Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge: Plé
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as an fháilte a chur sé romham chuig an gcoiste um thráthnóna.
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a bheith anseo leo inniu chun cúrsaí scríbhneoireachta, foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge a phlé agus le féachaint ach go háirithe ar a bhfuil sa tuarascáil a d’fhoilsigh an coiste i mí na Samhna anuraidh, 2023.
Is gné thábhachtach de shaol an phobail í an fhoilsitheoireacht agus ábhar léitheoireachta a bheith ar fáil ní hamháin mar uirlis oideachais, ach go deimhin mar ábhar le taitneamh agus tuiscint a bhaint as ár dtimpeallacht. Tá réimse an-leathan oibre i gceist anseo. Tá deich mórmholadh sa tuarascáil agus mórán moltaí eile sa bhreis orthu sin. Luaitear sa tuarascáil go bhfuil "géarchéim" in earnáil na foilsitheoireachta. Ní aontaím go hiomlán leis seo. Is cinnte go bhfuil dúshláin ann agus tuigim agus tuigeann oifigigh na Roinne é seo. Cé go bhfuil dúshláin san earnáil agus go maítear go bhfuil "easpa tacaíochtaí" ón Stát, tá ag éirí le scríbhneoirí agus foilsitheoirí na Gaeilge saothair shaibhre léitheoireachta a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Tá baint nach beag ag Foras na Gaeilge leis an obair seo. Mar is eol don choiste, tá Foras na Gaeilge ar cheann d’áisíneachtaí an Fhorais Teanga, a fheidhmíonn ar bhonn Thuaidh-Theas. Tá mo Roinn ar cheann de Ranna urraíochta an fhorais sin. Faoi chúram an fhorais, tá An Gúm, a chuireann foilseacháin agus áiseanna ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Chomh maith leis sin, cuireann an áisíneacht dáiliúchán leabhar, nó ÁIS, seirbhís dáiliúcháin ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge a chinntíonn soláthar leabhar Gaeilge ar an margadh.
In 2008, tugadh clár na leabhar Gaeilge isteach faoi scáth an fhorais agus tuigim gur cuireadh próiseas cuimsitheach athbhreithnithe ar scéimeanna maoinithe chlár na leabhar Gaeilge i gcrích anuraidh. Cuireann an clár seo tacaíocht ar fáil d’fhoilsitheoirí na Gaeilge agus do scríbhneoirí na Gaeilge i bhfoirm scéimeanna deontais. Anuas air seo, bainistíonn clár na leabhar Gaeilge an tionscadal Scríobh Leabhar, a bhfuil sé mar aidhm aige scríbhneoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chothú i measc páistí bunscoile.
Tá cúram reachtúil ar Fhoras na Gaeilge foclóirí cuimsitheacha nua-aimseartha a chur ar fáil don phobal chun úsáid agus dea-chleachtas na teanga a éascú. Tá coiste téarmaíochta ag obair faoi scáth an fhorais freisin agus an coiste sin freagrach as téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge a fhorbairt, a fhaomhadh agus a fhoilsiú chun tacú leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide. Is chun leasa na scríbhneoireachta, na foilsitheoireachta agus na léitheoireachta Gaeilge an obair seo uile.
Baineann an obair seo go léir le gnóthaí oibríochtúla Fhoras na Gaeilge, obair nach bhfuil aon ról sonrach agam féin, mar Aire Stáit, ná ag mo Roinn ach an oiread inti. Mar sin féin, ní mór dom tagairt a dhéanamh d'obair an fhorais. Cuireann Foras na Gaeilge réimse tacaíochtaí ar fáil le cabhrú le hearnáil na leabhar Gaeilge faoi láthair. Tá an obair seo go léir fite fuaite ina chéile agus ní féidir gné amháin a fhorbairt gan an ghné eile. Mar atá ráite sa tuarascáil, is "eiceachóras" iad na scríbhneoirí, na foilsitheoirí, na siopaí leabhar agus na léitheoirí.
Aithnímid go léir gur earnáil leochaileach í earnáil na foilsitheoireachta i mionteanga ar bith agus gur gá tacaíochtaí a chur ar fáil di le seasmhacht agus inbhuanaitheacht a bhaint amach. Tuigim go bhfuil roinnt tosaíochtaí aitheanta ag Foras na Gaeilge sna tacaíochtaí sin ar gá a sholáthar. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíochtaí éagsúla ar fáil le cabhrú le scríbhneoirí nua. Tuigim go gcuirtear béim ar leith ar na seánraí is mó a mbíonn éileamh orthu agus is lú a bhfuil scríbhneoirí ag saothrú iontu, mar shampla, úrscéalta ficsin agus litríocht do dhéagóirí. Tá scéim mheantóireachta ag an bhforas chun tacú leo siúd a bhfuil spéis sa scríbhneoireacht acu.
