiste agam.
Tá ráite ag an Aire Stáit go bhfuil sé luaite sa tuarascáil go bhfuil géarchéim in earnáil na foilsitheoireachta agus nach n-aontaíonn sé leis sin. Ní hiad sin na focail a d'úsáid muidne. Is é an teachtaireacht ó na daoine a tháinig os ár gcomhair ná go bhfuil géarchéim ann. Ba chóir breathnú air sin. An bhfuil an tuarascáil léite ag an Aire Stáit? Tá 110 moladh ann ach níl i gceist ach deich bpríomh-mholadh ar dtús. An raibh deis ag an Aire Stáit é a léamh? Cén fáth nach n-aontaíonn sé, in ainneoin na fianaise, go bhfuil géarchéim ann? Níl na moltaí uilig dírithe ar a Roinn nó ar a ról mar Aire Stáit.
Níl i gceist ach b’fhéidir deich nó 15 cinn. An raibh deis ag an Aire Stáit a shúil a chaitheamh ar na moltaí sin?
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta as an bhfáilte a chuir sí romham ar maidin. Deir sí nach saineolaí í. Ní saineolaí mise ach oiread. Tá mé ag léamh cibé rud is féidir liom léamh sa Roinn faoi láthair. Tá machnamh déanta agam ar na príomhmholtaí a dhírítear ormsa agus ar m'oifigigh maidir le cad gur féidir linn a dhéanamh. Tá mé ag admháil go bhfuil dúshlán ansin agus go bhfuil muid ag iarraidh níos mó a dhéanamh. Tá Foras na Gaeilge ann agus is féidir leis níos mó a dhéanamh. Tá mé buíoch de chomhaltaí an choiste as an deis a bheith os comhair an choiste ionas gur féidir linn an t-ábhar seo a phlé agus chun próifíl níos airde a thabhairt don ábhar. Tá an-jab déanta, mar a dúirt an Teachta Connolly, leis na haighneachtaí a tháinig isteach maidir leis an earnáil seo. Tá mise ag iarraidh go mbeadh níos mó ar fáil. Measaim gur féidir linn níos mó machnaimh a dhéanamh. Ní féidir linn glacadh le gach moladh a dhírítear orainn. Tá muid ag caint faoi na príomhmholtaí. Níl aon dabht ach gur féidir linn níos mó a dhéanamh.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá a fhios agam nach bhfuil sé rófhada sa phost. Tar éis an phróisis fada a rinneamar agus tar éis na fianaise ar cuireadh os ár gcomhair, tá gá le beart. Chuala mé duine de na finnéithe a tháinig os ár gcomhair i mbun agallaimh inniu agus dúirt sí nach fiú an tuarascáil ach mar pháipéar leithris.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabh mo leithscéal.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dúirt finné a tháinig os ár gcomhair agus í i mbun agallaimh faoin earnáil foilsitheoireachta nach fiú tráithnín na tuarascála seo muna ndéanann muid rud. Dúirt sí go bhfuil sí cosúil le páipéar leithris. Níor ghlac mé aon mhasla faoi sin because is í an teachtaireacht atá sí ag iarraidh cur in iúl ná go bhfuil gá le beart. Is é sin an rud atá mé ag iarraidh.
B'fhéidir go mbeidh deis ag an Aire Stáit, nó ag an Aire sinsearach, teacht ar ais os ár gcomhair nuair atá níos mó ama acu le breathnú ar na moltaí. Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl do na scríbhneoirí, lucht foilsitheoireachta, lucht dáileacháin agus araile because is míorúilt amach is amach go bhfuil siad fós ann agus, mar a dúirt an tAire Stáit ina ráiteas tosaigh, go bhfuil scríbhneoireacht ag dul ar aghaidh i nGaeilge. Tá gá práinneach le cabhair ón Rialtas le haitheantas a thabhairt maidir le cé chomh tábhachtach is atá sé. Mar shampla, chun an ghéarchéim a chur in iúl, idir 2008 agus 2021, tháinig deireadh le ceithre chinn de mhórthithe foilsitheoireachta na Gaeilge: Cló Comhar, Sáirséal Ó Marcaigh, Cló Mhaigh Eo agus Cois Life. Tháinig deireadh leis an iris Feasta freisin. Tá siad ag streachailt ar an talamh.
Bíonn frustrachas orm i gcónaí anseo mar nuair a thagann daoine os ár gcomhair, ceapann siad gurbh fiú an cúpla focal. Is domhan iomlán difriúil le litríocht iomlán difriúil é a thugann deis dúinn scáthán a bheith againn ar an domhan. Mar a dúirt Ré Ó Laighéis san aighneacht a chuir sé faoi bhráid an chomhchoiste, chuir sé síos ar an léitheoireacht mar "próiseas inchinne agus intinne... atá casta agus míorúilteach”. Is próiseas atá i gceist freisin nuair a chuirtear ábhar léitheoireachta ar fáil don léitheoir. Fuaireamar dearcaidh éagsúla ó gach píosa den earnáil agus ba í an teachtaireacht ba láidre ná go bhfuil siad ag streachailt.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mé ag éisteacht leis sin agus ag éisteacht go cúramach leis an Teachta. Tá an coiste ag moladh go mbeadh an maoiniú ar ais go dtí an leibhéal maoinithe in 2008.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sin é.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl aon dabht ach go mbeadh sé go hiontach dá mbeinn in ann é sin a dhéanamh. Ba mhaith liom go mbeadh níos mó maoinithe ag dul isteach san earnáil. Tá beagáinín níos mó ná €1 milliún á chur ar fáil i mbliana, mar a bhí anuraidh. Tá an Roinn tar éis maoiniú breise ar luach €300,000 a chur ar fáil don earnáil foilsitheoireachta le trí bhliain anuas. Bhí buiséad €1.36 milliún ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge anuraidh. Tá sé sin thart ar an leibhéal is a bhí sé in 2011. Níl mé sásta leis sin. Tá sé i gceist agam maoiniú breise a cheadú arís i mbliana. Ní bheidh sé ag an leibhéal is a bhí sé in 2008 i mbliana. Tá an dúshlán sin leagtha síos ag an gcoiste agus tá mé ag éisteacht leis an gcoiste, ach tá mé freisin ag rá nach féidir liom é sin a dhéanamh láithreach. Measaim nach bhfuil sé sin réadúil.
Tá a fhios agam go bhfuil an ráta boilscithe imithe in airde. Tá sé sin ráite ag an Teachta Connolly freisin agus tá an ceart aici. Tá mé ag iarraidh aitheantas a thabhairt dó sin ach níl mé chun an sprioc atá leagtha síos ag an gcoiste a bhaint amach i mbliana. Caithfidh mé an fhírinne a rá agus a bheith macánta maidir leis sin.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim é sin. Is é sin moladh a haon. Maidir le moladh a dó, deir sé:
Molann an Comhchoiste don Aire Turasóireachta [agus araile] Scéim na gCoimisiún a chur sa tsiúl ar bhonn bliantúil chun bearnaí a líonadh sna seánraí litríochta Gaeilge ....
