Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:05 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis atá againn an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a phlé anseo inniu. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil Seachtain na Gaeilge againn. Is dócha gurb é seo an céad uair don Aire Stáit, an Teachta O'Donovan, bheith mar Aire Stáit na Gaeltachta le linn Seachtain na Gaeilge. Cuirim fáilte roimhe sin. Tá a fhios againn go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach d'ár gcultúr náisiúnta. Feicimid inár gceantair féin an stair a bhaineann lenár dteanga féin, mar aon le teanga ar bith. Is rud fíorthábhachtach é. Léirítear an stair atá sa cheantar agus stair ár bpobal freisin nuair a bhreathnaímid ar logainmneacha, focail difriúla agus mar sin de. Bhí píosa an-suimiúil ar "Iris Aniar" ar maidin le fear ó Inis Oírr. Bhí sé ag míniú na bhfocal difriúil atá acu ar Inis Oírr agus atá ar Inis Meáin, ar Inis Mór agus i gConamara. Léiríonn sé an tábhacht agus an stair atá ag ár dteanga.

Ar ndóigh, caithfimid a chinntiú go bhfuil an Stát ag tacú leis an nGaeilge agus ag tacú le muintir na Gaeilge. Mura ndéantar é sin, tá bagairt ann go gcaillfimid an teanga. Tá an Ghaeltacht mar chroílár na Gaeilge agus caithimid gach uile shórt a dhéanamh le cinntiú go gcoinnítear an Ghaeltacht ina pobal láidir bríomhar. Tá a fhios againn go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ag laghdú agus nach bhfuil ach 23% de theaghlaigh Ghaeltachta ag tógáil a gcuid teaghlach trí Ghaeilge. Caithfimid déileáil leis sin. Fáiltím leis an méid a d'fhógair an tAire Stáit inné, is é sin, maoiniú d'Ionad Cuimhneacháin na nImirceach. Bhí píosa air sin ar Raidió na Gaeltachta ar maidin. Bhí daoine á fháiltiú.

Luaigh daoine ar an gclár sin ar maidin an deacracht atá ann maidir le pleanáil agus tithíocht sa Ghaeltacht dóibh siúd atá ag iarraidh teacht ar ais go dtí an Ghaeltacht agus doibh siúd atá ina gcónaí inti cheana féin. Tá a fhios againn go bhfuil neart cúiseanna ann go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na gcainteoirí, ach cuireann sé isteach go mór orm nach féidir le teaghlaigh Ghaeltachta tithe a cheannach ná a thógáil ina gceantair féin agus go bhfuil siad á mbrú ón gceantar sin. Ní féidir leo a gcuid páistí a thógáil ina gceantar dúchais agus trí Ghaeilge go háitiúil. Caithfimid mar shochaí, agus caithfidh an Rialtas, breathnú ar chúrsaí teanga in aice le cúrsaí tithíochta agus pleanála. Tá na dúshláin teanga agus tithíochta sa Ghaeltacht fite fuaite ina chéile.

Fiú nuair atá muintir na Gaeltachta in ann fanacht inti, is fadhb ollmhór í go bhfuil eagrais Stáit fós ag cur bunsheirbhísí ar fáil go minic trí Bhéarla amháin. Tá a fhios agam go maith i mo Dháilcheantar agus i gConamara ach go háirithe go mbíonn iallach ar dhaoine Béarla a úsáid go sáchmhinic chun déileáil leis an Stát. Bheadh a fhios ag an Leas-Cheann Comhairle faoi sin freisin. Bíonn fadhbanna uisce go rímhinic i gConamara. Bhí an-deacracht ag daoine labhairt leis na hionadaithe ó Uisce Éireann. Nuair nach raibh duine le Gaeilge ar fáil, bhí rogha acu iompú ar an mBéarla nó fanacht go mbeidh duine le Gaeilge ar fáil chun eolas agus tacaíocht a fháil. I gcás práinneach mar sin, níl sé sin sáchmhaith. I gcásanna go bhfuil an-strus ar dhaoine, tá sé thar a bheith tábhachtach go bhféadfaidís déileáil leis an Stát sa teanga ina bhfuil siad is compordaí. Nuair atá tinneas ar dhuine éigin agus teastaíonn cabhair leighis éigeandála uathu, nó nuair atá gá ag daoine déileáil leis na gardaí nó an córas dlí agus cirt, tá sé fíorthábhachtach go mbeidís in ann labhairt sa teanga atá is nádúrtha dóibh. Tá daoine an-leochaileach i gcásanna mar sin. Níor cheart don Stát é a dhéanamh níos deacra dóibh.

Impím ar an Aire Stáit éisteacht leis na moltaí atá déanta ag mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, agus iad a chur i bhfeidhm. Ba cheart don Rialtas measúnú tionchair teanga a chinntiú ar thograí molta sa Ghaeltacht. Ba cheart freisin go gcuirfí coinníollacha teanga ar fhorbairtí chun ról na Gaeilge mar theanga an phobail a chosaint, agus ba cheart go dtógfaí scéim labhairt na Gaeilge ar ais chun spreagadh a thabhairt do thuismitheoirí má thógann siad a gcuid páistí trí Ghaeilge. Tá sé iontach go bhfuil na ráitis seo ar siúl an tseachtain seo ach ba chóir dúinn i bhfad níos mó Gaeilge a úsáid sa Seomra seo. Ba chóir do dhaoine a bheith sásta na cluaisíní a úsáid ionas go mbeadh gach uile dhuine in ann a ghnó dhéanamh trí Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.