D’fhoilsigh mo Roinn straitéis do na healaíona teangabhunaithe i mbliana agus tá scóip faoin straitéis seo le scríbhneoireacht na Gaeilge a fhorbairt. Léirigh an taighde a rinneadh don straitéis seo, i measc mórán eile, gur gá glúin nua scríbhneoirí agus cleachtóirí drámaíochta ach go háirithe a oiliúint. Tríd an scéim fhoilsitheoireachta, cuireann Foras na Gaeilge tacaíochtaí ar fáil do thithe foilsitheoireachta lena chinntiú go mbíonn soláthar leanúnach de leabhair ar ardchaighdeán ann do phobal léitheoireachta na teanga. Bunaithe ar an athbhreithniú a rinneadh anuraidh, tuigim go bhfuil maoiniú trí-bliana á chur ar fáil anois d’fhoilsitheoirí ach plean oibre cuimsitheach a bheith curtha faoi bhráid an fhorais. Tuigimid go léir go mbíonn tionchar diúltach ar sholáthar leabhar nuair a éiríonn oiread is foilsitheoir amháin as an earnáil agus táimid go léir ag iarraidh é seo a sheachaint.
Tuigim go gcuireann Foras na Gaeilge tacaíochtaí ar fáil do chúrsaí margaíochta agus imeachtaí leis an bpobal a spreagadh le leabhair Ghaeilge a léamh. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil do Chumann na bhFoilsitheoirí le dlús a chur le cúrsaí margaíochta. Tá toradh fónta ar an obair seo agus aird á díriú ar leabhair nua a fhoilsítear.
Cuid eile den eiceachóras seo is ea ÁIS, a bhíonn ag déileáil le siopaí le cinntiú go mbíonn leabhair ar fáil don lucht léitheoireachta. Is faoi scáth chlár na leabhar Gaeilge a bheag nó a mhór a dhéantar an obair seo ar fad a riaradh.
Is ceann de na dúshláin is mó atá san earnáil ná acmhainní. Cuireann mo Roinn féin maoiniú imfhálaithe ar fáil d’obair eile a thagann faoi scáth an fhorais, clár na leabhar Gaeilge san áireamh. Tá molta sa tuarascáil go mbeadh maoiniú chlár na leabhar Gaeilge ag leibhéal maoinithe na bliana 2008 le boilsciú san áireamh. Tuigim go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an mbuiséad ó tháinig Bord na Leabhar Gaeilge isteach faoin bhforas in 2008. Bhí buiséad de €1.8 milliún ar fáil don obair seo in 2008. I mbliana, is €1.06 milliún atá i mbuiséad chlár na leabhar Gaeilge. Is maoiniú imfhálaithe a chuireann mo Roinn ar fáil é seo.
Tuigim go bhfuil ceisteanna ardaithe ag an gCathaoirleach féin, ag Teachtaí eile sa Dáil agus ag Seanadóirí maidir le cás chlár na leabhar Gaeilge le cúpla bliain anuas. De thairbhe na himní atá léirithe i leith na hearnála, tá allúntas breise de €300,000 in aghaidh na bliana curtha ar fáil ag an Roinn don earnáil le cúpla bliain le díriú go sonrach ar réimse na scríbhneoireachta agus na foilsitheoireachta. Leis an maoiniú breise aonuaire a fuair Foras na Gaeilge in 2022, bhí sé in ann tacú le 35 scríbhneoir faoin scéim mheantóireachta agus a chinntiú go raibh foilsitheoirí in ann leanúint leis an obair a bhí idir lámha acu.
De bharr gur mionteanga í an Ghaeilge, bíonn an earnáil seo ag brath níos mó ar thacaíochtaí Stáit ná mar a bheadh i gcás teanga atá á labhairt níos forleithne. Tá gach iarracht á dhéanamh ag mo Roinn bonn inmharthanach a chur faoin earnáil. De thairbhe thábhacht an réimse seo oibre don phobal agus don teanga, tá súil agam tuilleadh maoinithe a chur ar fáil don chlár le linn na bliana seo. Arís, tuigim nach leor é seo agus go bhfuil sé riachtanach buiséad bhonnlíne an chláir a ardú. Leanfaimid orainn sa Roinn ag féachaint ar chás na hearnála, mar atá déanta ag Airí Stáit eile le cúpla bliain anuas, agus beidh mé ag féachaint go fabhrach ar an gcás seo sa ghearrthéarma ar dtús agus sa bhfadthéarma ansin.
No comments