Tá moladh a dó dírithe ar an Aire Stáit, freisin.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níor chuala mé an cheist. Cad í an cheist?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mé ag dul tríd na moltaí.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sorry. Is é moladh uimhir a dó atá i gceist. Tá brón orm.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl mé ag iarraidh tú a chur i sáinn ach tá mé ag iarraidh-----
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an fhreagracht ormsa na ceisteanna a fhreagairt. Ní gá don Teachta a bheith buartha faoi sin.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Lean ar aghaidh le moladh a dó.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Measaim gur ceisteanna iad do Fhoras na Gaeilge. Níl mé ag iarraidh rith ó na ceisteanna ach caithfidh sé scéimeanna a bheith aige a mheastar a bheadh riachtanach a reáchtáil mar chuid dá chúraim i leith na foilsitheoireachta. Tá scéim na gcoimisiún ag Foras na Gaeilge don tréimhse 2023 go 2025 agus tá béim ar dhéag-litríocht an babhta seo. Bronnadh coimisiún ar dheichniúr scríbhneoir faoi stiúir trí fhoilsitheoir sa scéim seo. Bíonn sealanna i gceist leis an scéim meantóireachta agus scéim na gcoimisiún de thairbhe maoinithe agus acmhainní foirne. Bíonn ar a laghad dhá bhliain ag teastáil ó scríbhneoirí chun saothar a chur i gcrích. Bíonn seans i gcónaí nach mbeidh an t-iomlán réidh laistigh den tréimhse conartha. Uaireanta, tarlaíonn sé sin. Tuigim go bhfuil scéim nua meantóireachta beartaithe ag Foras na Gaeilge a bheadh dírithe ar eagarthóirí ach tá sé ag fanacht ar an maoiniú.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá a fhios agam go bhfuil ról faoi leith ag Foras na Gaeilge. Níor chuir mé aon cheist ar an Aire Stáit maidir le Foras na Gaeilge. Chuir mé ceist air mar Aire Stáit.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an ceart ag an Teachta Connolly. Tá sí do mo cheistiú anseo agus níl baint díreach agam le Foras na Gaeilge. Ag an am céanna, is é sin an ról atá aige. Is é sin an ról ar tugadh dó. A fhad is nach raibh rialtas sa Tuaisceart, bhí sé deacair. Bhí deacrachtaí aige agus tá a fhios againn faoi sin. Bhí saghas work-around againn chun tuilleadh airgid a thabhairt ar son na hearnála seo. I ndáiríre, tá an fhreagracht air agus tá an fhreagracht tugtha dó chun é seo a dhéanamh faoi bhráid Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá an jab sin aige. Is í an fhreagracht atá orainn, agus ar an rialtas eile sna Sé Chontae, ná chun an maoiniú a chur ar fáil dó agus tá muid ag iarraidh teacht go dtí an bord leis an maoiniú seo. Bhí sé deacair nuair nach raibh rialtas ansin ach tá sé sin athraithe. Thaispeáin muid, fad is nach raibh rialtas ansin, go raibh samhlaíocht againn agus bhí muid ag iarraidh airgead a chur ar fáil dó ar bhealaí eile.
Tá súil agam go bhfuil an tréimhse seo thart. Beidh mise thuas in Ard Mhacha an tseachtain seo chugainn maidir leis an nGaeilge agus beidh mé in ann na rudaí seo a phlé. Tá Rialtas na hÉireann ag iarraidh teacht go dtí an bord agus tá súil agam agus tá muid ag ceapadh go mbeidh an rialtas ó Thuaidh ag iarraidh sin a dhéanamh freisin.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ó thaobh clár na leabhar Gaeilge agus ó thaobh maoiniú, ní bhaineann sé seo le Comhaontú Aoine an Chéasta. Seo bealach amháin a bhí ag an Stát seo le hairgead breise a chur isteach sa foilsitheoireacht le litríocht a sholáthar. Tuigim an méid atá á rá ag an Aire Stáit faoin bhforas, ach bhí an deis agus tá an deis ag an Stát airgead sa bhreis a thabhairt nach cuirfeadh as don choibhneas sin.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé sin déanta le roinnt blianta anuas leis an t-airgead breise ar tugadh dóibh. Tá €300,000 in aghaidh na bliana curtha isteach i gclár na leabhar Gaeilge le trí bliana anuas mar aitheantas ar na dúshláin lena bhfuil siad ag plé agus na deacrachtaí atá acu. Tháinig an t-airgead sin díreach ón Rialtas anseo.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Baineann sé seo le maoiniú agus le hairgead ach baineann sé lena bhfad níos mó. Táimid anseo de bharr na haighneachtaí scríofa uilig atá faighte againn agus de bharr na daoine a tháinig os ár gcomhair le cur in iúl go bhfuil géarchéim ann. Ní féidir leo leanúint ar aghaidh - is míorúilt í go bhfuil siad fós ann. A bhuíochas dóibh, tá neart leabhair Gaeilge ann. Ní mór dom a rá go bhfuil sé níos éasca dom Gaeilge a léamh ná a labhairt. An rud a bhí na húdair ag iarraidh a chur in iúl ná go bhfuil sé deacair go leor leabhair Gaeilge a scríobh gan dóthain maoinithe. Tá foilsitheoirí agus léitheoirí de dhíth. Mar a luadh, is éiceachóras atá i gceist. Tá ról ag eagraíochtaí éagsúla ach tá ról lárnach ag an Roinn agus ag an Aire. Ní theastaíonn uaim dul tríd na moltaí. Tá a fhios agam cé chomh deacair is atá sé am a fháil mar Aire, ach ag pointe áirithe is gá d'Aire díriú isteach ar na moltaí atá dírithe orthu agus a rá an bhfuil siad, nó nach bhfuil siad, sásta glacadh leis na moltaí sin. Cheap mise gur sin a bhí ag tarlúint inniu.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir leis an moladh filleadh ar chaiteachas leibhéal 2008, tá freagra tugtha agam daoibh.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ok, uimhir a dó-----
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I mbliana, tá maoiniú de bheagnach €300,000 á chur ar fáil ag an Roinn don Ghúm le athchló a dhéanamh ar roinnt foilseacháin. Táimid ag iarraidh breis airgid a chur ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge ach chun an fhírinne a rá, táimid ag fanacht ar thuairisc ó Fhoras na Gaeilge maidir leis an t-airgead a chuireamar ar fáil anuraidh. Táim ag súil leis an tuairisc sin a fháil ionas go mbeinn in ann níos mó maoiniú a cheadú i mbliana. Caithfimid na spriocanna agus na torthaí ar a bhfuil muid ag súil leo a aontú leis an bhforas, ach tá an doras oscailte le airgead sa bhreis a chur ar fáil dóibh i mbliana.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is maith an rud é go bhfuil an doras oscailte. Cheap mé go mbeadh freagra scríofa ag léiriú an nglactar leis na moltaí nó nach nglactar. Tá deich phríomhmoladh i gceist; mar shampla, moladh a sé:
Molann an Comhchoiste go mbronnfaidh an tAire Turasóireachta ... an tacaíocht agus an maoiniú cuí ar Fhoras na Gaeilge don Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (ÁIS)....
Níl mé chun an moladh ar fad a léamh amach. Is píosa lárnach den scéal seo ÁIS. Tá deacrachtaí ag lucht ÁIS ó thaobh easpa acmhainne de. Mar shampla, níl siad ábalta cúrsaí teicneolaíochta cuí a bheith acu. Sampla praiticiúil atá ansin.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go ginearálta, ní féidir liom teacht isteach anseo agus a rá go bhfuil mé chun glacadh le rud amháin, ach nach bhfuil mé chun glacadh le rud eile. Tá nuance i gceist le chuile mholadh.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Measaim go bhfuilimid go léir ar an leibhéal céanna. Táimid ag iarraidh go mbeidh níos mó leabhar foilsithe trí mheán na Gaeilge. Tá ról againn maidir le maoiniú a chur ar fáil agus tá ról ag roinnt eagraíochtaí eile. Tá ról ag Foras na Gaeilge. Táimid ar aon intinn. Níl mé ag iarraidh "Tá" nó "Níl" a rá mar fhreagra i gach cás. Maidir leis an moladh atá scríofa ag an gcoiste faoi ÁIS, níl maoiniú sonrach ag ÁIS de bharr nádúr an ghnó. Íoctar billí agus tuarascáil as buiséad bunlíne Fhoras na Gaeilge. Íoctar as leabhair trí stoc áirithe a cheannach, bunaithe ar dhíolacháin le foilsitheoirí eile. Déantar ÁIS a mhaoiniú as ollbhuiséad Fhoras na Gaeilge. Mar is eol daoibh go léir, is í an chomhairle aireachta a cheadaíonn buiséad an fhorais. Ní mór aontú an Roinn pobal ó Thuaidh maidir le buiséad agus aon ardú ar bhuiséad a fháil. Tá mo hoifigigh ag plé na ceiste seo leis an Roinn pobal ó Thuaidh. Tá súil agam go mbeidh mé ag bualadh le mo chomhghleacaí an tseachtain seo chugainn.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Teastaíonn ó na dreamanna a tháinig os ár gcomhair an Ghaeilge a normalú agus leabhair Gaeilge a chur ar fáil go héasca sna leabharlanna agus sna siopaí. Tá siad ag iarraidh freisin leabhair a aistriú agus, ar gach leibhéal, an Ghaeilge a thabhairt isteach ón imeall agus a normalú. Nuair a bhreathnaigh muid ar an bpróiséas sin, ba léir dúinn go raibh constaicí ag gach leibhéal. Bhí constaicí ag ÁIS ó thaobh easpa acmhainní. Bhí constaicí sna leabharlanna, cé nach mbaineann sé sin leis an Aire. Tá neart deiseanna leabhair Gaeilge a chur sna leabharlanna agus sna siopaí. Tá easpa timirí ag dul timpeall. De réir mo thuisceana, níl focal Gaeilge curtha os ár gcomhair san RTÉ Guide.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níor cheannaigh mé é le 20 Nollaig anuas.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
De bharr an easpa Gaeilge, is dócha.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is ea.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is sampla praiticiúil é sin. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais le tuilleadh ceisteanna ach táim críochnaithe ag an bpointe seo.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh gach éinne anseo inniu. Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit agus guím ádh mór air sa phost úr. Cuirim fáilte roimh Aodán agus Aodhán. B'fhéidir go bhfuil scéal ann maidir leis an tseimhiú.
