Dáil debates

Thursday, 9 March 2023

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:25 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ní díospóireacht atá anseo ach ráitis. Is trua liom i gcónaí nach díospóireacht atá ann agus nach bhfuil sé bunaithe ar glacadh le rún nó rud éigin. Uaireanta, is rud beagáinín neamh-dírithe agus gan fiúntas é an tréimhse seo a chaitheamh. Tá súil agam go mbeidh na Teachtaí eile a bheidh ag labhairt ag cur rud éigin chun cinn. Molaim an tAire Stáit as sin a lorg uainn ag deireadh a chainte. Dúirt sé gur chóir go mbeadh smaointe againn agus go mbeadh muid dírithe.

Gach uile bhliain ó toghadh mé, rinne mé iarracht sa díospóireacht seo ní díreach an Rialtas a cháineadh ach teacht suas le smaointe, moltaí nó straitéisí. Is trua nár glacadh leo. Mar shampla, chuir mise moladh chun tosaigh ag an gCoiste Gnó go ndéanfadh muid caint inniu, nó mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, ar cheann de na tuairiscí ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Tá roinnt acu anseo agam. Níl aon easpa ábhair gur chóir dúinn díriú isteach orthu. Mar shampla, tá tuairisc amháin anseo agam ar na coláistí samhraidh. Tá tuairisc eile ar an gcóras T1 agus T2. Bheadh sé sin an-spéisiúil a phlé agus muid tar éis a bheith cruthaithe i gceart. Tá tuairisc ó DCU ar an ábhar ach tá an ceann a ndearna muidne bliain roimhe ag léiriú go raibh an treo mícheart á ghlacadh ag an Roinn Oideachais. Tá cinn eile ann. Tá cinn ann a leagan amach samhail dhifriúil. Chuaigh an coiste chuig Carn Tóchair. Chuaigh muid chomh maith go Béal Feirste, áit a bhfuil beocht á léiriú.

Tá bealach oibre nó samhail acu a léiríonn conas is féidir le ceantair eile é a dhéanamh. Tá ceantair eile ag dul i dtreo an Ghaeilge a chur chun cinn gach uile lá. Tá ár mbuíochas agus ár gcomhghairdeas ag dul dóibh siúd atá ag streachailt san aonach sin. Dá réir, measaim gur chóir go mbeimid ag díriú isteach ar moltaí mar sin seachas bheith ag braith ar Theachtaí nó ar Sheanadóir bheith ag seasamh suas le rá, “Is breá liom an Ghaeilge, tá an Ghaeilge go hiontach ach tá ag teip orm é a fhoghlaim nó iarracht a dhéanamh é a chur chun cinn.” Tá an ghéarchéim ann anois; ní leor sin a thuilleadh. Caithfear gníomhú.

Tapaím an deis chun aitheantas a thabhairt do na céimeanna chun tosaigh atá glactha le tamall de bhlianta anuas. Is trua go raibh orainn troid de shíor leis an státchóras chun an t-aitheantas cuí a fháil agus chun an preabadh ar ghá chun gníomh a ghlacadh. Mar a luaigh an tAire cheana féin, tá roinnt fógraí breise le feiscint i nGaeilge. Tá súil agam go bhfásfaidh líon na bhfógraí sin. Tá dul chun cinn á fheiscint ó thaobh ealaíon na Gaeilge de agus tá sé sin á léiriú dár ndóigh sna scannáin atá ós comhair an phobail anois, “An Cailín Ciúin” san áireamh. Tá moladh ag dul dóibh siúd ar fad atá ag streachailt agus ag cur ábhair inár láthair ar TG4 nó sna hamharclanna timpeall na tíre.

Agus muid ag caint ar amharclanna, níl a fhios agam an féidir é a dhéanamh ach an bhfuil aon chuid den airgead breise seo atá molta d’Ealaín na Gaeltachta chun dul i dtreo Taibhdhearc na Gaillimhe agus an complacht náisiúnta drámaíochta? Chun go n-éireoidh linn ó thaobh léiriú scannáin cosúil leis “An Cailín Ciúin” nó a leithéid a dhéanamh amach anseo, is gá go mbeadh aisteoirí againn a bheadh oilte in aisteoireacht i nGaeilge ar an leibhéil is airde. Is gá stagehands a bheith againn agus gach uile sórt duine mar sin. Tá sé sin fíor ní hamháin sna hamharclainne ach i leith an scannánaíocht freisin. Tá straitéis ceart de dhíth ar na healaíon sin. Táimid fós ag fanacht ar Straitéis d'Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge a bhí geallta dúinn.

Dár ndóigh céim mór chun tosaigh i mbliana chomh maith atá sa Dream Dearg agus an tAcht teanga sna Sé Chontae. Táimid ag súil go mór le ceapachán an choimisinéara a roghnófar ansin agus an obair mhór a bheidh ós a comhair nó ós a chomhair. Níl a fhios againn an fear nó bean atá le ceapadh ach tá obair mhór le déanamh ansin. Tá súil agam go mbeimid ar fad ag tabhairt tacaíochta iomláine don té a cheaptar sa phost sin agus ag díriú ar an obair atá ar siúl acu chun déanamh cinnte de go bhfuil an stádas céanna ag an nGaeilge is a bhéas ag an mBéarla amach anseo.

