Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:45 pm

Photo of Aodhán Ó RíordáinAodhán Ó Ríordáin (Dublin Bay North, Labour) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle agus cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Táim ag plé leis an nGaeilge leis na blianta fada. Bhí díospóireacht idir mé féin agus an Teachta Ó Snodaigh ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an tseachtain seo caite agus bhíomar ar thaobhanna eile na díospóireachta mar bhí dearcadh amháin agam tráth dá raibh agus mé i mo scoláire agus ag freastal ar scoil lán-Ghaelach. Rinne mé céim sa Ghaeilge, agus bhí mé ag rith timpeall an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 30 bliain ó shin ag iarraidh daoine a chur ag labhairt na Gaeilge mar reachtaire ar an gCumann Gaelach. Tá athrú meoin mar gheall ar an teanga agam anois ó thaobh na gcoláistí oiliúna atá againn agus an traenáil atá á déanamh againn do mhúinteoirí. I mo thuairim féin, tá an Ghaeilge anois ina constaic dóibh siúd atá ag iarraidh a bheith ina múinteoirí bunscoile.

Is í an Ghaeilge an t-aon ábhar amháin a gcaithfí ardleibhéal a dhéanamh agus a bhfuil ag teastáil ó dhuine má tá sé nó sí ag iarraidh a bheith mar mhúinteoir bunscoile. Níl ardleibhéal Béarla nó mata ag teastáil ó dhuine ach tá ardleibhéal Gaeilge ag teastáil uathu. Más as ceantar bocht i mBaile Átha Cliath an duine, ceantar atá faoi mhíbhuntáiste, is míbhuntáiste é an riachtanas sin mar ní chuirtear an méid céanna béime ar chúrsaí Gaeilge sna bunscoileanna sin agus tá roinnt meánscoileanna ann nach bhfuil ardleibhéal Gaeilge ar fáil do na gasúir. Níl an t-airgead acu dul go dtí an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh agus níl siad in ann grinds a fháil ach an oiread.

Tá an méid sin múinteoirí maithe amuigh ansin nach bhfuil in ann a bheith ina múinteoirí bunscoile toisc nach bhfuil ardleibhéal Gaeilge acu. Nach bhfuil sé níos tábhachtaí dúinn go mbeadh caighdeán Gaeilge na múinteoirí sin níos fearr agus iad ag imeacht ón gcoláiste oiliúna ná an caighdeán a bheadh acu agus iad ag teacht isteach iontu? Nach bhfuil sé níos tábhachtaí ligean do dhaoine óga dul isteach i Institiúid Oideachais Marino nó i gColáiste Phádraig, nó cibé coláiste ar fud na tíre, agus iad ag iarraidh a bheith ina múinteoirí bunscoile agus an Ghaeilge a fhoghlaim fad is atá siad ann, chun na nósanna múinteoireachta eile agus an traenáil a dhéanamh agus iad sa choláiste, in ionad an chonstaic sin a bheith acu sula dtéann siad isteach?

Tá dhá rud eile ar mhaith liom a rá ó thaobh Ghaelcholáistí i mBaile Átha Cliath.

Luaigh an Teachta Ó Snodaigh é seo chomh maith, agus tá mo cheannaire, an Teachta Bacik, ag obair air seo freisin. Is é sin Gaelcholáiste don taobh deisceartach den chathair, is é sin Gaelcholáiste BÁC 2, 4, 6 agus 8, mar is é sin an t-ainm atá air go neamhfhoirmiúil i láthair na huaire. Tá muintir an phobail sin ag iarraidh go mbeadh Gaelcholáiste dara leibhéal do na gasúir sin atá ag freastal ar Ghaelscoileanna bunleibhéal ach níl scoil dara leibhéal acu. Tá sé de dhualgas ar an Roinn an cineál sin oideachais a chur ar fáil dóibh.