Tá ceist agam i leith cúrsaí cumarsáide idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais. In 2015, thosaigh an comhrá idir an dá Roinn maidir leis an tumoideachas sna ceantair Ghaeltachta. Thosaigh an comhrá, thosaigh an obair agus i ndiaidh sin tháinig polasaí úr tumoideachais isteach sa Gaeltacht. Thosaigh sé ag obair in 2018. Tá an pholasaí sin ag bogadh ar aghaidh anois. Tá sé ag dul ó neart go neart. Tá an toradh le feiceáil i ngach áit, idir bhunscoileanna agus meánscoileanna. Is sample amháin é seo.
Labhair an tAire Stáit faoi chlár na leabhar Gaeilge. An bhfuil aon chumarsáid anois idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais i dtaobh an churaclaim? Tá níos mó leabhair ar fáil de thoradh ar níos mó scríbhneoirí a bheith ag scríobh leabhair shaibhre a dhéanann ár n-oidhreacht, ár gcultúr agus ár dteanga a cheiliúradh. Tá níos mó leabhair Gaeilge ar fáil sa tír seo agus taobh amuigh den tír fosta, agus tá ceist agam faoi sin. B'fhéidir go mbaineann sé leis na moltaí a chuirfidh an coiste ar aghaidh mar thoradh ar an gcruinniú seo inniu.
Muna bhfuil an córas sin ag tarlú faoi láthair, an mbeadh aon seans an córas sin a athosú idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais? Tá níos mó taithí ag an Aire Stáit - bhí sé i Roinn na Gaeltachta roimhe seo agus bhí sé ar bhinse an Fhreasúra thar na blianta fosta. Tá suim aige san oideachas agus na rudaí atá ag tarlú sa churaclam sa Roinn Oideachais. Tá ceist shoiléir ann. B'fhéidir go bhfuil cúig, sé, seacht nó ocht mí fágtha ag an Rialtas seo. An mbeadh aon suim ag an Aire Stáit an córas sin a dhéanamh idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais ag amharc ar an gcuraclam faoi choinne na mbunscoileanna agus na meánscoileanna, go háirithe na scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht?
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní raibh caint agam go pearsanta leis an Aire, an Teachta Foley, fós. Tá baint agam leis an Roinn Oideachais freisin agus is Aire Stáit don chorpoideachas mé ansin. Tá an comhrá sin ar bun idir na hoifigigh faoi láthair. Bhí cruinnithe acu le déanaí, thart ar am na Nollag. Tá coiste comhairleach ansin freisin maidir leis an oideachas sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht agus tá Aodán Mac an Mhíle ar an gcoiste sin. An bhfuil dhá choiste ann?
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá dhá choiste ann, ceann do scoileanna Gaeltachta agus ceann do scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht. Suíonn an príomhoifigeach, Aodán Mac an Mhíle, ar na coistí sin. Tá an comhrá ar siúl. Tá baint ag ár Roinn le cúrsaí oideachais, an Ghaeilge ach go háirithe. Tá an bhunfhreagracht ag an Roinn Oideachais ach tá baint againn leis. I ndáiríre, bíonn a lán daoine ag cur ceisteanna ormsa maidir leis seo go ginearálta faoin méid atá a dhéanamh againn agus tá siad ag iarraidh níos mó meánscoileanna. Cuirtear na ceisteanna sin orm. Tá spéis agam ann. Bhí mé ag caint le daltaí sa séú bliain atá ag fágáil na scoile i nGaelcholáiste inné. Leanfaidh an comhrá sin ar aghaidh. Tá súil agam go mbeidh comhrá agam leis an Aire go díreach. Tá an comhrá sin ag leanúint ar aghaidh idir oifigigh faoi láthair. Measaim go bhfuil sé sin an-thábhachtach.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go raibh maith ag an Aire Stáit as sin. Tá sé sin dearfach agus guím ádh mór air maidir leis an gcóras sin. Chomh maith leis sin, tá mé ag smaoineamh faoi ráiteas a chuala mé cúpla bliain ó shin: "nuair atá achan rud ráite agus déanta, tá níos mó ráite ná atá déanta". I mo thuairim féin, tá mé ag smaoineamh faoin bpolasaí atá bainte amach i ndiaidh an chórais sin. Tá na Ranna éagsúla neamhspleách ach tá nasc mór idir an Roinn Oideachais agus Roinn na Gaeltachta. Tá polasaithe beartaithe éagsúla ag teacht amach ó Roinn na Gaeltachta ach níl mórán acmhainní ann faoi choinne na bpolasaithe sin a bhogadh ar aghaidh, faoin gcuraclam agus cúrsaí oideachais, mar shampla. I mo thuairim féin, tá comhrá phráinneach de dhíth sna bunscoileanna agus meánscoileanna idir an churaclam agus na leabhair ar fáil. Tá an t-ádh orainn uilig sa tír seo. Tá níos mó daoine ag scríobh na leabhar. Tá siad ag amharc ar na rudaí atá ag caomhnú ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus rudaí mar sin. B'fhéidir go mbeidh athrú de dhíth maidir leis an churaclam. B'fhéidir go mbeidh seasamh i gcomparáid leis an gcás a rinne na hoifigigh in 2015. Thosaigh an comhrá faoin tumoideachas in 2015. Bhí trí bliana déanta in 2018. Thug an Teachta Bruton an polasaí isteach sa churaclam in 2018 agus tá na torthaí uilig le feiceáil anois. Tá siad le feiceáil achan lá, mar shampla i gcás na ndaoine lena chas muid i Ráth Chairn i gcontae an Aire Stáit féin. Aon áit sna ceantair Ghaeltachta, tá níos mó torthaí le feiceáil. Tá an neart nó an tréan-Ghaeilge ag bogadh ar aghaidh agus ag dul ó neart go neart sna ceantair Ghaeltachta mar a thosaigh an córas sin faoi choinne an pholasaí sin in 2018. Tá sé práinneach anois go mbeidh an comhrá againn atá de dhíth sna bunscoileanna agus meánscoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht faoin gcuraclam, agus muid ag amharc ar na hacmhainní láidre atá ar fáil. Tá comhrá cuimsitheach suntasach faoi sin de dhíth. B'fhéidir go mbeidh ceannaireacht de dhíth agus tá taithí mhór i measc na n-oifigeach i Roinn na Gaeltachta. Tá siad ag labhairt leis na daoine sna ceantair Ghaeltachta agus le daoine a bhfuil Gaeilge acu - ó Thuaidh agus ó Dheas. Tá an taithí ag lucht na Ranna agus tá an ról lárnach faoin gcuraclam taobh amuigh den Ghaeltacht de dhíth anois.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Freagróidh mé pointe an Teachta. Bíonn go leor teagmhála ag ár Roinn leis an Roinn Oideachais, mar a dúirt mé cheana. Tá muid ag obair as lámha a chéile maidir leis na coláistí samhraidh, mar shampla. Tá sórt leanúnachais eatarthu maidir le scoileanna agus gnáthchúrsaí. Tá an dá Roinn agus COGG ag déanamh comhmhaoinithe ar thograí áirithe ó am go céile. Tá an scéim Gaelbhratach san áireamh anseo, a bhfuil os cionn €2 mhilliún curtha isteach ag mo Roinn féin inti, le maoiniú ón Roinn Oideachais freisin. Tá a fhios agam an t-éileamh atá ag baill an choiste, go gcuirtear níos mó airgid isteach san earnáil foilsitheoireachta. Tá mé ag glacadh leis go bhfuil muid ag iarraidh níos mó a chur isteach.
