Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:15 pm

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt sa Dáil le linn Seachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is pribhléid dúinn é sa tír seo go bhfuil ár dteanga dhúchais againn. Is cuid dhílis iad ár dteanga, ár dtraidisiúin agus ár gcultúr dár bhféiniúlacht mar Éireannaigh.

Ni mór dúinn infheistíocht leanúnach a dhéanamh sa Ghaeilge chun a chinntiú go mbeidh sí á labhairt ag na glúnta atá le teacht. Tá an Rialtas ag tacú go láidir leis an obair atá ar bun maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Léiríonn an cistiú méadaithe atá curtha ar fáil ag an Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana, agus ar fiú €94.2 milliún é, go bhfuil rún daingean ag an Rialtas an teanga agus pobal na Gaeltachta - tobar na teanga - a chur chun tosaigh. Is ardú €8.5 milliún nó 10% é sin ar chiste na bliana seo caite. Is linne go léir an Ghaeilge - idir óg agus aosta - agus tugann an t-allúntas breise seo deis dúinn ár ndílseacht don teanga a roinnt ar níos mó de phobal na tíre. Bhí áthas orainn sa Roinn chomh maith gur tugadh ardú €7.3 milliún do bhuiséad TG4 le haghaidh 2023. Is é sin an méadú is mó riamh ar mhaoiniú an stáisiúin agus, dar ndóigh, beidh tionchar ag an ardú sin freisin ar rathúlacht na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Leis an maoiniú breise sin, beidh ar chumas TG4 cainéal nua do leanaí - Cúla4 - a bhunú agus a sheoladh. Bíonn comhoibriú leanúnach idir TG4 agus rannóga éagsúla de chuid mo Roinne agus iad i mbun tionscadail éagsúla a fhorbairt agus a chur chun cinn mar a bhaineann leis an nGaeilge.

Labhróidh mé ar feadh nóiméid faoi na coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht. Dúnadh na coláistí ar feadh dhá bhliain - 2020 agus 2021 - de dheasca Covid. Is mór an difríocht idir sin agus inniu. D'oscail na coláistí anuraidh le tacaíocht na Roinne agus tá ríméad orm a rá gur fhreastail níos mó ná 25,000 scoláire ar na coláistí samhraidh in 2022. Táim ag súil go leanfaidh an earnáil lena téarnamh i mbliana. Táim ag súil go mbeidh teacht níos fearr ar an nGaeltacht ag muintir na hÉireann ar fad. Beidh obair ar siúl ar bhonn leanúnach le feachtas turasóireachta a bhunú i gcomhar leis na coláistí agus le hÚdarás na Gaeltachta atá mar chuid den phlean gníomhaíochta don Ghaeilge. Chomh maith leis sin, beidh scéimeanna ar nós DEIS Gaeltachta, a thugann suas le 400 scoláireacht do scoláirí ó níos mó ná 200 scoil DEIS timpeall na tíre. Freisin, beidh an scéim Árainn Gaeltachta ann, a thugann seans do 30 scoláire bliain a chaitheamh agus iad tumtha go hiomlán i gcultúr na Gaeltachta agus na n-oileán ar na hOileáin Árann. Tá tacaíocht bhreise ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistin ar fáil chomh maith. Le bliain anuas chuir mo Roinn méadú 300% ar an deontas tosaithe atá ar fáil dóibh. Bíonn an Roinn i gcónaí sásta éisteacht agus glacadh le moltaí agus féachaint i dtreo na todhchaí ó thaobh earnáil na gcoláiste Gaeilge, leis an teachtaireacht go bhfuil na coláistí Gaeltachta oscailte arís do chách.

Agus sinn ag caint ar an nGaeltacht, is ceart aitheantas a thabhairt do ról Údarás na Gaeltachta. Níl aon amhras orm ach go bhfuil obair thábhachtach déanta agus idir lámha ag an údarás le cúnamh mo Roinne ar mhaithe le saol phobal na Gaeltachta a fheabhsú agus ar mhaithe leis an nGaeltacht a chosaint agus a fhorbairt tuilleadh. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 945 post a chruthú sa Ghaeltacht anuraidh agus go raibh 151 duine breise fostaithe i ngnólachtaí an údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana seo caite. Bhí 8,235 post i gcliant-ghnólachtaí an údaráis ag deireadh na bliana 2022. Tá roinnt tionscadail mhóra chaipitil á mbeartú ag an údarás i gcomhar leis an Roinn i réimse an oideachais agus sa turasóireacht chultúrtha. Luafainn, mar shampla, an athfhorbairt atá le déanamh ar Choláiste Lurgan in Indreabhán i gceantar Gaeltachta na Gaillimhe, agus Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.

Le forbairt na dtionscadal sin agus cinn eile atá ar na bacáin, cuirfear tuilleadh le bonneagar na Gaeltachta ar bhonn comhpháirtíochta.

Ba mhaith liom labhairt anois ar feadh tamaillín ar chuid thábhachtach d'obair mo Roinne sa Ghaeltacht agus in áiteanna eile sa Stát, is é sin, an próiseas pleanála teanga. Tugann Acht na Gaeltachta, 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbíonn pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí Gaeilge. Tugtar tréimhse ama don phobal chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Faoin reachtaíocht, is faoin Roinn atá sé measúnú a dhéanamh ar phleananna teanga sula ndéantar iad a cheadú. Tá an Roinn freagrach freisin as athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga. Ní miste a lua go bhfuil an próiseas pleanála teanga dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta, iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste san áireamh.

Faoin bpróiseas pleanála teanga, tá 26 limistéar pleanála teanga aitheanta agus pleananna teanga faofa agus ag feidhmiú i leith gach aon cheann acu. Is trí phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a thugtar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile lasmuigh den Ghaeltacht. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Is é an cuspóir atá ag na pleananna teanga ná cur le húsáid na Gaeilge sna ceantair lena mbaineann siad chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta agus gnó.

Tugtar bailte seirbhíse Gaeltachta ar na bailte sin atá suite i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí agus saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin, ar mhaithe leis an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht a chothú agus a threisiú. Go dtí seo, tá pleananna teanga faofa agus ag feidhmiú i leith seacht mbaile seirbhíse Gaeltachta, cúig cinn acu faoi stiúir Foras na Gaeilge agus péire faoi stiúir Údarás na Gaeltachta.

Is éard atá i gceist leis na líonraí Gaeilge ná ceantair a bhfuil bun-mhais chriticiúil bainte amach acu maidir le tacaíocht phobail agus Stáit don Ghaeilge. Tá Foras na Gaeilge freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna líonraí Gaeilge. Tá pleananna teanga faofa agus ag feidhmiú i leith trí líonra Gaeilge: Baile Loch Riach, Contae na Gaillimhe; Inis, Contae an Chláir; agus Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.

Maidir leis na healaíona, tá Ealaín na Gaeltachta Teo., comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon, freagrach as forbairt na n-ealaíon comhaimseartha agus traidisiúnta a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Tugann Ealaín na Gaeltachta maoiniú go díreach d’ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon agus grúpaí pobail sa Ghaeltacht tríd ocht scéim maoinithe agus tugann sé tacaíocht ar bhealaí eile don earnáil chomh maith. Chun na healaíona teanga-bhunaithe a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh sa Ghaeltacht, agus chun tacú go sonrach leis an bpróiseas pleanála teanga agus leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta, d'fhógair an tAire agus mé féin maoiniú suas le €3.720 milliún d'Ealaín na Gaeltachta ionas go mbeidh an eagraíocht sin ábalta tuilleadh tacaíochta agus deiseanna a chruthú don phobal ealaíne, go háirithe i measc aos óg na Gaeltachta.

Is cuid dhílis é cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 den obair atá ar bun ag mo Roinn chun soláthar seirbhísí poiblí do phobal na Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú, chomh maith le deiseanna suntasacha fostaíochta a chruthú dóibh siúd a bhfuil an teanga acu. Shínigh Uachtarán na hÉireann an tAcht ina dhlí ar an 22 Nollaig 2021, agus ó shin i leith tá foireann mo Roinne ag obair go dian dícheallach chun forálacha uile an Achta a chur i bhfeidhm de réir a chéile.

Tá plean náisiúnta do sheirbhísí Gaeilge á ullmhú ag mo Roinn agus tá an obair sin le cur i gcrích faoi lár na bliana seo chugainn, 2024. Is é aidhm an phlean ná deimhin a dhéanamh de go n-earcófar a dhóthain daoine a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu chun seirbhísí poiblí a sholáthar agus go mbainfear mór-sprioc na reachtaíochta amach, is é sin, go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.

Cuireann foráil eile den Acht, ar cuireadh tús léi anuraidh freisin, dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht bhliantúil, ar a laghad, a dhéanamh trí Ghaeilge agus 5% dá mbuiséad bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht trí Ghaeilge sna meáin Ghaeilge. Is foráil thar a bheith dearfach í seo, agus cheana féin tá méadú suntasach tagtha ar an méid Gaeilge atá le feiceáil agus le cloisteáil ar na meáin chumarsáide atá in úsáid ag comhlachtaí poiblí. Tugann an fhoráil seo teachtaireacht shoiléir shuntasach do phobal na Gaeilge, ní hamháin go bhfuil meas ag an Stát ar an teanga mar chuid lárnach dár n-oidhreacht chultúrtha agus mar theanga bheo chumarsáide, ach go bhfuil luach agus tairbhe eacnamaíoch ag baint léi dá lucht labhartha. Is é mo thuairim láidir go neartófar iarrachtaí an Stáit úsáid na teanga a chur chun cinn dá bharr, rud a thagann ar ndóigh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030.

Agus acmhainní foirne breise faighte ag mo Roinn anuas ar €1 milliún de mhaoiniú reatha i mbuiséad 2023, tá tionscnaimh nuálacha eile á bhfiosrú agus á meas againn chun ár n-iarrachtaí sa spás seo a láidriú. Tríd an obair seo ar fad, níl amhras orm ach go ndéanfar dul chun cinn ollmhór chun leibhéal agus caighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú sna blianta beaga amach romhainn.

Níl sna nithe atá luaite agam ach blaiseadh beag den mhéid iomlán atá ar siúl ag an Rialtas agus ag mo Roinn i gcomhar lenár gcomhpháirtithe ar mhaithe leis an teanga. B'fhéidir go mbeadh seans agam cúpla rud eile a lua roimh dheireadh na díospóireachta seo ar ball. Bhí moltaí spéisiúla ag cuid de na Seanadóirí sa díospóireacht a bhí againn faoin nGaeilge sa Seanad tráthnóna inné agus chuirfinn fáilte roimh thuairimí na dTeachtaí Dála atá i láthair anseo tráthnóna freisin.

1:25 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní díospóireacht atá anseo ach ráitis. Is trua liom i gcónaí nach díospóireacht atá ann agus nach bhfuil sé bunaithe ar glacadh le rún nó rud éigin. Uaireanta, is rud beagáinín neamh-dírithe agus gan fiúntas é an tréimhse seo a chaitheamh. Tá súil agam go mbeidh na Teachtaí eile a bheidh ag labhairt ag cur rud éigin chun cinn. Molaim an tAire Stáit as sin a lorg uainn ag deireadh a chainte. Dúirt sé gur chóir go mbeadh smaointe againn agus go mbeadh muid dírithe.

Gach uile bhliain ó toghadh mé, rinne mé iarracht sa díospóireacht seo ní díreach an Rialtas a cháineadh ach teacht suas le smaointe, moltaí nó straitéisí. Is trua nár glacadh leo. Mar shampla, chuir mise moladh chun tosaigh ag an gCoiste Gnó go ndéanfadh muid caint inniu, nó mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, ar cheann de na tuairiscí ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Tá roinnt acu anseo agam. Níl aon easpa ábhair gur chóir dúinn díriú isteach orthu. Mar shampla, tá tuairisc amháin anseo agam ar na coláistí samhraidh. Tá tuairisc eile ar an gcóras T1 agus T2. Bheadh sé sin an-spéisiúil a phlé agus muid tar éis a bheith cruthaithe i gceart. Tá tuairisc ó DCU ar an ábhar ach tá an ceann a ndearna muidne bliain roimhe ag léiriú go raibh an treo mícheart á ghlacadh ag an Roinn Oideachais. Tá cinn eile ann. Tá cinn ann a leagan amach samhail dhifriúil. Chuaigh an coiste chuig Carn Tóchair. Chuaigh muid chomh maith go Béal Feirste, áit a bhfuil beocht á léiriú.

Tá bealach oibre nó samhail acu a léiríonn conas is féidir le ceantair eile é a dhéanamh. Tá ceantair eile ag dul i dtreo an Ghaeilge a chur chun cinn gach uile lá. Tá ár mbuíochas agus ár gcomhghairdeas ag dul dóibh siúd atá ag streachailt san aonach sin. Dá réir, measaim gur chóir go mbeimid ag díriú isteach ar moltaí mar sin seachas bheith ag braith ar Theachtaí nó ar Sheanadóir bheith ag seasamh suas le rá, “Is breá liom an Ghaeilge, tá an Ghaeilge go hiontach ach tá ag teip orm é a fhoghlaim nó iarracht a dhéanamh é a chur chun cinn.” Tá an ghéarchéim ann anois; ní leor sin a thuilleadh. Caithfear gníomhú.

