Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:55 pm

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Ní féidir liom an deis a ligean le linn Seachtain na Gaeilge gan gach rath a ghuí ar "An Cailín Ciúin" san Oscars níos déanaí an tseachtain seo. Is píosa scannánaíocht den chéad scoth é. Taispeánann an scannán álainn seo, a bhfuil gach moladh tuillte aige, conas is féidir le infheistíocht bheag inár n-earnáil scannán dúchasach luach saothair ollmhór a bhaint amach. Nach spreagúil é go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil ar fud na cruinne, agus ní hamháin Gaeilge ach Gaelainn na nDéise, an chanúint is binne ar fad díobh? Tá súil agam go mbeidh siad in ann an leaid beag óir sin a thabhairt ar ais chugainn anseo.

Beidh a fhios ag daoine sa Teach gur mhúinteoir mé - cosúil leis an Teachta Ó Ríordáin agus an Aire Stáit - sula ndeachaigh mé isteach sa pholaitíocht, agus ba mhaith liom díriú ar chúrsaí oideachais i dtosach báire. Tá gealltanas sa chlár Rialtais polasaí cuimsitheach a sholáthar don Ghaelainn ón réamhoideachas go hoideachas múinteoirí do gach scoil. Cé go bhfuil obair ag dul ar aghaidh ar pholasaí do na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, níl aon tús curtha fós leis an bpolasaí ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal don chóras oideachais i gcoitinne a fhorbairt. Tá an polasaí seo ag teastáil níos mó anois ná riamh. Mar shample, tá sé scríofa ag The Irish Timesgo bhfuil 30 nóiméad sa tseachtain le baint ó mhúineadh na Gaeilge i gcuraclam na bunscoile ó rang a trí ar aghaidh gan aon taighde déanta ar an ndroch-thionchar a bheadh aige sin ar an nGaeilge.

Tuigim go bhfuil creat nua don churaclam bunscoile á sheoladh ag an Aire, an Teachta Foley, inniu. Léifidh mé é sin go géar ní hamháin ó thaobh na Gaeilge de ach freisin ó thaobh an méid a bheidh sa chreat sin. Ag an meánleibhéal, tá go leor éiginnteacht ann faoin gcruth a bheidh ar athchóiriú na sraithe sinsearaí go háirithe. Is maith an rud é gur tugadh ar ais na moltaí a bhí ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Pléadh é seo ag an gcoiste Gaeilge. Ní aontaíonn éinne, go bhfios dom, leis na moltaí a bhí ann. Tá líon na ndaltaí le díolúine ar an dara leibhéal ag fás i gcónaí agus níl plean againn conas gur féidir linn deis a thabhairt do na daltaí sin an Ghaelainn a labhairt agus a fhoghlaim ar a leibhéal féin. Tá sé in am don Rialtas polasaí comhtháite a dhéanann ciall ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a chur le chéile.

Tá an fhadhb atá ann le Gaelcholáistí i mBaile Átha Cliath luaite ag Teachtaí eile. Tuigim go bhfuil cás den chineál céanna i Maigh Eo freisin. Ní hamháin gur cheart Gaelcholáiste a chur ar fáil anseo nó ansiúd, ach ba chóir go mbeadh spriocanna uaillmhianacha againn mar atá sa Bhreatain Bheag, mar shampla. An sprioc atá acu ansin ná 40% den scolaíocht sa tír sin a chur ar fáil trí mheán na Breatnaise. Is sprioc uaillmhianach í sin. Ba chóir dúinn spriocanna mar sin a chur os ár gcomhair amach freisin. Tugaim aitheantas d’obair an fheachtais "Gaelcholáiste BÁC 2, 4, 6, 8", atá luaite ag Teachtaí eile.

Tagraím do thithíocht sa Ghaeltacht. Labhair an Teachta Ó Dochartaigh faoi thobar na Gaeilge agus faoi shaibhreas na Gaeilge. Má chailleann muid na cainteoirí dúchasacha atá againn sa Ghaeltacht, beidh an-chuid saibhris caillte againn ó thaobh na teanga de. Tá sé ag éirí i bhfad níos deacra i gcónaí do mhuintir na Gaeltachta tithíocht a fháil ar bhonn inacmhainneachta ina gceantar féin. Caithfear an fhadhb seo a réiteach mar ábhar práinne, agus ní hamháin ó thaobh chúrsaí pleanála laistigh den Ghaeltacht, cé go bhfuil sé sin tábhachtach freisin. Caithfimid a chinntiú go bhfuil tithíocht inacmhainne á chur ar fáil do dhaoine. Tá costas ollmhór ar thithíocht i nGaeltacht na nDéise, cosúil le gach aon Ghaeltacht eile ar fud na tíre. I bPort Láirge, tá plean curtha le chéile ag Comhlucht Forbartha na nDéise chun tithíocht inacmhainne a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta. Is cosúil go bhfuil dea-thoil ag gach taobh faoin smaoineamh seo agus fós níl aon dul chun cinn á dhéanamh acu. Má táimid dáiríre faoi dhul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann ó thaobh na tithíochta agus na teanga de, caithfimid tacaíocht a thabhairt do phleananna mar seo.

