Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá roinnt ceisteanna agam maidir leis an tuarascáil. Luaigh an tAire Stáit an caidreamh idir é féin agus an tAire sinsearach. Guím gach rath air agus tá súil agam go dtiocfaidh níos mó pinginí i dtreo na Gaeilge dá thairbhe sin - bhí sé in ann é a dhéanamh ó thaobh an spóirt de.
Ní ag caitheamh anuas ar an Aire Stáit nó an tAire a bhí muid nuair a chuir muid an cuireadh chuici ón gcoiste seo. Is é ceann de na fáthanna go ndearna muid é sin ná go dtéann roinnt de na moltaí atá déanta againn isteach sa chur chuige atá i gceist ó thaobh na healaíona de. Tá roinnt de sin ag baint leis an nGaeilge. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as teacht os ár gcomhair chun iarracht a dhéanamh cuidiú linn déileáil leis an chéad deich moladh a rinne muid. Ní fiú dúinn na moltaí a dhéanamh muna bhfuil muid chun teacht ar ais anois is arís agus iarracht a dhéanamh déileáil leo.
Feicim agus aithním go bhfuil dul chun cinn déanta ar roinnt acu ó foilsíodh iad. Tá roinnt athraithe ag tarlú ach tá roinnt eile atá tar éis imeacht ar chúl. Níl Feasta ann a thuilleadh. Bhí Feasta ann nuair a bhí muid ag bualadh le chéile. Sin iris eile imithe. Is é an jab atá againn, mar choiste agus mar dhaoine a bhfuil spéis againn sa Ghaeilge, ná féachaint cad is féidir linn déanamh. Tháinig breis is 50 finné os ár gcomhair agus fuair muid timpeall ar 30 aighneacht. Ní hé gur tuairimíocht an choiste a bhí i gceist. Is daoine iad atá ag lorg cabhrach. Tá a lán daoine acu ag déanamh scríbhneoireachta i mbun an chur chuige ó thaobh na Gaeilge de, sna meáin nó san fhoilsitheoireacht Gaeilge. Ní ag tuilleadh airgid atá siad.
Tá a fhios ag daoine go bhfuil mo chlann féin ceangailte leis an bhfoilsitheoireacht. Ní dhearna mise aon iarracht ó thaobh an chomhlachta sin de. Tá níos mó spéise agam sa chaoi ar féidir linn cuidiú leis na scríbhneoirí óga agus na hiriseoirí.
Tá ceist amháin agam. Conas is féidir linn cuidiú leis na hiriseoirí ó Thuaidh nach bhfuil aon mhaoiniú ar leith ar fáil acu mar a bheadh anseo leis an gComhairle Ealaíon, mar shampla? Ní féidir treoir a thabhairt don fhoras maidir le cad le déanamh ach má tá airgead breise chun dul go dtí an bhforas, is féidir leid a thabhairt gur cóir go gcuirfí sa treo anseo nó ansiúd é agus go bhfuil géarghá le hairgead breise. An féidir linn é sin a dhéanamh le roinnt de na hábhair atá roghnaithe anseo? Baineann ceann amháin le hábhar gur luaigh Foras na Gaeilge agus lucht ÁIS a bhí anseo. Nuair a chuaigh muid amach go dtí ÁIS, chonaic muid é. Luaigh na siopaí, na scríbhneoirí agus ne foilsitheoirí an géarghá le huasdátú ar an gcóras ríomhaireachta agus díolacháin atá acu. Níl a fhios againn cén costas a bheadh i gceist. Luaigh na mórdhíoltóirí agus mórcheannatheoirí leabhar agus lucht na leabharlann linn é chomh maith. Luaigh gach uile dream go bhfuil fadhb bhunúsach acu - ní le foireann ÁIS, atá beag go leor, chun deileáil leis an gcóras agus teacht ar an ábhar atá ag teastáil ó na leabhair agus sin. Bhí moladh ar leith againn ansin - uimhir a sé - más féidir airgead breise a thabhairt gan cur as don choibhneas nó don cur chuige atá ann ó thaobh an chomhthionóil trí chlár na leabhar Gaeilge. Dúirt an tAire Stáit gur tugadh €300,000 breise do chlár na leabhar Gaeilge, ach fós níl sé ag an leibhéal a bhí ann in 2008. Tá fíorbheagán áiteanna eile sa státchóras go bhfuil muid fós ag deileáil le ciorruithe a tharla in 2008.
Tuigeann muid an cás ó thaobh an chomhthionóil agus nach raibh an comhthionól ag obair agus gur chuir sé sin gach rud i sáinn. Beidh tionchar aige sin má tá an t-airgead ó Thuaidh agus beidh sé níos deacra. Áit a raibh muid in ann teacht timpeall ar sin, seo ceann de na hábhair sin - iriseoireacht na Gaeilge. B'fhéidir gur ceist don Aire ardoideachais í seo, ach is féidir le hAire Stáit na Gaeltachta tionchar a bheith aige ar an Aire chun díriú isteach ar scileanna ar leith a thabhairt dóibh siúd atá ag gabháil don iriseoireachta sna hinstitiúidí ardleibhéil agus go mbeidh níos mó cúrsaí ar fáil. Ní hamháin go gcuideodh sé sin leis na hirisí a luaigh muid anseo ach cuideodh sé le TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life nó aon cheann acu sin. Uaireanta bíonn airgead ag teastáil chun na cúrsaí sin a chur ar fáil ar dtús báire. Bhíodh cúrsa ag an College of Commerce i Ráth Maonais atá anois in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, TUD, ach níl aon chúrsa lánaimseartha i mBaile Átha Cliath ag gabháil le hiriseoireacht, go bhfios dom. Tá teip éigin ansin.
Bhí rud éigin eile agam. Caithfidh muid díriú isteach air. Mar a dúirt mé, tá 110 moladh ann. Ní mhaith liom dul go dtí an trioblóid agus gach uile ceann a chur síos mar cheist pharlaiminte. Ní bheadh siad ar fad dírithe ar an Roinn. Beidh siad ceart go leor mar níl mé chun é sin a dhéanamh. Caithfidh muid a bheith soiléir go bhfuil tairbhe éigin don obair ar fad a dhéanann daoine do seo, gur féidir casadh timpeall tar éis an chéad bhuiséad eile agus a rá go bhfuil dul chun cinn déanta agus rachaidh muid ar ais chuig an gComhairle Ealaíon, má tá deis againn. Rachaidh muid ar ais go dtí Foras na Gaeilge ag fiosrú céard a rinne sé ó foilsíodh é seo agus an bhfuil sé tar éis díriú isteach air nó an bhfuil cuidiú ar leith ann. Tá roinnt rudaí tar éis tarlú. Mar a luaigh an tAire Stáit, is féidir cur leis an scéim coimisiúnaithe. Ní rachaidh mé tríd an 110 moladh.
No comments