Tapaím an deis chun aitheantas a thabhairt do na céimeanna chun tosaigh atá glactha le tamall de bhlianta anuas. Is trua go raibh orainn troid de shíor leis an státchóras chun an t-aitheantas cuí a fháil agus chun an preabadh ar ghá chun gníomh a ghlacadh. Mar a luaigh an tAire cheana féin, tá roinnt fógraí breise le feiscint i nGaeilge. Tá súil agam go bhfásfaidh líon na bhfógraí sin. Tá dul chun cinn á fheiscint ó thaobh ealaíon na Gaeilge de agus tá sé sin á léiriú dár ndóigh sna scannáin atá ós comhair an phobail anois, “An Cailín Ciúin” san áireamh. Tá moladh ag dul dóibh siúd ar fad atá ag streachailt agus ag cur ábhair inár láthair ar TG4 nó sna hamharclanna timpeall na tíre.

Agus muid ag caint ar amharclanna, níl a fhios agam an féidir é a dhéanamh ach an bhfuil aon chuid den airgead breise seo atá molta d’Ealaín na Gaeltachta chun dul i dtreo Taibhdhearc na Gaillimhe agus an complacht náisiúnta drámaíochta? Chun go n-éireoidh linn ó thaobh léiriú scannáin cosúil leis “An Cailín Ciúin” nó a leithéid a dhéanamh amach anseo, is gá go mbeadh aisteoirí againn a bheadh oilte in aisteoireacht i nGaeilge ar an leibhéil is airde. Is gá stagehands a bheith againn agus gach uile sórt duine mar sin. Tá sé sin fíor ní hamháin sna hamharclainne ach i leith an scannánaíocht freisin. Tá straitéis ceart de dhíth ar na healaíon sin. Táimid fós ag fanacht ar Straitéis d'Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge a bhí geallta dúinn.

Dár ndóigh céim mór chun tosaigh i mbliana chomh maith atá sa Dream Dearg agus an tAcht teanga sna Sé Chontae. Táimid ag súil go mór le ceapachán an choimisinéara a roghnófar ansin agus an obair mhór a bheidh ós a comhair nó ós a chomhair. Níl a fhios againn an fear nó bean atá le ceapadh ach tá obair mhór le déanamh ansin. Tá súil agam go mbeimid ar fad ag tabhairt tacaíochta iomláine don té a cheaptar sa phost sin agus ag díriú ar an obair atá ar siúl acu chun déanamh cinnte de go bhfuil an stádas céanna ag an nGaeilge is a bhéas ag an mBéarla amach anseo.

Luaigh me roinnt dul chun cinn cosúil le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Tá níos mó le déanamh dár ndóigh. Leagadh síos spriocanna dúshlánacha ann agus is de bhuíochas iad siúd a bhí ag troid sa Teach ag cur brú ar an Aire Stáit gur glacadh leis na spriocanna dúshlánacha sin mar ní raibh siad ann i dtús báire. Bhí sé á phlé againn gach uile lá sa choiste nó sa Dáil féin nó sa Seanad. Tá sprioc amháin atá na Ranna fós ag teacht salach air nuair a bhíonn siad ag caint ar eagrais nua. Tá roinnt de na hAirí tar éis tarraingt siar agus feicim anois go bhfuil siad ag caint faoi police ombudsman, nó the board of An Garda Síochána. Caithfimid déanamh cinnte de go dtuigeann an státchóras ina iomláine - na hAirí agus na príomhfheidhmeannaigh sna Ranna ar fad -nach féidir leo a bheith ag caint a thuilleadh ar institiúidí Stáit a bhunadh le hainm nó le brandáil atá i mBéarla amháin nó i mBéarla in aon chor. Tá sé sin ag teacht salach ar an méid atá sa reachtaíocht.

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla an-dúshlánach. Caithfimid díriú isteach ar an gcóras oideachas, ní hamháin sa Ghaeltacht cé go bhfuil fadhbanna ansin, ach lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith, má táimid chun na spriocanna atá leagtha síos ann a shroichint. Is gá go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20% dóibh siúd a earcaítear sa Stáitseirbhís. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil na daoine seo ag teacht. An t-aon bhealach atá ann é sin a dhéanamh ná díriú isteach ar an gcóras oideachais. Inniu, cheana féin, tharla cúlú nuair a fhoilsíodh an t-athrú curaclaim sa bhunleibhéil agus bhí níos lú ama á thabhairt don Ghaeilge ná mar a bhí roimhe seo. Ba cheart go mbeadh an t-am ag ardú. Tá díolúintí ag fás de shíor agus de shíor. Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag déanamh cinntí nach bhfuil ag luí le polasaí an Ghaeilge a chur chun cinn. Luaigh mé T1 agus T2 agus an cheist a bhaineann leo ag an leibhéil sóisearach. Luaigh mé an easpa Gaelcholáistí atá timpeall na tíre chomh maith. Tá 11 contae as an 26 contae gan Ghaelcholáiste. Smaoinigh ar sin agus muid ag iarraidh go mbeadh daoine ag teacht amach as na Gaelcholáistí seo ag dul go hollscoil, áit atá an fhadhb i bhfad Éireann níos measa toisc nach bhfuil cúrsaí as Gaeilge ar fáil dóibh. Ní gá dúinn ach dul síos an bhóthair anseo go dtí Baile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8, áiteanna nach bhfuil aon Ghaelcholáiste ann, in ainneoin go bhfuil sé Gaelscoil sna cheantar sin. Níl aon soláthar Ghaelcholáiste do na daltaí sin agus caithfidh siad iompú ar an mBéarla tar éis méid áirithe blianta a chaitheamh i mbun oideachais trí Ghaeilge.

Tá a lán rudaí eile agus is rudaí simplí iad. Cheana féin an tseachtain seo, d’fhoilsigh mé plean dár teideal Ár Seacht nDícheall don Ghaeilge ina bhfuil seacht ngníomh nó iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn, mar shampla, ag leibhéil beagáinín níos ísle ó thaobh brandáil an Stáit de, ar nós logainmneacha agus comharthaí bóithre. Luaitear sa phlean freisin go bhfuil ceart ag duine an Ghaeilge a úsáid agus e nó í ag plé leis an Státchóras nó i gcoitinne ionas nach bhfuil comhlachtaí príobháideacha ag caitheamh anuas ar an nGaeilge, mar a tharla i gcúpla áit le déanaí. Luaitear chomh maith áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge uathoibríoch, mar shampla, nuair a chuirtear cárta isteach i meaisín bainc, go dtagann an Ghaeilge suas láithreach, nó in ollmhargadh, go bhfuil an rogha Gaeilge ann ar dtús. Is féidir iompú ar an mBéarla más miantar. Is é sin a tharlaíonn i dtíortha eile ar nós an Bhreatain Bheag nó Ceanada agus áiteanna mar sin. Tá na comharthaí sna siopaí dhá-theangach nó fiú ar na táirgí. Tá sé léirithe thar na blianta gur féidir dhátheangachas a chur chun cinn sa bhealach sin. Is í an aidhm ná an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí agus go bhfeiceann daoine óga ach go háirithe an Ghaeilge i gcomhthéacs ceart. Nuair atá siad ag siúl isteach i siopa, feiceann siad na focail atá foghlamtha acu sa rang. Tuigeann siad ansin an comhthéacs agus má tá an comhthéacs ann, úsáidtear an teanga níos mó. Seachas a bheith ag foghlaim na Gaeilge sa scoil agus á labhairt sa chóras oideachais amháin, ba chóir dóibh í a fhoghlaim ó thaobh féiniúlachta na tíre agus don Ghaeilge féin mar theanga.

1:35 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is deas go mbhfuilim ábalta cúpla focal a rá ar an ócáid seo, agus muid i lár Seachtain na Gaeilge, faoin tábhacht atá ag baint le húsáid na Gaeilge agus an Ghaeilge atá againn a úsáid agus a labhairt, fiú muna bhfuil againn ach cúpla focal. Níl go leor de sin ag tarlú taobh amuigh den fhoirgneamh seo ach taobh istigh fosta. B’fhéidir go dtig linn uilig i bhfad níos mó agus iarrachtaí níos fearr a dhéanamh sa todhchaí.

Mar dhuine ó cheantar Gaeltachta agus duine a rugadh taobh amuigh den oileán seo agus a tháinig go dtí ceantar Gaeltachta nuair a bhí mé iontach óg, cé go raibh mo chuid deartháireacha agus mo dheirfiúracha níos sine ná mé, chuaigh siad go scoil ina raibh níos mó Béarla ná Gaeilge á labhairt ag an am mar nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Sa bhaile, mar Scotties uilig a bhí ionainn, ní raibh an meas sin againn ar an nGaeilge sa chéad dul síos. Tá cuimhne agam mar pháiste óg nuair a chuaigh mé isteach sa bhunscoil, is Donnchadh Mac Fhionnlaoich – duine a mbeadh aithne ag an Aire Stáit air – a bhí mar ardmháistir ar an mbunscoil. D’fhág sé sa bhliain céanna is a thosaigh mise ann. Tá cuimhne agam agus mé ag caint ar an abacus go ndúirt mé “a haon, a dó, a trí, four” agus cuireadh suas go dtí an ardmháistir mé agus fuair mé bata ar an lámh. Is m’uncail a bhí mar ardmháistir ag an am sin, cara maith eile de chuid Dinny McGinley, an fear a thug an ceannas dó.

Sín é an cineál áit as a dtángamar an t-am sin. Tá sé iontach difriúil sa scoil sin anois. Ní hamháin go bhfuil na scórtha daoine ag teacht abhaile ó Ghlaschú ach tá pobal mór ón tSín, ó Pholainn, ón Úcráin agus ó cheantair eile sa scoil sin. Tá deacracht mhór nuair a bhíonn duine ag déileáil leis sin, agus teangacha difriúla á labhairt sa bhaile, agus iarracht á déanamh tumoideachas, an curaclam a chur ar fáil go huile is go hiomlán i nGaeilge, agus plé a dhéanamh leis na deacrachtaí a bhaineann leis sin. Iarraim ar an Aire Stáit, go háirithe anois nuair a fhéachaimid ar an gclann úr atá ag teacht isteach go dtí ár bpobail ó thaobh na hÚcráine de. I mo pharóiste féin tá thart ar 400 duine ansin, páistí ina measc, i gcuid mhór áiteanna i lóistín agus is maith an rud é sin.

Caithfimid an brú a chuireann sé sin ar na múinteoirí agus ar an scoil a thuiscint agus nuair a bhímid ag caint ar an nGaeilge, labhraímid faoin tábhacht atá ag daoine an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá an tábhacht ann freisin, áfach, ó thaobh shaibhreas na Gaeilge, go gcuirfimid saibhreas na Gaeilge chun cinn ansin. Tá níos mó tacaíochtaí de dhíth anois mar gheall an méid atá ag titim anuas ansin.

Luaigh mé an scoil ní ba luaithe leis an Tánaiste mar is é sin ceann de na scoileanna atá anois ar an méar fhada mar gheall ar an gcinneadh atá glactha ag an Roinn Oideachais gan dul chun tosaigh le 58 scoil mar gheall ar chostais caipitil. Tá sé seo scannalach mar tá daoine ag brath ar an síneadh atá le cur leis agus atá chun teacht isteach go dtí an scoil chéanna. Bhí súil ag an mbord bainistíochta go mbeadh an scoil ag dul amach chuig tender gan mhoill. Chaithfí réiteach gasta a fháil ar an gceist seo.

Tá a fhios againne na fíricí, na huimhreacha agus an méid teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus go bhfuil an méid daoine atá ag caint Gaeilge go laethúil ag ísliú. Tá níos mó de dhíth. Tá rudaí ann atá ag obair go maith agus ba mhaith liom cúpla pointe a rá faoi sin.

Luaigh mé mo cheantar féin agus tuigim go bhfuil sé seo ag tarlú i gceantair eile ar fud an Stáit. Bhí mé féin ag féile drámaíochta ar na mallaibh thuas i nGaoth Dobhair agus nuair a bhí mo dhuine ag iarraidh airgead ón Roinn ag an am sin, is é an rud a bhí á rá ag an Roinn ná gur eilifint bhán a bheadh ansin. Bhí mo mhac féin sa gheamaireacht ansin coicís ó shin. Bhí an áit lán go béal ceithre oíche i ndiaidh a chéile agus, ansin, i lár an lae Dé Domhnaigh bhí léiriú fá choinne páistí óga. Bhí 1,500 duine ag tarraingt ar an halla sin. Bhí Gael Linn ansin ag an deireadh seachtaine agus bhí scoileanna ar fud an chontae ag tarraingt air sin le páistí óga, páistí níos sine, aithreacha agus máithreacha. Bhí cuid de na haithreacha agus máithreacha nach raibh focal Gaeilge acu ach bhí siad ag feiceáil ar a gcuid páistí thuas ar an ardán. Caithfimid rudaí mar sin a dhéanamh agus cur leis an tacaíocht a chaithfimid a dhéanamh mar gheall ar rudaí a thabharfaidh tús áite don Ghaeilge.