Luaigh me roinnt dul chun cinn cosúil le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Tá níos mó le déanamh dár ndóigh. Leagadh síos spriocanna dúshlánacha ann agus is de bhuíochas iad siúd a bhí ag troid sa Teach ag cur brú ar an Aire Stáit gur glacadh leis na spriocanna dúshlánacha sin mar ní raibh siad ann i dtús báire. Bhí sé á phlé againn gach uile lá sa choiste nó sa Dáil féin nó sa Seanad. Tá sprioc amháin atá na Ranna fós ag teacht salach air nuair a bhíonn siad ag caint ar eagrais nua. Tá roinnt de na hAirí tar éis tarraingt siar agus feicim anois go bhfuil siad ag caint faoi police ombudsman, nó the board of An Garda Síochána. Caithfimid déanamh cinnte de go dtuigeann an státchóras ina iomláine - na hAirí agus na príomhfheidhmeannaigh sna Ranna ar fad -nach féidir leo a bheith ag caint a thuilleadh ar institiúidí Stáit a bhunadh le hainm nó le brandáil atá i mBéarla amháin nó i mBéarla in aon chor. Tá sé sin ag teacht salach ar an méid atá sa reachtaíocht.

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla an-dúshlánach. Caithfimid díriú isteach ar an gcóras oideachas, ní hamháin sa Ghaeltacht cé go bhfuil fadhbanna ansin, ach lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith, má táimid chun na spriocanna atá leagtha síos ann a shroichint. Is gá go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20% dóibh siúd a earcaítear sa Stáitseirbhís. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil na daoine seo ag teacht. An t-aon bhealach atá ann é sin a dhéanamh ná díriú isteach ar an gcóras oideachais. Inniu, cheana féin, tharla cúlú nuair a fhoilsíodh an t-athrú curaclaim sa bhunleibhéil agus bhí níos lú ama á thabhairt don Ghaeilge ná mar a bhí roimhe seo. Ba cheart go mbeadh an t-am ag ardú. Tá díolúintí ag fás de shíor agus de shíor. Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag déanamh cinntí nach bhfuil ag luí le polasaí an Ghaeilge a chur chun cinn. Luaigh mé T1 agus T2 agus an cheist a bhaineann leo ag an leibhéil sóisearach. Luaigh mé an easpa Gaelcholáistí atá timpeall na tíre chomh maith. Tá 11 contae as an 26 contae gan Ghaelcholáiste. Smaoinigh ar sin agus muid ag iarraidh go mbeadh daoine ag teacht amach as na Gaelcholáistí seo ag dul go hollscoil, áit atá an fhadhb i bhfad Éireann níos measa toisc nach bhfuil cúrsaí as Gaeilge ar fáil dóibh. Ní gá dúinn ach dul síos an bhóthair anseo go dtí Baile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8, áiteanna nach bhfuil aon Ghaelcholáiste ann, in ainneoin go bhfuil sé Gaelscoil sna cheantar sin. Níl aon soláthar Ghaelcholáiste do na daltaí sin agus caithfidh siad iompú ar an mBéarla tar éis méid áirithe blianta a chaitheamh i mbun oideachais trí Ghaeilge.

Tá a lán rudaí eile agus is rudaí simplí iad. Cheana féin an tseachtain seo, d’fhoilsigh mé plean dár teideal Ár Seacht nDícheall don Ghaeilge ina bhfuil seacht ngníomh nó iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn, mar shampla, ag leibhéil beagáinín níos ísle ó thaobh brandáil an Stáit de, ar nós logainmneacha agus comharthaí bóithre. Luaitear sa phlean freisin go bhfuil ceart ag duine an Ghaeilge a úsáid agus e nó í ag plé leis an Státchóras nó i gcoitinne ionas nach bhfuil comhlachtaí príobháideacha ag caitheamh anuas ar an nGaeilge, mar a tharla i gcúpla áit le déanaí. Luaitear chomh maith áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge uathoibríoch, mar shampla, nuair a chuirtear cárta isteach i meaisín bainc, go dtagann an Ghaeilge suas láithreach, nó in ollmhargadh, go bhfuil an rogha Gaeilge ann ar dtús. Is féidir iompú ar an mBéarla más miantar. Is é sin a tharlaíonn i dtíortha eile ar nós an Bhreatain Bheag nó Ceanada agus áiteanna mar sin. Tá na comharthaí sna siopaí dhá-theangach nó fiú ar na táirgí. Tá sé léirithe thar na blianta gur féidir dhátheangachas a chur chun cinn sa bhealach sin. Is í an aidhm ná an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí agus go bhfeiceann daoine óga ach go háirithe an Ghaeilge i gcomhthéacs ceart. Nuair atá siad ag siúl isteach i siopa, feiceann siad na focail atá foghlamtha acu sa rang. Tuigeann siad ansin an comhthéacs agus má tá an comhthéacs ann, úsáidtear an teanga níos mó. Seachas a bheith ag foghlaim na Gaeilge sa scoil agus á labhairt sa chóras oideachais amháin, ba chóir dóibh í a fhoghlaim ó thaobh féiniúlachta na tíre agus don Ghaeilge féin mar theanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.