Tá fadhb eile ar an taobh tuaisceartach den chathair chomh maith i mo dháilcheantar féin ó thaobh Ghaelcholáiste Reachrann de. Má théitear isteach i nGaelcholáiste Reachrann, agus cuirim fáiltím roimh an Aire Stáit dul ann, feictear na háiseanna atá acu ann agus go bhfuil siad ag titim as a chéile. Tá croí agus spiorad na scoile sin fós beo agus tá an méid oibre atá ar siúl ann dochreidte. Tá sé inspioráideach ach dá mbeadh an tAire Stáit ann, d'fheicfeadh sé na foirgnimh sealadacha atá acu. Tá sé scannalach. Tá siad ag rá liomsa nach bhfuil allúntas ar fáil acu chun deisiú a dhéanamh ar na foirgnimh sin. Cá bhfuil an scoil sin freisin ó thaobh an chórais pleanála de? Cuireann sé sin isteach orthu nach bhfuil an fhís chéanna ag an Roinn ó thaobh fhorbairt na Gaeilge de sa cheantar sin is atá acu siúd mar mhúinteoirí agus mar thuismitheoirí.

Ó thaobh na Gaeilge de sna scoileanna, cé go bhfuil mé ag iarraidh rud éigin a athrú ó thaobh thraenáil na múinteoirí de, b'fhéidir gur chóir dúinn breathnú ar scéim dhifriúil ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de inár mbunscoileanna. Caithfear glacadh go gcaitheann an-chuid daoine óga ceithre bliana déag ag foghlaim na Gaeilge agus níl siad in ann fiú amháin is abairt amháin a chur le chéile agus iad ag imeacht ón scoil. B'fhéidir gur chóir dúinn bliain nó dhó i ngach aon bhunscoil sa tír a mhúineadh go huile is go hiomlán trí Ghaeilge ionas nach mbeadh an scoilt sin ann sa chaoi is go bhfuil an Ghaeilge ag an duine má théann sé nó sí i nGaelscoil ach nach bhfuil Gaeilge maith ag an duine má théitear ar ghnáthscoil. Ar a laghad ansin, bheadh seans ag gach uile ghasúr sa tír seo an teanga a úsáid go nádúrtha.

Le linn dúinn a bheith ag plé leis an ardteistiméireacht chomh maith agus ag éisteacht leis an méid a bhí á rá ag Conradh na Gaeilge ag an díospóireacht sin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath an tseachtain seo caite, b'fhéidir gur chóir dúinn níos mó ná ábhar amháin a bheith againn i nGaeilge le linn dúinn a bheith ag plé leis an ardteistiméireacht. B'fhéidir gur chóir dúinn ábhar amháin go huile is go hiomlán a bhunú ar an teanga labhartha, mar is í sin an rud is tábhachtaí ó thaobh aon teanga de, agus scrúdú eile go huile is go hiomlán a chur ar fáil ó thaobh na litríochta de, is é sin don fhilíocht, drámaíocht agus a leithéid sin. Tabharfaidh sé sin deis do gach duine sásamh agus sult a bhaint as an teanga in ionad an rud diúltaigh atá ann.

For far too many people in Ireland, the Irish language is a negative experience. They learn much of it over the course of their primary and secondary school life and do not come out with much of it. It is a massive policy failure where we have invested so much and spend so much time teaching a language that people cannot speak afterwards. That has to be reflected upon.

How we teach it and how children and wider society find it enjoyable is crucial. I invite the Minister of State to come to Gaelcholáiste Reachrann so that he can see the facilities they have. I encourage him to get behind the "Gaelcholáiste BÁC 2, 4, 6, 8" campaign on the south side of the city. I suggest he change the requirement that one must have higher level Irish to become a primary school teacher. The Irish that students have when they leave the training college is much more important than the Irish that they have when they go in. If the only higher-level subject we are requiring students to have studied if they wish to study to become a primary school teacher is Irish, and not English or Maths, we are creating a barrier to many people from different backgrounds in becoming primary school teachers and that does not help the language.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.