Smaoiním ar Rónán Mac Aodha Bhuí agus ar an obair a rinne Rónán é féin. Tá a fhios agam go raibh a gcuid deacrachtaí féin ó thaobh An Chiorcail Chraiceáilte aige agus an dóigh a ghlac sé an Ghaeilge, an ceol Gaelach, Kneecap anois, agus ní déarfainn go mbeadh a leithéid ann ach amháin de bharr daoine cosúil le Rónán Mac Aodha Bhuí. Tá rudaí eile ag tarlú ansin ar nós Féile na Gealaí agus tá rudaí ag tarlú go háitiúil freisin agus caithfidh níos mó tacaíochtaí agus infheistíocht a thabhairt do rudaí mar sin a thabharfadh feabhas agus forbairt don Ghaeilge agus mar go bhfuil daoine óga, go háirithe, ag iarraidh tarraingt ar rudaí mar sin. Fágfaidh mé mar sin é agus tuigim go bhfuil mo chuid ama imithe amuigh. Tá go leor eile ar mhaith liom a rá ach fágfaidh mé mar sin é. Gabhaim buíochas.

1:45 pm

Photo of Aodhán Ó RíordáinAodhán Ó Ríordáin (Dublin Bay North, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle agus cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Táim ag plé leis an nGaeilge leis na blianta fada. Bhí díospóireacht idir mé féin agus an Teachta Ó Snodaigh ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an tseachtain seo caite agus bhíomar ar thaobhanna eile na díospóireachta mar bhí dearcadh amháin agam tráth dá raibh agus mé i mo scoláire agus ag freastal ar scoil lán-Ghaelach. Rinne mé céim sa Ghaeilge, agus bhí mé ag rith timpeall an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 30 bliain ó shin ag iarraidh daoine a chur ag labhairt na Gaeilge mar reachtaire ar an gCumann Gaelach. Tá athrú meoin mar gheall ar an teanga agam anois ó thaobh na gcoláistí oiliúna atá againn agus an traenáil atá á déanamh againn do mhúinteoirí. I mo thuairim féin, tá an Ghaeilge anois ina constaic dóibh siúd atá ag iarraidh a bheith ina múinteoirí bunscoile.

Is í an Ghaeilge an t-aon ábhar amháin a gcaithfí ardleibhéal a dhéanamh agus a bhfuil ag teastáil ó dhuine má tá sé nó sí ag iarraidh a bheith mar mhúinteoir bunscoile. Níl ardleibhéal Béarla nó mata ag teastáil ó dhuine ach tá ardleibhéal Gaeilge ag teastáil uathu. Más as ceantar bocht i mBaile Átha Cliath an duine, ceantar atá faoi mhíbhuntáiste, is míbhuntáiste é an riachtanas sin mar ní chuirtear an méid céanna béime ar chúrsaí Gaeilge sna bunscoileanna sin agus tá roinnt meánscoileanna ann nach bhfuil ardleibhéal Gaeilge ar fáil do na gasúir. Níl an t-airgead acu dul go dtí an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh agus níl siad in ann grinds a fháil ach an oiread.

Tá an méid sin múinteoirí maithe amuigh ansin nach bhfuil in ann a bheith ina múinteoirí bunscoile toisc nach bhfuil ardleibhéal Gaeilge acu. Nach bhfuil sé níos tábhachtaí dúinn go mbeadh caighdeán Gaeilge na múinteoirí sin níos fearr agus iad ag imeacht ón gcoláiste oiliúna ná an caighdeán a bheadh acu agus iad ag teacht isteach iontu? Nach bhfuil sé níos tábhachtaí ligean do dhaoine óga dul isteach i Institiúid Oideachais Marino nó i gColáiste Phádraig, nó cibé coláiste ar fud na tíre, agus iad ag iarraidh a bheith ina múinteoirí bunscoile agus an Ghaeilge a fhoghlaim fad is atá siad ann, chun na nósanna múinteoireachta eile agus an traenáil a dhéanamh agus iad sa choláiste, in ionad an chonstaic sin a bheith acu sula dtéann siad isteach?

Tá dhá rud eile ar mhaith liom a rá ó thaobh Ghaelcholáistí i mBaile Átha Cliath.

Luaigh an Teachta Ó Snodaigh é seo chomh maith, agus tá mo cheannaire, an Teachta Bacik, ag obair air seo freisin. Is é sin Gaelcholáiste don taobh deisceartach den chathair, is é sin Gaelcholáiste BÁC 2, 4, 6 agus 8, mar is é sin an t-ainm atá air go neamhfhoirmiúil i láthair na huaire. Tá muintir an phobail sin ag iarraidh go mbeadh Gaelcholáiste dara leibhéal do na gasúir sin atá ag freastal ar Ghaelscoileanna bunleibhéal ach níl scoil dara leibhéal acu. Tá sé de dhualgas ar an Roinn an cineál sin oideachais a chur ar fáil dóibh.

Tá fadhb eile ar an taobh tuaisceartach den chathair chomh maith i mo dháilcheantar féin ó thaobh Ghaelcholáiste Reachrann de. Má théitear isteach i nGaelcholáiste Reachrann, agus cuirim fáiltím roimh an Aire Stáit dul ann, feictear na háiseanna atá acu ann agus go bhfuil siad ag titim as a chéile. Tá croí agus spiorad na scoile sin fós beo agus tá an méid oibre atá ar siúl ann dochreidte. Tá sé inspioráideach ach dá mbeadh an tAire Stáit ann, d'fheicfeadh sé na foirgnimh sealadacha atá acu. Tá sé scannalach. Tá siad ag rá liomsa nach bhfuil allúntas ar fáil acu chun deisiú a dhéanamh ar na foirgnimh sin. Cá bhfuil an scoil sin freisin ó thaobh an chórais pleanála de? Cuireann sé sin isteach orthu nach bhfuil an fhís chéanna ag an Roinn ó thaobh fhorbairt na Gaeilge de sa cheantar sin is atá acu siúd mar mhúinteoirí agus mar thuismitheoirí.

Ó thaobh na Gaeilge de sna scoileanna, cé go bhfuil mé ag iarraidh rud éigin a athrú ó thaobh thraenáil na múinteoirí de, b'fhéidir gur chóir dúinn breathnú ar scéim dhifriúil ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de inár mbunscoileanna. Caithfear glacadh go gcaitheann an-chuid daoine óga ceithre bliana déag ag foghlaim na Gaeilge agus níl siad in ann fiú amháin is abairt amháin a chur le chéile agus iad ag imeacht ón scoil. B'fhéidir gur chóir dúinn bliain nó dhó i ngach aon bhunscoil sa tír a mhúineadh go huile is go hiomlán trí Ghaeilge ionas nach mbeadh an scoilt sin ann sa chaoi is go bhfuil an Ghaeilge ag an duine má théann sé nó sí i nGaelscoil ach nach bhfuil Gaeilge maith ag an duine má théitear ar ghnáthscoil. Ar a laghad ansin, bheadh seans ag gach uile ghasúr sa tír seo an teanga a úsáid go nádúrtha.

Le linn dúinn a bheith ag plé leis an ardteistiméireacht chomh maith agus ag éisteacht leis an méid a bhí á rá ag Conradh na Gaeilge ag an díospóireacht sin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath an tseachtain seo caite, b'fhéidir gur chóir dúinn níos mó ná ábhar amháin a bheith againn i nGaeilge le linn dúinn a bheith ag plé leis an ardteistiméireacht. B'fhéidir gur chóir dúinn ábhar amháin go huile is go hiomlán a bhunú ar an teanga labhartha, mar is í sin an rud is tábhachtaí ó thaobh aon teanga de, agus scrúdú eile go huile is go hiomlán a chur ar fáil ó thaobh na litríochta de, is é sin don fhilíocht, drámaíocht agus a leithéid sin. Tabharfaidh sé sin deis do gach duine sásamh agus sult a bhaint as an teanga in ionad an rud diúltaigh atá ann.

For far too many people in Ireland, the Irish language is a negative experience. They learn much of it over the course of their primary and secondary school life and do not come out with much of it. It is a massive policy failure where we have invested so much and spend so much time teaching a language that people cannot speak afterwards. That has to be reflected upon.

How we teach it and how children and wider society find it enjoyable is crucial. I invite the Minister of State to come to Gaelcholáiste Reachrann so that he can see the facilities they have. I encourage him to get behind the "Gaelcholáiste BÁC 2, 4, 6, 8" campaign on the south side of the city. I suggest he change the requirement that one must have higher level Irish to become a primary school teacher. The Irish that students have when they leave the training college is much more important than the Irish that they have when they go in. If the only higher-level subject we are requiring students to have studied if they wish to study to become a primary school teacher is Irish, and not English or Maths, we are creating a barrier to many people from different backgrounds in becoming primary school teachers and that does not help the language.

1:55 pm

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní féidir liom an deis a ligean le linn Seachtain na Gaeilge gan gach rath a ghuí ar "An Cailín Ciúin" san Oscars níos déanaí an tseachtain seo. Is píosa scannánaíocht den chéad scoth é. Taispeánann an scannán álainn seo, a bhfuil gach moladh tuillte aige, conas is féidir le infheistíocht bheag inár n-earnáil scannán dúchasach luach saothair ollmhór a bhaint amach. Nach spreagúil é go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil ar fud na cruinne, agus ní hamháin Gaeilge ach Gaelainn na nDéise, an chanúint is binne ar fad díobh? Tá súil agam go mbeidh siad in ann an leaid beag óir sin a thabhairt ar ais chugainn anseo.

Beidh a fhios ag daoine sa Teach gur mhúinteoir mé - cosúil leis an Teachta Ó Ríordáin agus an Aire Stáit - sula ndeachaigh mé isteach sa pholaitíocht, agus ba mhaith liom díriú ar chúrsaí oideachais i dtosach báire. Tá gealltanas sa chlár Rialtais polasaí cuimsitheach a sholáthar don Ghaelainn ón réamhoideachas go hoideachas múinteoirí do gach scoil. Cé go bhfuil obair ag dul ar aghaidh ar pholasaí do na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, níl aon tús curtha fós leis an bpolasaí ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal don chóras oideachais i gcoitinne a fhorbairt. Tá an polasaí seo ag teastáil níos mó anois ná riamh. Mar shample, tá sé scríofa ag The Irish Timesgo bhfuil 30 nóiméad sa tseachtain le baint ó mhúineadh na Gaeilge i gcuraclam na bunscoile ó rang a trí ar aghaidh gan aon taighde déanta ar an ndroch-thionchar a bheadh aige sin ar an nGaeilge.

Tuigim go bhfuil creat nua don churaclam bunscoile á sheoladh ag an Aire, an Teachta Foley, inniu. Léifidh mé é sin go géar ní hamháin ó thaobh na Gaeilge de ach freisin ó thaobh an méid a bheidh sa chreat sin. Ag an meánleibhéal, tá go leor éiginnteacht ann faoin gcruth a bheidh ar athchóiriú na sraithe sinsearaí go háirithe. Is maith an rud é gur tugadh ar ais na moltaí a bhí ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Pléadh é seo ag an gcoiste Gaeilge. Ní aontaíonn éinne, go bhfios dom, leis na moltaí a bhí ann. Tá líon na ndaltaí le díolúine ar an dara leibhéal ag fás i gcónaí agus níl plean againn conas gur féidir linn deis a thabhairt do na daltaí sin an Ghaelainn a labhairt agus a fhoghlaim ar a leibhéal féin. Tá sé in am don Rialtas polasaí comhtháite a dhéanann ciall ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a chur le chéile.

Tá an fhadhb atá ann le Gaelcholáistí i mBaile Átha Cliath luaite ag Teachtaí eile. Tuigim go bhfuil cás den chineál céanna i Maigh Eo freisin. Ní hamháin gur cheart Gaelcholáiste a chur ar fáil anseo nó ansiúd, ach ba chóir go mbeadh spriocanna uaillmhianacha againn mar atá sa Bhreatain Bheag, mar shampla. An sprioc atá acu ansin ná 40% den scolaíocht sa tír sin a chur ar fáil trí mheán na Breatnaise. Is sprioc uaillmhianach í sin. Ba chóir dúinn spriocanna mar sin a chur os ár gcomhair amach freisin. Tugaim aitheantas d’obair an fheachtais "Gaelcholáiste BÁC 2, 4, 6, 8", atá luaite ag Teachtaí eile.

Tagraím do thithíocht sa Ghaeltacht. Labhair an Teachta Ó Dochartaigh faoi thobar na Gaeilge agus faoi shaibhreas na Gaeilge. Má chailleann muid na cainteoirí dúchasacha atá againn sa Ghaeltacht, beidh an-chuid saibhris caillte againn ó thaobh na teanga de. Tá sé ag éirí i bhfad níos deacra i gcónaí do mhuintir na Gaeltachta tithíocht a fháil ar bhonn inacmhainneachta ina gceantar féin. Caithfear an fhadhb seo a réiteach mar ábhar práinne, agus ní hamháin ó thaobh chúrsaí pleanála laistigh den Ghaeltacht, cé go bhfuil sé sin tábhachtach freisin. Caithfimid a chinntiú go bhfuil tithíocht inacmhainne á chur ar fáil do dhaoine. Tá costas ollmhór ar thithíocht i nGaeltacht na nDéise, cosúil le gach aon Ghaeltacht eile ar fud na tíre. I bPort Láirge, tá plean curtha le chéile ag Comhlucht Forbartha na nDéise chun tithíocht inacmhainne a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta. Is cosúil go bhfuil dea-thoil ag gach taobh faoin smaoineamh seo agus fós níl aon dul chun cinn á dhéanamh acu. Má táimid dáiríre faoi dhul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann ó thaobh na tithíochta agus na teanga de, caithfimid tacaíocht a thabhairt do phleananna mar seo.