Ag an am céanna, tá a lán rudaí dearfacha ag tarlú san earnáil freisin. Measaim go bhfuil trí rud shuntasacha tarlaithe: an stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach, an sprioc atá ag an Stát maidir leis an bhfógraíocht trí Ghaeilge agus na spriocanna atá ag teacht maidir le fostaíocht agus earcaíocht sa Státchóras. Measaim go bhfuil siad sin ag ardú an éilimh d'fhoilseacháin trí Ghaeilge, cibé nuachtáin, irisí reatha agus leabhair. Measaim go mbeidh tionchar an-mhór ag an trí rud sin, le cabhair uainn agus admhaím é sin. Mar shampla, má théitear go dtí an chúirt sa Bhruiséil, tá na príomhchásanna móra ó 50 bliain ó shin á gcur ar fáil trí Ghaeilge go hoifigiúil anois, rud a chiallaíonn go bhfuil sé níos éasca iad a léamh agus staidéar a dhéanamh orthu go díreach. Tá sé níos éasca anois má tá duine ag iarraidh leabhar dlí a chur ar fáil as Gaeilge mar tá na cáipéisí acu. Tá sé sin ag tarlú gan mhaoiniú díreach uainn, cé go bhfuil muid ag íoc as roinnt de na hateangairí ansin. Tagraím do na spriocanna maidir le fógraíocht. Tá irisí nua ar líne ag teacht anois. Tá leagan Gaeilge de roinnt irisí ag teacht toisc go bhfuil siad in ann an fhógraíocht trí Ghaeilge a dhíol. Tá sprioc ann go mbeidh roinnt den fhógraíocht sin in irisí trí Ghaeilge. Tá sé sin ag cabhrú leis an earnáil go ginearálta agus leis na nuachtáin ar líne ach go háirithe. Táthar go léir ar an eolas maidir leis na spriocanna atá ag teacht isteach. Is Gaeilgeoir mé ach ní raibh mé bainteach leis an earnáil le roinnt blianta anuas.
Caithfidh mé a rá nach bhfuil a fhios ag a lán daoine faoin sprioc fostaíochta agus earcaíochta go mbeidh Gaeilge ag 20% d'fhostaithe sa Státchóras faoi 2030. Tá a lán oibre le déanamh againn chun daoine a chur ar an eolas faoi go forleathan. I mo thuairim, tugann sé an-deis do dhaoine atá ag iarraidh tabhairt faoin bhfoilsitheoireacht nó leabhair, irisí agus cibé rud a chur ar fáil mar beidh an t-éileamh ansin ó dhaoine a mbeidh ag iarraidh snas a chur ar a gcuid Gaeilge agus an Ghaeilge a bheith acu ar an leibhéal cuí chun a bheith sa scuaine sin, mar a déarfá.
Measaim go mbeidh tionchar an-mhór ar na rudaí sin, mar aon leis an sórt oibre atá á mhíniú agam anseo - tá an coiste ar an eolas faoi - agus níos mó maoinithe a chur ar fáil. Nuair a thagaimid ar ais in 2030 chun na ceisteanna seo a phlé, i tosach báire tá mé ag súil go mbeidh níos mó maoinithe ann, mar atá ráite ag an Teachta Connolly, ach ag an am céanna go mbeidh dearcadh iomlán difriúil ann maidir leis an nGaeilge agus na riachtanais atá ag daoine chun níos mó a léamh, níos mó Gaeilge a bheith acu agus níos mó scríbhneoireachta a sholáthar; cibé ceann a oireann. Tá a lán rudaí tarlaithe. Bhí baill an choiste páirteach leis sin sa Dáil agus an reachtaíocht seo ag dul tríd. Beidh tionchar ollmhór aige sin. Tá mé an-dóchasach faoin todhchaí.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as sin. Tá an ceart aige. Tá na rudaí atá á bhaint amach faoin pholasaí soiléir. Bhí an Teachta Ó Cuív ag obair ar an teanga san Eoraip in 2007 agus cuireadh deireadh leis an maolú ar deireadh in 2021. Tá na torthaí le feiceáil. Chomh maith leis sin, tá mé ag labhairt inniu faoin bpolasaí a thosaigh idir cúpla duine. Níor mhaith liom bheith ag labhairt anois faoi oifigigh a bhí sa Roinn ach luafaidh mé Aodán Mac an Mhíle atá anseo agus iar-oifigigh eile na Roinne agus sa Roinn Oideachais. Rinne siad iarracht mhór ag an am sin ar pholasaí úr do na ceantair Ghaeltachta. Is polasaí cuimsitheach a bhí ann. Ní raibh níos mó bunscoileanna agus meánscoileanna ag múineadh nó ag teagasc trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta ag an am sin. Thosaigh na hoifigigh sin an comhrá agus thar trí bliana, rinne said polasaí úr. An rud atá mise ag labhairt faoi inniu ná go bhfuil an ceannaireacht de dhíth. Ar lámh amháin, táimid i gcónaí ag labhairt faoi infheistíocht, maoiniú, airgead agus rudaí mar sin. Bíonn caint i gcónaí ar infheistíocht, maoiniú, éileamh, agus níos mó airgid de dhíth. Is iad sin na focail éagsúla a d'fhoghlaim mise sa chéad seachtain sa phost in 2014. Cinnte, tá an t-airgead de dhíth ach tá an ceannaireacht de dhíth fosta. Tá an tAire Stáit san áit ceart anois. Tá suim aige i gcúrsaí oideachais. Bhí sé ag labhairt faoin Ghaeilge nuair a bhí sé ar bhinsí an Fhreasúra. Tá sé i Roinn na Gaeltachta anois. Tá an ceannaireacht de dhíth agus tá mé ag impí air ceannaireacht a léiriú mar tá taithí mhór agus fuinneamh i measc na hoifigigh i Roinn na Gaeltachta. Ní Roinn neamhspleách é Roinn na Gaeltachta. Tá ról, dualgais agus freagracht mhór ar Roinn na Gaeltachta faoi choinne an Ghaeilge a spreagadh. Tá na torthaí ann. Bhí an tAire Stáit ag labhairt faoi na torthaí agus na polasaithe atá ann faoi láthair agus a bhí ann san am a chuaigh thart fosta.
Níl mé ag tabhairt amach inniu. Tá an dúshlán ann. Níl mé ag labhairt faoin airgead, faoi na bearnaí nó faoi na rudaí nach ann dóibh faoi láthair, ach tá mé ag labhairt faoin deis atá ann. Tá neart oibre ag tarlú i gceantair na Gaeltachta, taobh amuigh den Ghaeltacht, sa Tuaisceart, agus timpeall an domhain. Tá an fuinneamh ann chun cúrsaí a éascú. Aontaím leis an Aire Stáit go bhfuil dearcadh dearfach ann fosta. I gcomparáid le 2015, b'fhéidir go bhfuil seasamh de dhíth anois ar pholasaithe an churaclaim agus polasaí na scoileanna meán-Ghaeilge agus meán-Béarla, cibé más bunscoileanna nó meánscoileanna iad. Níl mé ag iarraidh freagra air sin. Is é sin pointe an lae inniu. Tá mé ag impí ar an Aire Stáit agus na hoifigigh mar tá siad san áit ceart agus is é seo an t-am le rud éigin a dhéanamh.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an coiste. Díreoidh mé isteach ar, feictear domsa, an príomhábhar ar a bhféadfaimid dul chun cinn a dhéanamh ar inniu. An bhfuil an ceart agam gur comh-mhaoiniú atá i gceist le Foras na Gaeilge agus go bhfuil coibhneas 3:1 atá i gceist? Bíonn an Rialtas ó Dheas i gcónaí sásta an €3 a chur ar fáil. An é an laincis atá air sin ná na húdaráis ó Thuaidh? Má tá an ceart agam, is é an t-aon mór-áit amháin gur féidir leis an Roinn airgead a chur isteach in earnáil na foilsitheoireachta ná trí Bhord na Leabhar Gaeilge mar tá sé sin maoinithe go hiomlán ag an Stáit seo.
