Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:35 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is deas go mbhfuilim ábalta cúpla focal a rá ar an ócáid seo, agus muid i lár Seachtain na Gaeilge, faoin tábhacht atá ag baint le húsáid na Gaeilge agus an Ghaeilge atá againn a úsáid agus a labhairt, fiú muna bhfuil againn ach cúpla focal. Níl go leor de sin ag tarlú taobh amuigh den fhoirgneamh seo ach taobh istigh fosta. B’fhéidir go dtig linn uilig i bhfad níos mó agus iarrachtaí níos fearr a dhéanamh sa todhchaí.

Mar dhuine ó cheantar Gaeltachta agus duine a rugadh taobh amuigh den oileán seo agus a tháinig go dtí ceantar Gaeltachta nuair a bhí mé iontach óg, cé go raibh mo chuid deartháireacha agus mo dheirfiúracha níos sine ná mé, chuaigh siad go scoil ina raibh níos mó Béarla ná Gaeilge á labhairt ag an am mar nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Sa bhaile, mar Scotties uilig a bhí ionainn, ní raibh an meas sin againn ar an nGaeilge sa chéad dul síos. Tá cuimhne agam mar pháiste óg nuair a chuaigh mé isteach sa bhunscoil, is Donnchadh Mac Fhionnlaoich – duine a mbeadh aithne ag an Aire Stáit air – a bhí mar ardmháistir ar an mbunscoil. D’fhág sé sa bhliain céanna is a thosaigh mise ann. Tá cuimhne agam agus mé ag caint ar an abacus go ndúirt mé “a haon, a dó, a trí, four” agus cuireadh suas go dtí an ardmháistir mé agus fuair mé bata ar an lámh. Is m’uncail a bhí mar ardmháistir ag an am sin, cara maith eile de chuid Dinny McGinley, an fear a thug an ceannas dó.

Sín é an cineál áit as a dtángamar an t-am sin. Tá sé iontach difriúil sa scoil sin anois. Ní hamháin go bhfuil na scórtha daoine ag teacht abhaile ó Ghlaschú ach tá pobal mór ón tSín, ó Pholainn, ón Úcráin agus ó cheantair eile sa scoil sin. Tá deacracht mhór nuair a bhíonn duine ag déileáil leis sin, agus teangacha difriúla á labhairt sa bhaile, agus iarracht á déanamh tumoideachas, an curaclam a chur ar fáil go huile is go hiomlán i nGaeilge, agus plé a dhéanamh leis na deacrachtaí a bhaineann leis sin. Iarraim ar an Aire Stáit, go háirithe anois nuair a fhéachaimid ar an gclann úr atá ag teacht isteach go dtí ár bpobail ó thaobh na hÚcráine de. I mo pharóiste féin tá thart ar 400 duine ansin, páistí ina measc, i gcuid mhór áiteanna i lóistín agus is maith an rud é sin.

Caithfimid an brú a chuireann sé sin ar na múinteoirí agus ar an scoil a thuiscint agus nuair a bhímid ag caint ar an nGaeilge, labhraímid faoin tábhacht atá ag daoine an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá an tábhacht ann freisin, áfach, ó thaobh shaibhreas na Gaeilge, go gcuirfimid saibhreas na Gaeilge chun cinn ansin. Tá níos mó tacaíochtaí de dhíth anois mar gheall an méid atá ag titim anuas ansin.

Luaigh mé an scoil ní ba luaithe leis an Tánaiste mar is é sin ceann de na scoileanna atá anois ar an méar fhada mar gheall ar an gcinneadh atá glactha ag an Roinn Oideachais gan dul chun tosaigh le 58 scoil mar gheall ar chostais caipitil. Tá sé seo scannalach mar tá daoine ag brath ar an síneadh atá le cur leis agus atá chun teacht isteach go dtí an scoil chéanna. Bhí súil ag an mbord bainistíochta go mbeadh an scoil ag dul amach chuig tender gan mhoill. Chaithfí réiteach gasta a fháil ar an gceist seo.

Tá a fhios againne na fíricí, na huimhreacha agus an méid teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus go bhfuil an méid daoine atá ag caint Gaeilge go laethúil ag ísliú. Tá níos mó de dhíth. Tá rudaí ann atá ag obair go maith agus ba mhaith liom cúpla pointe a rá faoi sin.

Luaigh mé mo cheantar féin agus tuigim go bhfuil sé seo ag tarlú i gceantair eile ar fud an Stáit. Bhí mé féin ag féile drámaíochta ar na mallaibh thuas i nGaoth Dobhair agus nuair a bhí mo dhuine ag iarraidh airgead ón Roinn ag an am sin, is é an rud a bhí á rá ag an Roinn ná gur eilifint bhán a bheadh ansin. Bhí mo mhac féin sa gheamaireacht ansin coicís ó shin. Bhí an áit lán go béal ceithre oíche i ndiaidh a chéile agus, ansin, i lár an lae Dé Domhnaigh bhí léiriú fá choinne páistí óga. Bhí 1,500 duine ag tarraingt ar an halla sin. Bhí Gael Linn ansin ag an deireadh seachtaine agus bhí scoileanna ar fud an chontae ag tarraingt air sin le páistí óga, páistí níos sine, aithreacha agus máithreacha. Bhí cuid de na haithreacha agus máithreacha nach raibh focal Gaeilge acu ach bhí siad ag feiceáil ar a gcuid páistí thuas ar an ardán. Caithfimid rudaí mar sin a dhéanamh agus cur leis an tacaíocht a chaithfimid a dhéanamh mar gheall ar rudaí a thabharfaidh tús áite don Ghaeilge.

Smaoiním ar Rónán Mac Aodha Bhuí agus ar an obair a rinne Rónán é féin. Tá a fhios agam go raibh a gcuid deacrachtaí féin ó thaobh An Chiorcail Chraiceáilte aige agus an dóigh a ghlac sé an Ghaeilge, an ceol Gaelach, Kneecap anois, agus ní déarfainn go mbeadh a leithéid ann ach amháin de bharr daoine cosúil le Rónán Mac Aodha Bhuí. Tá rudaí eile ag tarlú ansin ar nós Féile na Gealaí agus tá rudaí ag tarlú go háitiúil freisin agus caithfidh níos mó tacaíochtaí agus infheistíocht a thabhairt do rudaí mar sin a thabharfadh feabhas agus forbairt don Ghaeilge agus mar go bhfuil daoine óga, go háirithe, ag iarraidh tarraingt ar rudaí mar sin. Fágfaidh mé mar sin é agus tuigim go bhfuil mo chuid ama imithe amuigh. Tá go leor eile ar mhaith liom a rá ach fágfaidh mé mar sin é. Gabhaim buíochas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.