Cosúil le go leor de na Teachtaí sa Teach seo, chaith mé cúpla tréimhse i gcoláiste samhraidh. Sin an áit a bhfuair mé mo ghrá don teanga. Fuair mé i bhfad níos mó líofacht ann. Fuair mé deis an Ghaelainn a labhairt go laethúil. Chaithfinn a rá gur craic iontach a bhí ann, rud atá tábhachtach do dhaoine óga freisin. Bheimis go léir ag súil go mbeadh an deis chéanna ag ár bpáistí féin freastal ar choláiste samhraidh mar sin. Más mian linn go mbeadh sé sin indéanta, caithfimid dul i ngleic leis na saincheisteanna atá ann faoin gcóras faoi láthair. Ní mór dúinn tascfhórsa nó grúpa oibre a chur le chéile le plean straitéiseach do thodhchaí na gcoláistí samhraidh a chur le chéile. Ba chóir go mbeadh sé comhdhéanta de na páirtithe leasmhara atá ag plé leis na coláistí samhraidh, ina measc an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; an Roinn Oideachais; Comhlachas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe; Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh; Conradh na Gaeilge; ionadaithe ó choistí pleanáil teanga; ionadaithe ón lucht gnó sa Ghaeltacht; Foras na Gaeilge; agus Údarás na Gaeltachta.

San am atá fágtha agam, ba mhaith liom labhairt faoi mhionphointe eile maidir le pacáistíocht dhátheangach. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá á dhéanamh ag Cian Ward ar an ábhar seo. Bhuail mé leis an Aire Stáit, an Teachta Calleary, le Cian le déanaí. Is soiléir go bhfuil an tAire Stáit an-sásta dul chun cinn a dhéanamh ar an ábhar seo. Idir an dá linn, tá sé léirithe ag an tsaincheist maidir le rabhaidh sláinte ar tháirgí cosúil le toitíní, mar shampla, go bhfuil bóthar fada fós le taisteal againn ar an ábhar seo. Ní fheicim aon chúis ar domhan nár cheart rabhaidh sláinte dhátheangach a bheith ar tháirgí ar nós toitíní, i mBéarla agus i nGaeilge.

Déanaim athdhearbhú go dtugann forbairt na dtáscairí folláine, nó well-being indicators, i Roinn an Taoisigh deis ar leith dúinn cúrsaí teanga agus cultúir a chur i gcroílár ár gcinnteoireachta agus ár gcreat beartais. Go ginearálta, tá ár gcur chuige ag leanúint an OECD Better Life Index a ndéanann measúnú folláine ar sochaí thar 11 gné. Tacaím go ginearálta leis an gcur chuige sin, ach admhaítear nach n-éiríonn go maith leis an gcreat OECD maidir le tábhacht na teanga agus an chultúir a mheasúnú laistigh den tsochaí. Is laige é sin sa chreat. Tá samplaí dearfacha againn ar conas gur féidir é a dhéanamh ón Nua-Shéalainn agus ón Bhreatain Bheag.

Tá eiseamláir iontach tugtha ag Rialtas na Breataine Bige ar conas gur féidir linn teanga dhúchais a thabhairt isteach mar chuid den mheasúnú ar ár sochaí féin. De réir mar a luadh, is é seo an t-am é a dhéanamh. Tá deis againn an 12ú gné a thabhairt isteach sa táscaire folláine atá á fhorbairt againn i Roinn an Taoisigh. Ba cheart go mbeadh deis againn, mar chuid den phróiseas sin, measúnú a dhéanamh ar an teanga agus ar ghnéithe eile den chultúr atá againn, amhail cúrsaí filíochta nó an Abbey Theatre. Ba cheart iad siúd go léir a tharraingt isteach.

Ba mhaith liom teachtaireacht a thabhairt do dhaoine nach bhfuil an mhuinín sin acu an Ghaelainn a úsáid. Níl sampla chomh greannmhar agam agus a bhí ag an Teachta Doherty - ní fuair mé an bata aon am riamh nuair a bhí mé ar scoil. Bíonn faitíos ar dhaoine roimh úsáid na Gaeilge. Bhíodh aintín agam i gcónaí ag ceartú mo chuid Gaelainne agus mo chuid gramadaí. Chuir sé sin stop leis an nGaelainn a raibh mé compordach labhairt léi. Bhí mé ag smaoineamh ar an bloody tuiseal ginideach ar rudaí. Is fiú dhá sheanfhocal a lua sa chomhthéacs seo: "beatha teanga í a labhairt" agus "is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste". Má tá an cúpla focal agat, iarraim ort triail a bhaint astu i rith Seachtain na Gaeilge. Ba chóir dúinn úsáid a bhaint as an nGaelainn atá againn. Níor chóir go mbeimid róbhuartha faoi na botúin. Nobody really cares about the mistakes. If you get the pint of Guinness at the end of it and you have a laugh, what harm? You still have the pint of Guinness.

2:05 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis atá againn an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a phlé anseo inniu. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil Seachtain na Gaeilge againn. Is dócha gurb é seo an céad uair don Aire Stáit, an Teachta O'Donovan, bheith mar Aire Stáit na Gaeltachta le linn Seachtain na Gaeilge. Cuirim fáilte roimhe sin. Tá a fhios againn go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach d'ár gcultúr náisiúnta. Feicimid inár gceantair féin an stair a bhaineann lenár dteanga féin, mar aon le teanga ar bith. Is rud fíorthábhachtach é. Léirítear an stair atá sa cheantar agus stair ár bpobal freisin nuair a bhreathnaímid ar logainmneacha, focail difriúla agus mar sin de. Bhí píosa an-suimiúil ar "Iris Aniar" ar maidin le fear ó Inis Oírr. Bhí sé ag míniú na bhfocal difriúil atá acu ar Inis Oírr agus atá ar Inis Meáin, ar Inis Mór agus i gConamara. Léiríonn sé an tábhacht agus an stair atá ag ár dteanga.

Ar ndóigh, caithfimid a chinntiú go bhfuil an Stát ag tacú leis an nGaeilge agus ag tacú le muintir na Gaeilge. Mura ndéantar é sin, tá bagairt ann go gcaillfimid an teanga. Tá an Ghaeltacht mar chroílár na Gaeilge agus caithimid gach uile shórt a dhéanamh le cinntiú go gcoinnítear an Ghaeltacht ina pobal láidir bríomhar. Tá a fhios againn go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ag laghdú agus nach bhfuil ach 23% de theaghlaigh Ghaeltachta ag tógáil a gcuid teaghlach trí Ghaeilge. Caithfimid déileáil leis sin. Fáiltím leis an méid a d'fhógair an tAire Stáit inné, is é sin, maoiniú d'Ionad Cuimhneacháin na nImirceach. Bhí píosa air sin ar Raidió na Gaeltachta ar maidin. Bhí daoine á fháiltiú.

Luaigh daoine ar an gclár sin ar maidin an deacracht atá ann maidir le pleanáil agus tithíocht sa Ghaeltacht dóibh siúd atá ag iarraidh teacht ar ais go dtí an Ghaeltacht agus doibh siúd atá ina gcónaí inti cheana féin. Tá a fhios againn go bhfuil neart cúiseanna ann go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na gcainteoirí, ach cuireann sé isteach go mór orm nach féidir le teaghlaigh Ghaeltachta tithe a cheannach ná a thógáil ina gceantair féin agus go bhfuil siad á mbrú ón gceantar sin. Ní féidir leo a gcuid páistí a thógáil ina gceantar dúchais agus trí Ghaeilge go háitiúil. Caithfimid mar shochaí, agus caithfidh an Rialtas, breathnú ar chúrsaí teanga in aice le cúrsaí tithíochta agus pleanála. Tá na dúshláin teanga agus tithíochta sa Ghaeltacht fite fuaite ina chéile.

Fiú nuair atá muintir na Gaeltachta in ann fanacht inti, is fadhb ollmhór í go bhfuil eagrais Stáit fós ag cur bunsheirbhísí ar fáil go minic trí Bhéarla amháin. Tá a fhios agam go maith i mo Dháilcheantar agus i gConamara ach go háirithe go mbíonn iallach ar dhaoine Béarla a úsáid go sáchmhinic chun déileáil leis an Stát. Bheadh a fhios ag an Leas-Cheann Comhairle faoi sin freisin. Bíonn fadhbanna uisce go rímhinic i gConamara. Bhí an-deacracht ag daoine labhairt leis na hionadaithe ó Uisce Éireann. Nuair nach raibh duine le Gaeilge ar fáil, bhí rogha acu iompú ar an mBéarla nó fanacht go mbeidh duine le Gaeilge ar fáil chun eolas agus tacaíocht a fháil. I gcás práinneach mar sin, níl sé sin sáchmhaith. I gcásanna go bhfuil an-strus ar dhaoine, tá sé thar a bheith tábhachtach go bhféadfaidís déileáil leis an Stát sa teanga ina bhfuil siad is compordaí. Nuair atá tinneas ar dhuine éigin agus teastaíonn cabhair leighis éigeandála uathu, nó nuair atá gá ag daoine déileáil leis na gardaí nó an córas dlí agus cirt, tá sé fíorthábhachtach go mbeidís in ann labhairt sa teanga atá is nádúrtha dóibh. Tá daoine an-leochaileach i gcásanna mar sin. Níor cheart don Stát é a dhéanamh níos deacra dóibh.

Impím ar an Aire Stáit éisteacht leis na moltaí atá déanta ag mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, agus iad a chur i bhfeidhm. Ba cheart don Rialtas measúnú tionchair teanga a chinntiú ar thograí molta sa Ghaeltacht. Ba cheart freisin go gcuirfí coinníollacha teanga ar fhorbairtí chun ról na Gaeilge mar theanga an phobail a chosaint, agus ba cheart go dtógfaí scéim labhairt na Gaeilge ar ais chun spreagadh a thabhairt do thuismitheoirí má thógann siad a gcuid páistí trí Ghaeilge. Tá sé iontach go bhfuil na ráitis seo ar siúl an tseachtain seo ach ba chóir dúinn i bhfad níos mó Gaeilge a úsáid sa Seomra seo. Ba chóir do dhaoine a bheith sásta na cluaisíní a úsáid ionas go mbeadh gach uile dhuine in ann a ghnó dhéanamh trí Ghaeilge.

Photo of Gary GannonGary Gannon (Dublin Central, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mór an onóir dom a bheith ag labhairt anseo chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Is gluaiseacht idirnáisiúnta í gluaiseacht na Gaeilge agus tá idir óg agus aosta as ag glacadh páirt sna himeachtaí ar fud na cruinne. Go speisialta, is álainn an rud é an grá agus paisean atá ag daoine óga don teanga a fheiceáil; daoine óga as gach cúlra den saol. Tugann sé sin misneach dúinn le haghaidh todhchaí na Gaeilge. I have spent three years speaking in the Chamber, but I do not think I have ever before been as nervous as I was coming to say those couple of lines.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Teachta ag déanamh go maith. Fair play dó.

Photo of Gary GannonGary Gannon (Dublin Central, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I thank the Leas-Cheann Comhairle. How nervous I felt is not reflection of how welcome I feel when I become engaged in the language. I feel particularly grateful towards Conradh na Gaeilge, which has been very engaging towards me as someone who does not yet speak the language. I have been able to advocate for communities that do because of the great work of people in Conradh na Gaeilge and people in my own party, such as Paul Mulville, who helped me to prepare today's speech.

It is a rarity in this Chamber that I feel any sort of envy or anything like that, but when I hear the language being expressed in all its beauty, such as when Deputy Ó Snodaigh speaks as Gaeilge in a strong Dublin brogue, I wish I had access to it. I have a passion for hearing that and could sit listening to it all day. It is the same when the Leas-Cheann Comhairle drives a point home using the language. I may not understand the words, but I absolutely understand the conviction behind them. That is the beauty of the Irish language, in the sense that every syllable is uttered with desire and drive behind it. My proficiency in the language is something I intend to address.

I echo Conradh na Gaeilge's call for the following three issues to be addressed as a priority. First, a policy for Irish from preschool to third level was promised in the programme for Government. I acknowledge the Minister of State's new role.

Although work is progressing on a policy for Irish-medium schools outside of the Gaeltacht, no start has yet been made on developing a policy for the whole student body, which leaves 92% of pupils without a policy being developed for them. In the wake of these delays, support for Irish-language education is trending downwards. It has been reported that half an hour of teaching per week is to be removed from the primary curriculum from third class onwards. No research has been done on the implications this could have on the standard of Irish in the population, and it does not take into account the fact there are already problems with the learning of Irish in primary schools. You do not have to ask many parents of students around the country to realise this. Furthermore, the decision to move paper 1 of the Irish leaving certificate examination to the end of fifth year has been postponed by a year but not scrapped. Conradh na Gaeilge strongly desires that this decision be revoked. Students and teachers are furious about this decision to move the paper, which has no educational basis. I would like to see a commitment to scrap this proposal outright.

Crucially, the number of students with exemptions from Irish at second level is growing and there seems to be no plan to change the system so that students with additional needs are facilitated. They are left with no avenues to explore learning the language and are essentially abandoned by what appears to be, for some, a broken system with no supports included. Adequate supports must be put in place to ensure those with exemptions have an opportunity to learn their national language. These issues could be resolved by an action plan that details a pathway to proficiency from preschool to third level, which would be informed by relevant experts.

