Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge: Plé
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Níl aon dabht ach go mbeadh sé go hiontach dá mbeinn in ann é sin a dhéanamh. Ba mhaith liom go mbeadh níos mó maoinithe ag dul isteach san earnáil. Tá beagáinín níos mó ná €1 milliún á chur ar fáil i mbliana, mar a bhí anuraidh. Tá an Roinn tar éis maoiniú breise ar luach €300,000 a chur ar fáil don earnáil foilsitheoireachta le trí bhliain anuas. Bhí buiséad €1.36 milliún ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge anuraidh. Tá sé sin thart ar an leibhéal is a bhí sé in 2011. Níl mé sásta leis sin. Tá sé i gceist agam maoiniú breise a cheadú arís i mbliana. Ní bheidh sé ag an leibhéal is a bhí sé in 2008 i mbliana. Tá an dúshlán sin leagtha síos ag an gcoiste agus tá mé ag éisteacht leis an gcoiste, ach tá mé freisin ag rá nach féidir liom é sin a dhéanamh láithreach. Measaim nach bhfuil sé sin réadúil.
Tá a fhios agam go bhfuil an ráta boilscithe imithe in airde. Tá sé sin ráite ag an Teachta Connolly freisin agus tá an ceart aici. Tá mé ag iarraidh aitheantas a thabhairt dó sin ach níl mé chun an sprioc atá leagtha síos ag an gcoiste a bhaint amach i mbliana. Caithfidh mé an fhírinne a rá agus a bheith macánta maidir leis sin.
No comments