Cosúil le go leor de na Teachtaí sa Teach seo, chaith mé cúpla tréimhse i gcoláiste samhraidh. Sin an áit a bhfuair mé mo ghrá don teanga. Fuair mé i bhfad níos mó líofacht ann. Fuair mé deis an Ghaelainn a labhairt go laethúil. Chaithfinn a rá gur craic iontach a bhí ann, rud atá tábhachtach do dhaoine óga freisin. Bheimis go léir ag súil go mbeadh an deis chéanna ag ár bpáistí féin freastal ar choláiste samhraidh mar sin. Más mian linn go mbeadh sé sin indéanta, caithfimid dul i ngleic leis na saincheisteanna atá ann faoin gcóras faoi láthair. Ní mór dúinn tascfhórsa nó grúpa oibre a chur le chéile le plean straitéiseach do thodhchaí na gcoláistí samhraidh a chur le chéile. Ba chóir go mbeadh sé comhdhéanta de na páirtithe leasmhara atá ag plé leis na coláistí samhraidh, ina measc an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; an Roinn Oideachais; Comhlachas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe; Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh; Conradh na Gaeilge; ionadaithe ó choistí pleanáil teanga; ionadaithe ón lucht gnó sa Ghaeltacht; Foras na Gaeilge; agus Údarás na Gaeltachta.

San am atá fágtha agam, ba mhaith liom labhairt faoi mhionphointe eile maidir le pacáistíocht dhátheangach. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá á dhéanamh ag Cian Ward ar an ábhar seo. Bhuail mé leis an Aire Stáit, an Teachta Calleary, le Cian le déanaí. Is soiléir go bhfuil an tAire Stáit an-sásta dul chun cinn a dhéanamh ar an ábhar seo. Idir an dá linn, tá sé léirithe ag an tsaincheist maidir le rabhaidh sláinte ar tháirgí cosúil le toitíní, mar shampla, go bhfuil bóthar fada fós le taisteal againn ar an ábhar seo. Ní fheicim aon chúis ar domhan nár cheart rabhaidh sláinte dhátheangach a bheith ar tháirgí ar nós toitíní, i mBéarla agus i nGaeilge.

Déanaim athdhearbhú go dtugann forbairt na dtáscairí folláine, nó well-being indicators, i Roinn an Taoisigh deis ar leith dúinn cúrsaí teanga agus cultúir a chur i gcroílár ár gcinnteoireachta agus ár gcreat beartais. Go ginearálta, tá ár gcur chuige ag leanúint an OECD Better Life Index a ndéanann measúnú folláine ar sochaí thar 11 gné. Tacaím go ginearálta leis an gcur chuige sin, ach admhaítear nach n-éiríonn go maith leis an gcreat OECD maidir le tábhacht na teanga agus an chultúir a mheasúnú laistigh den tsochaí. Is laige é sin sa chreat. Tá samplaí dearfacha againn ar conas gur féidir é a dhéanamh ón Nua-Shéalainn agus ón Bhreatain Bheag.

Tá eiseamláir iontach tugtha ag Rialtas na Breataine Bige ar conas gur féidir linn teanga dhúchais a thabhairt isteach mar chuid den mheasúnú ar ár sochaí féin. De réir mar a luadh, is é seo an t-am é a dhéanamh. Tá deis againn an 12ú gné a thabhairt isteach sa táscaire folláine atá á fhorbairt againn i Roinn an Taoisigh. Ba cheart go mbeadh deis againn, mar chuid den phróiseas sin, measúnú a dhéanamh ar an teanga agus ar ghnéithe eile den chultúr atá againn, amhail cúrsaí filíochta nó an Abbey Theatre. Ba cheart iad siúd go léir a tharraingt isteach.

Ba mhaith liom teachtaireacht a thabhairt do dhaoine nach bhfuil an mhuinín sin acu an Ghaelainn a úsáid. Níl sampla chomh greannmhar agam agus a bhí ag an Teachta Doherty - ní fuair mé an bata aon am riamh nuair a bhí mé ar scoil. Bíonn faitíos ar dhaoine roimh úsáid na Gaeilge. Bhíodh aintín agam i gcónaí ag ceartú mo chuid Gaelainne agus mo chuid gramadaí. Chuir sé sin stop leis an nGaelainn a raibh mé compordach labhairt léi. Bhí mé ag smaoineamh ar an bloody tuiseal ginideach ar rudaí. Is fiú dhá sheanfhocal a lua sa chomhthéacs seo: "beatha teanga í a labhairt" agus "is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste". Má tá an cúpla focal agat, iarraim ort triail a bhaint astu i rith Seachtain na Gaeilge. Ba chóir dúinn úsáid a bhaint as an nGaelainn atá againn. Níor chóir go mbeimid róbhuartha faoi na botúin. Nobody really cares about the mistakes. If you get the pint of Guinness at the end of it and you have a laugh, what harm? You still have the pint of Guinness.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.