If we look to Wales, we see a nation committed to increasing the survival rate of its native tongue. The country is planning to grow the number of pupils receiving education through the medium of Welsh from 23% to 40% by 2050. In Ireland, the Department of Education has no such plan or measurable target to increase the number of pupils receiving Irish-medium education. A snapshot of the current climate here is captured by the calls for new Gaelscoileanna in Dublin 2, 4, 6 and 8, an area with a population of 200,000 people without any Gaelcholáiste. I find that incredibly disheartening. Each year for the past two or three years, I have seen students from Dublin 2, 4, 6 and 8 outside protesting, singing songs in the Irish language and calling for and demanding that their areas receive educational provision in their native language. I also see this in my constituency of Dublin Central, where parents and students are literally on waiting lists to get into Irish-speaking schools. We must have a desire to change. There has to be a strong urge to facilitate the language.

While I do not have the capacity to speak Irish, I genuinely see us on the precipice of a really strongly cultural revival in respect of the Irish language. It has already been captured by the previous speaker, Deputy Ó Cathasaigh, that we have an Oscar nomination for an Irish-language film. We also have artists who are singing in their native tongue and topping the charts while doing so. The State needs to step forward and meet that passion for the language because there is clearly a desire among the population to have access to it.

It is becoming more and more difficult for the Gaeltacht community to get planning permission in their own area. It is outrageous. This needs to be resolved urgently, especially for young people in the Gaeltacht who wish to settle at home. Conradh na Gaeilge has drawn up a national housing policy for the Gaeltacht, which recommends that, after two years of asking, the Gaeltacht community be represented on the joint committee established between the Department of Housing, Local Government and Heritage and the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media. It is also essential for policy to recognise that a person who speaks Irish has a local need, and to facilitate the planning process for Gaeltacht communities accordingly, and for an independent language impact assessment to be required for inclusion in any application for planning permission for a house or any type of development in a Gaeltacht area. The same should go for any other developments.

An conradh has been asking for a task force or working group to be set up urgently to develop a strategic plan for the future of the Irish language summer colleges and to identify the problems and issues they currently face. Irish language colleges are fantastic and do incredible work in opening up everyday access to the language for students who are lucky and fortunate enough to visit them. We need to do everything in our power to ensure they are strengthened and fortified and continue to flourish in the way they previously have.

2:15 pm

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chun an tuairim ó Luimneach a fháil, táimid ag dul go dtí an Teachta Leddin.

Photo of Brian LeddinBrian Leddin (Limerick City, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cosúil leis an Teachta Gannon, I find it very difficult to make my contribution as Gaeilge but we will persist. Gach bliain, bím ag tnúth le labhairt ar Sheachtain na Gaeilge nó, mar a thabharfaimid air i Luimneach i mbliana, Sneachta na Gaeilge. Gach bliain, bím ag déanamh cainte faoin nGaeilge le haghaidh Seachtain na Gaeilge. I mbliana, in ionad an Ghaeilge a úsáid chun labhairt faoin nGaeilge, labhróidh faoi mo chuid oibre.

Is orgánaigh bheo iad teangacha. Athraíonn siad agus athraíonn siad arís. Ní mór iad a chothú chun go mairfidís. Leanann teangacha patrún an tsaoil agus an dul chun cinn agus na forbartha atá ann. Tagann roinnt focal nua chun cinn agus imíonn roinnt focal go mall. Is ar éigean a bheidh a fhios ag na páistí inniu cad is diosca flapach ann. Ar an drochuair, tá focail cosúil le "cogadh", "bochtaineacht" agus "ocras" fós ann. Ba mhaith liom go bhféadfaimis iad sin a fhágáil go daingean san am a chuaigh thart leis an diosca flapach. Faraor, is buanseasmhach iad. Is é an rud is féidir linn a dhéanamh ná gealltanas a thabhairt don chéad ghlúin eile go ndéanfaimid gach rud is féidir linn chun go n-éireoidh na focail seo agus na bunfhírinní ar a gcuireann siad síos as feidhm sula dtiocfaidh an ghlúin sin i gceannas. Ní mór dúinn a mheabhrú i gcónaí go bhfuil an domhan á fháil againn ar iasacht ónár bpáistí.

Tá an t-ádh orainn go bhfoghlaimeoidh leanaí na hÉireann inniu níos mó agus níos mó faoi thraenacha, rothair leictreacha, tuirbíní gaoithe, painéil ghréine, bithéagsúlacht agus inbhuanaitheacht. Ní focail nua iad sin agus is cinnte nach smaointe nua iad. Is é an rud atá nua ná an tábhacht a thugaimid dóibh, mar is ceart a dhéanamh, faoin teideal “gníomh ar son na haeráide”. Saineoidh na focail agus na smaointe sin saol na nglún amach anseo in Éirinn agus is é seo an áit ar a bhfuil an chuid is mó de mo chuid oibre dírithe.

Is é ceann de na príomhthascanna atá leagtha amach agam dom féin ná úsáid iompair phoiblí ar nós busanna agus traenacha a dhéanamh níos tarraingtí agus níos fusa do dhaoine. Anuraidh, thugamar isteach táillí laghdaithe do dhaoine fásta óga agus ba cheart go rachadh sé sin go mór chun nósanna a fhorbairt. Is féidir le hiompar poiblí a roghnú cabhrú linn ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an brú tráchta a laghdú. Má roghnaíonn níos mó daoine iompar poiblí, beidh bailte agus cathracha ina n-áiteanna níos fearr chun cónaí iontu. Beidh caighdeán an aeir níos fearr agus beidh sráideanna níos sábháilte chun go bhféadfaidh teaghlaigh agus leanaí siúl, rothaíocht agus súgradh orthu.

Tá Luimneach uathúil ó thaobh an bonneagar iarnróid atá aici. Tá cuid de na línte a ndeachaigh as úsáid á gcur ar ais de réir mar a labhraímid. Tá súil againn go mbeidh lasta iarnróid ag feidhmiú ar an iarnród idir Luimneach agus Faing faoi 2025. Ní mór dúinn breathnú freisin ar an líne sin a fhorbairt le haghaidh seirbhís paisinéara a nascfadh bailte agus sráidbhailte ar an líne Fhainge le háiteanna fostaíochta i gcathair Luimnigh agus níos faide i gcéin a chur ar fáil.

Tá Luimneach agus réigiún an mheániarthair suite go han-mhaith freisin don réabhlóid fhuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Ó toghadh mé trí bliana ó shin, táim ag rá sa Teach seo gur féidir le hÉirinn fuinneamh glan a sholáthar ní hamháin dá riachtanais féin ach do riachtanais na hEorpa freisin. Táimid ag dul sa treo ceart le tamall anuas agus tá dul chun cinn suntasach déanta againn. Gan dabht, tá níos mó dul chun cinn déanta againn ar ár mbealach chuig neodracht carbóin san earnáil fuinnimh ná mar a rinne aon Rialtas roimhe seo ach is dóigh liom gur ceart dúinn níos mó uaillmhéine agus níos mó muiníne a léiriú.

I gceann cúpla bliain, beidh imscaradh amach ón gcósta againn. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil dóthain acmhainní ag ár n-údaráis phleanála, go bhfuil na scileanna cearta ag ár bhfórsa saothair agus go bhfuil an bonneagar tacaíochta i bhfeidhm in am. Teastaíonn infreastruchtúr calafoirt uainn chun an earnáil fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt. Níl ach calafort amháin in Éirinn ina bhfuil an cumas faoi láthair infreastruchtúr a imscaradh amach ón gcósta. Ní mór dúinn calafoirt na hÉireann a fhorbairt chun tacú leis an uaillmhian atá againn i leith infreastruchtúr amach ón gcósta nó caillfimid amach do chalafoirt in áiteanna eile de réir mar a rachaidh an fhorbairt ar aghaidh agus í á éascú ag calafoirt na Fraince, na hAlban agus eile.

Ní hé earnáil an fhuinnimh ghaoithe an t-aon earnáil ina bhfeicfear athruithe suntasacha sa chúpla bliain amach romhainn. Sa Mheán Fómhair seo caite, d'fhógair an tAire, an Teachta Ryan, go bhfaighidh gach scoil sa tír maoiniú chun painéil ghréine a shuiteáil ar an díon.

Athróidh sé seo do scoileanna atá ag tabhairt a gcuid aghaidh ar an ngéarchéim fuinnimh reatha agus atá ag iarraidh buiséid theann a bhainistiú. Déanann sé ciall iomlán gur chóir painéil ghréine a chur isteach i ngach scoil in Éirinn. Beidh siad chun tosaigh i réabhlóid na hÉireann ar an díon. Ní mór dúinn gníomhú anois chun todhchaí ár bpáistí a chosaint agus a chinntiú go gcuirtear oideachas ar ár nglúin óg faoi acmhainní fuinnimh atá neodrach ó thaobh na haeráide de.

Teastaíonn athrú mór ó ghníomh na haeráide sa chaoi ina mairimid ár saol. I gcás go leor, is éard a bheidh i gceist leis ná athruithe san obair, san oideachas, sa tslí a théimid thart, ar a n-ithimid agus ar an gcaoi a dtaistealaímid. Breathnaítear i gcónaí ar athrú a bheith deacair. Nuair nach ndéantar é a bhainistiú nó a phleanáil, is féidir leis a bheith tubaisteach do shlite beatha agus do phobail daoine. Má dhéantar bainistiú maith air, ciallóidh sé poist níos fearr, pobail níos athléimní, timpeallacht níos glaine agus éiceachóras níos sláintiúla.

Tá focal sa Ghearmáinis atá níos lú ná deich mbliana d'aois: dunkelflaute. Téarma a úsáidtear san earnáil fuinnimh is ea dunkelflautechun cur síos a dhéanamh ar thréimhse ama inar féidir beagán fuinnimh nó fuinneamh ar bith a ghiniúint le húsáid na gaoithe agus cumhacht na gréine. D'fhéadfainn a bheith mícheart ach ní chreidim go bhfuil focal Gaeilge againn faoi sin; ar a laghad níl go fóill. Agus muid ag forbairt ár n-earnáil fuinnimh in-athnuaite glan, mar atá sa Ghearmáinis, tiocfaidh focail nua chun cinn i nGaeilge freisin. Léireoidh sé sin an t-athrú dearfach agus an deis is féidir le gníomhaíocht aeráide a sheachadadh nuair a dhéantar é go tuisceanach agus go híogair.

2:25 pm

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim an-bhuíoch labhairt mar gheall ar ár dteanga. Mar a deirtear, tír gan teanga, tír gan anam. Nuair a bhí mé ag fás aníos i bhFionnghlas, ní raibh aon Ghaelscoil ann. Sa scoil, bhí mé ábalta Gaeilge a scríobh agus a léamh ach ní raibh béim ar an nGaeilge a labhairt, rud a bhí scannalach. Anois tá níos mó béime ar an teanga labhartha agus is í sin an tslí is fearr. Ní raibh aon Ghaelscoil nó naíonra i mo cheantar go dtí 2005, nuair a bunaíodh Naíonra Uí Earcáin i Halla WFTRA i bhFionnghlas. Blianta i ndiaidh sin, thosaigh Gaelscoil Uí Earcáin ar bhóthar Ghlas Naíon sa seanscoil De la Salle, a raibh folamh ag an am. Tá beagnach 300 dalta sa scoil sin agus tá liosta feithimh fada chun dul ann. Is gá an scoil a nuachóiriú agus seomraí breise a thógáil. Tá an t-éileamh sin leis an Roinn Oideachais agus tá sé práinneach.

I mBaile Munna tá dhá Ghaelscoil ann, Scoil an tSeachtar Laoch agus Gaelscoil Bhaile Munna. Chomh maith leis sin, tá naíonra cúram leanaí Glór na nGael ann. Bunaíodh Scoil an tSeachtar Laoch i 1973 agus bunaíodh Gaelscoil Bhaile Munna i 1994. Tá an dhá scoil sin ag dul ó neart go neart agus tá na mílte dalta ag dul tríothu i rith na blianta. Idir na scoileanna i bhFionnghlas agus i mBaile Munna, ní raibh aon scoil dara leibhéal ann, in ainneoin an méid dalta sa cheantar. Ní raibh deis ag na daltaí sin a n-oideachas a leanúint trí Ghaeilge agus bhí orthu leanúint ar aghaidh trí Bhéarla. Tá níos mó scoileanna de dhíth timpeall Bhaile Átha Cliath Thiar-Thuaidh, go háirithe scoileanna dara leibhéal.

Tá Cumann Báire Setanta, in aice le Scoil an tSeachtar Laoch ar bhóthar Baile Munna agus bíonn sé ag reáchtáil ranganna damhsa, ceoil agus comhrá Gaeilge an t-am uilig. Tá níos mó Gaeilge á labhairt i mBaile Munna i dtaca leis an daonra ná aon áit eile i mBaile Átha Cliath. Tá spás ann le haghaidh aonad Gaeltachta ar bhóthar Baile Munna agus tá seanscoil cuimsitheach folamh á úsáid le haghaidh oideachas dara leibhéal a chur ar fáil idir Scoil an tSeachtar Laoch agus Cumann Báire Setanta.