Tuigim go bhfuil an tAire Stáit nua sa phost. Tá cineál barúil agam de struchtúr na Roinne. Mar is eol dó, bhí éileamh i bhfad siar go mbeadh Aire Gaeltachta ann - Aire sinsearach - a bheadh freagrach as an nGaeilge ó lá go lá. Is mór an trua nach é an Teachta Byrne an tAire sin. An rud atá ag cur olc ar Ghaeilgeoirí, len é a chur go simplí, ná má bhreathnaímid ar bhuiséad na Roinne, tá an méid atá á chaitheamh ar an gComhairle Ealaíon, mar shampla, agus ar na healaíon, ollmhór ar fad. Déanann sé an méid atáimid ag caint air anseo an-bheag uilig. Ag an am céanna, thóg Airí sinsearacha éagsúla cinneadh sa Roinn sin go bhfáiscfí an t-anam as foilsitheoireacht na Gaeilge. Mar a deirim, níl aon fhreagracht ag an Aire Stáit air sin. Ní raibh sé ann nuair a cuireadh na figiúirí le chéile agus faraor géar níl ann ach an tAire Stáit.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl aon fhreagracht agam ar an t-airgead a théann isteach sna healaíon-----
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim sin.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
-----seachas an fhreagracht mar bhall den Rialtas is dócha.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá suim mhór ag an Aire sinsearach san airgead sin agus is í seo an áit atá an lúb ar lár gur gá dúinn a thabhairt ar shúile an Aire Stáit. Níl mé ag cur aon mhilleán nó aon fhreagracht air go pearsanta ach tá mé ag iarraidh go dtabharfadh sé an scéal ar ais ag an Roinn agus ag an Aire sinsearach atá ina hAire Gaeltachta.
Bhí €1.8 milliún ann sa bhliain 2008, agus tá €1.36 milliún ann anois nuair a cuirtear an €300,000 breise a chuireadh isteach ann anuraidh san áireamh. Ní dóigh liom go bhfuil mórán níos mó ná sin ann i mbliana. Má thógaim an €1.8 milliún sin agus má chuirim boilsciú leis, tá b'fhéidir €2.5 milliún nó €3 mhilliún i gceist. Tá ganntan ann atá carnaithe thar 14 bliain go suim mór airgead; b'fhéidir €1 milliún in aghaidh na bliana agus níos mó ná €1 milliún in aghaidh na bliana má thógaimid boilsciú san áireamh. Sin €14 milliún. Thuigfeá dá mba rud é go raibh an tír beo bocht agus nach raibh aon mhéadú ar bhuiséid go ginearálta, ach tá caiteachas an Stáit imithe in airde. Más buan mo chuimhne, is €50 billiún a bhí ann in 2010, nó rud éigin mar sin. Táimid ag tarraingt suas le €100 billiún anois. Ní hamháin sin ach tá an méid airgid atá ag na healaíon agus an Roinn ealaíona tar éis méadú thar chuimse. Ní gá freagra a chur air seo ar bhealach mar, mar a dúirt mé, níl aon fhreagracht ar an Aire Stáit.
Is é an scéal go bhfuilim féin ag iarraidh a thabhairt ar ais ag an Aire sinsearach agus ag an Rialtas, agus is dóigh go bhfuil an coiste seo ag iarraidh a thabhairt acu, ná nach bhfuiltear ag caitheamh go cóir, go cothrom agus go féaráilte leis an nGaeilge nuair atá siad ag roinnt an airgid ar na rudaí éagsúla sa Stát seo, fiú taobh istigh den Roinn ealaíon, spóirt agus chuile shórt eile. Go háirithe agus muid ag plé na scríbhneoireachta trí Ghaeilge, níltear ag caitheamh go féaráilte le hearnáil scríbhneoireachta na Gaeilge. Ní milliún atá i gceist. Tá €14 milliún ná níos mó carntha thar na blianta a bhfuil an fhaillí seo á déanamh. Is é sin an méid atá le rá agam.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Ar ndóigh, caithfidh mé freagracht a ghlacadh thar ceann an Rialtais maidir leis an gcaiteachas go léir. Tacaím le hairgead a chaitheamh ar chúrsaí ealaíona. Ní raibh baint agam leis an idirbheartaíocht maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht i mbliana. Measaim go ndearna mé jab maith maidir le cúrsaí spóirt.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Rinne.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl brón orm maidir leis sin ach an oiread. Tá súil agam go mbeidh clubanna Gaeltachta ag baint tairbhe as sin. Cloisim cad atá á rá ag an Teachta. Tá na cainteanna buiséid sa Roinn agus idir na Ranna go léir ar tí tosú anois. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an méid atá ráite ag an Teachta. Níl a fhios agam an mbeidh mé in ann na figiúirí a chur ar ais ar leibhéal 2008 ach déanfaidh mé mo dhícheall sa Roinn. Tá cúrsaí ealaíona agus spóirt tábhachtach freisin ach níl aon dabht go bhfuil cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta an-tábhachtach. Déanfaidh mé mo dhícheall maidir leis sin i mbliana.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá focal scoir agam. Nuair a foilsíodh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge in 2010, ba cheann de na tuiscintí a bhí ag an Rialtas a bhí ag imeacht as cumhacht ná go raibh sé á fhoilsiú ag am ina raibh airgead gann ach go raibh ceist na Gaeilge chomh práinneach go gcaithfidh airgead a chaitheamh uirthi mar fhíorthosaíocht. Is léir nach mar sin a bhí sé ag rialtais ina dhiaidh sin. Nuair a tháinig an t-airgead arís, nuair a d'éirigh sé flúirseach arís agus nuair a bhí breis airgid ar fáil, d'fhágadh an Ghaeilge in áit na leathphingine. Mar a deirim, ní raibh an tAire Stáit ag Bord an Rialtais. Ní raibh sé ina Aire Stáit ná in aice leis an Rialtas suas go 2020, nuair a bhí an damáiste déanta, ach caithfimid a chur ar an taifead go raibh damáiste déanta agus caithfimid, mar Ghaeilgeoirí, féachaint air sin a chur ina cheart. Caithfear tosú ag ciceáil chun gur féidir leis an Aire Stáit a rá go bhfuair sé griosáil láidir anseo inniu, nach bhfuil an coiste sásta, curtha go simplí, agus go bhfuil fíorthábhacht le leabhair do na daoine ar fad atá ag iarraidh clanna a thógáil le Gaeilge agus ag iarraidh úsáid na Gaeilge a spreagadh. Má tá scríbhneoireacht ann, mar atá feicthe ann, tá rudaí ar nós físeán agus mar sin ag fás ag an am céanna. Tá chuile shórt ceangailte le chéile. Tá obair chruthaitheach ar bun.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirfidh mé roinnt de na rudaí atá á ndéanamh ag an Roinn faoi láthair ar an taifead, más féidir. Tá €2 milliún curtha isteach i nGael Linn i leith na scéime Ghaelbhratach. Tá beagnach €1 milliún curtha isteach i gConradh na Gaeilge maidir le scéimeanna éagsúla ar nós an fheachtais "Céad Míle Fáilte" a sheol mé roinnt seachtainí ó shin, an seó bóthair don earcaíocht, atá an-tábhachtach, agus Baile Átha Cliath le Gaeilge, scéim spreagtha na Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá go leor airgid á chur isteach againn i nGlór na nGael don scéim teanga tí agus do scéim deontas Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Is roinnt samplaí d'airgead atá ag dul isteach sna ceanneagraíochtaí iad sin. Tá difear idir é sin agus an t-airgead atá ag dul isteach i bhForas na Gaeilge.
Táim ag éisteacht le cad atá á rá ag an Teachta Ó Cuív. Beidh mé ag iarraidh níos mó airgid a fháil don Ghaeilge. Beidh na cinntí sin á ndéanamh ag bord an Rialtais ach níl aon dabht go mbeidh mé ag déanamh abhcóideachta maidir leis seo sna míonna atá romhainn, ag éisteacht go géar le cad atá á rá agus ag déanamh machnaimh ar an méid atá ráite ag an Teachta anseo. Ní bheidh mé in ann an scéal sin a athrú go hiomlán i rith an tsamhraidh ach déanfaidh mé iarracht béim a chur ar chúrsaí Gaeltachta agus, caithfidh mé a rá, ar chúrsaí spóirt agus ealaíona freisin. Tá siad go léir tábhachtach. Is rud bunúsach dár dtír í an teanga. Cé nach bhfuil na sonraí go léir agam, caithfidh mé a rá go bhfuil roinnt clár ealaíona ann a bhfuil baint acu leis an nGaeilge nach dtagann go díreach faoi bhráid na coda seo den Roinn. Níl na figiúirí agam. I mbliana, tá €9 milliún curtha ar fáil chun an straitéis ealaíona a chur i bhfeidhm. Tá sé sin ráite agam. Tá airgead á chaitheamh.
