Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge: Plé

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Freagróidh mé pointe an Teachta. Bíonn go leor teagmhála ag ár Roinn leis an Roinn Oideachais, mar a dúirt mé cheana. Tá muid ag obair as lámha a chéile maidir leis na coláistí samhraidh, mar shampla. Tá sórt leanúnachais eatarthu maidir le scoileanna agus gnáthchúrsaí. Tá an dá Roinn agus COGG ag déanamh comhmhaoinithe ar thograí áirithe ó am go céile. Tá an scéim Gaelbhratach san áireamh anseo, a bhfuil os cionn €2 mhilliún curtha isteach ag mo Roinn féin inti, le maoiniú ón Roinn Oideachais freisin. Tá a fhios agam an t-éileamh atá ag baill an choiste, go gcuirtear níos mó airgid isteach san earnáil foilsitheoireachta. Tá mé ag glacadh leis go bhfuil muid ag iarraidh níos mó a chur isteach.

Ag an am céanna, tá a lán rudaí dearfacha ag tarlú san earnáil freisin. Measaim go bhfuil trí rud shuntasacha tarlaithe: an stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach, an sprioc atá ag an Stát maidir leis an bhfógraíocht trí Ghaeilge agus na spriocanna atá ag teacht maidir le fostaíocht agus earcaíocht sa Státchóras. Measaim go bhfuil siad sin ag ardú an éilimh d'fhoilseacháin trí Ghaeilge, cibé nuachtáin, irisí reatha agus leabhair. Measaim go mbeidh tionchar an-mhór ag an trí rud sin, le cabhair uainn agus admhaím é sin. Mar shampla, má théitear go dtí an chúirt sa Bhruiséil, tá na príomhchásanna móra ó 50 bliain ó shin á gcur ar fáil trí Ghaeilge go hoifigiúil anois, rud a chiallaíonn go bhfuil sé níos éasca iad a léamh agus staidéar a dhéanamh orthu go díreach. Tá sé níos éasca anois má tá duine ag iarraidh leabhar dlí a chur ar fáil as Gaeilge mar tá na cáipéisí acu. Tá sé sin ag tarlú gan mhaoiniú díreach uainn, cé go bhfuil muid ag íoc as roinnt de na hateangairí ansin. Tagraím do na spriocanna maidir le fógraíocht. Tá irisí nua ar líne ag teacht anois. Tá leagan Gaeilge de roinnt irisí ag teacht toisc go bhfuil siad in ann an fhógraíocht trí Ghaeilge a dhíol. Tá sprioc ann go mbeidh roinnt den fhógraíocht sin in irisí trí Ghaeilge. Tá sé sin ag cabhrú leis an earnáil go ginearálta agus leis na nuachtáin ar líne ach go háirithe. Táthar go léir ar an eolas maidir leis na spriocanna atá ag teacht isteach. Is Gaeilgeoir mé ach ní raibh mé bainteach leis an earnáil le roinnt blianta anuas.

Caithfidh mé a rá nach bhfuil a fhios ag a lán daoine faoin sprioc fostaíochta agus earcaíochta go mbeidh Gaeilge ag 20% d'fhostaithe sa Státchóras faoi 2030. Tá a lán oibre le déanamh againn chun daoine a chur ar an eolas faoi go forleathan. I mo thuairim, tugann sé an-deis do dhaoine atá ag iarraidh tabhairt faoin bhfoilsitheoireacht nó leabhair, irisí agus cibé rud a chur ar fáil mar beidh an t-éileamh ansin ó dhaoine a mbeidh ag iarraidh snas a chur ar a gcuid Gaeilge agus an Ghaeilge a bheith acu ar an leibhéal cuí chun a bheith sa scuaine sin, mar a déarfá.

Measaim go mbeidh tionchar an-mhór ar na rudaí sin, mar aon leis an sórt oibre atá á mhíniú agam anseo - tá an coiste ar an eolas faoi - agus níos mó maoinithe a chur ar fáil. Nuair a thagaimid ar ais in 2030 chun na ceisteanna seo a phlé, i tosach báire tá mé ag súil go mbeidh níos mó maoinithe ann, mar atá ráite ag an Teachta Connolly, ach ag an am céanna go mbeidh dearcadh iomlán difriúil ann maidir leis an nGaeilge agus na riachtanais atá ag daoine chun níos mó a léamh, níos mó Gaeilge a bheith acu agus níos mó scríbhneoireachta a sholáthar; cibé ceann a oireann. Tá a lán rudaí tarlaithe. Bhí baill an choiste páirteach leis sin sa Dáil agus an reachtaíocht seo ag dul tríd. Beidh tionchar ollmhór aige sin. Tá mé an-dóchasach faoin todhchaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.