Nílimid uaillmhian go leor nuair a fheictear an méid scoileanna Béarla atá á dtógail i comparáid le scoileanna Gaeilge. Ar a aonar, ní leor Seachtain na Gaeilge. Is fiú é ach caithimid a bheith níos samhlaíoch agus dul i dteagmháil le gnáthdhaoine chun a gcuid Ghaeilge a úsáid. Mar a deirtear, is fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste. Caithimid a bheith foighneach le daoine atá ag foghlaim Gaeilge agus atá ag déanamh iarracht Gaeilge a labhairt gan a bheith ardnósach nuair a chloistear focail Bhéarla le linn an comhrá. Le foghlaimeoirí, is fearr Gaeilge simplí a úsáid in ionad Gaeilge chliste.

Tá níos mó dreasachtaí chun cuairt a thabhairt ar cheantair Ghaeltachta de dhíth. Caithimid daoine a choimeád sa Ghaeltacht agus tithíocht a thógáil le haghaidh na daoine ann. Tá líon na gcainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht ag titim. Caithimid stad a chur leis an treocht seo. Tá plean de dhíth chun stad a chur leis an meath seo; is géarchéim é anois. Tá sé thar ama dul i dteagmháil leis an ngéarchéim seo.

Photo of Bríd SmithBríd Smith (Dublin South Central, People Before Profit Alliance)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag roinnt mo chuid ama leis an Teachta Barry.

Molaim gach Teachta a bhfuil ag déanamh iarracht leis an teanga. Tá sé deacair agus bítear an-neirbhíseach. Níl mé líofa ach déanfaidh mé mo dhícheall agus ba chóir dom níos mó Gaeilge a úsáid mar if you do not use it you lose it. Fair play do na Teachtaí atá ag déanamh iarracht an Ghaeilge a labhairt anseo den chéad uair.

Ba mhaith liom rud éigin a rá le daoine i mo cheantar, i mBaile Formaid, a mbeidh ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge le comórtas idir na páistí agus le ceol agus craic sna caifí agus sna tithe tábhairne. There is a big interest in the Irish language in Ballyfermot, as there is in Ballymun, as Deputy Ellis said. An awful lot of people grow up realising that they wish they could speak Irish again; even some journalists say to me that they wish they had the language. We should do everything, policy-wise, to reach out to that cohort.

Ba mhaith liom moladh a thabhairt do déantóirí an scannáin "An Cailín Ciúin". Is iontach an rud é go bhfuil an scannán sin ag dul go dtí na Oscars. Is scannán iontach é agus ba mhaith liom moladh a thabhairt don fhoireann agus guím gach rath orthu.

Tá a fhios agam go bhfuil an polasaí sa chóras oideachas ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal sa chlár Rialtas. Taobh amuigh den obair atá déanta sna scoileanna lán-Ghaeilge, níl tús curtha leis na polasaithe seo fós. On the Gaelscoileanna, it is an awful shame that there are whole tracts of working class areas of Dublin that do not have one. I am aware that Senator Black is campaigning for one in Dublin 8 but there is a wider campaign for Gaelscoileanna in Dublin 8, Dublin 10 and Dublin 12. Our councillor, Hazel de Nortúin, has been campaigning with local people and with Sinn Féin in the area, for a Gaelscoil in Ballyfermot, which is needed. Tá daonra ard sna háiteanna seo; they are highly populated.

Ba mhaith liom cúpla rud a rá maidir leis na polasaithe féin. Tuairiscítear in The Irish Timesgo mbainfear 30 nóiméad sa tseachtain ó mhaoiniú don Gaeilge sa churaclam ón mbunscoil go dtí rang 3, agus gan taighde ar bith déanta ar an damáiste a dhéanfaidh sé seo do chaighdeán an teanga sna bunscoileanna.

Chomh maith leis sin, tá ardú ag teacht ar mhéid na ndaltaí le díolúine ag an dara leibhéal. In ionad daoine a fhágáil amach as an gcóras, ba cheart don chóras athrú le freastal ar dhaltaí a bhfuil riachtanais faoi leith acu. Tá sé thar am polasaí ceart a chur le chéile in éineacht le saineolaithe a bhfuil tuiscint agus taithí acu ar an nGaeilge sa chóras oideachais.

Ba mhaith liom cúpla rud a rá faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Bhí plé againn níos luaithe faoi dhíshealbhú agus faoin ngéarchéim thithíochta. Caithfear a rá go bhfuil an ghéarchéim thithíochta agus géarchéim na teanga fite fuaite lena chéile. Cén fáth? Tá sé thar a bheith deacair do phobal na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantair féin. Ba cheart go mbeadh riachtanas áitiúil i gceist dóibh siúd go bhfuil Gaeilge acu agus do dhaoine ón gceantar féin. Ba cheart iarracht mhór a dhéanamh an Ghaeilge a spreagadh do dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu sna Gaeltachtaí agus go háirithe sna Breac-Ghaeltachtaí. Ba cheart maoiniú breise a chur ar fáil chun go mbeadh daoine in ann freastal ar chúrsaí Gaeilge saor in aisce. Ba mhaith linn é sin a fheiceáil ar fud na tíre ach tá géarghá leis sa Ghaeltacht.

Is cuma céard eile a dhéantar; má chailltear an Ghaeilge sa Ghaeltacht, is cailliúint do chách sa tír seo a bheadh ann agus do gach duine atá ag gníomhú ar son na Gaeilge.

2:35 pm

Photo of Mick BarryMick Barry (Cork North Central, Solidarity)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To be able to use Irish is a gift coveted by many and possessed by few. Rather than apologise for my own lack of Irish, I would express a degree of regret. It is a feeling shared by many but something for which they should not apologise. The century-old State and the one that preceded it bear the greater responsibility in this regard. The State has failed on two accounts. It has failed to meet the aspirations of those who wish to have more Irish and has failed in its obligations to the rights of the minority 80,000 or so people for whom Irish is not just a school subject but the language of community and family. From Muintir na Gaeltachta in the 1930s to the Gaeltacht Civil Rights Movement in the 1960s to the campaign for a TV station, every linguistic right has had to be fought for against an intransigent State. Irish speakers will hold a demonstration called "Gaeilge for All" outside this House on 29 March in protest against this Government's approach to Irish in the education system and recent reforms which have no educational or scientific basis. We would go further and say that to achieve Gaeilge for all, we must address teachers' pay and housing and have proper provision for special needs instead of using the Irish exemption as a sop. Gaeltacht summer course fees should be covered for all who wish to go.

Over a decade ago, Fine Gael and the Labour Party cynically took away the democratic franchise for Údarás na Gaeltachta. Can the Government indicate when elections will be held, as promised in the programme for Government? The housing crisis is now the main existential threat to the Gaeltacht as a native indigenous language community and to the summer colleges, which are a cornerstone of the Gaeltacht economy. This Government has the power to extend the remit of Údarás na Gaeltachta to build public housing on public land. Will it do this?

Photo of Jim O'CallaghanJim O'Callaghan (Dublin Bay South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann sé an-áthas orm a bheith páirteach sa díospóireacht seo le linn Sheachtain na Gaeilge. Tugaim moladh don Dáil as ucht na díospóireachta seo a bheith ann agus deis a thabhairt dúinn ráiteas a dhéanamh faoi thábhacht na teanga agus staid na teanga inniu. Gabhaim mo bhuíochas leis an Dáil agus na daoine sa Dáil agus gabhaim mo chomhghairdeas leis na Teachtaí atá anseo inniu ag labhairt Gaeilge sa díospóireacht.

Ba mhaith liom mo chuid ama a chaitheamh ag caint faoi cheist an-tábhachtach i mo Dháilcheantar féin, ceist atá an-tábhachtach don tír freisin. Mar is eol do chuid de na daoine sa Dáil inniu, tá a lán Gaelscoileanna i mo Dháilcheantar féin, Cuan Bhaile Átha Cliath Theas. I mo bhaile féin, Raghnallach, tá dhá Ghaelscoil, Scoil Bhríde agus Gaelscoil Lios na nÓg. Chuala mé daoine ag caint faoi “An Cailín Ciúin”. Tháinig an cailín ciúin í féin as Scoil Bhríde i Raghnallach agus, mar is eol dúinn, tá an scannán sin ag dul go dtí na Stáit Aontaithe anois. Tá a lán Gaelscoileanna eile i mo Dháilcheantar. Cúpla bliain ó shin, d’oscail Gaelscoil eile darbh ainm Gaelscoil Eoin ar Bhóthar Haddington agus tá Scoil Mológa in Kimmage i mo Dháilcheantar freisin. In aice mo Dháilcheantar tá cúpla Gaelscoil eile, Gaelscoil Inse Chór agus Gaelscoil Laighean. Tá Gaelscoil nua ann freisin darbh ainm Bunscoil Synge agus is scoil spreagúil í. Tá páistí ó gach páirt den domhan ag dul chuig Bunscoil Synge ar Shráid Synge in aice linn. Tá inspioráid ann nuair a bhíonn tú ag dul síos Sráid Synge agus ag éisteacht leis na páistí ag caint as Gaeilge, ag súgradh as Gaeilge agus ag canadh as Gaeilge agus iad ó áiteanna ar fud an domhain. Tá sé an-speisialta ar fad.

Tá ceist ann, áfach, mar nach bhfuil aon Ghaelcholáiste ann agus mar sin ní féidir leis na daltaí sin dul go scoil lán-Ghaeilge tar éis na bunscoile. Tá a lán tuismitheoirí, múinteoirí agus polaiteoirí ag teacht le chéile agus ag iarraidh Gaelcholáiste nua a bhunú i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 nó 8. Cúpla seachtain ó shin, tháinig a lán díobh isteach ag Teach Laighean agus bhí cruinniú againn leis an Aire Oideachais. Bhí na tuismitheoirí agus na múinteoirí ann. Tá an feachtas ag fás agus tá súil agam go mbeidh Gaelcholáiste á bhunú i lár Bhaile Átha Cliath go luath. Ag féachaint ar na staitisticí, cé go bhfuil 44 iar-bhunscoil lán-Bhéarla sa scoilcheantar, ina bhfuil sé Ghaelscoil, níl aon Ghaelcholáiste ann. Fágann sin go mbíonn ar chuid mhaith daltaí a fhaigheann a mbunoideachas trí Ghaeilge freastal ar iar-bhunscoil lán-Bhéarla ina dhiaidh sin.

Cúpla bliain ó shin, tháinig tuairisc amach ón Roinn Oideachais ina raibh a lán eolas an-tábhachtach. Dá réir, ní dheachaigh ach 35% de na daltaí a bhí i rang a sé i nGaelscoileanna an Stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go hiar-bhunscoil lán-Ghaeilge. I 21 contae as 26, téann níos lú ná leath de dhaltaí Gaelscoile ar aghaidh go hiar-bhunscoil lán-Ghaeilge, de réir figiúirí nua. Tá ag éirí go maith leis an bhfeachtas. Tá sé ag fás. Tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt tacaíocht don fheachtas freisin. Tá mé féin agus a lán polaiteoirí eile ó gach páirtí ag tabhairt tacaíocht don fheachtas agus tá súil agam go mbeidh Gaelcholáiste nua i lár na cathrach an bhliain seo chugainn.

It is a great honour to speak in this debate. I have focused in my few words on the fact that there is huge interest in the Irish language in the constituency I represent, namely, Dublin Bay South. It may surprise colleagues from rural constituencies that in that small urban Dublin constituency there are at least six Gaelscoileanna, either in it or immediately adjacent to it. They are hugely popular with parents and students. In fact, many parents who were nervous about sending their children to a Gaelscoil because they do not have Irish themselves realise that children pick up the language with remarkable ease once they are enrolled in a bunscoil. Many of them fall passionately in love with the language. As I mentioned, there are great artists coming from those schools.

We are all referring to the example of "An Cailín Ciúin" who, as I said, came from Scoil Bhríde in Raghnallach. We need to look to see can we try to develop a Gaelcholáiste, a secondary school as Gaeilge. I am not even worried about the constituency, but it needs to be in that inner part of Dublin where there is huge demand for a secondary school. Unfortunately what happens is that at the end of their children's time in the bunscoil, there are very few options available for parents to avail of a secondary Gaelscoil in the constituency. That is an issue we need to focus on. I am conscious when listening to Deputy Smyth talking about the demand for more Gaelcholáistí, that obviously we should have more of them throughout the country. What is really improving the Irish language and what has given it great life, is younger people learning the language from a young age who have not been brought up with the hang-ups about it that many people of our age have about it because of the way it was taught in the past. It is inspirational to see what is happening in respect of Irish throughout the country but if we are committed to the language, we need to recognise, as is the case with many other issues in Ireland, that the route to success with Irish is through education. The bunscoileanna have been remarkably successful. I mentioned as well about Bunscoil Synge Street. It is a remarkable achievement. Sometimes allegations of elitism are made against bunscoileanna. I think it is extremely unfair. Parents are entitled to want to have their children brought up through the Irish language. If you go to schools like Bunscoil Synge Street, you will meet children from all over the world. There are migrants who have come to Ireland and are going to that school who speak the Irish language as well as any person in this Chamber can speak it. It is an inspiration to see. We need to recognise, cherish and protect the language but we also need to promote it through the education system. There is something happening in the Irish language in this country. It is becoming recognised not just that it is an essential part of our heritage, but the beauty of it is becoming apparent to people as well. I ask that we all, as politicians, try to support it as best we can.

2:45 pm

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Teachta Ó Murchú agus an Teachta Ward ag roinnt ama.