Mar a dúirt mé - tá baint ag an méid seo go léir le comhairle an Teachta Ó Cuív - tá athruithe suntasacha tagtha agus cuirfidh na hathruithe sin, agus an sprioc 20% ach go háirithe, brú ar an gcóras, ar an Rialtas agus ar na polaiteoirí níos mó acmhainní a chur ar fáil don Ghaeilge mar ní bhainfimid na spriocanna seo amach mura mbeidh níos mó oideachais trí mheán na Gaeilge agus oideachais Gaeilge ann, mar atá ráite ag an Teachta McHugh, mura ndéanfaimid iarracht níos mó áiseanna a chur ar fáil don Ghaeilge agus mura gcaithfimid níos mó airgid. Táim ag iarraidh na spriocanna seo a bhaint amach agus na codanna eile den státchorás agus den Rialtas a chur ar an eolas go bhfuil dúshlán mór rompu chun é seo a bhaint amach. Caithfidh siad é a bhaint amach ach tá jab le déanamh acu chun é seo a bhaint amach agus caithfidh siad airgead a chaitheamh air.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a dúirt mé, ba cheart go mbeidh an tAire sinsearach anseo nuair atáimid ag caint ar chúrsaí airgid mar is ag an Aire sinsearach-----
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is chuig an Aire sinsearach a sheol muid an cuireadh.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl a fhios agam cén socrú a bheidh ag an mbeirt Aire. B'fhéidir go dtiocfaidh an bheirt acu isteach ar an Aire caiteachais phoiblí. Tarlaíonn sé sin i Ranna éagsúla ach ní tharlaíonn i Ranna eile. I Ranna áirithe, ní thagann ach an tAire isteach.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Beidh an bheirt againn ann.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is tús é sin.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tharla sé sin anuraidh. Bíonn gach rud seachas an Ghaeilge pléite ag cruinniú amháin. Bíonn mise ann maidir leis an spórt agus bíonn an tAire ansin i leith na rannóg eile. B'fhéidir go bpléitear an Ghaeilge ag cruinniú eile. Níl a fhios agam. Ní cuimhin liom.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Anuraidh, bhí orainn meabhrú don Aire gur gá di teacht os ár gcomhair toisc go bhfuil dualgas uirthi maidir le TG4 agus go bhfuil freagracht aici anseo.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire Stáit an scéal ar ais ag an Aire-----
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní féidir liom a rá ach go bhfuil mise anseo agus-----
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
-----go bhfuil lucht na Gaeilge-----
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaimid buíochas leis an Aire Stáit as a bheith anseo.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Táimid an-bhuíoch den Aire Stáit. Tá sé ag déanamh a dhíchill agus ag déanamh thar cionn ó tháinig sé isteach sa jab ach nílimid sásta leis an gcaoi a bhfuiltear á chaitheamh leis an nGaeilge. Feicimid méadú ar bhuiséad na Roinne an t-am ar fad ach, is cuma céard atá mar thosaíocht agus mar sin de, má bhreathnaíonn tú ar an méadú a tháinig ar chaiteachas ar chodanna eile den Roinn agus céard a tharlaíonn leis an nGaeilge chuile bhliain, is léir go bhfuil an Ghaeilge in áit na leathphingine. Is é sin a tharla do Bhord na Leabhar Gaeilge. Tá na figiúirí ansin le feiceáil os ár gcomhair amach. Ní aon mhaith dul timpeall air seo. An rud atá tarlaithe, tá sé tarlaithe ach is cúnamh iontach d'Aire Stáit a bheith in ann a rá go mbaineadh cloigne nuair a chuaigh sé nó sí isteach sa gcoiste ní i ngeall air nó uirthi féin, ach i ngeall ar an gcaoi atáthar ag caitheamh leis an nGaeilge ó thaobh airgid de. Is cúnamh an-mhór don Aire Stáit é sin. Láidríonn sé a lámh. Beidh sé in ann a rá go raibh fiú baill de pháirtí Rialtais fraochta.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An féidir liom rud éigin beag a rá maidir leis sin? Gabhaim buíochas leis an Teachta as a fhocail.
Chun comhaltaí an choiste a chur ar an eolas maidir leis an Roinn, tá sé fíor go bhfuil an fhreagracht ar an Aire. Tá sé sin sa Bhunreacht agus tá a fhios ag gach duine é sin. Caithfidh mé a rá, bhí mé bainteach le cúrsaí spóirt anuraidh agus bhí idirbheartaíocht idir an Aire agus an tAire caiteachais poiblí. Bhí mé ag roinnt de na cruinnithe sin leis an Aire, an Teachta Patrick O’Donovan, nuair a bhí sé mar Aire Stáit. Bhí comhrá an-mhaith idir mé féin agus an Aire, an Teachta Catherine Martin, maidir le cúrsaí spóirt. Cé go raibh an fhreagracht uirthi, caithfidh mé a rá go raibh á lán tionchair agamsa. Fiú nuair a fuair an Roinn iomlán an clúdach litreach – is é sin an focal ar “envelope” – bhí comhrá an-mhaith agam leis an Aire maidir le cúrsaí spóirt sa Roinn sa chlúdach litreach sin. Tá súil agam go mbeidh an próiseas mar a gcéanna leis an nGaeilge i mbliana. Déanfaidh mé mo dhícheall. Bhí teagmháil agus caidreamh an-mhaith idir an mbeirt againn maidir le cúrsaí buiséid agus spórt. Anois, leis an dá chuid den Roinn atá agam, tá a fhios agam go dtarlóidh sé sin arís.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is fiú an tuarascáil a léamh, i ndáiríre. Ní mhaireann an scríbhneoir ar an dea-fhocal agus tá gá le hacmhainní. Tá gá le hathrú meoin freisin.
Tá pointe le déanamh agam taobh amuigh den tuarascáil seo. Is í an teachtaireacht gach seachtain ná an Ghaeilge a thabhairt isteach i lár an aonaigh gan í a bheith imeallaithe. Is mian liom rud a ardú atá taobh amuigh den tuarascáil. Tá sé tagtha chun solais go bhfuil duine nua ceaptha, nó le bheith ceaptha, gan Gaeilge ar an mBord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, GRETB, agus-----
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An é seo an príomhoifigeach?
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní hea. Is stiúrthóir na scoileanna atá i gceist. Tá muid ag caint faoi scoileanna i lár na Gaeltachta i nGaillimh. Níl mé ag iarraidh freagra ón Aire Stáit, cé go mbeadh sé go maith dá mbeadh freagra aige. Tá muid ag caint faoi airgead suarach chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh agus meon a athrú agus ag an am céanna, tá treocht nó trend ag tarlú. Bíonn deacracht agam i gcónaí leis an bhfocal sin. Tá duine ceaptha, de réir mar a thuigim, gan aon Ghaeilge agus ise nó eisean mar stiúrthóir scoileanna sa Ghaeltacht i nGaillimh. Tá bainisteoir nua i gcathair na Gaillimhe gan aon Ghaeilge i gcathair dhátheangach atá suite ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír. Tá duine nua ceaptha sa chomhairle contae le cúpla mí gan aon Ghaeilge. Tá duine eile in eagraíocht oideachais eile. Níl mé ag iarraidh é a phearsanú ach is mian liom an pointe sin a ardú agus a dhéanamh. A fhad is atá muid ag caint faoin Ghaeilge a normalú, tá na cinntí seo á dtógáil. Scríobh mé chuig an tAire cuí agus fuair mé acknowledgement. Is é sin an méid maidir leis na rudaí seo. Cuireann sé imní orm. Is ábhar buairimh é go bhfuil sé seo ag tarlú. Is mian liom é sin a rá agus b’fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann rud a rá maidir leis seo.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá plean náisiúnta maidir leis an earcaíocht agus an Ghaeilge sa Stát. Tá sé sin chun a bheith críochnaithe agus foilsithe agus tabharfaidh sé sin stiúradh dúinn agus don státchóras uilig conas déileáil le suíomhanna cosúil leis sin. Níl mé ag iarraidh a bheith pearsanta faoi ach an oiread. Níl mé freagrach as an earcaíocht sin. Tá an eiseamláir ann leis an Teachta McHugh óna thréimhse mar Aire. Ní raibh focal Gaeilge aige agus tá Gaeilge níos fearr aige ná aon duine againn. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge. Má tá freagrachtaí ar dhaoine i bpostanna sinsearacha maidir le cúrsaí Gaeltachta nó Gaeilge, má tá sé sin faoina mbráid, tá dualgas mórálach acu Gaeilge a fhoghlaim. Bheinn ag rá leo go bhfuil an eiseamláir ann leis an Teachta McHugh.
