Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge: Plé
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Go raibh maith ag an Aire Stáit as sin. Tá sé sin dearfach agus guím ádh mór air maidir leis an gcóras sin. Chomh maith leis sin, tá mé ag smaoineamh faoi ráiteas a chuala mé cúpla bliain ó shin: "nuair atá achan rud ráite agus déanta, tá níos mó ráite ná atá déanta". I mo thuairim féin, tá mé ag smaoineamh faoin bpolasaí atá bainte amach i ndiaidh an chórais sin. Tá na Ranna éagsúla neamhspleách ach tá nasc mór idir an Roinn Oideachais agus Roinn na Gaeltachta. Tá polasaithe beartaithe éagsúla ag teacht amach ó Roinn na Gaeltachta ach níl mórán acmhainní ann faoi choinne na bpolasaithe sin a bhogadh ar aghaidh, faoin gcuraclam agus cúrsaí oideachais, mar shampla. I mo thuairim féin, tá comhrá phráinneach de dhíth sna bunscoileanna agus meánscoileanna idir an churaclam agus na leabhair ar fáil. Tá an t-ádh orainn uilig sa tír seo. Tá níos mó daoine ag scríobh na leabhar. Tá siad ag amharc ar na rudaí atá ag caomhnú ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus rudaí mar sin. B'fhéidir go mbeidh athrú de dhíth maidir leis an churaclam. B'fhéidir go mbeidh seasamh i gcomparáid leis an gcás a rinne na hoifigigh in 2015. Thosaigh an comhrá faoin tumoideachas in 2015. Bhí trí bliana déanta in 2018. Thug an Teachta Bruton an polasaí isteach sa churaclam in 2018 agus tá na torthaí uilig le feiceáil anois. Tá siad le feiceáil achan lá, mar shampla i gcás na ndaoine lena chas muid i Ráth Chairn i gcontae an Aire Stáit féin. Aon áit sna ceantair Ghaeltachta, tá níos mó torthaí le feiceáil. Tá an neart nó an tréan-Ghaeilge ag bogadh ar aghaidh agus ag dul ó neart go neart sna ceantair Ghaeltachta mar a thosaigh an córas sin faoi choinne an pholasaí sin in 2018. Tá sé práinneach anois go mbeidh an comhrá againn atá de dhíth sna bunscoileanna agus meánscoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht faoin gcuraclam, agus muid ag amharc ar na hacmhainní láidre atá ar fáil. Tá comhrá cuimsitheach suntasach faoi sin de dhíth. B'fhéidir go mbeidh ceannaireacht de dhíth agus tá taithí mhór i measc na n-oifigeach i Roinn na Gaeltachta. Tá siad ag labhairt leis na daoine sna ceantair Ghaeltachta agus le daoine a bhfuil Gaeilge acu - ó Thuaidh agus ó Dheas. Tá an taithí ag lucht na Ranna agus tá an ról lárnach faoin gcuraclam taobh amuigh den Ghaeltacht de dhíth anois.
No comments