Photo of Mark WardMark Ward (Dublin Mid West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I will go first because Deputy Ó Murchú does not trust himself with the time.

Tá mé ríméadach an deis seo a fháil chun labhairt le linn Seachtain na Gaeilge. Níl mé líofa agus ní raibh mo chlann líofa sa Ghaeilge nuair a tógadh mé. Nuair a bhí mé sa bhunscoil agus sa mheánscoil, bhí an Ghaeilge ina rud a bhí le fulaingt gan taitneamh le baint asti. Is ar éigin a d’éirigh liom i scrúdú na hardteiste. Nuair a d’éirigh mé níos sine, d’fhoghlaim mé an luach, an áilleacht agus an dúchas a bhain leis an teanga. Níl mé ag caoineadh faoi na deiseanna caillte sna laethanta scoile mar ní raibh na deiseanna ann. I gcaitheamh na mblianta, rinne mé cúpla cúrsa gairid agus phioc mé suas an cúpla focal. Ceann de na cinntí is fearr a rinne mé ná mo pháistí a sheoladh chuig Gaelscoil. Ní raibh an dara rogha agam ach an cúpla focal a phiocadh suas mar theastaigh uaim a fháil amach cad a bhí á rá ag mo pháistí. Dá bharr, tá mé ábalta comhrá as Gaeilge a thuiscint ach níl mé muiníneach go leor chun páirt a ghlacadh ann. Úsáidim focail Ghaeilge i gcomhráití sa ghnáthshaol mar an teanga is compordaí domsa. Tugaim comhairle do gach éinne cúpla focal as Gaeilge a úsáid go laethúil. Tá doiciméid curtha le chéile ag Sinn Féin ar úsáid na teanga a normalú agus a spreagadh i mbéal an phobail. Tá sé agam anseo inniu agus beart á dhéanamh.

It is no surprise that I am not fluent Gaeilgeoir but I do my best.

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tú go maith.

Photo of Mark WardMark Ward (Dublin Mid West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I was given the opportunity to send my children to Gaelscoileanna in Clondalkin and it is probably one of the best decisions I ever made. To hear them speaking Irish is absolutely fantastic. Go raibh maith agaibh.

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé a bheith i bhfad níos cúramaí as seo amach. Tá mé ag iarraidh smacht a fháil ar ais ó Facebook-----

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Hear, hear.

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----agus Instagram ach tá cuid mhór fadhbanna maidir leis sin. Sin an fhadhb atá agam faoi láthair.

Táimid ag caint ar an nGaeilge agus an fhadhb atá againn ná nach bhfuil go leor daoine ag labhairt Gaeilge istigh nó lasmuigh den scoil. Tá cuid mhór fadhbanna ann. Tá cuid mhór oibre déanta fosta ach níl go leor déanta. Níl an plean atá de dhíth déanta. Níl dóthain naíonraí, bunscoileanna, Gaelcholáistí, agus níl dóthain oibre déanta ó thaobh na hollscoileanna. Caithfimid na píosaí sin a chur sa phlean.

Tá mé sásta go bhfuil cuid mhór oibre déanta maidir le meánscoil lán-Ghaeilge a chur ar fáil i nDún Dealgan. Tá mé ag caint ar Ghaelcholáiste Dhún Dealgán. Tá an fhoirgneamh ann agus tá cuid mhór oibre déanta air ach is scoil satailíte é de chuid Coláiste Ghlór na Mara. Tús maith atá ann. Is dócha gur modh é seo chun an obair seo a dhéanamh atá i bhfad níos fearr ná an córas sruthanna agus a bheith ag iarraidh sruth Gaeilge a thosú i scoil Béarla. Ní oibríonn sé sin an t-am ar fad. Is í sin an fhadhb atá againn. Caithfimid cuid mhór oibre a dhéanamh chun na fadhbanna seo a réiteach. Níl sé maith go leor. Dá mba rud é go raibh mé ag caint i mBéarla, luafainn nach bhfuil an throughput againn. Níl an workforce planning déanta againn faoin am seo agus caithfimid cuid mhór de na píosaí sin a dhéanamh.

Go raibh maith agaibh as ucht an seans Gaeilge a labhairt. Is dócha go mbeidh mé i bhfad níos cúramaí sa todhchaí agus nach mbeidh na fadhbanna céanna agam maidir le Facebook. Más rud é go bhfuil siad ag éisteacht, bheinn breá sásta dá mbeadh siad in ann m’fhadhb a réiteach.

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh an Teachta an scéal a insint dúinn níos déanaí. Anois, ón Ghrúpa Réigiúnach, an Teachta Peadar Tóibín.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cúpla bliain ó shin, bhí fear ó na Stáit Aontaithe ar an raidió ar chlár Marian Finucane. Fear a bhí ann a bhí ina chónaí i Nua-Eabhrac nach raibh in Éirinn riamh. B’as na hOileáin Fhilipíneacha dá mháthair ach b’as Rann na Feirste i dTír Chonaill dá athair. Sula ndéarna sé an t-agallamh, ní raibh sé riamh in Éirinn. Fuair a athair bás agus bhí sé ag iarraidh cuimhne a athair a choimeád beo. Ar son a athair, shocraigh sé an Ghaeilge a fhoghlaim. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge agus bhí sé dochreidte. Bhí sé in ann í a labhairt go líofa sular tháinig sé go dtí an tír seo. Bhain sé amach líofacht gan labhairt le duine ar bith eile i nGaeilge riamh. An dara rud a bhí as an ghnách ná gur bhain sé amach líofacht taobh istigh de sé mhí. An cheist a chur Marion Finucane ar an bhfear seo ón na Stáit Aontaithe ná conas ar bhain sé líofacht amach i sé mhí, gan labhairt le duine ar bith eile sa domhan i nGaeilge. Sa tír seo, tugaimid suas go 13 bliain oiliúint do pháistí agus ní bhíonn an chuid is mó acu líofa nuair a fhágann siad an scoil. An focal a d’úsáid an fear seo ná motivation: spreagadh. Dúirt sé nuair a bhíonn spreagadh ag duine gur féidir leo beagnach aon rud a dhéanamh. Is féidir le duine an Ghaeilge a fhoghlaim mar theanga. An fhadhb atá agam leis an tír seo ná nach dtugann an Rialtas spreagadh do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim. I ndáiríre, tá an Ghaeilge mar saghas hobby ag lucht an Rialtais. Tá siad sásta teacht go dtí an Teach agus díospóireacht a bheith acu mar gheall ar an nGaeilge. Tá siad sásta airgead a chaitheamh anseo agus ansiúd uaireanta chun cabhrú le grúpa ach níl siad uaillmhianach maidir le níos mó daoine a chur ag caint Gaeilge sa tír.

Tabharfaidh mé cúpla sampla den easpa uaillmhéine atá ag an Rialtas. Tá 25% de pháistí na tíre seo - agus a gcuid tuismitheoirí - ag iarraidh freastal ar Ghaelscoil ach níl ach 8% do na páistí ag freastal ar Ghaelscoil. Tá taithí againn ó na meáin chumarsáide de bheith ag féachaint ar dhaoine ag rá go bhfuil "Irish being forced down people's throats". Ach, i ndáiríre, tá an Béarla éigeantach.

Níl daoine ag iarraidh a bpáistí a sheoladh chuig scoileanna lán-Bhéarla ach níl an dara rogha acu mar níl an Rialtas sásta scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil dóibh. Cuirfimid é sin i gcodarsnacht leis an mBreatain Bheag. Tá cuspóir de 40% de pháistí a bheith ag freastal ar scoileanna lán-Bhreatnais sa tír sin ach níl aon chuspóir againn ar chor ar bith mar sin anseo agus tá sé sin dochreidte. Tá na páistí agus na tuismitheoirí ag impí ar an Rialtas scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil agus tá an Rialtas ag cur bac ar an deis sin. Ba cheart go mbeadh náire ar an Rialtas faoi sin.

Is é an dara rud ar mhaith liom a lua ná go raibh an Rialtas ag caint ó 2016 - b'fhéidir go bhfuil sé seo i gcuimhne an Chinn Comhairle - faoi sprioc 250,000 duine sa tír seo a bheith ag labhairt i nGaeilge go laethúil, agus go mbeimid ag baint na sprice sin amach in 2030. Sa daonáireamh is déanaí, in 2016, fuaireamar amach go raibh 73,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Is titim a bhí i gceist ón daonáireamh roimhe sin in 2011. Taispeánann sé sin go bhfuil muid ag dul sa treo mícheart mar gheall ar an sprioc 250,000 a bheith ag labhairt na Gaeilge a bhaint amach. Níl an Rialtas dáiríre faoi ar chor ar bith.

Caithfidh mé a rá freisin nuair a phiocann Fine Gael Aire Gaeltachta, de ghnáth, piocann siad Aire nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil nó nach bhfuil líofacht acu. Bíonn ar an Aire sin líofacht a bhaint amach agus é nó í in oifig. Bíonn ar an Aire eolas faoin nGaeltacht a fhoghlaim nuair atá sé nó sí sa phost sin. Níl sé sin maith go leor ar chor ar bith.

Mar gheall ar na gnáthscoileanna, smaoinigh ar an méid seo. Tá ísliú caighdeáin Gaeilge bliain i ndiaidh bliana ag na múinteoirí atá ag teacht amach as na scoileanna oiliúna. Ciallaíonn sé sin go bhfuil fáinne fí ann. Nuair atá ísliú ar an gcaighdeán Gaeilge atá acu, ní féidir leo oiliúint láidir Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile. Tagann an ghlúin sin isteach ansin sna hollscoileanna tríú leibhéal agus bíonn ísliú caighdeáin ann arís.

Ní féidir teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge sna scoileanna lán-Ghaeilge ach an oiread. Nuair a bhíonn múinteoir tinn i scoil lán-Ghaeilge, tá sé uafásach deacair teacht ar sub agus tá go leor múinteoirí istigh sna Gaelcholáistí ag múineadh ábhair go hiomlán i mBéarla mar níl an cumas acu é a dhéanamh i nGaeilge. Fiú amháin, sna Gaelcholáistí atá againne, ní féidir linn soláthar múinteoirí Gaeilge a thabhairt dóibh.

Mar aon leis sin, níl an deis ag go leor mac léinn céim tríú leibhéal a bhaint amach go hiomlán i nGaeilge mar níl na spásanna ann. Tá cúpla dosaen spásanna ann ar an tríú leibhéal dó seo.

Tá easpa uaillmhéine ag an Rialtas. Tá an chuid is mó de na páistí sa Ghaeltacht ag freastal ar réamhscolaíocht lán-Bhéarla, is é sin an móramh de na páistí atá istigh ansin. Arís, tá an Aire Stáit ag féachaint ar an nguthán gan a bheith ag éisteacht le haon duine sa Seomra seo. Tá sé sin ina phraiseach ceart agus is easpa measa agus béasa atá i gceist leis sin, insím don Aire Stáit.

Nuair a bhítear ag caint maidir le cúrsaí a bhaineann le tithíocht, ní féidir teach a fháil anois sa Ghaeltacht más Gaeilgeoir tú ach tá na tógálaithe ag iarraidh eastáit tithíochta a thógáil sna Gaeltachtaí. Níl an comhréir cuí, áfach, mar gheall ar an méid daoine le Gaeilge a bheadh ina gcónaí istigh sna heastáit tithíochta sin. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil aon bhac ar mhóramh Béarlóirí a bheith sna heastáit tithíochta sin. Má táthar chun daoine a iompar isteach go dtí an Ghaeltacht nach bhfuil aon Ghaeilge acu, diaidh ar ndiaidh, ní bheidh an Ghaeilge le labhairt istigh sa Ghaeltacht.

Ba cheart, i mo thuairim, go mbeadh an próiseas tithíochta i lámha Údarás na Gaeltachta, go mbeadh an comhlacht sin i gceannas air sin agus gan an t-údarás áitiúil a bheith i gceannas air, mar, de ghnáth, níl suim ag na húdaráis áitiúla nó taithí acu ar an ábhar seo. Tá go leor daoine ina gcónaí ar an taobh seo den tír agus tá siad ag dul isteach agus ag teacht amach go Baile Átha Cliath ó Dhroichead Átha, ón Uaimh, ó Nás na Rí agus ó na bailte cosúil leo siúd. Bheadh go leor dóibh siúd sásta a gcuid clann a thógáil i nGaeilge sa Ghaeltacht. Dá mbeadh an tAire Stáit ina dhúiseacht, b'fhéidir go mbeadh sé sásta tithíocht a thógáil in áiteanna cosúil le Ráth Chairn, áit a bheadh clann in ann a bheith ina gcónaí ann, ag cur leis an nGaeltacht sin, agus go mbeadh siad in ann dul isteach is amach go Baile Átha Cliath.

Tá easpa airgeadais ag TG4. Tá TG4 ag fáil leath an mhéid airgid is atá á fhail ag S4C sa Bhreatain Bheag.

Níl airgead Údarás na Gaeltachta ag fás ar an leibhéal céanna is atá ag an Industrial Development Authority, IDA, nó Enterprise Ireland.

Tá Raidió na Gaeltachta mar a bheadh an col ceathrar bocht sa chóras craoltóireachta.

Níl ceadúnas fós ag Raidió Rí Rá a bheith ag craoladh thart timpeall na tíre.

Cén fáth nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoin nGaeilge?

