Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Dúirt finné a tháinig os ár gcomhair agus í i mbun agallaimh faoin earnáil foilsitheoireachta nach fiú tráithnín na tuarascála seo muna ndéanann muid rud. Dúirt sí go bhfuil sí cosúil le páipéar leithris. Níor ghlac mé aon mhasla faoi sin because is í an teachtaireacht atá sí ag iarraidh cur in iúl ná go bhfuil gá le beart. Is é sin an rud atá mé ag iarraidh.
B'fhéidir go mbeidh deis ag an Aire Stáit, nó ag an Aire sinsearach, teacht ar ais os ár gcomhair nuair atá níos mó ama acu le breathnú ar na moltaí. Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl do na scríbhneoirí, lucht foilsitheoireachta, lucht dáileacháin agus araile because is míorúilt amach is amach go bhfuil siad fós ann agus, mar a dúirt an tAire Stáit ina ráiteas tosaigh, go bhfuil scríbhneoireacht ag dul ar aghaidh i nGaeilge. Tá gá práinneach le cabhair ón Rialtas le haitheantas a thabhairt maidir le cé chomh tábhachtach is atá sé. Mar shampla, chun an ghéarchéim a chur in iúl, idir 2008 agus 2021, tháinig deireadh le ceithre chinn de mhórthithe foilsitheoireachta na Gaeilge: Cló Comhar, Sáirséal Ó Marcaigh, Cló Mhaigh Eo agus Cois Life. Tháinig deireadh leis an iris Feasta freisin. Tá siad ag streachailt ar an talamh.
Bíonn frustrachas orm i gcónaí anseo mar nuair a thagann daoine os ár gcomhair, ceapann siad gurbh fiú an cúpla focal. Is domhan iomlán difriúil le litríocht iomlán difriúil é a thugann deis dúinn scáthán a bheith againn ar an domhan. Mar a dúirt Ré Ó Laighéis san aighneacht a chuir sé faoi bhráid an chomhchoiste, chuir sé síos ar an léitheoireacht mar "próiseas inchinne agus intinne... atá casta agus míorúilteach”. Is próiseas atá i gceist freisin nuair a chuirtear ábhar léitheoireachta ar fáil don léitheoir. Fuaireamar dearcaidh éagsúla ó gach píosa den earnáil agus ba í an teachtaireacht ba láidre ná go bhfuil siad ag streachailt.
No comments