Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge: Plé
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá focal scoir agam. Nuair a foilsíodh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge in 2010, ba cheann de na tuiscintí a bhí ag an Rialtas a bhí ag imeacht as cumhacht ná go raibh sé á fhoilsiú ag am ina raibh airgead gann ach go raibh ceist na Gaeilge chomh práinneach go gcaithfidh airgead a chaitheamh uirthi mar fhíorthosaíocht. Is léir nach mar sin a bhí sé ag rialtais ina dhiaidh sin. Nuair a tháinig an t-airgead arís, nuair a d'éirigh sé flúirseach arís agus nuair a bhí breis airgid ar fáil, d'fhágadh an Ghaeilge in áit na leathphingine. Mar a deirim, ní raibh an tAire Stáit ag Bord an Rialtais. Ní raibh sé ina Aire Stáit ná in aice leis an Rialtas suas go 2020, nuair a bhí an damáiste déanta, ach caithfimid a chur ar an taifead go raibh damáiste déanta agus caithfimid, mar Ghaeilgeoirí, féachaint air sin a chur ina cheart. Caithfear tosú ag ciceáil chun gur féidir leis an Aire Stáit a rá go bhfuair sé griosáil láidir anseo inniu, nach bhfuil an coiste sásta, curtha go simplí, agus go bhfuil fíorthábhacht le leabhair do na daoine ar fad atá ag iarraidh clanna a thógáil le Gaeilge agus ag iarraidh úsáid na Gaeilge a spreagadh. Má tá scríbhneoireacht ann, mar atá feicthe ann, tá rudaí ar nós físeán agus mar sin ag fás ag an am céanna. Tá chuile shórt ceangailte le chéile. Tá obair chruthaitheach ar bun.
No comments