Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge: Plé
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an coiste. Díreoidh mé isteach ar, feictear domsa, an príomhábhar ar a bhféadfaimid dul chun cinn a dhéanamh ar inniu. An bhfuil an ceart agam gur comh-mhaoiniú atá i gceist le Foras na Gaeilge agus go bhfuil coibhneas 3:1 atá i gceist? Bíonn an Rialtas ó Dheas i gcónaí sásta an €3 a chur ar fáil. An é an laincis atá air sin ná na húdaráis ó Thuaidh? Má tá an ceart agam, is é an t-aon mór-áit amháin gur féidir leis an Roinn airgead a chur isteach in earnáil na foilsitheoireachta ná trí Bhord na Leabhar Gaeilge mar tá sé sin maoinithe go hiomlán ag an Stáit seo.
Tuigim go bhfuil an tAire Stáit nua sa phost. Tá cineál barúil agam de struchtúr na Roinne. Mar is eol dó, bhí éileamh i bhfad siar go mbeadh Aire Gaeltachta ann - Aire sinsearach - a bheadh freagrach as an nGaeilge ó lá go lá. Is mór an trua nach é an Teachta Byrne an tAire sin. An rud atá ag cur olc ar Ghaeilgeoirí, len é a chur go simplí, ná má bhreathnaímid ar bhuiséad na Roinne, tá an méid atá á chaitheamh ar an gComhairle Ealaíon, mar shampla, agus ar na healaíon, ollmhór ar fad. Déanann sé an méid atáimid ag caint air anseo an-bheag uilig. Ag an am céanna, thóg Airí sinsearacha éagsúla cinneadh sa Roinn sin go bhfáiscfí an t-anam as foilsitheoireacht na Gaeilge. Mar a deirim, níl aon fhreagracht ag an Aire Stáit air sin. Ní raibh sé ann nuair a cuireadh na figiúirí le chéile agus faraor géar níl ann ach an tAire Stáit.
No comments