Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is féidir liom tús a chur leis seo. Táimid anseo chun ár dtuarascáil ar an earnáil scríbhneoireachta, foilsitheoireachta agus léitheoireachta Gaeilge a phlé leis an Aire Stáit a bhfuil freagracht speisialta maidir leis an nGaeltacht air. I dtosach báire, déanaim comhghairdeas oifigiúil leis an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, as an gceapachán agus an deis a bheith aige teacht ós ar gcomhair don chéad uair. Déanaim comhghairdeas leis thar ceann an choiste uilig as a cheapachán mar Aire Stáit na Gaeltachta. Guím gach rath ar an obair sin. Tá súil agam go mbeimid in ann cur leis an obair sin agus obair le chéile. Is mian liom fáilte a fhearadh roimh an Aire Stáit agus chomh maith leis sin le stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Dr. Aodhán MacCormaic, agus leis an príomhoifigeach, Aodán Mac an Mhíle, chomh maith. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe seo ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó seomra coiste 4, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanaimid ar aghaidh, caithfimid na rialacha seo a léamh. Tá a fhios ag na comhaltaí agus na finnéithe cheana féin gur chóir dá gcuid gutháin soghluaiste a bheith múchta le linn an chruinnithe toisc go gcuireann siad as don chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá sé de rogha ag na comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams. Feicim go bhfuil an Seanadóir Clifford-Lee ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Tá mé féin agus an Teachta Catherine Connolly, agus an tAire Stáit dár ndóigh, sa seomra coiste. Molaim do chomhaltaí atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil go mbeadh a gcuid micreafóin múchta agus go mbeadh siad le feiceáil nuair atá siad ag labhairt.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á thabhairt acu taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise agus má ordaítear dóibh éirí as fianaise a thabhairt, go ndéanfar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin láithreach.

Anois, is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Feicim an Teachta Joe McHugh anseo chomh maith. I dtús báire, iarraim ar an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.