2:55 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus gabhaim mo bhuíochas freisin don Grúpa Neamhspleách Tuaithe a lig dom an t-am seo a úsáid. Is maith an rud go bhfuil deis againn a bheith páirteach sna ráitis seo. Bheinn i bhfad níos sásta dá mba rud é nach raibh gá leo. Is é seo an t-ochtú bliain agus mé i mbun ráitis agus, i ndáiríre, táim bréan de. Rachaidh mé ar ais agus beidh mé dearfach i gceann cúpla nóiméad ach cén uair a dtiocfaimid go dtí an pointe nach mbeidh gá le ráitis, go mbeidh an Ghaeilge ina rud nádúrtha agus normálta, agus go mbeidh sí ina cuid lárnach de ghnó na Dála? Is é sin an sprioc, a Aire Stáit. Níl muid ag an bpointe sin fós.

Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil don Cheann Comhairle freisin as an togra a chuir sé tús leis, is é sin leis an dá choiste. Bhí sé de phribhléid agam a bheith i mo Chathaoirleach ar choiste amháin maidir le gnó na Dála agus an chaoi is féidir linn céatadán na n-úsáideoirí Gaeilge sa Dáil agus taobh amuigh de a ardú. Mar is eol, in ainneoin na dea-thola, tá céatadán na n-úsáideoirí sin thar a bheith íseal. Tá an plean críochnaithe anois, a Chinn Comhairle, agus beidh sé os a chomhair i gceann tamaillín. Tá sé ina dhréacht faoi láthair agus tá moltaí praiticiúla ann chun líon na gcainteoirí agus na n-úsáideoirí sa Dáil agus taobh amuigh de san fhoireann uilig, i measc na maor agus na ndaoine a bhíonn ag obair in éindí linn sna hoifigí, a mhéadú trí thogra píolótach a chur ar siúl go práinneach. Is rud amháin é sin.

Fáiltím roimh ráiteas tosaigh an Aire Stáit agus tá neart istigh ann atá dearfach amach is amach. Is dea-scéal é sin maidir le Coláiste Lurgan go mbeidh foirgneamh nua ann, go mbeidh sé sin i lár na Gaeltachta do na daoine óga, agus mar áis don cheantar. Is é an rud is tábhachtaí domsa, go háirithe, ná go mbeidh sé i seilbh an Stáit. Tá sé sin go hiontach.

Is dea-scéal freisin go raibh fógra ag an Aire Stáit i lár na seachtaine seo ó thaobh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna. Tá sé sin dearfach amach is amach freisin. Bhí mise i gCarna Dé hAoine seo caite agus tá obair na gcapall á déanamh ag an gcoiste ar an talamh. Is iad na fadhbanna is mó atá ann, ámh, agus atá luaite ag gach Teachta Dála ná an easpa tithíochta. Tá €1 milliún nó mar sin i gceist d’Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta agus ní dóigh liom go bhfuil sé ceart rudaí a bheith á gcur i gcomórtas a chéile ach tá gá le scéim tithíochta agus tithe ionas go mbeidh daoine in ann maireachtáil agus saol a bheith acu sa Ghaeltacht.

Tá an fhadhb seo ar fud na nGaeltachtaí. Tá mé i mo bhall de choiste Gaeilge na Dála ó 2016 agus thaistil muid timpeall na tíre, agus arís faoi stiúir an Chathaoirligh, an Teachta Ó Snodaigh. Bhí na téarmaí ceannann céanna ag teacht suas arís is arís eile. Is iad siúd easpa tithíochta, deacrachtaí le pleanáil, easpa seirbhísí i nGaeilge agus easpa tacaíochta praiticiúla do na daoine ar an talamh, mar shampla, do thuismitheoirí na Gaeltachta, chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ag dul ó ghlúin go glúin ann.

Díreoidh mé anois ar na rudaí ba mhaith liom a fheiceáil. I dtús báire, ba chóir dúinn a bheith dearfach go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 againn faoi dheireadh. Ní mór dúinn é a chur i bhfeidhm agus monatóireacht ghéar a dhéanamh air. Díríonn an tAcht ar chúrsaí earcaíochta, ar chúrsaí seirbhíse agus ar ábhar eile a bhfuil dearmad déanta agam air faoi láthair - tiocfaidh mé ar ais chuige sin. Is maith an rud é go bhfuil éileamh mór ar choláistí Gaeilge agus nach bhfuil an córas in ann coinneáil suas leis an éileamh sin. Is rudaí dearfacha iad seo. Ach, cá bhfuilimid ó thaobh polasaithe oideachais don Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht? Tá neart ceisteanna agus freagraí ann ach fós níl polasaí againn. Sa mholadh sin, cloisimid rudaí maidir leis an nGaeilge a bheith ina míbhuntáiste, mar a dúirt an Teachta Ó Ríordáin, seachas a bheith ag díriú ar na rudaí dearfacha. Tá polasaí cuimsitheach ag taisteal go géar uainn do na scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht. Baineann sé sin le formhór na ndaltaí sa tír seo.

Maidir leis an bpolasaí oideachais don Ghaeltacht - an rud ab fhearr a léigh mé riamh - is rud tharr a bheith dearfach é. Bhí an córas sin ann ó 2017 go 2022 agus mar gheall ar Covid, bhí síneadh ama i gceist. Ach, cén sórt athbhreithniú atá ar siúl ó thaobh ciall cheannaithe a bheith againn? Cad atá foghlamtha againn agus an mbeidh córas nua agus polasaí nua i gceist? Níl aon fhreagra ar na ceisteanna sin. Chomh maith leis sin, ó thaobh tuismitheoirí na Gaeltachta de, tá moltaí thar a bheith praiticiúla curtha os comhair an Rialtais chun an Ghaeilge a fheabhsú agus chun a chinntiú go gcuirtear ar aghaidh í ó ghlúin go glúin, go háirithe an córas feighlí linbh. Níl aon rud déanta faoi sin fós.

Níor chuala mé drochfhocal i dtaobh na Gaeilge de, taobh amuigh den Teachta Ó Ríordáin. Ar bhealach amháin tá muid marbh ó thaobh na dea-thola don Ghaeilge agus gan aon dul chun cinn déanta. Táimid ag an bpointe go bhfuil orainn dul i ngleic leis an dúshlán agus na deiseanna a thapú, an Ghaeilge a tharraingt isteach ón imeall agus í a chur i lár an aonaigh. Cén fáth? Uimhir a haon, mar gurb í teanga oifigiúil na tíre seo í; uimhir a dó, is cuid lárnach dár bhféiniúlacht í; agus, uimhir a trí, is bronntanas amach is amach é dúinn a bheith dátheangach nó teanga bhreise a bheith againn.

Táim thar am. Críochnóidh mé leis seo. Mar Leas-Cheann Comhairle, rinne mé comhghairdeas leis an Aire Stáit. Tá sé sin á rá agam anois mar Theachta Dála. Tá an-iarracht déanta aige leis an nGaeilge agus iarraim air leanúint ar aghaidh. Ní mór dúinn go léir a bheith mar eiseamláir don tír ar conas an Ghaeilge a úsáid, a bheith ag streachailt léi ag an tús agus, de réir a chéile, í a fheabhsú agus a húsáid a normalú.

3:05 pm

Photo of Thomas PringleThomas Pringle (Donegal, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá áthas orm cur leis an díospóireacht. Gabhaim buíochas le Conradh na Gaeilge as na pointí cainte a chur ar fáil dúinn inniu. Táim sásta ceist na pleanála i gceantair Ghaeltachta a ardú. Tá sé ag éirí níos deacra i gcónaí do mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin. Caithfear an fhadhb seo a réiteach mar ábhar práinneach go háirithe d’aos óg na Gaeltachta atá ag iarraidh cur fúthu sa bhaile. Chuige sin, tá polasaí náisiúnta tithíochta don Ghaeltacht, le tacaíocht ó deich gcomharchumann Gaeltachta agus naoi gcoiste pleanála teanga, le moltaí ar conas is féidir linn na fadhbanna pleanála tithíochta a réiteach.

Is mian liom cúpla moladh eile a chur leis. Ba cheart ionadaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta ar an gcomhchoiste a bhunófar idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go práinneach, oiread agus atá déanta againn le dhá bhliain anuas. Ba chóir polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht a chur ar bun, na rudaí seo a leanas san áireamh. Ba cheart glacadh leis go bhfuil riachtanas áitiúil ag an té atá in ann Gaeilge a labhairt aige nó aici chun cónaí ina cheantar féin. Ba cheart go mbeadh gá le measúnú neamhspleách teanga le cur isteach ar aon iarratas ar chead pleanála. Ba cheart go mbeadh coinníoll teanga ar aon fhorbairt tithíochta nó ar aon chineál forbartha eile sa Ghaeltacht.

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle as an deis labhairt ar an ábhar seo le linn Sheachtain na Gaeilge.

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt sna ráitis. Ritheann sé liom go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge in úsáid anois sa Dáil ná mar a bhí cheana féin. Feicimid beagnach gach lá go bhfuil an Ghaeilge á húsáid le linn Ceisteanna ó Cheannairí. Tá ardmholadh tuillte ag an Teachta McDonald mar go n-úsáideann sí an Ghaeilge i gcónaí agus as an traidisiún nua atá tosaithe aici sa Teach. Feicimid anois beagnach gach ceannaire páirtí ag úsáid na Gaeilge gach lá. Is dul chun cinn suntasach é. Cloisfimid anois ón Aire Stáit.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an méid atá ráite ag an gCeann Comhairle. Gabhaim mo bhuíochas leis na Teachtaí a chuir a gcuid tuairimí ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i láthair. Baineann roinnt de na tuairimí leis an Aire Oideachais agus roinnt eile leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta, ach seolfaidh mé na pointí sin chuig mo chomhghleacaithe. Cuirfidh mé féin agus mo Roinn na pointí éagsúla sin san áireamh sa phleanáil don tréimhse romhainn. Labhróidh mé ar feadh cúpla nóiméad ar ghnéithe tábhachtacha eile d'obair mo Roinne ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil ina cuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúnta amach anseo. Toisc go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil iomlán in institiúid an Aontais Eorpaigh anois ó dheireadh na bliana 2020, tá lán-chead ag saoránaigh na tíre seo úsáid a bhaint as an nGaeilge agus iad ag plé le hinstitiúid an Aontais Eorpaigh. Molaim go láidir dúinn ar fad, idir pholaiteoir, oifigigh agus shaoránaigh, an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as ár dteanga féin agus sinn ag obair i réimse na hEorpa, díreach mar a dhéanann na ballstáit eile.

Tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha le tamall chun cur leis na hacmhainní Ghaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san Aontas. Go deimhin, rinneadh éacht le tamall ó thaobh daoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu a earcú sna haonaid teanga sna hinstitiúidí Eorpacha. Tá os cionn 200 duine oilte ag obair sna hinstitiúidí anois, agus bíonn an Ghaeilge le cloisteáil go rialta ar shráideanna na Bruiséile agus Lucsamburg agus i gcathracha eile ar an mór-roinn toisc go bhfuil pobal bisiúil cainteoirí Gaeilge ag cur fúthu sna háiteanna sin anois.

D'fhoilsigh mo Roinn an Plean Digiteach don Ghaeilge ag deireadh na bliana seo caite. Leagtar amach sa phlean sin na réimsí is tábhachtaí ar gá díriú orthu as seo go ceann cúig bliana ionas go mbeidh an Ghaeilge ar comhchéim le mór-theangacha na hEorpa ó thaobh áiseanna agus acmhainní digiteacha de agus chun go mbeidh pobal na teanga sa Ghaeltacht, ar fud na tíre agus thar timpeall an domhain in ann tairbhe iomlán a bhaint as an saol digiteach ina dteanga féin. Beidh taighde agus forbairt shuntasach bhreise de dhíth i réimse na nua-theicneolaíochta feasta chun an teanga a thabhairt isteach go hiomlán i saol digiteach na linne seo. Tá rún daingean ag an Rialtas an cuspóir sin a thabhairt i gcrích.

Cheal ama, ní raibh ar mo chumas ach roinnt bheag de na gníomhaiochtaí éagsúla atá ar siúl ag mo Roinn agus ag an Rialtas trí chéile ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i láthair. Tá léargas iomlán ar an méid atá ar siúl le fáil i bplean gníomhaíochta cúig bliana mo Roinne agus molaim do gach duine an cháipéis sin a léamh.

Is féidir liom a rá go bhfuil a lán bainte amach ag an Rialtas seo ó thaobh neartú agus buanú na Gaeilge mar theanga phobail. Leanfaimid ag obair agus ag tacú leis an bpobal chun ár spriocanna i leith na teanga a bhaint amach. Spreagann an Gaeilge agus na traidisiúin a ghabhann léi comhoibiú agus spiorad na meithle i measc daoine i ngach gné dár saol. Tá rún daingean agam, ag an Aire, an Teachta Martin, agus ag an Rialtas trí chéile na geallúintí atá déanta againn i leith fhorbairt agus neartú na Gaeilge a chur i gcrích agus leanfaimid orainn á dhéanamh le linn na bliana atá amach romhainn. Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus le gach Teachta a ghlac páirt sa díospóireacht um thráthnóna.

3:15 pm

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Guímid go léir rath ar an Aire Stáit san obair atá idir lámha aige. Is obair thábhachtach í ó thaobh na Gaeilge de.