Beidh plean náisiúnta againn. Tá an stiúir tugtha dúinn ansin. Tá sé seo go léir chun athrú ar aon nós maidir leis na spriocanna atá san Acht teanga. Tá gréasán á sheoladh do státseirbhísigh a bhfuil Gaeilge acu. Beidh mise ag seoladh an ghréasáin sin. Tá súil agam go mbeidh an gréasán seo oscailte do dhaoine a bhfuil Gaeilge nádúrtha agus líofa acu agus do dhaoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim freisin. Sheol mé gréasán roinnt blianta ó shin maidir leis an bhFraincis - gréasán de státseirbhísigh a bhfuil Fraincis acu - ionas go mbeadh muid in ann níos mó daoine a chur isteach sa chóras Eorpach go háirithe. Tá muid ag déanamh an rud céanna leis an nGaeilge. Tá súil agam go mbeidh daoine, ar nós na ndaoine sna poist atá á lua ag an Teachta Connolly, sásta dul isteach sa ghréasán. Tá súil agam go mbeidh branches den ghréasán ar fud na tíre. Measaim go mbeidh a lán éilimh ar an ngréasán seo agus beidh daoine ag iarraidh dul isteach sa ghréasán seo. Níl aon deacracht agam le duine nach bhfuil Gaeilge aige nó aici - tá fáthanna éagsúla le sin - ach tá a lán daoine ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim. Is féidir liom daoine a fheiceáil á dhéanamh sin. Tá daoine anois sa státchóras ag foghlaim Gaeilge mar tá a fhios acu go bhfuil buntáiste léi. Tá buntáiste reachtaíochta acu.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim é sin agus aontaím go huile is go hiomlán. Idir an dá thréimhse, tá sé seo ag tarlú. Tá poist shinsearacha i gceist agus daoine gan focal Gaeilge.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Caithfidh muid an fócas a chóiméad ar an straitéis, ar an dearcadh iomlán agus ar an radharc iomlán. Dá bharr sin, beidh athraithe ag teacht. Beidh níos mó daoine le Gaeilge agus beidh níos mó éilimh do dhaoine le Gaeilge. Nuair atá an straitéis agus polasaí seo foilsithe, beidh ar an státchóras go léir féachaint ar an straitéis seo, machnamh a dhéanamh agus athraithe a dhéanamh sna córais earcaíochta atá acu. Beidh siad ag fanacht leis seo. Tá jabanna tugtha do dhaoine agus ba mhaith liom go ndéanfadh siad jab maith. Tá a fhios agam go ndéanfaidh siad sin. Mar a dúirt mé, b’fhéidir go bhfuil roinnt acu ag iarraidh an Ghaeilge a foghlaim, ach níl a fhios agam.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá roinnt ceisteanna agam maidir leis an tuarascáil. Luaigh an tAire Stáit an caidreamh idir é féin agus an tAire sinsearach. Guím gach rath air agus tá súil agam go dtiocfaidh níos mó pinginí i dtreo na Gaeilge dá thairbhe sin - bhí sé in ann é a dhéanamh ó thaobh an spóirt de.
Ní ag caitheamh anuas ar an Aire Stáit nó an tAire a bhí muid nuair a chuir muid an cuireadh chuici ón gcoiste seo. Is é ceann de na fáthanna go ndearna muid é sin ná go dtéann roinnt de na moltaí atá déanta againn isteach sa chur chuige atá i gceist ó thaobh na healaíona de. Tá roinnt de sin ag baint leis an nGaeilge. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as teacht os ár gcomhair chun iarracht a dhéanamh cuidiú linn déileáil leis an chéad deich moladh a rinne muid. Ní fiú dúinn na moltaí a dhéanamh muna bhfuil muid chun teacht ar ais anois is arís agus iarracht a dhéanamh déileáil leo.
Feicim agus aithním go bhfuil dul chun cinn déanta ar roinnt acu ó foilsíodh iad. Tá roinnt athraithe ag tarlú ach tá roinnt eile atá tar éis imeacht ar chúl. Níl Feasta ann a thuilleadh. Bhí Feasta ann nuair a bhí muid ag bualadh le chéile. Sin iris eile imithe. Is é an jab atá againn, mar choiste agus mar dhaoine a bhfuil spéis againn sa Ghaeilge, ná féachaint cad is féidir linn déanamh. Tháinig breis is 50 finné os ár gcomhair agus fuair muid timpeall ar 30 aighneacht. Ní hé gur tuairimíocht an choiste a bhí i gceist. Is daoine iad atá ag lorg cabhrach. Tá a lán daoine acu ag déanamh scríbhneoireachta i mbun an chur chuige ó thaobh na Gaeilge de, sna meáin nó san fhoilsitheoireacht Gaeilge. Ní ag tuilleadh airgid atá siad.
Tá a fhios ag daoine go bhfuil mo chlann féin ceangailte leis an bhfoilsitheoireacht. Ní dhearna mise aon iarracht ó thaobh an chomhlachta sin de. Tá níos mó spéise agam sa chaoi ar féidir linn cuidiú leis na scríbhneoirí óga agus na hiriseoirí.
Tá ceist amháin agam. Conas is féidir linn cuidiú leis na hiriseoirí ó Thuaidh nach bhfuil aon mhaoiniú ar leith ar fáil acu mar a bheadh anseo leis an gComhairle Ealaíon, mar shampla? Ní féidir treoir a thabhairt don fhoras maidir le cad le déanamh ach má tá airgead breise chun dul go dtí an bhforas, is féidir leid a thabhairt gur cóir go gcuirfí sa treo anseo nó ansiúd é agus go bhfuil géarghá le hairgead breise. An féidir linn é sin a dhéanamh le roinnt de na hábhair atá roghnaithe anseo? Baineann ceann amháin le hábhar gur luaigh Foras na Gaeilge agus lucht ÁIS a bhí anseo. Nuair a chuaigh muid amach go dtí ÁIS, chonaic muid é. Luaigh na siopaí, na scríbhneoirí agus ne foilsitheoirí an géarghá le huasdátú ar an gcóras ríomhaireachta agus díolacháin atá acu. Níl a fhios againn cén costas a bheadh i gceist. Luaigh na mórdhíoltóirí agus mórcheannatheoirí leabhar agus lucht na leabharlann linn é chomh maith. Luaigh gach uile dream go bhfuil fadhb bhunúsach acu - ní le foireann ÁIS, atá beag go leor, chun deileáil leis an gcóras agus teacht ar an ábhar atá ag teastáil ó na leabhair agus sin. Bhí moladh ar leith againn ansin - uimhir a sé - más féidir airgead breise a thabhairt gan cur as don choibhneas nó don cur chuige atá ann ó thaobh an chomhthionóil trí chlár na leabhar Gaeilge. Dúirt an tAire Stáit gur tugadh €300,000 breise do chlár na leabhar Gaeilge, ach fós níl sé ag an leibhéal a bhí ann in 2008. Tá fíorbheagán áiteanna eile sa státchóras go bhfuil muid fós ag deileáil le ciorruithe a tharla in 2008.
