Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascáil ar Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge: Plé
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá suim mhór ag an Aire sinsearach san airgead sin agus is í seo an áit atá an lúb ar lár gur gá dúinn a thabhairt ar shúile an Aire Stáit. Níl mé ag cur aon mhilleán nó aon fhreagracht air go pearsanta ach tá mé ag iarraidh go dtabharfadh sé an scéal ar ais ag an Roinn agus ag an Aire sinsearach atá ina hAire Gaeltachta.
Bhí €1.8 milliún ann sa bhliain 2008, agus tá €1.36 milliún ann anois nuair a cuirtear an €300,000 breise a chuireadh isteach ann anuraidh san áireamh. Ní dóigh liom go bhfuil mórán níos mó ná sin ann i mbliana. Má thógaim an €1.8 milliún sin agus má chuirim boilsciú leis, tá b'fhéidir €2.5 milliún nó €3 mhilliún i gceist. Tá ganntan ann atá carnaithe thar 14 bliain go suim mór airgead; b'fhéidir €1 milliún in aghaidh na bliana agus níos mó ná €1 milliún in aghaidh na bliana má thógaimid boilsciú san áireamh. Sin €14 milliún. Thuigfeá dá mba rud é go raibh an tír beo bocht agus nach raibh aon mhéadú ar bhuiséid go ginearálta, ach tá caiteachas an Stáit imithe in airde. Más buan mo chuimhne, is €50 billiún a bhí ann in 2010, nó rud éigin mar sin. Táimid ag tarraingt suas le €100 billiún anois. Ní hamháin sin ach tá an méid airgid atá ag na healaíon agus an Roinn ealaíona tar éis méadú thar chuimse. Ní gá freagra a chur air seo ar bhealach mar, mar a dúirt mé, níl aon fhreagracht ar an Aire Stáit.
Is é an scéal go bhfuilim féin ag iarraidh a thabhairt ar ais ag an Aire sinsearach agus ag an Rialtas, agus is dóigh go bhfuil an coiste seo ag iarraidh a thabhairt acu, ná nach bhfuiltear ag caitheamh go cóir, go cothrom agus go féaráilte leis an nGaeilge nuair atá siad ag roinnt an airgid ar na rudaí éagsúla sa Stát seo, fiú taobh istigh den Roinn ealaíon, spóirt agus chuile shórt eile. Go háirithe agus muid ag plé na scríbhneoireachta trí Ghaeilge, níltear ag caitheamh go féaráilte le hearnáil scríbhneoireachta na Gaeilge. Ní milliún atá i gceist. Tá €14 milliún ná níos mó carntha thar na blianta a bhfuil an fhaillí seo á déanamh. Is é sin an méid atá le rá agam.
No comments