Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge: Plé

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirfidh mé roinnt de na rudaí atá á ndéanamh ag an Roinn faoi láthair ar an taifead, más féidir. Tá €2 milliún curtha isteach i nGael Linn i leith na scéime Ghaelbhratach. Tá beagnach €1 milliún curtha isteach i gConradh na Gaeilge maidir le scéimeanna éagsúla ar nós an fheachtais "Céad Míle Fáilte" a sheol mé roinnt seachtainí ó shin, an seó bóthair don earcaíocht, atá an-tábhachtach, agus Baile Átha Cliath le Gaeilge, scéim spreagtha na Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá go leor airgid á chur isteach againn i nGlór na nGael don scéim teanga tí agus do scéim deontas Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Is roinnt samplaí d'airgead atá ag dul isteach sna ceanneagraíochtaí iad sin. Tá difear idir é sin agus an t-airgead atá ag dul isteach i bhForas na Gaeilge.

Táim ag éisteacht le cad atá á rá ag an Teachta Ó Cuív. Beidh mé ag iarraidh níos mó airgid a fháil don Ghaeilge. Beidh na cinntí sin á ndéanamh ag bord an Rialtais ach níl aon dabht go mbeidh mé ag déanamh abhcóideachta maidir leis seo sna míonna atá romhainn, ag éisteacht go géar le cad atá á rá agus ag déanamh machnaimh ar an méid atá ráite ag an Teachta anseo. Ní bheidh mé in ann an scéal sin a athrú go hiomlán i rith an tsamhraidh ach déanfaidh mé iarracht béim a chur ar chúrsaí Gaeltachta agus, caithfidh mé a rá, ar chúrsaí spóirt agus ealaíona freisin. Tá siad go léir tábhachtach. Is rud bunúsach dár dtír í an teanga. Cé nach bhfuil na sonraí go léir agam, caithfidh mé a rá go bhfuil roinnt clár ealaíona ann a bhfuil baint acu leis an nGaeilge nach dtagann go díreach faoi bhráid na coda seo den Roinn. Níl na figiúirí agam. I mbliana, tá €9 milliún curtha ar fáil chun an straitéis ealaíona a chur i bhfeidhm. Tá sé sin ráite agam. Tá airgead á chaitheamh.

Mar a dúirt mé - tá baint ag an méid seo go léir le comhairle an Teachta Ó Cuív - tá athruithe suntasacha tagtha agus cuirfidh na hathruithe sin, agus an sprioc 20% ach go háirithe, brú ar an gcóras, ar an Rialtas agus ar na polaiteoirí níos mó acmhainní a chur ar fáil don Ghaeilge mar ní bhainfimid na spriocanna seo amach mura mbeidh níos mó oideachais trí mheán na Gaeilge agus oideachais Gaeilge ann, mar atá ráite ag an Teachta McHugh, mura ndéanfaimid iarracht níos mó áiseanna a chur ar fáil don Ghaeilge agus mura gcaithfimid níos mó airgid. Táim ag iarraidh na spriocanna seo a bhaint amach agus na codanna eile den státchorás agus den Rialtas a chur ar an eolas go bhfuil dúshlán mór rompu chun é seo a bhaint amach. Caithfidh siad é a bhaint amach ach tá jab le déanamh acu chun é seo a bhaint amach agus caithfidh siad airgead a chaitheamh air.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.