Tuigeann muid an cás ó thaobh an chomhthionóil agus nach raibh an comhthionól ag obair agus gur chuir sé sin gach rud i sáinn. Beidh tionchar aige sin má tá an t-airgead ó Thuaidh agus beidh sé níos deacra. Áit a raibh muid in ann teacht timpeall ar sin, seo ceann de na hábhair sin - iriseoireacht na Gaeilge. B'fhéidir gur ceist don Aire ardoideachais í seo, ach is féidir le hAire Stáit na Gaeltachta tionchar a bheith aige ar an Aire chun díriú isteach ar scileanna ar leith a thabhairt dóibh siúd atá ag gabháil don iriseoireachta sna hinstitiúidí ardleibhéil agus go mbeidh níos mó cúrsaí ar fáil. Ní hamháin go gcuideodh sé sin leis na hirisí a luaigh muid anseo ach cuideodh sé le TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life nó aon cheann acu sin. Uaireanta bíonn airgead ag teastáil chun na cúrsaí sin a chur ar fáil ar dtús báire. Bhíodh cúrsa ag an College of Commerce i Ráth Maonais atá anois in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, TUD, ach níl aon chúrsa lánaimseartha i mBaile Átha Cliath ag gabháil le hiriseoireacht, go bhfios dom. Tá teip éigin ansin.
Bhí rud éigin eile agam. Caithfidh muid díriú isteach air. Mar a dúirt mé, tá 110 moladh ann. Ní mhaith liom dul go dtí an trioblóid agus gach uile ceann a chur síos mar cheist pharlaiminte. Ní bheadh siad ar fad dírithe ar an Roinn. Beidh siad ceart go leor mar níl mé chun é sin a dhéanamh. Caithfidh muid a bheith soiléir go bhfuil tairbhe éigin don obair ar fad a dhéanann daoine do seo, gur féidir casadh timpeall tar éis an chéad bhuiséad eile agus a rá go bhfuil dul chun cinn déanta agus rachaidh muid ar ais chuig an gComhairle Ealaíon, má tá deis againn. Rachaidh muid ar ais go dtí Foras na Gaeilge ag fiosrú céard a rinne sé ó foilsíodh é seo agus an bhfuil sé tar éis díriú isteach air nó an bhfuil cuidiú ar leith ann. Tá roinnt rudaí tar éis tarlú. Mar a luaigh an tAire Stáit, is féidir cur leis an scéim coimisiúnaithe. Ní rachaidh mé tríd an 110 moladh.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá roinnt freagraí agam. Maidir le cúrsaí an Tuaiscirt, i ndáiríre níl mórán gur féidir linn a dhéanamh ach tá muid ag brath ar Fhoras na Gaeilge. Is féidir liom a rá freisin gur de bharr chomhaontaithe idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach go bhfuil margadh singil againn ar a laghad. Níl an bac sin ann do earraí ar nós leabhar, ar a laghad. Maidir le ÁIS agus an córas ríomhaireachta, tá mo oifigigh ag rá liom go bhfuil airgead faighte acu chun an córas ríomhaireachta nua sin a chur ar fáil. Aontaím leis an gCathaoirleach maidir le cúrsaí Gaeilge sna hinstitiúidí ardleibhéil ach tá a lán oibre déanta. Bhí tionchar ag an Roinn ar an Acht an Údaráis um Ard-Oideachais, 2022 maidir le nithe a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus léann na Gaeilge. Leis an stádas oifigiúil san Aontas Eorpach, tá a lán cúrsaí curtha ar fáil maidir le teangeolaíocht, ateangaireacht agus Gaeilge go ginearálta. Tá méadú mór tagtha orthu siúd. Níl gach duine a cheimníonn leis na céimeanna sin ag dul isteach san ateangaireacht. Tá aithne agam ar dhuine amháin agus tá gnó gruaigeadóireachta tosaithe aige tar éis céim mar sin a dhéanamh. Tá deis ag daoine sna céimeanna-----
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An raibh an chéim trí Ghaeilge?
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an-Ghaeilge aige. Níl aithne mhaith agam air ach tá sé ag dul i dtreo difriúil. Tá tionchar an-mhór acu sin. Is dócha nach bhfuil poist do gach duine san Aontas Eorpach a thagann amach as na céimeanna sin ach tá a lán deiseanna eile acu chun slí beatha an-mhaith a bheith acu, Gaeilge den ardchaighdeán acu agus an tionchar an-dearfach acu ar chúrsaí ginearálta na tíre seo. Aontaím leat. Caithfidh mé a rá go bhfuil a lán oibre déanta le 15 bliain anuas ó tháinig an stádas isteach in 2007 agus araile. Beidh níos mó ag tarlú sa spás sin - níl aon dabht agam faoi sin. Maidir leis an bpointe ar níos mó maoinithe, tá mise ag iarraidh níos mó maoinithe agus is dócha go gcaithfidh mé fanacht go dtí próiseas an bhuiséid chun é sin a dhéanamh. Caithfidh muid féachaint cén sórt airgid atá ar fáil sa Rialtas go ginearálta don Roinn agus as sin, don rannóg. Beidh mé ag obair go dian ar son na Gaeilge. Níl aon amhras faoi sin.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceist amháin eile agam. Níl sé ar an ábhar sin. An mbeidh an tuarascáil ón gcoiste comhairleach foilsithe i mí an Mheithimh?
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
No. Beidh sé faighte agam i mí an Mheithimh. Tá súil agam go bhfoilseoidh mé i rith an tsamhraidh nó san fhómhar é.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An fáth ar chuir mé an cheist ná chun cuireadh a thabhairt duit. Níl mé ag iarraidh cuireadh a thabhairt duit teacht os ár gcomhair gach uile seachtain ach déanfaidh mé é sin-----
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tiocfaidh mé ar ais tar éis an tsamhraidh.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
-----tar éis an tsamhraidh.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Beidh sé faighte an mhí seo chugainn agam.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é sin an méid - go bhfuil a fhios againn an sceideal atá i gceist.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An sceideal díreach atá ann. Níl aon dabht faoi sin. Tá sé ag teacht. Tá mé ag fanacht air.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní ceist í seo; is ráiteas é. Ghlac muid an cinneadh níos luaithe gan ghrinnstaidéar réamhreachtach a dhéanamh ar na ceannteidil arís toisc go raibh an tuarascáil déanta againn cheana féin. Chuir muid ar ais chuig an Aire Stáit é.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gcoiste maidir leis sin. Tá daoine ag rá liom anois go bhfuil gach uile shórt leasuithe agus tuairimí ag teacht chugam maidir leis sin. Má dhéanaim an iomarca leasuithe, b'fhéidir go gcuirfidh sé moill ar an reachtaíocht. Nuair a tháinig mise isteach, bhí na ceannteidil foilsithe. Ní raibh siad ach foilsithe ansin. Tá mé ag obair go dian chun an reachtaíocht sin a chur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid.
Tá mé ag iarraidh rud éigin a dhéanamh maidir le tithíocht. Rud beag a bhéas ann, áfach. Níl mé ag iarraidh go mbeadh sé róchasta mar cuirfidh sé sin moill ar an bpróiseas iomlán. An t-ard-sprioc atá agam ná an daonlathas a thógáil ar ais sa Ghaeltacht maidir le hÚdarás na Gaeltachta. Tá spriocanna agam féin agus b'fhéidir go bhfuil tithíocht ceangailte isteach iontu. Tá mé ag féachaint ar an gceist sin faoi láthair. Má tá gá le sprioc tithíochta agus más féidir liom rud éigin a dhéanamh air sin - tá obair ar siúl cheana fein ag an údarás - déanfaidh mé é. Ach níl mé ag iarraidh moill a chur ar an reachtaíocht bhunúsach sin.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sin ar fheabhas.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé an-tábhachtach agus tá mé á rá sin le gach duine atá ag cur tuairimí chugam.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é sin an cur chuige a bhí ag an gcoiste ó thús. Is féidir linn déileáil le leasuithe ar Chéim an Choiste agus Céim na Tuarascála ach beidh nóta ag dul go hoifigiúil go bhfuil an tAire Stáit á rá sin.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mo bhuíochas leis an gcoiste.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
B'fhéidir go gcuirfidh sé sin luas leis. Táimid ar fad ag tnúth leis an reachtaíocht.
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá muid ar fad ag obair go dian.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go raibh maith agat. Leis sin, thar cheann an choiste, gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus leis na hoifigigh, an Dr. Aodhán MacCormaic agus Aodán Mac an Mhíle, as an gcúnamh a thug siad dúinn inniu. Dá réir, muna bhfuil aon ghnó eile, cuirfimid críoch leis an gcruinniú seo. Beidh ár gcéad cruinniú eile ar siúl i seomra 4 ar an 12 Meitheamh 2024.